Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dubhaithe (13)

 
Tá an spray sách dlúsúil anois. Feicfidh tú na fataí dubhaithe as seo go ceann dhá lá. Tá an uair seo an-mharbhánta, agus ní chuideoidh na múraíolachaí seo tada leo (le na fataí)
+
dubh 3
Ní foláir duit an drad sin agat a sciúradh corruair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodta. Tá siad dubhaithe uileag le gairid
TUILLEADH (10) ▼
Tá na ballaí sin ag duibheachan aríst, théis gur gearr ó cheana ó cuireadh aol orthu. Is gearr go mbeidh siad dubhaithe go maith aríst ag an simléar
Is mór atá an oíche dubhaithe ó tháinig mé isteach
Tá criathrach dubhaithe aige ar chaoi ar bith — a lán móna bainte agus scartha aige air; tá talamh dubhaithe aige — curtha, deargtha
Tá cuid mhaith talúna dubhaithe (deargtha, curtha) aige le cupla lá
Bhí an garraí dubhaithe (dú-aí) againn ach ar tháinig S. G. aniar tráthnóna. Ba in lá oibre: is fhearr é ná píosa talúna go hard. M'anam go raibh agus dubhaithe glan (ní cur maolscríobach nó gaelach a thug muid air)
Tuairim is cion lae d'fhear mhaith atá dubhaithe ann, théis go bhfuil seisean seachtain leis. Ach níl aon bhrí sa ngeospailín údaí, thé (cé) nach raibh aon chailleadh ag obair air scaitheamh. Tá sé leata uirthi siúd ar aon chor
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhaithe aige leis féin le seachtain. Ginn é! Bheadh ciall ina leithide. Is aoibhinn don bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuí a bheas sí Lá Fhéile San Seáin (beidh seanfhataí aice)
Tá dúchan mór déanta aige — garraí na hA., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhaithe freisin aige. Thabharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhúchan. Níl leisce ná drogall air. Tá sé chomh santach ar an drochlá agus atá sé ar an lá breá
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna
Tá mé ag ceapadh go bhfuil fataí dubhaithe (/duhī/). Bhí siad dubhaithe (/duhī/) nuair a bhí muid dhá lánú anuraidh: is gearr anois go ndubhaí (/ɴuhī/) siad (go dteaga an dúchan orthu)
 
dún
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na hoíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharraí ina dhiaidh sin shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, ainneoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhaithe agam ó thosaigh sé