Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dair
/dar′/, /dær′/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: crann daraí /darī/, ach darach amantaí freisin, go háirid in ainmneacha áiteacha: An Doirín Darach
crann nó adhmad: oak.
+
"Fíon na Spáinne, dair Shasana agus fir na Fraince: na trí ní is láidre le fáil"
"Aois dhair Shasana: trí chéad bliain ag fás, trí chéad bliain faoi bhláth, agus trí chéad bliain i gcrann loinge nó báid"
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh láidir le dair Shasana
Dair Shasana a mhic ó, ní raibh aon chinneadh léithe
Sin é an t-adhmad. Dair ar fad, agus ní hí dair na hÉireann ach an oiread í
Théis chomh molta agus atá an dair, ní adhmad maith í ar mhodh. Níl aon chúis inti le haghaidh na hoibre seo ar chuma ar bith mar níl aon lúbadh inti, agus d'uireasa an lúbadh, is beag an mhaith é seo
+
Coill dharaí atá ann. Well, dair is mó atá inti. Tá corrbheitheach freisin inti ach is i bhfad ó chéile é
Bain an seanchrann daraí sin ag tóin an tí agus is fada go bhfeice tú deireadh do chuid brosna caite. Bheadh an-smutáin air sin
TUILLEADH (1) ▼
Cuinneoig dharaí an chuinneoig is fhearr amuigh. Dhá bhfaighteása ceann de na seanchuinneogaí — ceann daraí a rinneadh Gaelach – ní raibh cinneadh ar bith leo. Tugann cuid de na cuinneogaí eile sin blas ar an mbainne. Is mór a ghabhfadh cuinneoig anois
+
"Saileach dhuit féin; fuinseoig do do mac; agus dair do mhac do mhic" — mar dhóigh dhe go mbeadh an tsaileach in inmhe agus ag fóint duit féin; ach nach bhfónfadh dair ach do mhac do mhic
Ag cur daraí atá tú. Ag cur daraí do mhac do mhic. Saileach, adeir siad, duit féin, fuinseoig do do mhac agus dair do mhac do mhic
TUILLEADH (1) ▼
Tá easna den tseandair ar lár. Easna den tseandair in aghaidh dhá easna den dair óig (fc. easna)

dair in iontrálacha eile (2)

+
ding
Ginn dá cuid féin a scoilteas an leamhán; le ginn dá geanntrachaí féin a scoiltear an dair — is píosa di féin is fhearr a thiomáint inti, leis an leamhán (nó an dair scaití) a scoilteadh; ní hiad a naimhde ach a gcairde gaoil agus a ndaoine muintreacha féin a chuireas cine, muirín, teallach, baile nó lucht aon cheird de dhroim seoil
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága ar lár iad ach a ndaoine féin. 'Siad a fhágfas an dream seo ar lár freisin muis. Duine eicínt mar sin a bhíos geantáilte isteach a théas ag ullmhúchan na scléipe i gcónaí. Le ginn dhá geanntrachaí féin a scoiltear an dair