calm
—ainmfhocal, firinscneach.
—
lagar; téigle; marbhántacht; gan puth nó fleaim as aer.
+–
Tá sé ina chalm — tá sé ina théigle nó ina lagar
Cár bhuail an calm sibh? — cén áit ar an bhfarraige ar tháinig an téigle oraibh
TUILLEADH (12) ▼
Tá sé ina chalm aríst théis na huaire móire.
Ní raibh smeámh as aer, ach é ina chalm chríochnaithe.
Cothú na huaire móire, calm an tráthnóna — cothú na huaire móire an tráthnóna a bheith go breá.
Má sheasann sé ina chalm mharbh mar seo i bhfad eile, caithfidh sibh a dhul ar na buillí — a dhul ag iomramh
Claochmóidh sé agus tiocfaidh sé ar chalm as an gcreatlach seo.
Bhuail calm muid ag an Matal agus bhí an fharraige ina clár. Dheamhan coisméig a bhí againn as sin anoir.
Chuir muid iomlán a cuid éadaí uirthi, ach ba bheag an mhaith sin, arae ní fhaca mé ariamh cheana, agus an fhad is tá mé ag plé le farraige, a leithide de chalm.
Ní raibh leide gaoithe ar bith ann, ní áirím leide córach. Tháinig dubhchalm orainn.
D'fhéachfadh an iomramh muid murach muid a bheith ar ghort an bhaile nuair a bhuail an calm muid.
Seasfaidh sé ar an gcalm seo go tráthnóna. Ach ní féidir dhó nó éireoidh smeámh eicínt le contráth.
B'fhearr í bheith ar an luí chuige fhéin, ná a bheith in do staic ar fad le calm.
Cuimhním oíche a raibh fuireacht calaidh orainn le calm i gcéibh an S. Dheamhan an oiread móna a bhí againn agus a dheargfadh tine dhúinn.
+–
Muran ag preabadh atá an ghaoth is tús cailm é — tá sé ag dul ar chalm, mura i ndán is gur ag athrú a bheadh an ghaoth
Tá tú i ndeireadh cailm, déarfainn. Feicim an seol mór ag líonadh — tá an calm caite, arae feicim soinneán gaoithe ag teacht faoin seol mór
TUILLEADH (2) ▼
Is olc an rud lá cailm ar an bhfarraige. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í ná seal cailm.
Is olc é an calm geimhridh!
·
Calm agus dea-lá go bhfaighe sibh! (beannacht ar bhádóirí)
"Calm agus dea-lá go bhfaighe t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire agus an t-athair ag saothrú báis" (as scéal magúil faoi iascairí cladach Teampuill Mhuire)
calm in iontrálacha eile (28)
+
→
cailm
Dheamhan cailm fós air — níl aon stró fós air.
TUILLEADH (17) ▼
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm ar bith air agus go srianfaidh sé thríd, ach dheamhan a fhios agam.
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann is punt feola inné!
Is beag an chailm a bheas air sin nuair a éagnós sé é, deirimse leat — má bhíonn mairg ar bith air, déanfaidh sé fuasaoid faoi.
Níl aon chailm anois ort. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht théis an mhuinisc sin a ithe.
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air an bealach a dhéanamh abhaile.
Dhá mba feasach mé go mbeadh aon chailm air, ghabhfainn in éindí leis. Ach ní chomhairim go bhfaighidís iontub fhéin a dhul ag tabhairt áladh ar mhalrach mar é sin.
Ní raibh aon chailm orainne é a shrianadh abhaile théis an méid sin fhéin de raisín. Ach níor shú salúin i mbéal bulláin ag an bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad ag fuasaoid ocrais.
D'ól sé sé ghailleog as cosa i dtaca agus dheamhan a dhath cailm a chuir siad air — d'ól sé sé ghloine poitín go dlúth i ndiaidh a chéile agus níor chuir siad lá mairge air ina dhiaidh sin.
Is beag an chailm a chuir an bháisteach air, ainneoin go raibh sé ag rilleadh.
Théis a bhfuair sé de liúradh, dheamhan blas chailm a bhí air. Dheamhan a chos siúd nach ndéanfaidh aríst é, arae níl aon chomhairleachan ina chionn.
Tá a fhios ag an lá gur beag an chailm atá air agus an ruaig thinnis atá dhe aige. Ach reanglamán bradach righin é.
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamhchodladh le seachtain, agus dar príosta má tá, is beag an chailm atá air ina dhiaidh.
Dhá mbeadh an oiread cailm air agus atá a ligean amach fhéin, i nDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imeacht air agus atá.
Tá cailm mhór ort go deimhin — codaíocht is cluanaíocht agus neart díomhaointis! (duine a bhí ag fuasaoid tinnis agus nach raibh in acmhainn aon bhuille a dhéanamh, má b'fhíor dhó fhéin)
Ó throisc mé an fhad seo anois dhá uireasa, ní chuirfidh sé aon chailm orm troscadh scaitheamh eile. Ó chaith mé an choinneal, caithfidh mé an t-orlach.
Níl aon chailm ar chailíní i Meiriceá anois (1930)
Tá súil agam nach bhfuil clóic ná cailm ort.
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
→
buail
Níl uair ar bith is measa soinneán ar an bhfarraige ná le linn cailm shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaifeachaí sin bád ar aimsir mharbhánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
→
dea-lá
'Calm agus dea-lá do t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire nuair a fuair an seandhaidí bás — ba in é guí an iascaire; may there be no moaning of the bar when you put out to sea
→
deannóid
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
→
deoladh
B'fhóinteach a tháinig an deoladh sin féin théis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirthi isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é ina chalm críochnaithe orainn. Dheamhan fleaim as aer a bhí sa seol
→
díth
Cén chiall iad ag cur i dtír aríst. Rud eicínt a d'fhága siad ina ndiaidh. Ní calm ná díth córach ná uair mhór atá orthu. Bheadh lán na trí seolta siar acu go deas anois
→
gionnóid
Caithfidh na bádóirí casadh aríst. Tá sé ina chalm chríochnaithe orthu. Níl ginnín ann. Nach diabhlaí a chuir siad amach chor ar bith a leithide de lá