Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rachaidh (50)

 
Ní rachaidh sé ar an aonach ambáireach leis an dá luichín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má theigheann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
 
Má chuireann tú dlí orra, agus thú a chaitheamh, daingneochaidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneochaidh. Mara bhfuil tú indon a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, leig dóib ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbh-sa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóchaidh sé an-tsuaímneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil sean-riaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dteighidís míle bliain. 'Ar ndú' níl feithideach ar bith is faitighe ná é, ach an uair a airigheas sé cúl-tuiric aige féin in aice láithreach
 
Má ghníonn sé aon-aithrist ormsa ní rachaidh leis
 
Mura bhfuil solas agad, ní rachaidh tú ibhfad ar an ngealaigh. Gealach an-deirceach atá ann. Bhí sí faoi an-luath aréir
 
diaidh
Ná bíodh faitíos ort. Rachaidh mise faoi dhuit nach gcloisfidh tú aon-cheo in a dhiaidh sin. Tá sé indon a bhéal a choinneál ar a chéile, ní hé sin do thuilleadh é
 
Leig de do chuid díbliú anois. Níor thuíll duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Teirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní leigfeadh an faitíos duit
 
Bhí teir ar na guirt sin ariamh. Ní raibh goir ag bó na gamhain a dtaithiughadh nach raibh an t-imeacht orra. Bíonn guirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige, nó tiocfaidh an díleághadh ar a chuid. Is ar a chruadh-chúis do dhuine ar bith a mbeidh guirt de'n tsórt sin aige, gan rud a chur ionnta uair eicínt. Is mór an nídh a bhfeiceál ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thiubharfaidís áird ar bith ar na sean-chainteannaí sin. Bíonn an oiread saint' ionnta chuig an saoghal agus gur cuma leobhtha teir ná teir. S. L. a bhí annsin thoir, an uair a cheannuigh sé an talamh thuas ó P. N., dubhairt daoine leis nach n-eireochadh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngiodán ab fhearr ag gabhail leis, agus nach raibh aon-lá ariamh nach raibh an díleághadh ar bheithidhigh Ph. N. ann. "Má's teir nó teir anois é" adeir S. L. "rachaidh gach beithidheach ag gabhail liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sib a bheith adhartha go leigfinn an priobán is fhearr ar an talamh i bhásta ingeall ar shean-chainteanna seafóideacha". Chuir sé na beithidhigh isteach ann, ach dheamhan díleághadh a tháinig orra. D'imigheadh ceann anois agus aríst, ach d'imeochaidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithidheach seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann an uair a bheadh taobh na bpoll as a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaithtí gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-eirigheadh tada leis.
+
Ach a mbeiridh sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearg-laoch rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleaghdóir carra mhóna a chur aníos in áit éascaidh ach is é an dearg-laoch agus "an fheoil chapaill" atá indan fear a chur ar a mhiotal. Chonnaic mise ins an bportach se'againn féin anuiridh é
TUILLEADH (1) ▼
Má castar liom in mo shiubhalta í, bainfidh mé mo dhíocas aiste, ach ní rachaidh mé dhá tóruigheacht — dheamhan é
 
Fág an buachaill sin fúmsa. Dá fhada dá rachaidh sé, beidh mise díreach leis
 
Má dhírigheann sé siúd agad (chugad) in a stuithneachán, rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh gnatha do do dhícheall agad
 
Cá'id uait Domhnach Chrom Dubh? An rachaidh tú ar an gCruaich imbliana?
 
Is beag an baoghal orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraint drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thighe, tá tú ag dul amú. Fuair muid a' (ar) ndóthain cheana dhíob sin, agus ní ingan-fios duinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
 
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dubhshlán. Má bhaineann rachaidh mise soir de mhaol mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagruighidh mé í
+
téigh
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn imbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agad
TUILLEADH (5) ▼
Ní rachaidh na cupla "fag" sin i bhfad ná ingearr air siúd. B'fhearr dhaoib a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid, má bhíonn sé d'fhuireasbhaidh "fags"
Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní rachaidh buidéilín pórtair i bhfad ná ingearr ar mo thart-sa. Níl ann ach sugh salmhain i mbéal buláin dom, má tá sin féin ann
An rachaidh tú tigh Sheáinín Sh. É. anocht. Tá céilidhe ann
Cá rachaidh tú? = cáil tú ag dul (an-choitianta ag sean-daoine)
Dia dhuit a Tom. Cá rachaidh tú anois, a chuid?
+
'Nuair a chinnfeas air le scaimhléaracht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleádhchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ó thárla an mhóin a bheith craptha rachaidh mé ar iascach anois scathamh
Rachaidh scáth air, má fheiceann sé an triúr agaibh, agus ní thiocfaidh sé isteach
+
Má labhairigheann tú air sin rachaidh sé 'un stuaic' air, agus ní bheidh focal de'n chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo
TUILLEADH (1) ▼
Ní rachaidh duine ar bith 'un tosaigh le cneamhaireacht
 
Níl a fhios agam cé'n chaoi a rachaidh an scéal nuaidhe seo dhó = an dtaithneochaidh sé leis nó nach dtaithneochaidh
+
Rachaidh rud thairis sin faoi'n tsróin aice. Cloisfidh sí faoi ar dhubhairt sí féin faoi na cuiridheachaí a bhí annseo … Ná taithnigheadh mara breagh léithe é. Tá cás againn ínnte go deimhin
TUILLEADH (6) ▼
Má tá tú sásta a dhul faoi scair eangaighe liom, ceannóchaidh mé í, an chéad lá eile a rachaidh mé G. Bhí báire éisc istigh annsin thíos aréir
Rachaidh mé faoi dhuit (gabhfaidh mé faoi dhuit, ach is coitianta "rachaidh mé" agus rl.) gurb shin í an fhírinne = tiubharfaidh mé an leabhar; mionnóchaidh mé dhuit (ach ní bhíonn ciall cho bainte-amach sin leis i gcaint go h-iondamhail: deirim leat, dar m'fhocal duit, dar brigh an leabhair agus rl.)
Rachaidh mé faoi dhuit go mbainfidh mise cac as ach a mbeiridh mé air! Diabhal bréag nach mbainfidh
Rachaidh mé faoi daoib go mb'fhurasta cur ag D. ins an am a raibh an L. réidh leis. Bhí múnógaí alluis ag briseadh amach ar a bhaithis, agus ba gheall le braithlín de bhráithlíní S. N. an ceann aghaidh a bhí aige
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroidhe má fhaghaimse aon-tuairisc ar do bheithidheach go ngabhfaidh scéala agad ar ala na h-uaire. Ach níl mórán baramhail agam duit, a dhul dhá thóraidheacht ins an ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn
Rachaidh mé faoi dhaoib a stócaigh go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mara gcuiridh sib mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cé'n sórt saoghal atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur cumaoin a bheidís a chur ort len a thabhairt duit mar sin féin
+
Ní rachaidh tú go teach, an rachaidh? = go dtí an teach (teach áirid, nó do theach féin)
TUILLEADH (2) ▼
An rachaidh tú go'n (do'n?) Achréidh imbliana?
Ní rachaidh an bran go h-Aonach beag (go lá an aonaigh, go Domhnach, go Máirt, go Márta, go Nodlaig, agus rl.)
+
Rachaidh caitheamh ins na h-ailltreachaí móra sin fhéin leis an aimsir. Níl goir ag rud ar bith seasamh in aghaidh oibriú na fairrge
TUILLEADH (2) ▼
Má chuireann tú ar bogadh é rachaidh ann = tiocfaidh fad air
Seol leat. Tóig do chúig. Ní rachaidh mise in a bharr ort = ní imreochaidh mé cárta i gcruth agus go bhféachfaidh mé leis an gcúig a thógáil dom féin
+
Rachaidh sí le cuthach (le gaoth na gcnoc) má chloiseann sí sin
TUILLEADH (6) ▼
Sílim go rachaidh mé le bádóireacht ar fad.
Má ghníonn sé sin muise ní rachaidh leis. 'Leabharsa féin ní rachaidh.
Má chuaidh leis an uair sin ní rachaidh leis i gcomhnaí. Dhá fhad dhá dteigheann an madadh ruadh beirtear air ins an deireadh, in a dheidh sin
Ní rachaidh leis muis nó is cinneamhaint ormsa é. Tá cupla "gíománach" agamsa ins na bólaí sin, agus níl agam ach an scéal a mheabhrú dhóib, agus ní chuideochaidh siad tada leis ach a dtosuighidh siad
Is aigeanta an mhaise dhó é, ach ní rachaidh leis feadh agus mise T. a fheiceál. Deirimse leat go n-innseochaidh mise do T. cé hé féin agus céard a shíl sé a dhéanamh orainn. Dhéanfadh T. gar ar bith a d'fhéadfadh sé domsa
Rachaidh leis tamall, ach is maith an staic tamall. Ní bhíonn rud ar bith ach tamall
+
Rachaidh an fheoil sin ó ithe oraibh, mara mbruithidh sib í feasta. Níl coinneál ar bith ag caoirfheoil an tráth seo 'bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Rachaidh duine ó aithne air go maith 'nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baoghal air a dhul ó aithne air