Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúth
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: an dlútha.
is de réir an fhuinnimh a theigheas issan snáth agus é dhá shníomh ar an túirne (túirne olna) a bhíos dlúth agus inneach ann. Sníomhtar an dlúth deiseall ar an túirne, agus ní chuirtear cor ar bith issan tsreang leis mar chuirtear leis an inneach. Is caoile agus is míne an dlúth ná an t-inneach. Is mó go fada an fuinneamh a theigheas issan dlúth ná issan inneach, le linn an tsníomhacháin (warp).
a.
·
"Sé'n dlúth a dheilbhightear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth in a aige chuig an bhfigheadóir. Teigheann an t-inneach in a cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach is an seol annsin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín 'san bhfigheachán. Caithtear é a chur thríd an tslinn agus thrí na h-úghmachaí. Bíonn an dlúth annsin leis an éadach ar a fhad ag dul ó ghairimin go dtí an ghairimin eile. Casann sé suas an dlúth ar ghairimin an tsnátha. Nuair a bhéas sé ag figheachán annsin, déanfaidh sé próistí beaga de'n inneach. 'Sé an t-ainm atá orra eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth 'léar (de réir) mar a bhéas sé ag figheachán. Nachar chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tuintí air, nó ag tuinteáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh is 'chuile áit ar an dlúth i gcruth agus go bhféadfaidh an tslinn é a fháisceadh isteach. Tá clár ar an seol — an láimh-chlár — agus bíonn a láimh ag an bhfigheadóir air, dhá dhoirtim isteach agus amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus len a chruadhú. Istigh san gclár sin atá an tslínn. Rudaí iarainn atá 'san tslínn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é 'san tslínn. Is éascaidheacht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé 'tarraingt an tuinte, adéarfas sé nó chaith sé an tuint: sin é 'léar (de réir) mar a bhéas sé dhá fhigheachán, beidh sé dhá tharraingt air de'n gharumna. Tá an dhá gharumna ann: garumna an tsnátha agus garumna an abhrais. Is mó an t-inneach nach fuláir do'n dlúth caol ná de dhlúth atá sníomhtha reamhar. Bíonn cuid de'n bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bhéas an tslínn … 'San deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bhéas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaithtí freisin". (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
·
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmid as an líon. Shníomhtaí an bharrach le túirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís de'n bharrach, agus annsin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus aige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfigheadóir len a fhigheachan. Dheanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fighte dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh as do chionn 'san leabaidh. 'Sé'n t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann aca ná trí phluid. Bhídís buille garbh ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann aca ar an leabaidh, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
·
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
·
"Éadach measctha: sin dubh agus bán ar a chéile. Inneach bán agus dlúth dubh" (As cuntas faoi éadach ó m'athair)
b.
+
Tá sé mar atá dlúth agus inneach ann = gach aige mar a h-ábhar; is dual athar agus muintire dhó a bheith mar atá sé; ní fhéadfadh sé a bheith ar a mhalrait de chaoi, ach mar a bhí a mhuintir
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! D'eile cé'n chaoi a mbeadh sí ach mar atá dlúth agus inneach innte. Bhí an corr-bhéim in a máthair, agus b'iongantas é dá mbeadh sise dhá fhuireasbhaidh. Chonnaic mise a máthair ag tarraint aghaidh an phobail uirre fhéin …
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé gnaoidheamhail féin, tá sé mar atá dlúth agus inneach ann. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a athrú de chaoi agus a theacht ó Mhuintir Thuathaláin. Níor leig Máire Ní Thuathaláin aon-duine amach as a teach ariamh agus anshógh air, agus diabhal tada dhá thais a bhí agán a fear L. Mh. ach oiread. Agus bhí Dia buidheach dóib. Choinnigh Sé rud leo ariamh
·
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach ionnta go tóin. B'uathbhás é a sean-athair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí 'sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarrdha fataí leis thuas imbárr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghluighthe ag an ngamhainín. D'fhága sé annsin é agus tháinic sé anuas go teach de mhaol a mhainge go bhfuair sé láighe agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láighe agus leis an bpíce. Cé'n bhrigh ach chuaidh sé suas agus anuas thar teach na baintrighe gan caidéis ar bith a chur uirre. Ghiorruigh sé leis an ngamhainín ar aon-chor agus d'fheann sé é, agus d'arduigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrighe dhó d'fhuagair sé uirre: "Gabh suas agus cuir do ghamhain" adeir sé. "Thug mise an craiceann liom in omós foghla".
Ní bheadh sé in a Chéideach mar a mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile Uí Bhriota lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aice nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosuigheann sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an "sway" leis as 'chuile cheáird ag damhsa

Féach freisin

Dlúth in iontrálacha eile (18)

 
Níor mhór dhuit corr-dhlaoidheoig de'n olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bhéas sé
 
"Thug sé dlúth-bhearradh orm".
+
Ní chorróchaidh sé anois feicfidh tú fhéin air. Tá dlúth-cheangal air: a chloigeann buailte ar a chosa, agus crom-nasc in a cheann sin
TUILLEADH (2) ▼
Is dona an rud dlúth-cheangal mar sin a chur ar chapall. Bíonn sí an-ghiongach, an-sgeiteamhail in a dhiaidh
Déanfaidh mise rud léithe: dlúth-cheangal a chur uirre. Suaímneochaidh sin í gan a bheith ag caitheamh claidheachaí
+
Ara diabhal a bhféadfá é a thaobhachtáil len a raibh dhá dhlúth-ghaolta féin thar timpeall air. Chuaidh mé isteach ach thug mé cor faoin gcuairt aríst, agus d'fhága mé annsin iad nuair a chonnaic mé a raibh ann
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mhaith dhomsa dlúth-ghaolta lá an anshógha. Is fada uaim a bhéas siad an lá sin. Má bhíonn rud agad, ar do chomharsa atá agad cumaoin a chur ar an gcéad-iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
+
Níor leigeadh isteach ann ach an dlúth-mhuintir
TUILLEADH (8) ▼
Níor thug sé cuireadh ach do'n dlúth-mhuintir. Th'anam ó'n riabhach, dhá n-iarradh sé a mbaineann leis, ní choinneochadh an tír iad, ní áirighim an teach
Ní raibh deoraidhe ar an tsochraide ach an dlúth-mhuintir se'aige féin. D'eireochadh dó. Ní raibh sochraide dlighte d'aonduine ann. Ní sochraideach maith é
Is conórach an diabhal é. Thug sé daoine ann nach raibh gubh bainse ar bith aca air, agus níor bhac sé lena dhlúth-mhuintir féin. Tá dhá chol ceathar aige annseo thiar i mB. na hA. agus níor thug sé cuireadh ar bith dhóib, marar thug sé cuireadh casáin
A dlúth-mhuintir fhéin uiliog atá annsin: ainteanna agus col ceathrachaí. Is deacair hata bán a rádh léithe annsin deirimse leat
Má tá bráigíll ag J. ní hé sin dá dhlúth-mhuintir é. Siad atá thar a chéile ar an mbaile seo, agus dheamhan oiread aca agus a dhéanfadh torann ar leic
Má d'fhága sí udhachta mhór in a diaidh, is gearr is lón dá dlúth-mhuintir é. Tá brothtuinn aca annseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar 'chuile dhuine aca, ba ghearr le dhul ar a scóig é
Dhéanfadh sé sin gnaoidheamhlacht leis an bhfear is fuide amach uaidh in Éirinn, ach ní fhiafróchadh sé d'aonduine dhá dhlúth-mhuintir féin a mbeadh béal orra. Postamhlacht agus leithead. D'eile?
Níl luighe ar bith aige len a dhlúth-mhuintir fhéin. Ag súdaireacht le strainséaraí a d'fheicfeá i gcomhnaí é, nuair a bhíos sé as baile. Ó mhuintir a mháthar a thug sé é sin
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlóchadh sé ins an seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhruim na h-oíche sin, agus bhuail saobhchan é go dlúth in a dhiaidh: i gcruthamhnas duit go gcaithfeadh sé go raibh droch-rud eicínt ins an seomra
 
Mise a bhí ins an gcladach idtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé de'n fheamuinn, ach bhí a thrí oiread aca-san liom druimscoilte. Ba dóib ab fhusa. Nach raibh cúigear aca ann agus mise in m'aonraic