Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuir anuas
1.
·
Tá'n simléar a' cur anuas = tá sé casadh an deataighe ar ais.
2.
a.
+
Chuir a' capall anuas é = leag sí é.
Cuireadh anuas de'n 'bhicycle' é = baineadh leagan as.
TUILLEADH (13) ▼
Bhuail an roth tosaigh, faoi chloich ghéir, a chuir anuas mé.
Cuireadh anuas ar mo bhéal 's ar m'fhiacla ar a' mbóthar mé = leagadh ar mo bhéal fúm ar a' mbóthar mé.
Cuireadh anuas d'aon-iarraidh amháin mé, agus shíl mé go raibh mo chaiscín meilte = leagadh d'aon-iarraidh amháin mé, agus shíl mé go raibh mé marbh.
Is éasca duine 'chuir anuas ar a' reothalach sin.
Cuireadh capaill anuas indiu, mar bhí an bóthar chomh sleamhain le gloine.
Níor fágadh duine ar a' bhfeádhain aca(b), nar cuireadh anuas = leagadh a raibh ann aca(b).
Níor thóg sé achar a' bith air é 'chuir anuas, th'éis gur diabhluidhe an splíota d'fhear é = chuir sé in aer é (leag sé é) gan moill a' bith, aindeoin gur fear mór é.
Tá sé siúd indon an chuid is fearr aca(b) a chuir anuas = a leagan.
Sé'n poitín an buachaill atá indon fear a chuir anuas.
Dheamhan crathadh a' bith fhéin, a fuair Pádraic, Seán L. a chuir anuas.
Buachaill maith 'bheadh ábalta é 'chuir anuas, deirimse leat.
Ní raibh ann, ach go raibh sé ar marcuidheacht ar an asal, nuair a chuir sé anuas é.
Sí'n ghaoth a chuir anuas an chruach.
b.
+
Is gearr a chuaidh sé, nuair a cuireadh anuas é = marbhuigheadh é.
Cuireadh póilíos anuas an uair sin! = marbhuigheadh póilíos an uair sin.
TUILLEADH (2) ▼
Deir sé go gcuirfí anuas saighdiúir Shasana as éadan sa gCogadh — ba gearr a' mhoill ar a' nGearmánach é — marach go ndeacha 'Meriocá 'chongnamh dhóibh
Cuirfe sí sin girrfhiadhachaí anuas, má mhaireann di = marbhócha sí girrfhiadhacha, má theigheann sí ar aghaidh mar tá sí 'gabhail anois.
3.
+
Tá sé le cur anuas sa bpinsean = le'n ísliú.
Cuireadh scilling anuas sa bpinsean é = lagadh scilling sa bpinsean é.
TUILLEADH (2) ▼
Chuir mé anuas é ó naoi bpunt go dtí h-ocht bpunt coróin, ach chinn orm aon-mhargadh a dhéanamh leis 'na dheidh sin = chuir mé faoi ndeara dhó an luach a bhí sé iarraidh a leagan ó naoi bpunt, go dtí h-ocht bpunt coróin, ach níor chuireamar an margadh igcrích 'na dhiaidh sin.
Chuir sé anuas beagán mé thar mar bhí mé 'iarraidh = chuir sé faoi ndeara dhom ísliú sa méid a bhí mé 'iarraidh.

cuir anuas in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
 
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
+
Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin indon a ndéanamh. Sí atá deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
Theigheadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acab a chuiridís fútha(b) fhéin thiar ar chairthín an chapaill. Cé'n bhrigh go dtosuigheadh an choimhlinnt. An té 'cuirfidhe anuas an uair sin, d'fhéadfá-sa a rádh go mbeadh a shraith ar lár, ar chuma ar bith.
 
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
 
bannaí 1
Tá sí sin chomh cabach a's gur fada léithe go gcasfa duine eicínt uirre le na tharraingt anuas chuige. Cé'n mhaith bannaidhe béil a chuir ar a leithide sin?
 
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
 
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill a' bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — a's ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nachar áit buaile ná sean-bhaile a' bith dhó, teach a bhfuil triúr inghean le cur i gcrích ann fós.
 
bior
Má chuireann tú un sléibhe na gamhna sin, chomh luath seo sa mbliadhain, ní fhanfa bior-eanga orra(b). Tiubharfa siad anuas ar fad.
 
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas a' bith a chuir ar a' mbollamán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínighthe le goirid anuas.
 
Tháinic sé in a dhórtadh an lá a raibh muid a' cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaith(eamh) anuas, a's a leigean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téitheadh ná breodhadh a rinne sí, in a dheidh sin.
 
aer
Ní fhéadfadh sé a leath-oiread cumaoin a chuir orm, dhá dtuitinn anuas as mullach an aeir chuige.
 
Ná cuir araoid a' bith air maran leat bruighshléacht a's sceannach a bheith ar fud a' tighe. Má bhíodhgann sé sin aghad (chugad), ní hé an ribín réidh é, le míniú anuas aríst.
 
Bhí sé 'cur gníomh' ar a' gcruaich, a's thuit brúisc dhi, anuas air.
 
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an sean-rapur (an sean-chóta)
 
Má tá sé chomh saidhbhir a's tá leigean amach, is mór a' t-iongnadh nach gcuirfeadh sé caoi eicínt ar a' mbráicín de theach atá aige fharrus a' bháisteach anuas a bheith air, le chuile dheoir dhá séidfe as aer.
+
anuas
A' cur anuas mhóna (de'n phortach) atá sé na laetheantaí seo.
TUILLEADH (14) ▼
Chuir mé bóthar dhíom anuas = tháinic mé anuas go tréan.
Ní bheidh aon-deoir [anuas] orm-sa feicfe tú fhéin, feadh's an tuighe seo 'bheith curtha agam.
Tá sé 'cur anuas anois = a' báisteach go daingean.
Tá sé 'cur anuas anois = a' caitheamh báistighe, sneachta etc.
Chuir sí 'seal cloth' anuas faoi na mullach ar a dhul amach di.
Cuir anuas faoi do mhullach é (ball éadaigh). Is amhla is fearr dhuit é.
Níor cuireadh aon-duine sa roillic sin, le na cianta anuas, anois.
Ní feasach mé ó fhlaitheas anuas cá'r chuir mé idtaisce é.
Beidh siad anuas orm, mara dtuga mé cuire 'un bainse dóibh.
Is deacair milleán a thabhairt dó, faoi bheith anuas ar a' ngrifisc sin, agus a' bhail a shíleadar fhéin a chuir air, cheana.
Cé'n chiall daoib a bheith anuas ormsa — níor chuir mise tada as daoib?
Níl sé an scór curtha fós, ach tá sé suas 's anuas leis.
D'fhéadfadh sé 'bheith suas 's anuas le leith-chéad bliadhain anois, ó chuirtí an líon.
Ní raibh aon-deor bháisteach anuas ann, ó chuir mé é go deireannach = ó chuir mé tuighe air.
 
Ba ghearr a bhí sé 'baint dhe anuas, agus a' cur maltraid éadaighe air fhéin, deirimse leat.
 
Níor chuir sé caidéis a' bith air faoi, go ceann i bhfad, ach tháinic sé anuas air annsin d'aon-iarraidh, agus chuir sé faoi ndeara dhó, sé scóir a íoc, ar aon-láimh amháin.
 
feac 2
An bhfuil tú indon do dhruim a fheacadh anuas rud beag go gcuirfidh mé é seo ort = a chromadh, a lúbadh
 
feoil
Cuir feóil ar an teinteán sin thall. Is ann is teócha dhuit. Ní fhéadfá gan a bheith fliuch, agus an bháisteach atá ann. Deasuigh anuas go maith
 
flaisc
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon-fhlaisc amháin é = aon-iarraidh amháin; d'aon-tuairt amháin
 
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon-iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
 
An bhfeiceann tú an gruadhán mór cloiche atá ar formhás annsin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nachar bhain aonduine aon-chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
 
frapa
Cuireadh sé frapaí faoin teach siúd nó is gearr go mbeidh sé anuas in a mhullach. Níl rata ná taobhán ag gabhail leis nach bhfuil dearg-lofa
 
Níl i mBaile na C. sin ar fad ach faslaigh móna. Ach chuir siad an-chóir air le blianta anuas. Ní amparáin ar bith atá síos annsin. Is beag nach bhfuil talamh ag lucht na móna anois cho maith linn féin
 
fód
Fód fíáin uiliog atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láighe ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint ionta sin shul a dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire, agus é a sceannadh agus a thalltú len a mhíniú. Níl aon-mhaith dhuit ann mara gcuire tú gabhail ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breagh sprosach anuas annseo.
 
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
daol
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tighe. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh ins an gclúid agus tosuighe ag fuar(for)-chaoineachán. Thosuigh mo choinsias! Daol brúin (bróin) a tháinig air is cosamhail. Ag caoineadh sean-J. a bhí sé.
 
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas san saol! Dar príosta chonnaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cáirde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orra. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneál ón a dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
 
Is mó an deacracht an talamh anuas annseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon-saothrú ar bharr an bhaile nuair a theightear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagann le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le 'chuile rud mar sin, shul a chuirfí rud ar bith ann
+
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin