Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

scoth (12)

 
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin nár chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buannaíocht eicínt acu, agus níorbh í an bhreácha í
 
dálta
Tá an bainne spreagúil, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scodalach tae i siopaí ansin soir agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigiú scoth fhéin é
 
deis
Tá deis aige sin nach bhfuil ag aon duine sa mbaile sin: dhá acra is fiche de scoth na talúna, agus feamainn agus sliabh dhá réir. Is buachaill é sin atá ina shuí go te
 
deo
Go deo thú! Ná raibh tú tinn muis! Is tú an scoth
 
Nach seafóideach an duinín thú. Is agat atá an ghnaithe ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Nuair adúirt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosúil. Deile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpínn is saoire a bhí seisean ó bhí sé dhá gceannacht. Séard a bhí agatsa a dhéanamh an uair sin tosaí dhá dtaibhsiú. Breá nár dhúirt tú nár dhíogha ar bith iad ach an scoth. Lig tú uait ar leath a luacha iad ar chóir ar bith!
 
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaigh mé síos leis an gcarr ann. Cheannaigh mé trí folaigh coirce le aghaidh síl. Thabharfá an leabhar go mba é an chéad scoth é, agus ba é freisin. Ach lá dubhfhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laethantaí, bhreathnaigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhága mé seo mura raibh sé ag tosaí ag dreochan. Fhóbair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
Tá sé ag tarraingt soir i bpas anois, nach mbeidh aon dreoiteacht ag dul don arbhar ann, soir sna P. sin. Bíonn an chéad scoth ansin. Ach 'sé an rud céanna leis siúd é an chéad scoth nó an cúigiú scoth. An t-airgead céanna a bhaineas sé amach
 
Bhí an-oibriú sa bhfarraige le dhá oíche ach shílfeá go bhfuil sí ligthe fúithi anocht, théis go bhfuil scoth-thaoille mhaith ann. Ach is beag an bhrí í le hais na hoíche aréir. An bhfaca tú an trá. Tá an-chartachán síos i mbun an Charracháin. Diabhal mé go bhfuil dromainn soir uileag in íochtar na trá leis an mbaint a rinne an fharraige
 
dúil
Bhí mé thuas ann lá ar cuairt agus bhí ciseog fhataí ann agus iasc. Fataí gáireacha. 'Siad an scoth atá aige. Bhí an teach fúinn féin ag an mbeirt againn agus shuíomar síos i mínis (i bhfianais) na ciseoige, nó gur ith muid gliúrach dhíobh. Shín muid muid féin ar an teallach ansin gur chodail muid spuaic. Níor leag mé béal ar aon fhata aríst go ceann míosa. Ghráinigh mé orthu. Bhain siad an dúil asam in éindí
 
Bhí scoth-thaoille mhaith aréir ann. Tá ucht na duirlinge bainte fré chéile
 
Tá an scoth óg ar an dúnáras céanna a raibh na seandaoine. Féacha T. sin agus an chodaíocht a bhíos air. Ag imeacht ina shúmaire i gcónaí. Bheadh sé ag dul síos G. bog te amárach, agus dhá bhfiafraíteá dhó (dhe) é ina dhiaidh sin, déarfadh sé nach raibh a fhios aige. Is maith a chruthófá deirimse leat, le tada a bhaint as sin
 
Ní fhéadfadh sé seo gan a dhul go maith duit. Togha braon é. Breathnaigh ar an tsúilín atá air. Ní hin é uisce salach Bh. L. chor ar bith ach scoth an ghráinne eorna. Is ola do do chroí a mhic ó é sin a ól