Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dligh
briathar
ainm briathartha: dlíochtáil; aidiacht bhriathartha: dlite
fuaim: g go hiondúil i leaba d i gCois Fharraige go dtí an Cheathrú Rua. glím dlím; glíonn tú dlíonn tú srl. Ach glite dlite; agus tá dhlí-á agus dli-teá ann. Níl g ar an d i dlí sa gceantar sin muna mbeadh fíor-chorrdhuine ann, ach mar sin féin tá caint an cheantair an-luiteach le d > g. Is gnáthathrú é, dlisteanach > glisteanach, diurnáil > giurnáil srl. Tá an fhuaim /d′l′it′ə/ (d tosaigh) sa bhfocal seo timpeall Leitir Mucú, Camus, agus áiteachaí timpeall na Ceathrún Rua, agus eile
1.
 a bheith amuigh ar dhuine; a bheith ag … ar … ; a bheith i bhfiacha nó faoi chomaoin do … ; ag dul do … ; a bheith de chúram nó de chall ag duine rud áirid a dhéanamh; a bheith d'fhiachaibh ar …
a.
+
Ní thiocfaidh (rachaidh) muide ar an tsochraide sin. Níor dhligh muid aon tsochraide dóibh — níl aon chall dúinn a dhul ann, arae ní raibh aon duine uathu féin againne nuair a bhí sochraideacha againn
Dá ndlífidís sochraide dúinne, bheadh muid acu, ach tharla nár dhligh, níl aon chúram orainn a dhul ann. Níl aon fhear dár dhligh sochraide dhomsa nach raibh mé aige. Aithnímse mo dhuine féin agus níl call ar bith mé a chur ar an eolas faoi, bíodh a fhios agat
TUILLEADH (2) ▼
Sin sochraide muis a bhí glite (dlite) dhomsa ach dheamhan smid a chuala mé faoi go raibh sé i dtalamh, ná cuid de smid. Chonaic mé M. ag dul siar an lá sin ach shíl mé gur ócáide eicínteacht eile a bhí air. Shílfeá go gcainteodh sé air liom, agus a fhiosacht dó go raibh sí dlite dhomsa chomh maith leis. D'fhéadfainn scilling altóra a chur leis, mura bhféadainn féin sciorradh ann. Ach tá M. sin ina phúca
Má dhligh sé bainis dúinne fuair sé bainis ina hómós. Bhí bainis eile aige féin agus níor iarr sé muide, agus 'sí an chomaoin chéanna a chuirfeas muide air anois. Má tá sé ag tnúthán léithe is mór an dul amú atá air. Murach é féin ag déanamh oirille orainne, agus a dhul ag iarraidh an dream a bhí taobh thuas agus taobh thíos dúinn (dínn), gheobhadh sé cuireadh anois uainn, glíodh (dlíodh) sé é nó ná dlíodh; agus níor dhligh, mar ní raibh muide ag an mbainis deiridh a bhí aige fhéin, ach ligfinn é sin tharam murach an cleas a rinne sé féin
+
Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Muran bog a fhaigheas sé na daoine más fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne nuair a dhlífeas sé lá oibre dhúinn, rud nach ndlíonn. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imithe ag obair aige chuile lá sa mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin chomh cóir sin faoin rud a bhíos aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air
Dhligh mé dhá lá seirsí (seisrí) dhó arú anuraidh, agus bhí mé reicthe aige go dtug mé cupla lá dhó ina n-ómós. Bí siúráilte má fhaigheann tú dadaí uaidh siúd nach ligfidh sé leat é. Ach i nDomhnach, níl a fhios agam nach aige atá an ceart. Róshimplí a bhíos cuid de na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhlífinn an lá sin féin dó muise, ach nach raibh neart agam air. Dheamhan ceo de mo chuid féir a bhí in iothlainn agam, ar an ngairfean mór sin a tháinig faoi Fhéil Michil anuraidh. An chéad lá breá a scal as aer, thapaigh mé é. D'iarr mé air a theacht ag déanamh an choca liom. Tháinig. Bhí muid réidh ardtráthnóna. Meas tú nach raibh sé ag ligint goib agam (chugam) aríst i gcaitheamh na bliana, nó go mb'éigean dom faoi dheireadh agus faoi dheoidh, a dhul lá leis in ómós. Sin é an C. agat
·
Dá mbeadh sí gan a dhlíochtáil dúinn chor ar bith, níor cheart di a choinneáil. Is mór leis amach as an teach seo ar rug a crúib air, agus níor scar sí leis. Ach dar lomlán an leabhair, ní bhfaighidh sí an méid seo chomh réidh sin, dá mba isteach os comhair Sh. F. a thabharfaí í. Rófhada a bhí na daoine ag tabhairt aird ar a cuid iarratais — sea sin
Théis (tar éis) é a dhlíochtáil féin dó, is mó dhá fhonn a bhí uirthi a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agat muise go bhfuil an phrioc siúd sách ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlí faoi fhiacha a chaith a hathair a shaol
+
Ní dhlíonn siad pingin ar bith dhomsa anois — diabhal glíochtáil (dlíochtáil). Tá an cíos ar fad íoctha
Má dhlíonn siad sin aon phínn duit a mhic ó, is iad nach ligfidh thar an lá cairde é. Níor íoc mé anseo an bhliain cheana, go raibh an lá caite: an lá a bhí ar an bpáipéar. Deir tú le dhá nútice (notice) a bhí amach agam roimhe sheachtain. Agus gan dlite acu ach leathchoróin! Sin iad atá pointeáilte. Ach tá neart cléirigh acu chreidim
TUILLEADH (1) ▼
Glím (dlím) cuid is mó ná sin dó. Tá sé cheithre phunt féin sílim. Nó meas tú nach bhfuil?
b.
·
M'anam má tá an t-airgead dlite agat, nach bhfailleoidh siad siúd ina ngnaithe. Tiocfaidh maistín de nútice (notice) chugat agus an oiread stampaí air
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
·
Dar ndóigh ní dhlífeá (ní dhliteá freisin) an t-airgead sin an uair sin chor ar bith. Roinnt na talúna a tharraing é sin. Nach bhfuil sé ar go leor daoine soir ansin. Chuadar isteach go dtí an oifige acu agus bhí siad ag cur a gcosa uathu ag rá nár dhlíodar chor ar bith é, ach dheamhan sásamh na séanadh a fuair siad
Má bhí sé gan na fiacha a dhlíochtáil, bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-ionadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon chaidéis air fúthu, murach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar acu aon phínn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orthu: bhí gnaoi na ndaoine orthu
c.
+
Má dlíodh an t-airgead don pháiste, gheobhaidh sé é feicfidh tú féin air. Murar dlíodh, buail cois air. Níl aon éadáil a bheith ag caint faoi
Is mór de na gasúir seo thoir nár dlíodh an dá phunt dóibh, a fuair é. Ach ní fhaca mise aon cheo ag teacht amach ariamh sa saol nach mbeadh éagóir ina bhun nó ina bharr. An bhfeiceann tú aos óg an bhaile sin. Ar chuala Dia ná duine aon fhocal Gaeilge acu ariamh. Dheamhan é muis, le mo chuimhnese ar chaoi ar bith, mura mbeadh focal a thógfaidís uaimse nó uaitse, agus leagan acu ar an bhfocal sin fhéin. Ní taise do na gasúir atá ann anois é ach oiread. Agus tá siad ag fáil dhá phunt na Gaeilge ina dhiaidh sin. Meas tú nach in caimiléireacht. Ach má abraímse (má deirimse) nó thusa nach bhfuil sé dlite dhóibh is drochdhaoine muid. M'anam nach ea, nach gur gearr gur bainte dhúinn (dhínn) féin a bheas sé. Tá an power acu a mhic ó!
TUILLEADH (2) ▼
Níor dlíodh an t-airgead sin dó chor ar bith, ach cá'il an chneámhaireacht. Tá an cneámhaire i gcónaí in ann níos mó ná a cheart a bhaint amach. M'anam anois go ndeirimse leatsa go bhfuil a cheart go maith bainte amach aige sin. Ach ní mór liomsa dó tharla go bhfuair sé amadáin sách bog lena thabhairt dó
Deir siad (deirtear) gur mór a dlíodh dóibh ón uachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh más cúrsaí den tsórt sin é, séard a bhí acu a dhéanamh, dlí a fháscadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatlaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamaigh an tsaint dóibh abhus agus thall — ghreamaigh sin
d.
+
Dhligh sé bainis anseo ach níor dhligh sé aon chuairt mhíosa. Dar ndóigh dhá dtéadh muid ag déanamh bruithshléacht mar sin, bheadh an tír ar an gcuairt mhíosa mar a bhí ar an mbainis. Dar príosta 'sé atá gothúil. Má théann sé aige sin, inseoidh mise suas don phus aige é
Mo chreach mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil sa teach seo, agus níor chomaoin daoibh a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon fhuil ionaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sibh fhéin thíos aigesean agus ar lig sé amach sibh agus déidín tite agaibh leis an ocras. Ach sin é. Murach a bheith gan náire dhó is fada amach ón teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon chor
TUILLEADH (6) ▼
Tuilleadh den tubaiste acu. Níor dhligh siad tada eile, agus an bhail a chur siad fhéin ar Sh. cheana. Sin é anois cothramacan síne na huaire ar ais acu féin. Pléifidh an bhean aniar leo é anois. Mo ghrá í! Is fada atá a leithide ag teastáil ar an tsráid sin
Dar láthair Dé muis, dhligh C. a gcuid eascainí. 'Sí a dhligh — agus na buillí freisin dhá dtugaidís di iad. Dar ndóigh, níor tháinig iamh ar a béal le mo chuimhne ach ag sciolladóireacht agus ag géaraíocht orthu. Agus níor fhága sí cearc ná gamhain ariamh acu nár bhasc sí, nó ba chinniúint uirthi é. Ach gheobhaidh sí féin rud ar a shon anois ó na mná óga siúd. Diabhal mé go bhfuil siad scinnte amach ina gcailíní óga — bail ó Dhia orthu — scáth an t-achar ó bhí siad ag dul chun scoile
Níor dhligh mé an iarraidh sin uait a Sh. ach casfar mámh maith agamsa ar ball le cúnamh Dé agus ná raibh an rath ormsa má ligim tharam thú. Níl aon uair dhá ndeachaigh mé anonn ar feadh na hoíche le máimhín nach raibh do chuileata romham ar garda
Dhligh mé tairbhe eicínt a bheith agam air, agus a fhad is ó rinne mé aon mhaistreadh cheana — bean a bhí ag caint faoin méid ime a bhain sí dá maistreadh
Níor dhligh mise tada ó mhuintir Mh. Mh. ach an carthanas. Is mó a chuir mé ann ariamh dóibh ar chuma ar bith ná a chuir mé as dóibh. Ach siúd é aríst é. Féacha gur mé a bhualadh ba mhian leo a dhéanamh lá an aonaigh: agus gan a fhios cén fáth. Ní raibh mé ag cur acu (chucu) ná uathu ach ag tabhairt mo bhealaigh liom anoir abhaile, nuair a d'ionsaigh beirt bhromairí acu mé
Ní dhlíonn duine ar bith faoi chaolachaí an tí seo, ná aon duine dhá bhfuil ag tarraingt ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Téirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhlíos duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agat gairid ó shin. Ach mise i mbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt warning anois duit crapadh leat as seo chomh beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeoidh tú chomh saor agus atá tú ag imeacht anocht
·
Níor dhligh mise a cuid cúlchainte di chor ar bith. Duine mise nach dtéann ag coiriúint ar aon duine ach mo ghnaithe féin a dhéanamh, ach nach maith nach bhféadfadh sí ligint dom ina dhiaidh sin gan mé a tharraingt thrína teanga
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
2.
·
Tá sé dlite amuigh (/ɡ′l′it′ə/) — an bháisteach; is fadó nach raibh aon deoir bháistí anois againn
Ní bheadh iontas ar bith orm dhá dtugadh sé scaitheamh den drochaimsir uaidh anois. Bhí sí dlite amuigh

Féach freisin

dlí

dligh in iontrálacha eile (50+)

 
fios
I ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann
 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithi an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon mhaith aon tréas a chur air, nach gcaithfí é sa dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
 
Go bhfóire Dia anois air muis, más ag imeacht ar a chaomhúint mar sin atá sé. I ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
+
bannaí 1
Cuireadh bannaí ar an té a bhí saor, agus dheamhan bannaí ar bith ar an té bhí daor. Nach cam an dlí é?
TUILLEADH (1) ▼
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
Is cam an dlí é! Buaileadh bannaí ar an té a bhí saor, agus ligeadh amach an ceann a bhí as bealach gan tada.
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí tú as bealach thú fhéin, céard a fhéadfas tú a dhéanamh air. Níl a dhath maitheasa dhuit ag dhul chun dlí leis.
 
beanna
Níl aon stiléara in ann a bheanna a thabhairt leis anois. Tá an dlí róghéar agus an iomarca spíodóirí amuigh.
 
beart
Má tá tú ag iarraidh beart a chur ina shuí le S. ná aon duine eile a bhualadh sa dlí, téirigh go dtí an Seandall glic seo thoir. Is fhearr é ná aturnae ar bith.
 
Buail duine eicínt eile. Níor dhligh mise do chuid cniogaidí uait chor ar bith.
 
cúl
Tá an dlí in ainm is iad a smachtú, ach séard atá sé ag borradh leob ar chúla téarmaí.
 
Droch-chríoch orthub fhéin agus ar a gcuid dlí, mura deas an chaoi ar aos óg é nach bhféadfaidh siad cois a bhualadh ar phort aon oíche Domhnaigh sa mbliain, muran leob póilíos a bheith ar a dtí.
 
Is fada an lá é ag iarraidh a dhul sa mbile buaic orainne faoi gur chaith muid é sa dlí sin fadó.
+
bocht 1
"Téann an dlí don duine bocht, mar théanns uisce an earraigh do na cearca" (seanfhocal) — sciúrann sé iad; ní fhágann sé bonn bán orthu
TUILLEADH (1) ▼
'Sé leas an duine bhoicht fanacht ón dlí, ar chuala tú ariamh é: i ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
 
borr
Má tá an dlí ag cinniúint fhéin air, dheamhan a bhfuil sé ach ag borradh leis agus dhá shaighdeadh.
 
Níl aon duine ariamh dhá raibh tórtha ar an dlí céanna nár fhága sé in aiféala.
 
ainm
Má bhain sé as t'ainm thú, breá nach gcuireann tú dlí, agus creid mise dhuit ann gur daor a d'íocfadh sé é.
+
"D'ainneoin dlí na cléire, pósfar sinn le chéile" (líne as seanamhrán.)
TUILLEADH (1) ▼
Thógfadh sé siúd bradáin d'ainneoin a raibh de dhlí ariamh ann.
 
airde 1
Tá an damh(n)sa caite in airde anois ó tháinig an dlí nua seo amach.
 
amach
Fan amach ón dlí (coinnigh amach srl.) má fhéadann tú.
 
amuigh
Níl bonn bán aige anois. Tá a raibh istigh is amuigh aige caite leis an dlí sin — troscán, airgead, talamh, eallach srl.
+
Bhain an bóithrín sin caint is dlí amach.
TUILLEADH (5) ▼
Bhain sé an teach agus an talamh amach, le teann imeartais agus dlí.
Tá sé le dhul chun dlí le Micil faoin tsráid agus bainfidh sé amach freisin í.
Tá sé ag dhul chun dlí aríst leob: is beag leis ar bhain sé amach cheana.
Má théimse faoin dlí, bainfidh mé a luach amach.
Bainfidh sé sásamh amach má thugann sé chun dlí iad.
 
Chuala mé go bhfuil an chailleach lena thabhairt chun dlí faoina caitheamh amach gan fáth gan ábhar.
 
Tá dlí nua anois ceaptha amach le go bhfaighidh baintreachaí pinsean.
+
Tá dlí nua eile anois le theacht amach, chuala mé, nach bhféadfaidh aon mháistreás scoile pósadh; nó má phósann, go gcaithfidh sí éirí as an scoil
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an dlí is fhearr a tháinig amach ariamh, go gcaithfidh aithreachaí agus máithreacha a gcuid clainne a choinneáil ag an scoil.
Tá sé le theacht de dhlí amach anois nach bhféadfaidh duine ar bith níos mó ná fiche acra talún a bheith aige.
Ba mhaith an ceart dhá dtagadh sé amach de dhlí go gcaithfeadh na boic mhóra sin scaradh lena gcuid airgid.
Ní bheadh iontas orm dhá dtagadh sé amach de dhlí go gcaithfeadh chuile fhear talúna pósadh.
Tá sé de dhlí amuigh anois go gcaithfidh chuile dhuine aire a thabhairt dhá chuid beithíoch ar phéarslaí. Mura ndéana, cuirfear dlí orthub
Is iomaí dlí aisteach atá ag teacht amach le gairid fhéin.
 
anam
Ní bheadh baol orthub m'anam a ligean liom leath chomh héasca murach an faitíos mór atá orthub roimh an dlí anois.
 
ard 2
Tá sé ard sa dlí — tá posta mór aige a bhaineanns leis an dlí
+
Má thagann an dlí anuas air, ní fearrde é go luath.
TUILLEADH (1) ▼
Níor íoc siad aon chíos le fada, ach tá ráite go bhfuil an dlí le theacht anuas orthub anois.
 
folamh 2
Bhí fiacha agus folamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomaí mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith in ann a rá inniu go ndlím pínn rua dhó
 
'Sé S. a shaighdeas chuile dhuine, ach is cuma cén troid ná an dlí a bheas ann, beidh sé fhéin ar thaobh an fhoscaidh i gcónaí — ní baol go mbeidh sé roinnpháirteach sa troid ná go dtabharfar chun cúirte é dhá bharr
 
Samhradh riabhach béal-gharbh a bhí ann. Tá fómhar breá grianmhar dlite dúinn
 
Is fada an dlí sin idir chamánaí, pé ar bith caoi a rachaidh sé as a dheireadh — is fada dá phlé é, pé ar bith cén réiteach a dhéanfar air i ndeireadh na scríbe
 
Ní thabharfainn fionna feanna ar a raibh d'achrann ar fad ann agus féacha chomh splanctha agus atá siad chuig dlí ina dhiaidh sin.
 
Bíonn an-fhoighid aige le daoine ach má théann daoine eile thar an lá cairde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orthu — ní bhíonn aon deifir mhór air ag éileamh íocaíochta ná ag fuagairt dlí de bharr neamhíocaíochta ar chuid de na daoine
 
folach 2
Cheannaigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá folach na talúna aige anois ach is furasta dhó sin: folach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar an mbaile
 
abair
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcat chomh maith leis an madadh