Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-mhí
ainmfhocal
mí a bheadh go breá, tirim, cóiriúil nó freagrach.
·
Thug sé dea-mhí uaidh cothrom an am seo anuraidh

Féach freisin

dea-mhí in iontrálacha eile (2)

 
ainm
Ní fhéadfadh sé aon dea-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaí uair a bhfuil a ainm tugtha síos le chuile mhí-ádh.
 
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille