Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dligh
briathar.
ainm-bhriathar — dligheachtáil; Aidiacht-bhriathar — dlighte.
Fuaim g go h-iondamhail i leabaidh d i gCois Fhairrge go dtí an Cheathramhadh Ruadh. glím (dlighim); glíonn tú (dligheann tú) agus rl. Ach glite (dlighte); agus tá dhlí-á agus dli-teá (dlightheá) ann. Níl g ar an d i dlighe ins an gceanntar sin muna mbeadh fíor-chorr dhuine ann ach mar sin féin tá caint an cheanntair an-luighteach le d > g. Is gnáth-athrú é, dlisteanach > glisteanach, diúrnáil > giúrnáil agus rl.) (Tá an fhuaim /d′l′it′ə/ = d tosaigh san bhfocal seo timpeall Leitir Mucú, Camus, agus áiteachaí tímpeall na Ceathramhan Rua, agus eile).
1.
a bheith amuigh ar dhuine; a bheith ag … ar … ; a bheith i bhfiacha nó faoi chumaoin do … ; ag dul do … ; a bheith de chúram nó de chall ag duine rud áirid a dhéanamh; a bheith d'fhiachaibh ar …
a.
+
Ní thiocfaidh (rachaidh) muide ar an tsochraide sin. Níor dhligh muid aon tsochraide dóibh = níl aon-chall dúinn a dhul ann, arae ní raibh aon-duine uatha féin againne an uair a bhí sochraideacha againn
Dá ndlighidís sochraide duinne, bheadh muid aca, ach thárla nar dhligh níl aon-chúram orainn a dhul ann. Níl aon-fhear dár dhligh sochraide dhomsa nach raibh mé aige. Aithnighimse mo dhuine féin agus níl call ar bith mé a chur ar an eolus faoi, bíodh a fhios agad.
TUILLEADH (2) ▼
Sin sochraide muis a bhí glighte (dlighte) dhomsa ach dheamhan smid a chuala mé faoi go raibh sé i dtalamh, ná cuid de smid. Chonnaic mé M. ag dul siar an lá sin ach shíl mé gur ócáide eicínteacht eile a bhí air. Shílfeá go gcainteochadh sé air liom, agus a fhiosacht dó go raibh sí dlighte dhomsa cho maith leis. D'fhéadfainn scilling altóra a chur leis, mara bhféadainn féin sciorradh ann. Ach tá M. sin in a phúca
Ma dhligh sé bainis duinne fuair sé bainis in a h-ómós. Bhí bainis eile aige féin agus níor iarr sé muide, agus 'sí an chumaoin chéadna a chuirfeas muide air anois. Má tá sé ag tnuthán léithe is mór an dul-amudha atá air. Marach é féin ag déanamh oirille orainne, agus a dhul ag iarraidh an dream a bhí taobh thuas agus taobh thíos duinn (dínn) gheobhadh sé cuireadh anois uainn, gligheadh (dligheadh) sé é nó ná dligheadh; agus níor dhligh, mar ní raibh muide ag an mbainis deire a bhí aige fhéin, ach leigfinn é sin tharm marach an cleas a rinne sé féin
+
Teigheadh sé i gcurrach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Maran bog a fhaghas sé na daoine má's fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne an uair a dhlighfeas sé lá oibre dhuinn, rud nach ndligheann. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imighthe ag obair aige 'chuile lá ins an mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin cho cóir sin faoi'n rud a bhíos aige. Cut (cat) bradach a gheobhadh brabach air
Dhligh mé dhá lá seirsighe (seisrighe) dhó arbhú anuiridh, agus bhí mé reicthe aige go dtug mé cupla lá dhó in a n-ómós. Bí siúráilte má fhaghann tú dadaí uaidh siúd nach leigfidh sé leat é. Ach inDomhnach níl a fhios agam nach aige atá an ceart. Ro-shimplí a bhíos cuid de na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhlighfinn an lá sin féin dó muise, ach nach raibh neart agam air. Dheamhan ceo de mo chuid féir a bhí in iothlainn agam, ar an ngairbhshion mór sin a tháinig faoi Fhéil Michil anuiridh. An chéad lá breagh a scal as aer, thapuigh mé é. D'iarr mé air a theacht ag déanamh an choca liom. Tháinig. Bhí muid réidh árd-trathnóna. Meastú nach raibh sé ag leigint guib agam (chugam) aríst i gcaitheamh na bliana, nó go mb'éigin dom faoi dheire agus faoi dheoidh, a dhul lá leis in ómós. Sin é an C. agad
·
Dá mbeadh sí gan a dhligheachtáil duinn chor ar bith, níor cheart di a choinneál. Is mór leis amach as an teach seo ar rug a crúib air, agus níor scar sí leis. Ach dar loma-lán an leabhair ní bhfuighidh sí an méid seo cho réidh sin, dá mba isteach as comhair Sh. F. a thiubharfaí í. Ro-fhada a bhí na daoine ag tabhairt áird ar a cuid iarratais — 'seadh sin
Th'éis (taréis) é a dhligheachtáil féin dó is mó dhá fhonn a bhí uirre a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agad muise go bhfuil an phrioc siúd sáthach ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlighe faoi fhiacha a chaith a h-athair a shaoghal
+
Ní dhligheann siad pinginn ar bith dhomsa anois — diabhal gligheachtáil (dligheachtáil). Tá an cíos ar fad íoctha
Má dhligheann siad sin aon-phighinn duit a mhic ó, is iad nach leigfidh thar an lá cáirde é. Níor íoc mé annseo an bhliain cheana, go raibh an lá caithte: an lá a bhí ar an bpáipéar. Deir tú le dhá nútice (notice) a bhí amach agam roimhe sheachtain. Agus gan dlighte acu ach leath-choróin! Sin iad atá puinteáilte. Ach tá neart cléirigh aca chreidim
TUILLEADH (1) ▼
Glighim (dlighim) cuid is mó ná sin dó. Tá sé cheithre phunt féin sílim. Nó meastú nach bhfuil?
b.
·
M'anam má tá an t-airgead dlighte agad, nach bhfailleochaidh siad siúd in a ngnotha. Tiocfaidh maistín de nútice (notice) chugad agus an oiread stampaí air
Deir siad pighinn ar bith airgid dhá bhfuil dlighte ag S. M. — ndéanaidh Dia grásta air — go bhfuil dligheadóirí dhá éiliú anois, agus ar an gcóir chéadna pighinn ar bith dhá bhfuil dlighte ag aonduine air go bhfuil siad ag iarraidh fáirnéis faoi, roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach hé lá Fheile Peadar agus Pól é. Tá an áit le candáil uileag má's fíor. Is do-chreidthe an scéal nach bhfanfadh na h-ingheanachaí ann, ach tá sé ráidhte nach bhfuil aon-luighe aca leis, th'éis (taréis) gur áit bhreagh é.
·
Dar ndóigh ní dhlightheá ("ní dhlighteá" freisin) an t-airgead sin an uair sin chor ar bith. Roint na talmhana a tharraing é sin. Nach bhfuil sé ar go leor daoine soir annsin. Chuadar isteach go dtí an oifice aca agus bhí siad ag cur a gcosa uatha ag rádh nar dhligheadar chor ar bith é, ach dheamhan sásamh na séanadh a fuair siad
Má bhí sé gan na fiacha a dhligheachtáil bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-iongnadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon-chaidéis air fútha, marach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar aca aon-phighinn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orra: bhí gnaoi na ndaoine orra
c.
+
Má dligheadh an t-airgead do'n pháiste, gheobhfaidh sé é feicfidh tú féin air. Marar dligheadh, buail cois air. Níl aon-éadáil a bheith ag caint faoi
Is mór de na gasúir seo thoir nar dligheadh an dá phunt dóibh, a fuair é. Ach ní fhaca mise aon-cheo ag teacht amach ariamh ins an saoghal nach mbeadh éagcóir in a bhun nó in a bharr. An bhfeiceann tú aos óg an bhaile sin. Ar chuala Dia ná duine aon-fhocal Gaedhilge aca ariamh. Dheamhan é muis le mo chuímne-sa ar chaoi ar bith, mara mbeadh focal a thóigfidís uaimse nó uaitse, agus leagan aca ar an bhfocal sin fhéin. Ní taise do na gasúir atá ann anois é ach oiread. Agus tá siad ag fáil dhá phunt na Gaedhilge in a dhiaidh sin. Meastú nach shin caimiléaracht. Ach má abruighim-se (má deirimse) nó thusa nach bhfuil sé dlighte dhóib is droch-dhaoine muid. M'anam nach h-eadh nach gur gearr gur bainte dhuinn (dhínn) féin a bheidheas sé. Tá an "power" aca a mhic ó!
TUILLEADH (2) ▼
Níor dligheadh an t-airgead sin dó chor ar bith ach cá'il an chneamhaireacht. Tá an cneamhaire igcomhnuí indon níos mó ná a cheart a bhaint amach. M'anam anois go ndeirimse leatsa go bhfuil a cheart go maith bainte amach aige sin. Ach ní mór liomsa dó 'thárla go bhfuair sé amadáin sáthach bog len a thabhairt dó
Deir siad (deirtear) gur mór a dligheadh dóibh ó'n údhachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh má's cúrsaí de'n tsórt sin é, 'séard a bhí aca a dhéanamh dlighe a fháisceadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatalaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamuigh an tsaint dóibh i bhfus agus thall — ghreamuigh sin
d.
+
Dhligh sé bainis annseo ach níor dhligh sé aon-chuairt mhíosa. Dar ndóigh dhá dteigheadh muid ag déanamh bruigh-shléacht mar sin, bheadh an tír ar an gcuairt mhíosa mar a bhí ar an mbainis. Dar príosta 'sé atá guthamhail. Má theigheann sé aige sin, innseochaidh mise suas do'n phus aige é
Mo chreach-mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil ins an teach seo, agus níor chumaoin daoib a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon-fhuil ionnaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sib fhéin thíos aige-san agus ar leig sé amach sib agus déidín tuithte agaibh leis an ocras. Ach sin é. Marach a bheith gan náire dhó is fada amach ó'n teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon-chor.
TUILLEADH (6) ▼
Tuilleadh de'n tubaiste aca. Níor dhligh siad tada eile, agus an bhail a chur siad fhéin ar Sh. cheana. Sin é anois cothramacan síne na h-uaire ar ais aca féin. Pléidhfidh an bhean aniar leo é anois. Mo ghrádh í! Is fada atá a leithide ag teastáil ar an tsráid sin.
Dar láthair Dé muis, dhligh C. a gcuid eascainí. 'Sí a dhligh — agus na buillí freisin dhá dtugaidís di iad. Dar ndóigh níor tháinig iabh ar a béal le mo chuimhne ach ag sciolladóireacht agus ag géaruidheacht orra. Agus níor fhága sí cearc ná gamhain ariamh aca nar bhasc sí, nó ba chinneamhaint uirre é. Ach gheobhaidh sí féin rud ar a shon anois ó na mná óga siúd. Diabhal mé go bhfuil siad sceinnte amach in a gcailíní óga — bail ó Dhia orra — scáth an t-achar ó 'bhí siad ag dul 'un scoile
Níor dhligh mé an iarraidh sin uait a Sh. ach casfar mámh maith agamsa ar ball le congnamh Dé agus ná raibh an rath ormsa má leigim tharm thú. Níl aon-uair dhá ndeachaidh mé anonn ar feadh na h-oíche le máimhín nach raibh do chuileata romham ar gárda
Dhligh mé tairbhe eicínt a bheith agam air, agus a fhad agus ó 'rinne mé aon-mhaistre cheana = bean a bhí ag caint faoi'n méid ime a bhain sí dá maistre
Níor dhligh mise tada ó mhuintir Mh. Mh. ach an carthannas. Is mó a chuir mé ann ariamh dóibh ar chuma ar bith ná a chuir mé as dóibh. Ach siúd é aríst é. Feacha gur mé a bhualadh ba mhian leo a dhéanamh lá an aonaigh: agus gan a fhios cé'n fáth. Ní raibh mé ag cur aca (chuca) ná uatha ach ag tabhairt mo bhealaigh liom anoir abhaile, an uair a d'ionnsuigh beirt bhromairí aca mé
Ní dhligheann duine ar bith faoi chaolachaí an tighe seo ná aon-duine dhá bhfuil ag tarraint ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Teirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhligheas duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agad goirid ó shoin. Ach mise imbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt "warning" anois duit crapadh leat as seo cho beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeochaidh tú cho saor agus atá tú ag imeacht anocht
·
Níor dhligh mise a cuid cúlchainte di chor ar bith. Duine mise nach dteigheann ag coireamhaint ar aonduine ach mo ghna (gno) féin a dhéanamh, ach nach maith nach bhféadfadh sí leigint dom in a dheidh sin (dhiaidh) gan mé a tharraint thrín a teanga.
Ghreamuigh sin di féin agus dhá cineál — an biadán. Ach níor dhligh mise ná aonduine in mo theach a cuid biadáin di, agus níor chumaoin di a dhul ag caint mar sin orainn aindeoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaoidheachtáil uirre é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtiubharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aice sin i gcomhnuí agus an té a ghníos an mhaith uirre, níl meas na muice aice air
2.
·
Tá sé dlite amuigh (/ɡ′l′it′ə/) = an bháisteach; is fadó nach raibh aon-deóir bháistí anois againn
Ní bheadh iontas ar bith orm dhá dtugadh sé scathamh den droch-aimsir uaidh anois. Bhí sí dlite amuigh

Féach freisin

dlí

Dligh in iontrálacha eile (50+)

 
fios
Inganfhios don dlí is cóir a bheith ann
 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
 
Buail duine eicínt eile. Níor dhligh mise do chuid criogaidí uait chor a' bith.
 
folamh 2
Bhí fiacha agus falamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomdha mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit, agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith indon a rá inniu go ndlím pínn ruadh dhó
 
Sé S. a shaghdas 'chuile dhuine, ach is cuma cén troid ná an dlí a bhéas ann, beidh sé fhéin ar thaobh an fhascadh igcomhnaí = ní baol go mbeidh sé roinnpháirteach san troid, ná go dtiúrfar chun cúirte é dhá bharr
 
Samhradh riabhach béal-gharbh a bhí ann. Tá fómhar breá grianmhar dlite duinn
 
Ní thiúrfainn fionna feanna ar a raibh d'achrann ar fad ann, agus féacha cho splanncha agus atá siad chuig dlí in a dheidh sin.
 
Bíonn an-fhoighid aige le daoine, ach má theigheann daoine eile thar an lá cáirde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orra = ní bhíonn aon-deifir mhór air ag éiliú íocaíochta, ná ag fuagairt dlí de bharr neamh-íocaíochta ar chuid de na daoine
 
folach 2
Cheannuigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá falach na talúna aige anois, ach is furasta dhó sin: falach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar a mbaile
 
abair
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcut cho maith leis an madadh
 
Sin gaothtaireacht creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois cho daingean istigh ins an talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre len a chur as seilbh, má's féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh agus amuigh aca cailleadh leis an dlí
 
Má chuireann tú dlí orra, agus thú a chaitheamh, daingneochaidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneochaidh. Mara bhfuil tú indon a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, leig dóib ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an dithreabhach bocht sin daorta, shul á tugadh isteach ins an gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios aca sin ar dhlí ach an oiread agus atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaoidheamhla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga-maga mar sin a chur air
 
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
 
Ba bheag an dioscáinín a bhí ar a shochraíde, aindeoin gur dhligh 'chuile dhuine ins an tír sochraíde dhó. Ach sin é an chaoi
 
Bainfidh ceann eicínt aca amach é, má theigheann siad 'un dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatorra é. Is beag is fiú an áit nuair a bhéas na dligheadóirí réidh leis
 
deoin
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in don a bhaint dó. Dheamhan a fhios aghamsa an bhfuil
 
deoise
Níl an dlí sin i ndeóise Thuama chor ar bith té (cé) go bhfuil sé i ndeóise na Gaillimhe
 
dia 1
As ucht Dé ort ar bhuail? Má bhuail muis beidh dlí ann
 
dian
Chuaidh an dlí sin sáthach déan air. Marach a raibh de charaideacha aige, bhí a chosa nighte = fhobair go gcaithfí nó go gcionntóchaí é
+
Má's leat do chuid talmhan' a choinneál, ní mór duit dinndiúirí agus páipéir a bheith agad air. Ní goire d'oighridheacht tú ná ceachtar de do chuid dearbhráthar. Má tá indán agus go bhfuighidh lucht an dlí aon-fhabht in do chuid cainte, ní bhfuighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Len 'aghaidh sin atá siad annsiúd
TUILLEADH (2) ▼
An uair a thiocfas an scéal faoi'n mbreitheamh annsiúd, is beag an mhaith dhuit tosuighe ag dilleoireacht agus ag rádh: "d'fhága sé agam é", mara bhfuil páipéir agus dinndiúirí agad air, de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "teigheann an dlí do na daoine bochta mar a theigheas uisce an earraigh do na cearca"
Cá bhfágfadh sé iad mar dhinndiúirí. Badh é an dlí an chéad-bhiadh ins an sliogán dó sin. Bhánuigh a athair é féin le dlí. Ní fhéadfadh sé labhairt ar thada ach ar an gceird chéadna sin fheacht agus áirid. Bhí sé sáthach tolgtha dhó (dhe) ins an deireadh
 
Is minic ariamh a bhí duine diomdhach de'n iasacht. Dlí na h-iasacht', adeir siad, an tiarach a bhriseadh
+
dlí
Tá sé in aghaidh dlí Dé (dlí na tíre, na cúirte, an ghiúistís, an Ghovernment, an tsagairt, an phóilí, fhear an tsiopa; dlí na mádraí, na gcaorach, na mbeithidheach, an dole, an mhargaidh agus rl.)
TUILLEADH (24) ▼
Ná bris dlí Dé nó beidh rud ar a shon agad
"Ingan fhios de'n dlí is cóir a bheith ann"
"Is iomdha cor ins an dlí"
"Teigheann an dlí do na daoine bochta mar a theigheas uisce an earraigh do na cearca"
An chuid is lugha de'n dlí sé an chuid is fhearr é
Ní fhaca mé aon-duine fós ariamh ag buadhachtáil tada ar an dlí dhá mhéad tóir dá mbeadh aige air
Is furasta breith ar theanga ar dhuine ins an dlí
Sin é a gcuid dlí cam féin
Cé'n uair a chonnaic tusa an dlí díreach
Is fhearr an dlí atá anois ann ná fadó
Is iomdha rud ins an dlí nach h-eolas duitse ná domsa
'Dtigh diabhail é mar dhlí. Céard a bhí dhá bharr ag aonduine ariamh?
Níl dlí ar bith aige th'éis a chuid gaisce
Chaith an ceann céadna a shaoghal le dlí, agus ní mórán ab fhearrde é é
Dlí gan tóin ná ceann é sin. Dlí mar siúd
Níl dlí ar bith ar fheamainn dearg = féadfaidh 'chuile dhuine a tógáil; ní le duine ar bith go h-áirid í
Nar chomhnuighidh siad go gcuiridh siad dlí ar an aer i gcruth agus nach mbeidh aon-bhaint ach ag cuid de na daoine dhó = níl aon dlí ar an aer mar atá sé: is le 'chuile dhuine é. Nar stopaidh cuid de na daoine nó go ndéanaidh siad dlí le go mbeidh baint aca féin amháin dhe, agus daoine eile as ar fad
Níl dlí ar bith is deise faoi dheire thiar thall ná fanacht uaidh (ó'n dlí) ar fad
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh 'chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaidheacht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo, an chaoi a saothruigheann an talmhaidhe bocht a ghreim agus a dheoch
Cáid ó a tháinig sé sin de dhlí amach. Níor chuala mé aon-trácht air cheana
Is gearr anois go dteagaidh sé de dhlí amach nach bhféadfaidh duine ar bith pósadh mara bhfaghaidh sé cead ó'n ngiúistis
An t-am a dtáinig sé de dhlí amach go gcaithfí mádraí a íoc, tá mé in aimhreas gur mór aca a báthadh
Breagh nach dtugann siad amach de dhlí é, má tá siad dhá iarraidh. Nach bhfuil a fhios aca go maith nach áird a bhéas ag daoine ar a dhul ag athchuinge orra mar sin
Tá sé ag teacht amach in a dhlí anois nach mbeidh cead deoir ar bith a ól ach dhá lá ins an tseachtain