Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doirb, Doirg
aidiacht
Chuala mé doirb i Rosmuc (Camus), ach doirg a chuala mé i gCois-Fhairrge. Thiocfadh don fhocal "goirg", "goirgeach" gurb é an focal céadna é. Fc. goirgeach
mí-fhoighdeach, beo-phianta, ar bís, francuighthe.
+
Nach doirg an mhaise dhuit é. Bíodh foighid agad, bíodh sin. Níl mé féin réidh fós leis
Nach doirg a labhair sé! Shílfeá nach raibh breith ar bith ar an gclaidhe a thógáil. Díol cam ar an tsean-leic chéadna aige! Nach hí an éadáil í
TUILLEADH (2) ▼
Tá an sagart sin an-doirg. Mara mbeidh an rud de rith agus de léim aige, is maith éascaidh leis a dhul ag cur a chosa uaidh
Ní raibh call ar bith dhó a bheith cho doirg sin. Gheobhadh sé é, dhá mbeadh sé ann, agus ó thárla nach raibh, ní bhfuair

Féach freisin

Doirb in iontrálacha eile (4)

+
doirb 1
Tá sí in a bolgán béice. Doirb a ghlac sí go siúráilte. Tá na puill sin suas faoi dhoirbeachaí as éadan a chéile
TUILLEADH (3) ▼
An bhfeiceann tú an doirb. Is olc an cailín í sin. Bó ar bith a thóigfeas í sin anois, beidh féirín aice.
Má tá sí líonta ní doirb a ghlac sí. Níl doirb ag gabhail le na garrantaí siúd agus ní raibh ariamh. Rud eicínt eile atá uirre. Teigheadh sé faoi dhéint dhochtúr na mbeithidheach agus ná leigeadh sé 'un moille é ach an oiread
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann ruadh a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirre! Tá sí réidh freisin. Níl indán traoitheamh di … Muise diabhal an féidir gur dhubhairt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosamhail gur airigh sé simplí thú. Tá leann annsin thoir imbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bhaladh