Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gearrán (4)

 
dána
"Nuair is teann don phortán sea is dán don ghearrán" — séard adeirtear go hiondúil leis seo: nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán, ach bíonn dán ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois Fharraige). Ní thuigim dán sa gcás seo fc. fann, gearrán
 
Nach cunórach an mhaise dhó é a dhul soir ag an bpaidrín chuile thráthnóna. Cáid ó d'éirigh sé amach chomh diaganta sin. Dar mo choinsias muis, chonaic muide scaitheamh eile é agus ní raibh sé ródhiaganta chor ar bith. Rud ar bith nach mbeadh trom ná te, bheadh sé fuadaithe aige. Ach síleann sé má tá teach nua déanta aige anois go bhféadfaidh sé a bheith ina shearrach i ndiaidh gearráin ag sagairt!
 
do 1
Nuair is teann don phortán, sea is fann don ghearrán
 
Shílfeá gur fánach an rud feoirling ach cuirfidh mise geall leat má dhúblaíonn tú aríst agus aríst agus aríst eile í, agus fanacht dhá dúbailt, gur mór a tharraingeos cruife an ghearráin sa deireadh ar feadh is hocht dtairne fhichead a chomhaireamh (chuir an gabha feoirling ar an gcéad tairne agus é a dhúbailt ar chuile thairne uaidh sin suas)