Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlúth
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dlútha
is de réir an fhuinnimh a théas sa snáth agus é dhá shníomh ar an tuirne (tuirne olna) a bhíos dlúth agus inneach ann. Sníomhtar an dlúth deiseal ar an tuirne agus ní chuirtear cor ar bith sa tsreang leis mar a chuirtear leis an inneach. Is caoile agus is míne an dlúth ná an t-inneach. Is mó go fada an fuinneamh a théas sa dlúth ná san inneach le linn an tsníomhacháin (warp).
a.
·
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
·
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
·
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
·
"Éadach measctha: sin dubh agus bán ar a chéile. Inneach bán agus dlúth dubh" (As cuntas faoi éadach ó m'athair)
b.
+
Tá sé mar atá dlúth agus inneach ann — gach uige mar a hábhar; is dual athar agus muintire dhó a bheith mar atá sé; ní fhéadfadh sé a bheith ar a mhalrait de chaoi, ach mar a bhí a mhuintir
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Deile cén chaoi a mbeadh sí ach mar atá dlúth agus inneach inti. Bhí an corrbhéim ina máthair, agus b'iontas é dá mbeadh sise dhá uireasa. Chonaic mise a máthair ag tarraingt aghaidh an phobail uirthi fhéin …
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé gnaíúil féin, tá sé mar atá dlúth agus inneach ann. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a athrú de chaoi agus a theacht ó mhuintir Thuathaláin. Níor lig Máire Ní Thuathaláin aon duine amach as a teach ariamh agus anó air, agus diabhal tada dhá thaise a bhí agá n-a fear L. Mh. ach oiread. Agus bhí Dia buíoch dóibh. Choinnigh sé rud leo ariamh
·
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
Ní bheadh sé ina Chéideach mura mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile an Bhriotaigh lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aici nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosaíonn sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an sway leis as chuile cheaird ag damhsa

Féach freisin

dlúth in iontrálacha eile (3)

 
Níor mhór dhuit corrdhlaíóig den olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bheas sé
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlódh sé sa seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhroim na hoíche sin agus bhuail saochan é go dlúth ina dhiaidh: i gcruthúnas duit go gcaithfeadh sé go raibh drochrud eicínt sa seomra
 
Mise a bhí sa gcladach i dtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé den fheamainn, ach bhí a thrí oiread acusan liom droimscoilte. Ba dóibh ab fhusa. Nach raibh cúigear acu ann agus mise in m'aonraic