Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
Céadaoin
fc. dia

Céadaoin in iontrálacha eile (18)

+
deilbh 1
"Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, níor dearnadh ariamh gan osna nó éagaoin" (pisreog faoi gheis oibre atá ar laethantaí áiride den tseachtain)
TUILLEADH (2) ▼
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Diabhal a ndéanfaidís aon deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaighidís Éire bronnta orthu. Bhídís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon lá den ádh orthu. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
+
dia 2
Bíonn sí ag an margadh chuile Chéadaoin
TUILLEADH (11) ▼
Céadaoin a bhí ann, agus chuaigh mé G. féint a bhfeicfinn é
Dhá mbeadh an Chéadaoin tharam, ní bheadh daorbhasctha dhíom
D'imigh an Chéadaoin agus dheamhan amharc a bhí air
Fuair sé an Chéadaoin (Dé Céadaoin) ina shaoire
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta a aithinte air go raibh sé deireanach. Bhásaigh sé tráthnóna Dé Céadaoin.
Dhá gcuireadh sé an Chéadaoin tharam, ghabhfainn 'na bhaile mhóir an lá ina dhiaidh sin
Bhí sé anseo an Chéadaoin a bhí chugat (an Chéadaoin dhár gcionn; an Chéadaoin ina dhiaidh sin)
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
"Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Céadaoin na Luaithre
Céadaoin na Bratha (an Chéadaoin roimh Aoine an Chéasta. Bíonn an focal baineann i gcónaí. An brath (breith), breithiúnas atá i gceist ann i leaba brath (spíodóireacht)? Breatnais na haimsire seo brawd = breithiúnas)
 
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
 
"Tráthnóna Dé Céadaoin ar na drochóirí dóibhsean; Tháinig fear ceoil ar an mbaile" (amhrán — Creathnach Sheáin Boirne) — sa tráth contráilte dóibhsean; i dtráth an chat mara dóibhsean; níorbh fhearrde iadsan go dtáinig sé, arae ba tuar mí-áidh agus mísce dóibhsean a theacht, agus go háirid an tráth a dtáinig sé
 
droim
Faoina ndroim a dhíoltar na muca uileag ann. Ach bíonn margadh muc anseo thoir gach Céadaoin agus de réir an mheáchain a dhíoltar ann iad. 'Sé an cás céanna é ar aon chor. Dheamhan ceo a gheobhas tú orthu lena ndíol faoina ndroim ach an oiread is dá meáití dhuit iad. Níl aon bhuille bog sna ceannaitheoirí deirimse leat