Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

leath (100+)

+
abair
Abair gurb ea! Chuir mise ansin thoir anuraidh iad, agus níor tháinig a leath (cineál fataí). Is scrios ceart iad mar adúirt tusa
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a tharraing mé an ruóig anuas de dhrioball na bodóige agus a shlíoc mé síos é, meas tú nár tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Sin é adeir siad ar aon chor. Ach níl aird le tabhairt ar leath na luaidreáin
+
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneáil an rud eile sin. Sin é téanam an dá chailleach agus gan aon chailleach ag teacht. Ach 'sé an chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Murchadh ná Mánas aige
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur dhá leath deiridh cait atá air!
 
daigh
Tá faitíos orm an daigh sin a theagas air, gur ó chancer í. Tá cancer a mhic ó, ar leath do thíre. Níl inseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
 
Níl sé leath sách daingnithe agam, ach cén neart atá agam air nuair nach bhfuil fad méire agam lena dhaingniú. Is beag an mhaith fear ceirde d'uireasa oirnise
 
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
 
Go dtuga Dia ciall duit a mhic ó mo chroí. Leath na nÉireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios acu Domhnach thar dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orthu
 
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cén poll a raibh siad seo. Poill gharraí an chladaigh. Deile. Tabhair suas do gharraí an chladaigh ariamh féin é
 
Tá sé ina dhallarán chríochnaithe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomaí duine nach bhfuil leath chomh dona leis atá dhá fháil ón gcéad lá
 
dálta
Tá an bainne spreagúil, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scodalach tae i siopaí ansin soir agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigiú scoth fhéin é
 
danra
Ná bac le danra a mhic ó. Tá sé chomh danra le múille. D'iarr siad air anuraidh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leisean é. Níor labhair sé aon smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nollag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan achainí agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aon duine air
+
daor 1
Níl sé leath chomh dona is atá a cháil. Dheamhan a leanann sé daoine ródhaor chor ar bith. Ach an té nach dtugann mórán tráchta dó, leagann sé air. An milleán sin air?
TUILLEADH (1) ▼
Is daor dochrach an spóilín í an fheoil anois. Leathchoróin ar phuintín muiceola, agus í sin féin chomh leata agus nach bhfuil an darna dinnéar inti choíchin ag an duine, ní áirím ag muirín
 
de
Níl leath mo bhéil de arán anseo
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
+
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
TUILLEADH (1) ▼
Ní chreidfinn ón saol go mbíonn mórán de bharr an phoitín théis a dhaoireacht agus atá sé. Ara tá an iomarca deachmaíochta air. Féacha a n-óltar ag stillhousachaí, agus a n-óltar sna tithe nuair a théas daoine dhá iarraidh. Imíonn a leath go fánach
 
Ní hé an dea-fhocal a bheadh in do bhéal leath chomh maith! Ach mise i mbannaí go dtógfaidh tú an drochfhocal sách gasta — focla míchuibhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
 
M'anam nach bhfuil sé leath chomh dea-intinniúil agus a shíleas tusa dá mbaintí as é. Sin é an drochpheata deirimse leat — tá sé olc, taghdach srl.
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Thugadh sé sin deallradh dhó fhéin chuile oíche, lena chuid ragairne agus óil. Leath na gcuarta 'sé an chaoi a mbíodh sé sin caite chois an bhóthair stromptha ag an ól agus ag an bhfuacht
 
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
 
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
Is maith an t-údar é do thalmhaí, fear ar bith a chaitheas leath an lae dhá dhéanamh féin suas agus dhá shlíocadh féin: Is beag an dochar dhó náire a bheith air, agus a gharraí ina churásach ansiúd thuas.
 
dearfa
Sílim nach bhfuil fear ar bith is dearfa dhom a dhul dhá líonadh aige (páipéar) ná an sagart. Maidir le na máistrí scoile sin, bíonn pus orthu leath na gcuarta má iarrtar tada orthu
 
dearg 1
Tháinig sé ina stoirm dhearg orainn agus muid leath cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deo é. Bhí maidhmeannaí a bhí chomh mór le sléibhte ag dul tharainn.
 
dearg 2
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ball séire air. Seachnaígí sibh fhéin air. Má theangaíonn sibh leis an leath deiridh chor ar bith aige, tosóidh sé ag broimseálacht
 
Sílim féin nach mbíodh ar Dhéardaoin Deascabhála fadó ach breacshaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. Ar ndóigh leath na laethantaí a mbíodh saoire orthu fadó, níl saoire ar bith fanta orthu anois. Mura dté tú ach síos Gaillimh, agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nollag agus ar an Domhnach
 
Ní bhíonn aithreachaí ná máithreachaí leath sách dea-shamplach lena gclann
 
Muran de dhéirce a rinne sé uirthi é, is mór an t-iontas gur chuir sé an chruach sin scór. Níorbh fhiú tada lena leath í
+
deis
Tá deiseannaí marú acu anois thar mar a bhí fadó. Ar ndóigh ní raibh leath na ndeiseanna sin acu sa gcogadh deiridh féin. D'imigh an diabhal orthu. Sin é a bhfuil le rá agamsa leo
TUILLEADH (5) ▼
Chuala mé gur mór a thug sé anuas i ndeis le gairid. Chonaic mise é sin scaitheamh agus ní raibh aon fhear — ba chuma sa mí-ádh cé hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maoirseacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maoirseacht a shamhlú le T. inniu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuile agus ag trá a chaitheas sé an lá
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scaitheamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin, dheamhan leath an chirt a dhéanfas sé leis
Níl aon deis a (de) rath ar aon duine ar an mbaile seo, le dhul ag saothrú ar bhóithrí fós. Tá leath a gcuid fataí sa talamh gan baint. Sílim go bhfuil chuile dhuine siar le na fataí i mbliana thar is bliain ar bith eile. Tháinig an uair an-fhliuch
Tá an ghráiscínteacht sin ar do dheis agat go maith, tá sin. Ach níl do chuid paidreachaí agat leath chomh maith. Diabhal é muis
Fuair siadsan deis i ngeall ar do chuid sleamchúis-se. Ní dhéanfadh áit ar bith thú leis an liathróid a chur ach isteach i gcrúib J. Uí Mh. chuile uair. Sin é an chaoi ar chaill muide deis leath na gcuarta
 
deoch 1
Gheobhaidh tú deoch suain ansiúd, agus sínfear ar an mbord tú, agus ní aireoidh tú a dhath go ndúisí tú agus leath do phutógaí ag imeacht ina mbéal ag cait na Gaillimhe!
 
B'fhóinteach a tháinig an deoladh sin féin théis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirthi isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é ina chalm críochnaithe orainn. Dheamhan fleaim as aer a bhí sa seol
 
dia 1
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; sea sin. Níl leath a dhóthain guis ann
 
Is diachta ghéar nár fhága sibh an seanbhosca ceoil sin san áit a bhfuair sibh é. Dá mba rud ar fónamh é, ní bheadh sí leath chomh spleodrach dá thabhairt daoibh. Dúnaigí suas anois é, nó dar brí an leabhair, déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh ansin in aghaidh an chlaí agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) sa lusarnach ina dhiaidh sin
+
diaidh
Go deimhin tá sé in ann béadán agus cúlchaint agus bréaga a chur i ndiaidh a chéile. Ní mé an bhfuil sé in ann a phaidreacha a chur i ndiaidh a chéile leath chomh maith. Ní beo é mura mbeidh sé ag coiriúint ar dhuine eicínt
TUILLEADH (2) ▼
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
Deir chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dhiaidh sin agus uileag, an dream céanna atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceannann céanna nó rud is measa ná sin ar maidin amárach, dá sílidís go rithfeadh leo
 
dias
Ní bheifeá agam lá na déise leath chomh maith, ach mo léan, tiocfaidh tú lá na méise
 
'Sé an chaoi a raibh sé san am sin, bhí na tiarnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tiarnaí. Chaon dream acu ag baint barr dhá chéile. Bhí tiarna thoir anseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabháil leis nár speireadh aon oíche amháin. Má speireadh féin, leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go holc
 
díbir
Dhíbir sé abhaile í théis cupla lá ach dheamhan leath an chirt a rinne sé léithe, dheamhan é sineacht (sin)
 
Nach dícéillí an pleoitín thú a dhul ag tabhairt do bhicycle d'fhear nach raibh aithne ná eolas agat air. Níl leath an chirt leat mura bhfeice tú aon dé le do ló aríst air
 
Tá tú ródhícheallach ar fad. B'fhearr linn nach mbeadh leath do chuid cúraim ort. Ní minic gnaithí gan iarraidh buíoch
+
díle 1
M'anam a Dhia agus do Mhuire! Tá an díle oibre orm agus gan gair agam a leath a dhéanamh: móin, fataí, meaingeals, carraigín, agus chaon tsórt. Nach deacair do dhuine aonraic freastal don méid sin ar fad. Ní túisce obair déanta ná a chaithfeas tú tosaí ar obair eile. Ní fheicim duine is fhearr atá os cionn a chuid oibre ná an mac seo thuas. Chuala mé go raibh sé tosaí ar an eorna inniu
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaighidh sé aon suaimhneas i mbliana le teann díle oibre. Nach diabhlaí mór an t-ionadh, ó tá an t-uafás sin air, nach bhfuil an cúl siúd curtha aige feasta. Is suarach éidreorach an créatúr mé féin, ach dhá bhfaighinn seachtain air, chroithfinn an leath deiridh aige. Dar mo choinsias chroithfinn
 
Tabharfaidh mise luach do chuid dilleoireachta duit: thú a chaitheamh siar a chodladh agus cead agat fanacht ansin aríst go maidin. Ag ceapadh go ligfí ag bóithreoireacht thú an tráth seo d'oíche! Ní hiad do chuid lessons a bheadh ag déanamh imní dhuit leath chomh maith. Na daoine thar bharr a gcéille agat ar an gceird sin ó tháinig oíche!
 
ding
Ding a bhí a chur ina leath deiridh le barr na bróige. B'fhéidir go gcoinneodh sin ó bhóithreoireacht í
 
Thug asail an bhaile seo leath ó bhfaca mise d'asail ariamh le bradaíl. Tá na daoine reicthe acu. Eallach díobhálach iad mar asail ó theagas eachmairt orthu
 
Tá sé díocasach go leor chuig feamainn agus má tá féin, is beag a éiríos leis di. Dheamhan leath an chirt leis
 
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
 
Nach seafóideach an duinín thú. Is agat atá an ghnaithe ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Nuair adúirt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosúil. Deile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpínn is saoire a bhí seisean ó bhí sé dhá gceannacht. Séard a bhí agatsa a dhéanamh an uair sin tosaí dhá dtaibhsiú. Breá nár dhúirt tú nár dhíogha ar bith iad ach an scoth. Lig tú uait ar leath a luacha iad ar chóir ar bith!
 
díol 1
Dhíol sé ar leath a luach í
 
díol 2
D'fhuagair sé leath agus páirt orm, ach ní raibh díol an roinnte ann
 
díon 1
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
 
Má chloisim aon bhlas de do chuid diúgaireachta aríst go faoithin, bainfidh mé na scairteachaí asat le a mbuailfidh mé ort, creid mise dhuit ann. Thosaigh tú ansin théis am dinnéir nuair nach ligfí go L. in éindí leis an gcuid eile thú, agus go mbeifeá tite in do chnap shula mbeifeá leath bealaigh siar. Ligfear ann thú ach a mbeidh tú in ann a dhul ann. Ní ligfear go dtí sin
 
dlúth 2
Dhá mbeifeá in ann fíochán dlúth a dhéanamh ar na dlaoiníní dhéanfaidís an-rópa, ach ní hé chuile dhuine a bhí in ann a dhéanamh. Ní hé ná leath chuile dhuine
 
1
Níl dó tine leath chomh dona le dó uisce. Cneasaíonn an dó tine gan aon stró mar is dó glan é, ach is drochlot é an dó eile. Bíonn an oiread léarsachaí (léasrachaí) agus puchóideachaí ina dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon rath le teanga an tsionnaigh ar dhó. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. 'Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
 
dochar
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh sa leath thoir den dúiche ar fad, agus mar gheall gur shásaigh sé é féin, d'fhága sé cupla tionónta a bhí salach i seilbh anseo. Nár mhór an sochar é sin — nár mhór!
 
Brath mhór atá agam a dhul go dtí leicín an doichill ag M. L. Is dóigh go ruaigfeadh sé mé. Meas tú an ruaigfeadh. M'anam muise dhá dtugadh sé aon obainn air nach mbeadh aige ach a leath. Deirimse leat go dtabharfainnse sciúradh na seanchuinneoige dhó, ar iontú an tsoip
+
dóigh 1
Réiteach a dhuine! Réiteach. T'anam ón diabhal, ní fhéadfaidh tú dóigh a dhéanamh den scéal ceart críochnaithe. Nach feasach duit féin chomh maith agus is feasach domsa má ólann tú a leath sin, agus uisce a chur thríd an gcuid eile, go mbraithfidh sé é. Is air nach mbeidh an mhoill. Nach furasta a aithinte dhó é!
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach bhfuair, ná nár thug mé an dóigh dhó. Nuair a chuirfeas sé abhaile a bhfuair sé d'oird agus de gheanntrachaí anseo, b'fhéidir go bhfaigheadh sé an gró an uair sin, ach ní mó ná sin é. Tá sé sin in ann a chuid a iarraidh go maith. Dhá mbeadh sé leath chomh gasta dhá chur ar ais agus atá sé dhá iarraidh, dheamhan a mbeadh basctha dhó
 
dóigh 3
Dar príosta, is suarach an t-ionadh na barrannaí a bheith dóite agus an t-achar atá sé ó fuair siad aon bhraon báistí. Feicim an seanchur atá ansin thoir agam ag seargadh. Níl an cur óg leath chomh buailte leis, ach tá a bhfuil de chur óg agam i ngeadáin ghleannacha, agus bheadh a bheagán nó a mhórán fliucháin aige
 
Tá sé an-dóighiúil go deo as an bpáipéar nuaíochta. 'Sé an páipéar béal na fírinne. Ní bhíonn tada sna páipéir ach rud a bhíos ceart. Agus nach mbíonn i leath na bpáipéir sin ach deargbhréaga. Ach ní ghéillfeadh sé a dhath dhuit
 
dol 1
Seo é aríst é. Comhairfidh sibh é sin go maith ach ní chomhairfidh sibh an méid a chuirim amach leath chomh maith. Tá a fhios ag chuile dhuine céard é mo shlí ach ní bhreathnaíonn aon dhuine ar mo dhola
 
In éadan na feamainne dólámh! Is mór an saothraí thú, ach cé le aghaidh a bhfuil sí agat. Ní chuirfidh tú aon chaoi ar a leath choíchin ach a fágáil ansin nó go lobha sí. Dar príosta is ort atá an t-uabhar i ndiaidh feamainne
+
domhain 1
Shílfeá nach bhféadfadh fear Achréidh an domhain sin (de phortach) a bhaint as ucht. Mura mbaineann sé a leath an chéad uair, agus a dhul síos agus an leath eile a bhaint ansin
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh an bheirt ag iomramh in aghaidh a chéile: duine acu dhá cur go Contae an Chláir, agus an duine eile isteach. Sílim gurb é M. B. a bhí ag iarraidh a dhul go Contae an Chláir. D'éireodh dhó: bhí bara na himirce ariamh faoi … Céard sin ort? Nach raibh siad amuigh ar an domhain mhóir — cuid is mó ná leath cuain
+
domhan
Bhí móin an domhain agam anuraidh, ach chinn orm caoi a chur ar a leath
TUILLEADH (1) ▼
Tá talamh an domhain aige agus a leath ag dul i bhásta cheal a shaothraithe
 
domlas
Ní chaithfidh mé níos mó. Chuir mé mé fhéin chun domlais leo mar fags aréir. Is leath meisce ar dhuine iad agus é ag ól
 
Is furasta a aithinte ar dhonacht na mbeathach nach bhfuair siad a leath ndóthain. Féacha na beithígh atá ag P. Sciorrfá dóibh, tá siad chomh sleamhain sin — drochordú; gan aon tógáil
+
Má tá tusa ag iarraidh fear doscúch a fheiceáil, cuir eolas ar an dream sin a bhíos ag tiomáilt (tiomáint) mótars. Sin iad an dream atá doscúch. D'éireodh dhóibh ar ndóigh. Castar i chuile áit iad sin agus bíonn aithne acu ar chuile chineál duine, agus ní bhíonn ag a leath ach saol an ghiorria. Sin iad a d'inseodh dhuit faoin saol …
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag imeacht ina dhuine dhoscúch ag bainseachaí agus ag céilíochaí más fíor dó féin. Ach níl sé leath chomh doscúch agus atá a ligean amach. 'Siad na scéalta a chloiseas sé sin ag daoine eile a bhíos aige féin: go ndearna sé féin iad mar dhóigh dhe
+
Níl leath do dhóthain agat
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a dhóthain mhór glaomaireachta aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airíonn cuid ar a chéile acu an dream atá sna bólaí seo rómhacánta. Murach sin ba bheag é a gcuid glaomaireachta
 
'Sé an gearradh a thugas sí air nach bhfágann aon drabhlás ann. Cuireann sí leath an éadaigh amú. Tá gearradh dhá cuid féin aici — gearradh a dhiomalaíos an t-éadach uileag. Murach sin 'sí togha an dressmaker í
 
Nár chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. Nuair a bhí a chuid caite aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca, agus bhíodh an oiread sin ocrais air agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smailceadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nár fhan san áit a raibh sé i mbun a sháithe. Tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneodh sé. Meas tú an ligfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saol duine
+
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíobh sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann nach bhfuair tú amharc ar bith orthu; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an draoi feamainn dearg anuraidh. Bhí airde crann báid di sa gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith in ann freastal di. Ná bac le seanleasú anois ó thosaigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
 
dreach
Tá dreach uirthi (ar an bhfarraige) ceart go leor inniu, ach is dreach sách colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois san áit a bhfuil na P., i leaba a dhul ar an meath mhóir, séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (curach) chomh beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá drochghotha ar an lá agus an fharraige róghuagach ag curachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deireadh an lae ina ghairfean, agus ní éadáil mhór do churach gairfean a theacht uirthi leath cuain. Fuair mise mo dhóthain den cheird sin cheana an lá ar shéid sé ina ghaoith aduaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlódh muid lena (ár) marthain. Thug muid an eang linn míle buíochas le Dia,ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir
 
Cailleann an dreancaid a goimh sa ngeimhreadh. Is leath tógáil ar an dreancaid an teas agus an bhrothaíl
 
dreas 1
B'ait liom fhéin dreas óil a dhéanamh scaití. Ach ní bhfaighinn leath sásaimh air, mura bhféadainn mo sheolta a chrochadh agus a dhul i bhfad ó bhaile. Maidir lena dhul soir ansin thoir agus lá óil a dhéanamh ann, níl ansin ach leibideacht. Téirigh san áit a mbeidh nuaíocht ann duit
 
Bhí driopás air ag imeacht, agus níor mhór dhó fhéin go raibh. Dhá mbeireadh sé siúd air agus é spadhartha, ní changlódh sé aon fhata lena mharthain, agus diabhal leath an chirt a bheadh aige leis mura gcanglaíodh fhéin
 
Nach drisíneach an mhaise dhuit é riu. Fear buile gan bríste! Is mó go mór an bhrath atá agam liúradh buailte a thabhairt duit leis an taghdaíl sin a bhaint asat. Gheobhaidh tú é dhá fhada go dtí é, agus má fhaigheann féin ní bheidh leath an chirt leat
 
Bhíodh muid thoir ansin thoir ar chúla na céibhe agus muid inár suí síos ann go mbeadh sé ina dhíthrá agus go bhféadfadh muid a dhul ag obair. Dheamhan a dhath féin a bhí call dúinn a dhéanamh nuair a bheadh sé ina lán mhara, ná ó bheadh leath tuilte féin aige, ach cead againn suí ansiúd ag caitheamh clocha sa bhfarraige agus ag breathnú ar na driúillíní ar an uisce. Ba é saol an duine uasail é a mhic ó
 
droch-
Tá drochdhéanamh ar an leath sin
+
droim
Cuir droim na cathaoireach leis an doras ó tá Máire bhreá amuigh. Is beag a bhéarfadh orm an bolta a fháscadh ar fad air, agus cead aici a theacht isteach ar a rogha caoi ansin. Ní dhéanfaí leath an cheart léithe
TUILLEADH (2) ▼
Cén sórt righníocht atá ort. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil muid thar leath bealaigh fós agus go bhfuil an lá ag dul thar droim. Is beag eile lae atá ann agus beidh tús oíche anocht chomh dubh leis an bpic
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
+
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca mé aon lá den mhí-ádh ariamh nó go ndeachaigh mé i bpáirt leis. Tugaimse mo mhallacht don [...]mhar aríst go deo. Dhíol muid cheithre lorry mhóna i mbliana. Mise a fuair a hanró ar fad. Mé féin agus na gearrchailí. Ní theagadh seisean 'na phortaigh go dtí an dó dhéag chuile lá. Ach meánn tú ina dhiaidh sin nach raibh sé ag iarraidh dhá leith droimscoilte a dhéanamh dhá luach agus leath a bheith aigesean chomh maith liomsa. 'An bhfuil caint ar bith agat ar na gearrchailí,' arsa mise. 'Nach iadsan a shaothraigh uileag í.' 'Gheobhaidh mise leath,' adeir sé, 'nó beidh a fhios agam cén fáth. Mo chuid portaighse a baineadh uileag'. 'Bíodh aici i mbliana,' arsa mise, 'ach go lá na leice aríst, ní bhainfidh mise aon fhód móna i bpáirt le aon duine'
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
 
druid 2
Bhí an teach druidte. Níl a fhios agam cérb as a dtáinig a leath. Déarfainn go raibh corrghiolla gan chuireadh ag smaoiseáil thart ann freisin — an teach ag dul thar maoil