Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
druas
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an druais
níor chuala mé an focal i gCois Fharraige. Ó cheantar Mhaigh Cuilinn é
drúcht na maidne; drúichtín nach mbeadh trom.
+
Bhí druas deas ar maidin ann
Caithfidh sé druas anocht
TUILLEADH (2) ▼
Is olc an rud, adeir siad, a dhul amach cosnochta i ndruas na maidne. Tá sé in ann duine a tholgadh. Is minic a chuala mé é
Ní bhíonn ann ach druas beag sa ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann sa samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thabharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caite aige