Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dair

easna (37)

 
daba
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
 
daigh
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
 
dair
Tá easna den tseandair ar lár. Easna den tseandair in aghaidh dhá easna den dair óig (fc. easna)
 
dairt
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
Thógfadh sé siúd lúib ar stoca chomh maith le aon bhean sa tír. Ní deaslámhach go dtí é a mhic ó. Bhí sé ag déanamh gaisce anseo thoir anuraidh gurb é féin a chniotáil chuile phéire stocaí dhár chaith sé le cúig bhliana agus dheamhan easna de M. B., mar tá cúl a chainte leis, nár thug piteoig air!
 
deis
Diabhal easna dhíot nach tú a chuir an deis siúd ar mo chuid féir aréir! B'fhurasta a aithinte dhom é dhá gcuimhnínn air. Tá an colbha thiar uileag ina chiseach de bharr na hoíche. Beirt eicínt a bhí ag cúirtéireacht ann. Ní hé do mhalrait féin a bhí ann ariamh
 
diabhal 1
Diabhal easna dhó nár bhuail mé
 
diaidh
Dhá mbeifeá ag siúl an bhóthair bonn ar aon léithe, diabhal easna di nach mbeadh ag sníomh ar chuma eicínt i ndiaidh a leataoibhe nó go gcuireadh sí isteach ar an móinín bán thú. Ní thugann sí féin faoi deara chor ar bith é. Ba deacair dhi agus an síor-rá a bhíos uirthi
 
Ba in iad an dream a bhí díbheirgeach lena gcuid buachaillí. Mura mbeidís ina suí le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas ina n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor éirigh sé ar chuma ar bith nuair a glaodh air. Suas le seanSh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó sa leaba. Diabhal easna den bhuachaill nár éirigh ina chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoiglíonn faoi sa leaba é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithíoch é murach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ón lá sin go ndeachaigh sé i dtalamh, níor thóg seanSh. maide ag aon bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
 
Cheannaigh mé hata breá nua — luach punt — agus fé brí cén chaoi ar leag mé ar an sate le m'ais é, dheamhan easna de sheanchailleach nár tháinig isteach agus nár ghróig sí í féin síos ina mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúite ar fad. Chinn orm ariamh a chumraíocht féin a chur air ina dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agat, a dhul ag bleaisteáil na seanmhná
 
Easna den tseandair iad na Flaithbheartaigh a mhic ó. Cine an-díonmhar a bhí iontu scaitheamh. Ach bochtaíodh iad ar nós cuid mhaith eile. Deir siad go raibh, agus go holc freisin. Chuala mé fear aniar ag cur caoi ar Fhlaithbheartach na hAirde — Tadhg na Buile …
 
Bhí a raibh sa teach thuas ag gortghlanadh fataí cé is moite den dá ghasúr. Diabhal easna dhóibh sin nach dtosaíonn ag lasadh dlaíógaí ar an teallach agus dhá dtarraingt amach ar an tsráid. Deir Taimín gurb í Cáit adúirt leis féin an dlaíóig a chur sa teach. Ar ndóigh ba é a gciall é! Ar a theacht aníos de bhean Ph. Dh., bhí an teach thrí lasadh agus í déanta siar ar an mbuntsop uileag …
 
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
docht 1
'Sé an chaoi a raibh sé ag dul domsa docht a bheith orm. Bhí a mh'anam, in imeacht trí nó ceathair de laethanta. Chuaigh mé siar ag an dochtúr, ach ar ndóigh, ba déanamh mo ghearáin le giolla gan trua é. Cén bhrí ach bhí leisce orm a dhul ag caint faoi le aon duine. Diabhal easna dhó (dhe) nár tháinig uaidh féin sa deireadh
+
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt na buachaillí báire leis ag saighdeadh faoi, go raibh an bhean mór leis. Diabhal easna dhó nach ndearna dóigh dhá bharúil, agus nach mbuaileann soir dhá hiarraidh. Ar ndóigh mo léan ní bhfuair sé ach bonnaíochaí
 
dóigh 3
Diabhal easna dhó nár dhóigh an teach
 
Diabhal easna de leathstoirnín na srathrach nár bhris, agus seo anuas an tsrathar agus na cléibh agus a raibh ann. Bhí mé ite le cantal théis a bhfuair mé d'easonóir uaidh
 
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó. Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
 
dona
Ba dona leis an fáilte a chuaigh roimhe, agus diabhal easna dhó nár thug dhá shiúl abhaile aríst é
 
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
 
Bhí an fear is sine a bhí ansin an-doscúch. Bhí sé amhlaidh ina ghasúr féin. An bhfuil a fhios agat céard a rinne sé agus é ina stócach ag dul chuig an scoil? Bhí an cogadh ar siúl an uair sin agus dream ag dul thart ag liostáil daoine. Diabhal easna dó nár liostáil agus b'éigean don athair agus don mháthair a dhul isteach agus é a cheannacht as aríst. Ara rinne sé sin an oiread rudaí …
 
Tháinig faoileán droimeannach ansin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nár ardaigh leis sceallóg d'fhata: fataí a (ár) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosaigh sé ag scréachaíl chomh hacmhainneach agus a bhí sé in ann, agus lig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!
+
Bhí an S. bailithe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhósan nach mbaineann anuas an jaunt anseo amuigh — bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall droimnochta agus as go brách leis soir ina dhiaidh. Chuaigh sé sínte soir an S. agus chuaigh sé fhoisceacht "mbeannaí Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoith sé é. Thosaigh sé ag glaoch ag dul thairis amach: High for caiple droimnochta adeireadh sé. Cén bhrí ach "caiple droimnochta" go deimhin!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé istigh ar an sidewalk agus dheamhan easna dhó nár scríob le mo threabhsar: puicneach mhór rua agus spéacláirí air. 'Is diachta dhuit,' arsa mise, 'nár mharaigh droimnochta mé ó chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin,' arsa mise, 'agus traíálfaidh (try) mé anseo thú agus ansin a bheidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach.' Dheamhan thú ná mé adúirt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafraigh sé amháin ar éirigh aon scríobadh dom. Nach dona a chruthaigh mé nár thug suas don phóilí é. Sin é a bhainfeadh an sodar as deirimse leat
 
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
 
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
 
Ní raibh sé ach ina dhubhmhaidin pé ar bith céard a chas amach an tráth sin é. Ach tá sé siúd sna daoine maithe. Dheamhan easna dhó nach bhfuil
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
 
Cén fáth a bhfuil an púicín siúd ar an tsúil ag C. Mh. Mh. … Bhí sé ag briseadh cloch. Bhuail sceamh de chloich sa tsúil é agus chuaigh dúradán beag isteach inti. Bhí sí tinn aige agus lig sé do chuile dhuine a dhul dhá láimhseáil. Dheamhan easna dhi nár at, agus dúirt an dochtúr leis dá bhfágadh sé mórán achair eile í, go mbeadh sé gan súil. Caithfidh sé an clúdach sin a choinneáil uirthi go ceann fada
 
Diabhal easna dhi nár thug dúshlán an ghiúistís istigh sa gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lofa ar an ngiúistís. 'Punt eile uirthi sin,' adeir sé, nuair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dheartháir mo chroí. Thug sí a dhúshlán in athuair. 'Dúblóidh mé anois é,' adeir an giúistís. 'Dhá phunt eile ar an mbean sin.' Nárbh in í an raicleach agat
 
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaigheadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaigh i muinín mo chroí agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar i ndiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaigh seisean tharam amach de rite reathach. Níor liom féin ab fhaillí é. Tarraingím mo sheanchic air — isteach ansin ar an gceathrú …
 
Deir tú leo a chum do SheanMh. gur isteach sa gColáiste ag múineadh Gaeilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan easna dhó nár chreid é. Níl mí-ádh ar bith ag dul uathu. Chuimhneoidís ar rud ar bith. Ná hiarr ina ndiaidh é
 
Chuaigh sé thar a bheith ina spóirt nuair a thug tú cic sna heasnacha dhom
 
Chuaigh an oíche thart, agus dheamhan easna dhíom a chuimhnigh air
 
Gabhfaidh pian thríd an easna agat mura mbí tú ar t'airdeall féin