Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déan amach
1.
a.
soláthar; a fháil; ag déanamh.
+
B'fhearr dhuit bean a dhéanamh amach dom — a thóraíocht; a fháil; a chur le bonn.
Tá sé ar a dhícheall ag iarraidh bean a dhéanamh amach do Sheán agus é ag cinnt air.
TUILLEADH (10) ▼
Níl a fhios againn faoin mbogha bán, cá ndéanfadh muid a dhíol de bhean amach dhó.
Má tá sí sa tír, déanfaidh sé siúd amach í, feicfidh tú féin.
Is deacair a dhíol de bhean a dhéanamh amach dó siúd.
Níl a fhios agat áit ar bith a bhféadfá madadh a dhéanamh amach do dhuine?
Tá a bhfuil istigh is amuigh againn ite ag luchain. An bhféadfá údar maith cait a dhéanamh amach dhom in áit ar bith?
Tá mé ag iarraidh bromaigh a dhéanamh amach in áit eicínt agus é ag cinniúint orm.
Dúirt P. D. liom coca feamainn tirim a dhéanamh amach dó in áit eicínt.
Déanfaidh mise amach coca féir tirim duit má tá sé sa tír.
Ba cheart duit fiachaint (féachaint) le údar maith asail a dhéanamh amach dom soir faoin Achréidh.
Níl a fhios agam faoi mo rí cá ndéanfaidh mé amach gearrchaile mná dhó.
+
Déanfaidh mé amach an méid sin airgid ar chaoi eicínt — déanfaidh mé é a sholáthar; gheobhaidh mé in áit eicínt é.
Is deacair airgead a dhéanamh amach le aghaidh chuile shórt ar an saol atá ann
TUILLEADH (14) ▼
Níl a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a ndéanann na daoine airgead amach do chuile rud dhá dtagann trasna orthub agus a laghad slí agus atá acub.
Tiocfaidh sé rite liom an oiread sin airgid a dhéanamh amach idir seo agus an lá cairde.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé amach an cíos i mbliana?
Cinnfidh orm airgead leasú a dhéanamh amach an bhliain seo chugainn ach grásta Dé.
Cén tslí atá agamsa le airgead leabhar a dhéanamh amach dhaoibh.
Is deacair seifte a dhéanamh amach agus gan cearc ag gabháil liom ag breith.
Cá ndéanfaidh mise seifte amach le aghaidh chuile shórt?
Caithfear luach péire banbh a dhéanamh amach in áit eicínt.
Dhá dtéadh an cat sa ngarraí gabhann, caithfear luach tobac a dhéanamh amach dhomsa.
Tá sé ag gabháil rite le daoine bochta díol a bhfreastail a dhéanamh amach ar an saol seo.
Má fhéadann tú riar do cháis a dhéanamh amach, céard eile atá uait?
Caithfear dualgas an tsagairt a dhéanamh amach in áit eicínt — airgead, tuarastal an tsagairt.
Le strapadóireacht a d'éirigh liom an méid sin airgid a dhéanamh amach (fc. strapadóireacht)
Murach chomh maith ina soláthraí, agus atá sí, thiocfadh sé rite léithe an cíos a dhéanamh amach.
+
Chinn orm an áit a dhéanamh amach san oíche — chinn orm eolas a dhéanamh ann nó é a fháil amach
Ar éigean Dé a rinne mé amach ceann an bhóithrín chor ar bith, bhí sé chomh dubh sin.
TUILLEADH (13) ▼
Má théann tú an bealach atá mise a rá leat, ní bheidh stró ar bith ort an tsráid a dhéanamh amach.
Ní féidir aon áit a dhéanamh amach ann, mar níl aon ainmneachaí ar na sráideanna.
Do chumhachta cinn agus ní dhéanfadh an teach amach de shiúl oíche.
Is deacair an seanchosán a dhéanamh amach san oíche.
Fuair mé rud le déanamh agus an teach a dhéanamh amach, mar ní raibh mé ann ariamh ach uair amháin fadó an lá.
Má choinníonn tú leis an abhainn go dté tú go dtí an chora bheag, is furasta dhuit an áit a dhéanamh amach.
Níl aon teach sa tír is fusa a dhéanamh amach ná é, arae tá sé ar shúil an bhóthair.
Nach mór a bhí an mheabhair caillte agam agus go raibh sé cinnte dubh is dubh orm an geata s'againn fhéin a dhéanamh amach.
Bhí fóidín mearaidh nó ciméar eicínt orm mar chaith mé an oíche ag dhul síos is suas agus é ag cinnt orm an bóthar a dhéanamh amach.
Is éasca an cosán a dhéanamh amach má fhanann tú siar go maith faoin sliabh.
Déanfaidh tú do bhealach amach le laindéar.
Ní dhéanfaidh tú an cosán amach choíchin d'uireasa solais.
Más aineolaí tú, is ar a chruachúis duit teach an damhsa a dhéanamh amach.
b.
tuiscint
+
Ní fhéadfainn a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh amach — ní fhéadfainn í a léamh nó a thuiscint
Ní raibh mé in ann déanamh amach céard a bhí sé a rá — ní raibh mé in ann a thuiscint
TUILLEADH (16) ▼
Is deacair déanamh amach cén chaoi a ngabhfaidh an cogadh sin as a dheireadh
Tá sé deacair a dhéanamh amach cén chaoi a maireann sé chor ar bith.
Ní dhéanfadh an scoláire is fhearr sa tír amach rud ar bith dhá scríobhann sé.
Ní fhéadfá oiread agus focal dhá chuid Gaeilge a dhéanamh amach.
Níor fhéad mé tada dhá bhfaca mé ar na páipéir sin ariamh a dhéanamh amach
Léifeadh sé an Ghaeilge go maith ach ní bheadh sé in ann í a dhéanamh amach agus thú dhá labhairt leis.
Níl mé in ann déanamh amach chor ar bith céard a thug anseo é — níl mé in ann a thuiscint srl.
Is doiligh a dhéanamh amach an mbeidh cogadh ann nó nach mbeidh.
Tá sé crua ag duine bealaí an fhir sin a dhéanamh amach chor ar bith — is deacair do dhuine a chuid béasa a thuiscint.
Níor fhéad mé déanamh amach ariamh ab é a ghoid é nó nach é.
Déanfaidh na póilíos amach é, feicfidh tú féin — tuigfidh siad é; gheobhaidh siad údar leis
Tá mé ag déanamh amach go mb'fhearr leis éirí as anois — tá mé ag ceapadh
Tá mé ag déanamh amach nach dtiocfaidh sé Gaillimh amárach — tá mé ag ceapadh
Fir is fearr eolas ná muide, tá sé ag cinnt orthub an scéal sin a dhéanamh amach.
Chinn ar an dochtúr a dhéanamh amach céard a bhí orm, ach ar ndóigh ach an oiread le scéal, níl an dochtúr céanna in ann tada a dhéanamh amach.
Mura ndéana sé siúd amach céard atá ort, is crua an cás é.
2.
+
Cén chaoi a bhfuil tú ag déanamh amach ar an aimsir seo — ag dhul ar aghaidh; ag cruthú (Achréidh). Cén chaoi a bhfuil tú ag déanamh? (Conamara)
Tá sé ag déanamh amach go maith — ag dul chun cinn go maith, ag cruthachtáil go maith.
TUILLEADH (3) ▼
Bhuel, cén chaoi bhfuil tú ag déanamh amach ó chonaic mé faoi dheireadh thú? — cé mar atá tú ag déanamh amach?
Tá sé ag déanamh amach go maith le scaitheamh.
Déanfaidh sé siúd amach go maith i chuile áit.

déan amach in iontrálacha eile (50+)

 
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
 
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
+
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? Blastannaí a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mura ndeachaigh amach ach ceann
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh ní ag brath ar a dhul amach sa bhfothramán farraige sin a bheifeá? Níl aon churach déanta atá in ann a mharaíocht. Cén chruóg amach atá ort nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
Ní dhéanann an frídeoirín eile siúd ann ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus dolaontaí, agus an luaith a chur amach. Ar ndóigh ní in ann a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fána: sin é a fhearacht aigesean anois é. Ní shásódh tada é go dtéadh sé in aghaidh an bhaile uileag, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtaithe anois
 
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
 
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
 
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
 
Más leat an mhóin a chur amach leis an asal, caithfidh tú ciseannaí a dhéanamh ann agus ní gan úidh gan óidh sin agus a liachtaí caothach agus atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr an ghnaithe a dhéanfá leis an droim i mbliana go háirid.
 
Bhí mé ag déanamh amach gur carcair ghiúsaí a bhí ann i dtosach, ach níorbh ea ach donn réidh.
 
ceal 1
Ní bhíonn déanamh ar bith cheal poitín aige, ó éireos aon bhlas leis chor ar bith. Tá sé chomh dúlaí ann, agus go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann i ngeall lena luach a dhéanamh amach.
 
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
 
Ar ndóigh, muran i gcomhfhios a rinne sé, is i ngan fhios a rinne sé é, ach nach in é a bhfuil ina thimpeall? Ní fiú a dhul ag sáraíocht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan is móide a leathoiread cainte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
cora
Chuir sé amach a rúitín ag teacht thar an gcora, agus dheamhan corraí amach a rinne sé ó shin.
 
Ón gcosúlacht a chuir sé air fhéin, deir tú leat fhéin go ndéanfadh sé cat is dá rioball, ach ba gearr le dhul é ina dhiaidh sin, nuair a féachadh amach é.
 
Bhí an toirneach chéatach ann, agus bhainfeá deilgne amach le chaon scail. Agus má ba ea fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach ag borradh leis.
 
Tá a chuid asal ligthe amach faoi scoir aige agus gan breathnú ina ndiaidh ó Luan go Satharn, ach dar mo choinsias, má théann siad i mbradaíl ar mo chuidse, cíosóidh sé liom a ndéanfaidh siad de mhillteanas, feicfidh sé fhéin air.
 
Dar príosta má déantar teach pobail ansin, beidh an-chóineas amach (cóngar thar cionn) ag an gceann seo den pharóiste.
 
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdean Mhuire) agus rinne sí bealach dhi thríd an gcruinneáil'.
 
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
 
Is beag an bhealaíocht atá ag an tír, agus tá déanamh dá huireasa acub. Ach nuair a bheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leob bealaíocht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as an gcleachtadh sibh feasta. Tá feoil ródhaor anois le í a choinneáil libhse.
 
Níl sí ag gabháil amach ar an talamh, ach déanann sí cuid mhaith creachlaoiseachaí timpeall an tí.
+
crinn
Ní bheidh sé crinnte ceart muise go dté na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tiomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc a chruthaigh sibhse nuair a bhí sibh fhéin agus bád R. ag crinneadh a chéile ar an mbord amach nár shnámh sibh amach os a gcionn agus iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaí.
+
San am ba mhó a raibh sé ag déanamh créatúlachta ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é agus é ag fiach lá. Ón lá sin amach, níor ól sé aon deoir bhainne sláinte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth ina dhiaidh, agus shaothraigh sé an bás go maith.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé amach baintreach ansin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar an gC. an t-am céanna, agus dúirt sé go bhfeicfí na B. fós agus gan ina gcuid tithe móra ach na carógaí. Tháinig an tairngreacht ansin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh ag gabháil leob nach bhfuil bánaithe anois, agus tá leá chúr na habhann orthub fhéin. Ba bheag an scéal iad. Is iomaí créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí agus ar dhaoine bochta.
 
Níl a fhios agatsa anois, le na hiomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin ansin, agus ní mó ná mé fhéin atá in ann a dhéanta.
+
beo 2
Dhá mba é a bheo nó a mharbh a bheadh ag déanamh imní dhó, is fada amach ó na hamhais sin a d'fhanódh sé — is fada sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an fleasc istigh i mbeo m'iongan agus gheobhaidh mé rud le déanamh é a thabhairt amach.
 
beoigh
Is mór an t-ionadh nach mbeofá amach mar a dhéanfadh fear agus gan a bheith chomh righin agus atá tú. Faoi dhó a bheinn ón bportach ó d'imigh tú.
 
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an seanbhollaire sin thíos ag gleo agus ag glaomaireacht thiar sa seomra. Séard a bhí le déanamh leis, an tsráid amach a thabhairt dó agus a smut a bhriseadh, dhá mbeadh rún aige fanacht den bhuíochas.
 
Caithfear an bolstaic sin a dhealú amach ó na beithígh eile mar tá sé ag déanamh cíor thuaifil díobh.
 
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
+
bruach
Tá claise Gharraí an Chladaigh ag cur thar bruach. Tá mé ag ceapadh gurb é an cúltsruth agus súiteán an rabharta is ciontaí leis. Is beag an mhaith a bheith leis an gclaise chéanna go ndéantar tóchar ceart amach ar an duirling.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon uair ó gortaíodh mé fadó nach mbriseann mo bhéal amach agus nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaighim tsiocair fuaicht ar bith.
 
brád
Ní fhéadfá a dhul amach ar an mbrádán seo, mura ndéana sé aitealla
 
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé ag teacht amach thrína shúile, ní áirím a mhalrait.
 
Níl aon seanbhreacán faoin saol — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, agus cabhaileannaí — nach aici atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannaí nó iad a chaitheamh amach, ná iad a fhágáil ansiúd ag déanamh gráin duibh.
 
aer
Siúd í an cailín atá ag éirí amach agus ag déanamh aeir dhi fhéin.
 
aice 2
Déanfaidh muid amach anseo é in aice chúnamh Dé — déanfaidh muid níos deireanaí sa mbliain é, nó fós uair eicínt, ach Dia a bheith inár bhfabhar nó le cúnamh Dé
 
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
 
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
+
buille
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon bhuille ar fónamh — é sin!
TUILLEADH (1) ▼
Má chuireann tú as a bhuille chor ar bith é, ní dhéanfaidh sé mogall duit uaidh sin amach.