cuir anuas
1.
·
Tá an simléar ag cur anuas — tá sé ag casadh an deataigh ar ais
2.
a.
+–
Chuir an capall anuas é — leag sí é
Cuireadh anuas den bhicycle é — baineadh leagan as
TUILLEADH (13) ▼
Bhuail an roth tosaigh faoi chloich ghéir a chuir anuas mé.
Cuireadh anuas ar mo bhéal is ar m'fhiacla ar an mbóthar mé — leagadh ar mo bhéal fúm ar an mbóthar mé
Cuireadh anuas d'aon iarraidh amháin mé agus shíl mé go raibh mo chaiscín meilte — leagadh d'aon iarraidh amháin mé, agus shíl mé go raibh mé marbh
Is éasca duine a chur anuas ar an reothalach sin.
Cuireadh capaill anuas inniu, mar bhí an bóthar chomh sleamhain le gloine.
Níor fágadh duine ar an bhfeadhain acub nár cuireadh anuas — leagadh a raibh ann acub
Níor thóg sé achar ar bith air é a chur anuas, théis gur diabhlaí an spliota d'fhear é — chuir sé in aer é (leag sé é) gan moill ar bith, ainneoin gur fear mór é
Tá sé siúd in ann an chuid is fearr acub a chur anuas — a leagan
'Sé an poitín an buachaill atá in ann fear a chur anuas.
Dheamhan croitheadh ar bith fhéin a fuair Pádraic Seán L. a chur anuas.
Buachaill maith a bheadh ábalta é a chur anuas, deirimse leat.
Ní raibh ann ach go raibh sé ar marcaíocht ar an asal nuair a chuir sé anuas é.
'Sí an ghaoth a chuir anuas an chruach.
b.
+–
Is gearr a chuaigh sé nuair a cuireadh anuas é — maraíodh é.
Cuireadh póilíos anuas an uair sin! — maraíodh póilíos an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Deir sé go gcuirfí anuas saighdiúir Shasana as éadan sa gcogadh — ba gearr an mhoill ar an nGearmánach é — murach go ndeachaigh Meiriceá a chúnamh dhóibh
Cuirfidh sí sin giorriachaí anuas má mhaireann di — maróidh sí giorriacha má théann sí ar aghaidh mar atá sí ag gabháil anois
3.
+–
Tá sé le cur anuas sa bpinsean — le n-ísliú
Cuireadh scilling anuas sa bpinsean é — lagadh scilling sa bpinsean é
TUILLEADH (2) ▼
Chuir mé anuas é ó naoi bpunt go dtí hocht bpunt coróin, ach chinn orm aon mhargadh a dhéanamh leis ina dhiaidh sin — chuir mé faoi ndeara dhó an luach a bhí sé a iarraidh a leagan ó naoi bpunt go dtí hocht bpunt coróin, ach níor chuireamar an margadh i gcrích ina dhiaidh sin
Chuir sé anuas beagán mé thar mar a bhí mé a iarraidh — chuir sé faoi ndeara dhom ísliú sa méid a bhí mé a iarraidh
cuir anuas in iontrálacha eile (50+)
→
farúch
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
→
fios
Níl aon bhlas d'fhios do labhartha agat ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
+
→
froigisí
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an mbicycle atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
→
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
→
cairín
Théadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acub a chuiridís fúthub fhéin thiar ar chairín an chapaill. Cén bhrí go dtosaíodh an choimhlint. An té a cuirfí anuas an uair sin, d'fhéadfása a rá go mbeadh a shraith ar lár ar chuma ar bith.
→
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
→
béalóg
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill ar bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — agus ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nár áit buaile ná seanbhaile ar bith dhó teach a bhfuil triúr iníon le cur i gcrích ann fós.
→
bior
Má chuireann tú chun sléibhe na gamhna sin chomh luath seo sa mbliain, ní fhanfaidh bior eanga orthub. Tabharfaidh siad anuas ar fad
→
breoigh
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
Ná cuir araoid ar bith air muran leat bruithshléacht agus sceanach a bheith ar fud an tí. Má bhíogann sé sin agat (chugat), ní hé an ribín réidh é le míniú anuas aríst.
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an seanrapar (an seanchóta)
Má tá sé chomh saibhir agus atá a ligean amach, is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé caoi eicínt ar an mbráicín de theach atá aige tharas an bháisteach anuas a bheith air le chuile dheoir dhá séidfidh as aer.
+
→
anuas
Ag cur anuas mhóna (den phortach) atá sé na laethantaí seo
TUILLEADH (13) ▼
Chuir mé bóthar dhíom anuas — tháinig mé anuas go tréan
Ní bheidh aon deoir anuas ormsa feicfidh tú fhéin, feadh is an tuí seo a bheith curtha agam.
Tá sé ag cur anuas anois — ag báisteach go daingean
Tá sé ag cur anuas anois — ag caitheamh báistí, sneachta srl
Chuir sí seal cloth anuas faoina mullach ar a dhul amach di.
Cuir anuas faoi do mhullach é (ball éadaigh). Is amhlaidh is fearr dhuit é.
Níor cuireadh aon duine sa reilig sin le na cianta anuas anois.
Ní feasach mé ó fhlaitheas anuas cár chuir mé i dtaisce é.
Beidh siad anuas orm mura dtuga mé cuireadh chun bainse dóibh.
Cén chiall daoibh a bheith anuas ormsa — níor chuir mise tada as daoibh?
Níl sé an scór curtha fós, ach tá sé suas is anuas leis.
D'fhéadfadh sé a bheith suas is anuas le leithchéad bliain anois ó chuirtí an líon.
Ní raibh aon deoir bháisteach anuas ann, ó chuir mé é go deireanach — ó chuir mé tuí air
→
ascar
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leataoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí anuas glan as ascar na diallaite mé
Ba ghearr a bhí sé ag baint dhe anuas agus ag cur malrait éadaí air fhéin, deirimse leat
Níor chuir sé caidéis ar bith air faoi go ceann i bhfad, ach tháinig sé anuas air ansin d'aon iarraidh agus chuir sé faoi ndeara dhó sé scóir a íoc ar aon láimh amháin.
→
feac 2
An bhfuil tú in ann do dhroim a fheacadh anuas rud beag go gcuirfidh mé é seo ort — a chromadh, a lúbadh
→
feoil
Cuir feoil ar an tinteán sin thall. Is ann is teocha dhuit. Ní fhéadfá gan a bheith fliuch agus an bháisteach atá ann. Deasaigh anuas go maith
→
flaisc
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon fhlaisc amháin é — aon iarraidh amháin; d'aon tuairt amháin
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
→
forbhás
An bhfeiceann tú an gruán mór cloiche atá ar forbhás ansin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nár bhain aon duine aon chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
→
frapa
Cuireadh sé frapaí faoin teach siúd nó is gearr go mbeidh sé anuas ina mhullach. Níl rata ná taobhán ag gabháil leis nach bhfuil dearglofa
→
faslach
Níl i mBaile na C. sin ar fad ach faslaigh móna. Ach chuir siad an-chóir air le blianta anuas. Ní amparáin ar bith atá síos ansin. Is beag nach bhfuil talamh ag lucht na móna anois chomh maith linn féin
→
fód
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
→
dallán
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
→
daol
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tí. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh sa gclúid agus tosaí ag fuarchaoineachán. Thosaigh mo choinsias! Daol bróin a tháinig air is cosúil. Ag caoineadh seanJ. a bhí sé
→
deachma
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas sa saol! Dar príosta chonaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cairde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orthu. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneáil óna dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
Is mó an deacracht an talamh anuas anseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon saothrú ar bharr an bhaile nuair a théitear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagan le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le chuile rud mar sin, shula chuirfí rud ar bith ann
+
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
→
deargán
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
→
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
→
deis
Má bhí rún aige a dhul ag troid, ba dona an deis a chuir sé air féin. Breá nár bhain sé anuas an seaicéad, agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh