Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rachaidh (55)

 
Ní rachaidh sé ar an aonach amárach leis an dá luchín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má théann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
 
Má chuireann tú dlí orthu, agus thú a chaitheamh, daingneoidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneoidh. Mura bhfuil tú in ann a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, lig dóibh ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbhsa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóidh sé an-tsuaimhneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil seanriaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dtéidís míle bliain. Ar ndóigh níl feithideach ar bith is faití ná é, ach nuair a airíos sé cúlturraic aige féin in aice láithreach
 
Má ghníonn sé aon aithrist ormsa ní rachaidh leis
 
Mura bhfuil solas agat, ní rachaidh tú i bhfad ar an ngealaigh. Gealach an-deirceach atá ann. Bhí sí faoi an-luath aréir
 
Rachaidh muid ann ar an gceathrú dheiridh den ghealaigh
 
diaidh
Ná bíodh faitíos ort. Rachaidh mise faoi dhuit nach gcloisfidh tú aon cheo ina dhiaidh sin. Tá sé in ann a bhéal a choinneáil ar a chéile, ní hé sin do thuilleadh é
 
Lig de do chuid díbliú anois. Níor thuill duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Téirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní ligfeadh an faitíos duit
 
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
+
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é
TUILLEADH (1) ▼
Má castar liom in mo shiúlta í, bainfidh mé mo dhíocas aisti, ach ní rachaidh mé dhá tóraíocht — dheamhan é
 
Fág an buachaill sin fúmsa. Dá fhada dá rachaidh sé, beidh mise díreach leis
 
Má dhíríonn sé siúd agat (chugat) ina stoithneachán, rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh gnaithe do do dhícheall agat
 
dochar
Má tá rún aige aon dochar a dhéanamh, ní rachaidh leis
 
Cáid uait Domhnach Chrom Dubh? An rachaidh tú ar an gCruaich i mbliana?
 
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
 
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dúshlán. Má bhaineann, rachaidh mise soir de mhaoil mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagraí mé í
+
téigh
Chuaigh muid cúig an geábh deiridh agus rachaidh muid scór an geábh seo, agus bun amuigh a bheas an uair sin ann
TUILLEADH (7) ▼
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn i mbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agat
Ní rachaidh na cupla fag sin i bhfad ná i ngearr air siúd. B'fhearr dhaoibh a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid má bhíonn sé d'uireasa fags
Go dtuga Dia ciall duit! Ní rachaidh buidéilín pórtair i bhfad ná i ngearr ar mo thartsa. Níl ann ach sú salúin i mbéal bulláin dom, má tá sin féin ann
Rachaidh muid Conamara go gairid. An bhfuil tú sásta?
An rachaidh tú tigh Sheáinín Sh. É. anocht. Tá céilí ann
Cá rachaidh tú? — cá'il tú ag dul (an-choitianta ag seandaoine)
Dia dhuit a Tom. Cá rachaidh tú anois, a chuid?
+
Nuair a chinnfeas air le scamhailéireacht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleáchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ó tharla an mhóin a bheith craptha, rachaidh mé ar iascach anois scaitheamh
Rachaidh scáth air má fheiceann sé an triúr agaibh, agus ní thiocfaidh sé isteach
+
Má labhraíonn tú air sin rachaidh sé chun stuaice air, agus ní bheidh focal den chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo
TUILLEADH (1) ▼
Ní rachaidh duine ar bith chun tosaigh le cneámhaireacht
 
Níl a fhios agam cén chaoi a rachaidh an scéal nua seo dhó — an dtaitneoidh sé leis nó nach dtaitneoidh
+
Rachaidh rud thairis sin faoin tsróin aici. Cloisfidh sí faoi ar dhúirt sí féin faoi na cuiríochaí a bhí anseo … Ná taitníodh mura breá léithe é. Tá cás againn inti go deimhin
TUILLEADH (6) ▼
Má tá tú sásta a dhul faoi scair eangaí liom, ceannóidh mé í an chéad lá eile a rachaidh mé G. Bhí báire éisc istigh ansin thíos aréir
Rachaidh mé faoi dhuit (gabhfaidh mé faoi dhuit, ach is coitianta rachaidh mé srl.) gurb in í an fhírinne — tabharfaidh mé an leabhar; mionnóidh mé dhuit. Ach ní bhíonn ciall chomh bainte amach sin leis i gcaint go hiondúil: deirim leat, dar m'fhocal duit, dar brí an leabhair srl.
Rachaidh mé faoi dhuit go mbainfidh mise cac as ach a mbeire mé air! Diabhal bréag nach mbainfidh
Rachaidh mé faoi daoibh go mb'fhurasta cur ag D. san am a raibh an L. réidh leis. Bhí mónógaí allais ag briseadh amach ar a bhaithis, agus ba gheall le braillín de bhraillíní S. N. an ceannaghaidh a bhí aige
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroí, má fhaighimse aon tuairisc ar do bheithíoch go ngabhfaidh scéala agat ar ala na huaire. Ach níl mórán barúil agam duit a dhul dhá thóraíocht sa ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn
Rachaidh mé faoi dhaoibh a stócaigh, go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mura gcuire sibh mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cén sórt saol atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur comaoin a bheidís a chur ort lena thabhairt duit mar sin féin
+
Ní rachaidh tú go teach an rachaidh? — go dtí an teach (teach áirid, nó do theach féin)
TUILLEADH (3) ▼
Rachaidh muid go droichead théint (féint: féachaint) a bhfuil sé ann. Mura bhfuil, bíodh an fheamainn (fc. feamainn) aige
An rachaidh tú gon (don?) Achréidh i mbliana?
Ní rachaidh an bran go haonach beag (go lá an aonaigh, go Domhnach, go Máirt, go Márta, go Nollaig, srl.)
+
Rachaidh caitheamh sna hailltreachaí móra sin fhéin leis an aimsir. Níl gair ag rud ar bith seasamh in aghaidh oibriú na farraige
TUILLEADH (2) ▼
Má chuireann tú ar bogadh é rachaidh ann — tiocfaidh fad air
Seol leat. Tóg do chúig. Ní rachaidh mise ina bharr ort — ní imreoidh mé cárta i gcruth is go bhféachfaidh mé leis an gcúig a thógáil dom féin
+
Rachaidh sí le cuthach (le gaoth na gcnoc) má chloiseann sí sin
TUILLEADH (6) ▼
Sílim go rachaidh mé le bádóireacht ar fad
Má ghníonn sé sin muise, ní rachaidh leis. Leabharsa féin ní rachaidh
Má chuaigh leis an uair sin, ní rachaidh leis i gcónaí. Dhá fhad dhá dtéann an madadh rua, beirtear air sa deireadh ina dhiaidh sin
Ní rachaidh leis muis, nó is cinniúint ormsa é. Tá cupla gíománach agamsa sna bólaí sin, agus níl agam ach an scéal a mheabhrú dhóibh agus ní chuideoidh siad tada leis ach a dtosaí siad
Is aigeanta an mhaise dhó é, ach ní rachaidh leis feadh is mise T. a fheiceáil. Deirimse leat go n-inseoidh mise do T. cé hé féin agus céard a shíl sé a dhéanamh orainn. Dhéanfadh T. gar ar bith a d'fhéadfadh sé domsa
Rachaidh leis tamall, ach is maith an staic tamall. Ní bhíonn rud ar bith ach tamall
+
Rachaidh an fheoil sin ó ithe oraibh mura mbruithe sibh í feasta. Níl coinneáil ar bith ag caoireoil an tráth seo bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Rachaidh duine ó aithne air go maith nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí, an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baol air a dhul ó aithne air