Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochdhreach
+
Ní raibh duine ar an bhfeadhain acu sin nach in é an chaoi a raibh siad: drochdhreach orthu. Nach bhfeiceann tú an ceann acu atá ansin thoir ag T. Ch. chomh drochbhreathnaitheach, chomh caite agus atá sí. Ach thiocfadh di sin a bheith chomh crua leis an miotal ina dhiaidh sin. Bíonn dreamanna daoine mar sin ann
Bhí an drochdhreach air istigh ag an aifreann ar maidin inné. Bhí sé ag athrú dathannaí. Shíl mé chuile phointe go dtitfeadh sé i meirfean, ach bhí sé in ann é a bharraíocht ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an dochar duit drochdhreach a bheith ort. Ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin agus gan goile dreoilín ansin ar feadh an lae aríst. Féachfaidh an phóit leat é, feicfidh tú féin air

Féach freisin