Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déan amach
1.
a.
soláthar; fhaghail, a' deanamh.
+
B'fhearr dhuit bean a dheanamh amach dom = a thóruidheacht, a fhaghail; a chuir le bonn.
Tá sé ar a dhicheall ag iarraidh bean a dheanamh amach do Sheán, agus é 'cínnt air.
TUILLEADH (10) ▼
Níl fhios againn, faoi'n mbogha bán, cá ndéanfadh muid a dhíol de bhean amach dhó.
Má tá sí sa tír, déanfa sé siúd amach í, feicfe tú féin.
Is deacair a dhíol de bhean a dheanamh amach dó siúd.
Níl fhios agad áit a' bith 'bhféadfá madadh a dheanamh amach do dhuine?
Tá 'bhfuil istigh 's amuigh againn ithte ag luchain. 'Bhféadfá ughdar maith cuit (cait) a dheanamh amach dhom in áit a' bith?
Tá mé ag iarraidh broma(igh) a dhéanamh amach in áit eicínt agus é 'cinneamhaint orm.
Dubhairt P. D. liom coca feamuinn tirm a dhéanamh amach dó, in áit eicínt.
Déanfa mise amach coca féir tirm duit, má tá sé sa tír.
Ba cheart duit fiachaint (féachaint) le ughdar maith asail a dheanamh amach dom, soir faoi'n Achréidh.
Níl fhios agam faoi mo righe, cá ndéanfa mé amach gearrchaile mná dhó.
+
Déanfa mé amach an méid sin airgid ar chaoi eicínt = déanfa mé é a sholáthar; gheobha mé in áit eicínt é.
Is deacair airgead a dhéanamh amach, l'aghaidh 'chuile shórt ar a' saoghal atá ann
TUILLEADH (14) ▼
Níl fhios a(gh)am beirthe ná beo, cé'n chaoi 'ndéanann na daoine airgead amach do chuile rud dhá dtagann treasna orra(b) agus a laghad slighe a's atá aca(b).
Tiocfa sé righte liom an oiread sin airgid a dhéanamh amach, idir seo, agus an lá cáirde.
Cé'n chaoi 'ndéanfa mé amach an cíos imbliadhna?
Cínnfe orm airgead leasú a dhéanamh amach, an bhliadhain seo chugainn, ach grásta dé.
Cé'n tslighe atá agamsa, le airgead leabhar a dhéanamh amach dhaoib.
Is deacair seifte a dhéanamh amach, agus gan cearc a' gabhail liom a' breith.
Cá ndéanfa mise seifte amach l'aghaidh chuile shórt?
Caithfear luach péire banbh a dhéanamh amach in áit eicínt.
Dhá dteigheadh an cut sa ngarrdha gabhann, caithfear luach tobac a dhéanamh amach dhomsa.
Tá sé 'gabhail righte le daoine bochta, díol a bhfreastail a dhéanamh amach ar a' saoghal seo.
Má fhéadann tú riar do cháis a dhéanamh amach, céard eile 'tá uait?
Caithfear dualgas a' tsagairt a dhéanamh amach in áit eicínt = airgead, tuarastal a' tsagairt.
Le strapadóireacht ad'eirigh liom an méid sin airgid a dheanamh amach (féach "strapadóireacht").
Marach chomh maith 'na soláthruidhe, a's tá sí, thiocfadh sé righte léithe an cíos a dheanamh amach.
+
Chinn orm an áit a dhéanamh amach 'san oidhche = chinn orm eolus a dhéanamh ann, nó é 'fhaghail amach.
Ar éigin Dé, a rinne mé amach ceann a' bhóithrín chor a' bith, bhí sé chomh dubh sin.
TUILLEADH (13) ▼
Má theigheann tú an bealach atá mise a rádh leat, ní bheidh stróbh a' bith ort an tsráid a dhéanamh amach.
Ní féidir aon-áit a dhéanamh amach ann, mar níl aon-ainmneachaí ar na sráideanna.
Do chumhachta cinn a's ní dhéanfadh a' teach amach de shiubhal oidhche.
Is deacair a' sean-chasán a dhéanamh amach 'san oidhche.
Fuair mé rud le déanamh agus an teach a dhéanamh amach, mar ní raibh mé ann ariamh, ach uair amháin fadó an lá.
Má choinnigheann tú leis an abhainn, go dteighe tú go dtí an charra bheag, is furasta dhuit an áit a dheanamh amach.
Níl aon-teach sa tír is fusa a dheanamh amach ná é, arae tá sé ar shúil a' bhóthair.
Nach mór a bhí an mheabhair caillte agam, a's go raibh sé 'cínnte dubh a's dubh orm, an geata s'a(gh)ainn fhéin a dhéanamh amach.
Bhí fóidín mearadh nó ciméar eicínt orm, mar chaith mé an oidhche ag (dh)ul síos a's suas, a's é 'cinnt orm a' bóthar a dhéanamh amach.
Is éasca an casán a dhéanamh amach, má fhanann tú siar go maith faoi'n sliabh.
Déanfa tú do bhealach amach le laindéar.
Ní dhéanfa tú an casán amach choidhchin, d'uireasbha soluis.
Má's aineoluidhe tú, is ar a chruadhchúis duit, teach a' damhsa a dheanamh amach.
b.
tuiscint.
+
Ní fhéadfainn a chuid scríobhnóireacht' a dhéanamh amach = ní fhéadfainn í a léigheamh, nó a thuiscint.
Ní raibh mé indon déanamh amach, céard a bhí sé 'rádh = ní raibh mé indon a thuiscint
TUILLEADH (16) ▼
Is deacair déanamh amach cé'n chaoi 'ngabhfa an cogadh sin as a dheire
Tá sé deacair a dhéanamh amach, cé'n chaoi 'maireann sé chor a' bith.
Ní dhéanfadh an scoláire is fhearr sa tír, amach rud a' bith dhá scríobhann sé.
Ní fhéadfá oiread a's focal dhá chuid Gaedhilge a dhéanamh amach.
Níor fhéad mé tada dhá bhfaca mé ar na páipéir sin ariamh a dhéanamh amach
Léighfeadh sé an Ghaedhilge go maith, ach ní bheadh sé indon í 'dhéanamh amach, agus thú dhá labhairt leis.
Níl mé indon deanamh amach, chor a' bith, céard a thug annseo é = níl mé indon a thuiscint etc.
Is doiligh a dheanamh amach, a mbeidh cogadh ann nó nach mbeidh.
Tá sé cruadh ag duine bealaighe an fhir sin a dhéanamh amach chor ar bith = is deacair do dhuine a chuid béasa a thuiscint.
Níor fhéad mé déanamh amach ariamh, ab é a ghoid é, nó nach hé.
Déanfa na póilíos amach é, feicfe tú féin = tuigfe siad é; gheobha siad ughdar leis.
Tá mé 'deanamh amach, go mb'fhearr leis eirghe as anois = tá mé ceapadh
Tá mé deanamh amach nach dtiocfa sé Gaillimh ambáireach = tá mé ceapadh
Fir is fearr eolus ná muide, tá sé 'cínnt orra(b) an scéal sin a dhéanamh amach.
Chinn ar a' dochtúr a dhéanamh amach céard a bhí orm, ach ar nú (ar ndóigh) ach an oiread le scéal, níl a' dochtúr céadna indon tada a dhéanamh amach.
Mara ndéana sé siúd amach céard 'tá ort, is cruadh an cás é.
2.
+
Cé'n chaoi 'bhfuil tú a' déanamh amach, ar an aimsir seo = ag (dh)ul ar aghaidh; a' cruthú. (Achréidh. cé'n chaoi 'bhfuil tú 'deanamh? = Conamara)
Tá sé a' déanamh amach go maith = ag dul 'chun cinn go maith, a' cruthachtáil go maith.
TUILLEADH (3) ▼
Bhuel, cé'n chaoi bhfuil tú a' déanamh amach ó chonnaic mé faoi dheire thú? = cé mar atá tú a' déanamh amach?
Tá sé 'deanamh amach go maith, le scathamh.
Déanfa sé siúd amach go maith is chuile áit.

déan amach in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
 
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
+
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? "Blastannaí" a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mara ndeachaidh amach ach ceann
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndú ní ag brath ar a dhul amach san bhfothramán farraige sin a bheitheá? Níl aon-churrach déanta atá indon a mharaíocht. Cén chruadhóg amach atá ort, nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
 
Ní dhéanann an frídeóirín eile siúd ann, ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus do laoghanntaí, agus an luaith a chur amach. 'Ar ndó' ní indon a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
 
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leabaidh dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur in a bholg amach annseo ach a dteanna an t-ocras leis
 
Bailigh a bhfuil de chlocha ar a' gcúl sin, a's déan iad a chaidhleadh suas in éindigh annseo. Cuirfeamuid ar na leachtaí aríst iad, nó tárlóchamuid amach ar a' mbóthar le ciseogaí iad.
 
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí ' bhuidéal sin, go gcuirtear amach i bpoll a' chlaidhe iad. Fainic Dia aithnightear a' dtiocfadh aon-sclamh aca(b) in do chois!
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor a' bith, ach dhá tiodlacan, a's a' soláthar di. Níl fhios agham féin, a' ndeanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíriodhachaí) coimhightheacha, nó nach ndéanann. Feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach an uair a bheadh an chuach ann.
 
Má's leat a' mhóin a chuir amach leis an asal, caithfe tú ciseannaí a dhéanamh ann, a's ní gan úidh gan óidh sin, a's a liachtaighe caethach a's atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr a' ghnoithe a dhéanfá leis a' druim imbliadhna go h-áithrid.
 
Bhí mé 'déanamh amach gur carcair ghiumhasaighe a bhí ann idtosach, ach níorbh eadh ach donn-réidh.
 
ceal 1
Ní bhíonn déanamh bith 'cheal poitín aige, ó eireochas a' bhlas leis chor a' bith. Tá sé chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann ingeall le na luach a dheanamh amach.
 
Tá cion tighe idir 'chaon bhord dhíob. Deamhan bréag ó chuaidh sé a' leagan amach iomrachaí ann, nach hé a rinne na clársachaí fada fairsing'
 
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
cora
Chuir sé amach a rúitín a' teacht thar a' gcarra, a's dheamhan corruighe amach a rinne sé ó shoin.
 
Ó'n gcosamhlacht a chuir sé air fhéin, deir [tú] leat fhéin go ndéanfadh sé cat a's dá rioball, ach badh gearr le dhul é 'na dheidh sin, nuair a féachadh amach é.
 
Bhí an toirneach chéadtach ann, a's bhainfeá deilgne amach le 'chaon scail. A's má badh eadh fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach a' borradh leis.
 
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdin Mhuire) a's rinne sí bealach dhi thríd a' gcruinneál'.
 
Má dhéanann sé brigh báistighe, is fhearr dhaoib, a dhul a' cur amach fheamuinne arae ní bheidh sé in araidheacht a dhul a' spréidheadh ithreach, beidh sí chomh bealthuighthe sin.
 
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
 
Níl sí ag gabhail amach ar a' talamh, ach déanann sí cuid mhaith creachlaoiseachaí timcheall a' tighe.
+
crinn
Ní bheidh sé crínnte ceart muise go dteighe na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc a chruthuigh sibse nuair a bhí sib fhéin a's bád R. a' creinneadh a chéile ar a' mbord amach, nar shnámh sib amach os a gcionn a's iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaidhe.
+
'San am ba mhó a raibh sé a' déanamh créatúlacht' ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é, a's é 'fiadhach lá. Ó'n lá sin amach, níor ól sé aon-deoir bhainne slainte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth 'na dhiaidh, a's shaothruigh sé an bás go maith.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé amach baintreabhach annsin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar a' gC. an t-am céadna, a's dubhairt sé go bhfeicfí na B. fós, a's gan in a gcuid tighthe móra ach na carógaí. Tháinic an tairngearacht annsin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh a' gabhail leo(b) nach bhfuil bánuighthe anois, a's tá leághadh chubhar na h-abhann orra(b) fhéin. Ba bheag a' scéal iad. Is iomdha créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí a's ar dhaoine bochta.
 
Níl fhios agadsa anois, le na h-iomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin annsin, a's ní mó ná mé fhéin atá indon a dhéanta.
 
beo 1
Ní fheicfeá críostuidhe an bhéil bheo ar a' tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corruighe amach ar bith a dhéana(nn)s siad ar a' Domhnach. Sin cuid dhá gcreidimh, chomh maith le 'chuile shórt eile.
+
beo 2
Dhá mbadh é a bheo nó a mharbh a bheadh a' déanamh imnidhe dhó, is fada amach ó na h-amhuis sin a' d'fhanóchad sé — is fada sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n fleasc istigh i mbeo m'iongan, a's gheobha mé rud le déanamh é 'thabhairt amach.
 
beoigh
Is mór a' t'iongnadh nach mbeo(dhóch)thá amach mar 'dhéanfadh fear, a's gan a bheith chomh roighin a's atá tú. Faoi dhó a bheidhinn ó'n bportach ó d'imthigh tú.
 
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis a' sean-bhollaire sin thíos a' gleo a's a' glaodhmaireacht thiar sa seomra. 'Séard a bhí le déanamh leis, a' tsráid amach a thabhairt dó, a's a smut a bhriseadh, dhá mbeadh rún aige fanacht de'n bhuidheachas.
 
Caithfidhear an bollstaic sin, a dhealú amach óna beithidhigh eile, mar tá sé 'déanamh cír-thuaithbhill díob.
 
Tháinic sé in a dhórtadh an lá a raibh muid a' cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaith(eamh) anuas, a's a leigean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téitheadh ná breodhadh a rinne sí, in a dheidh sin.
 
bruach
Níl aon-uair ó gortuigheadh mé fadó, nach mbriseann mo bhéal amach, a's nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaghaim tsiocair (siocair) fuaicht a' bith.
 
brád
Ní fhéadfá a dhul amach ar a' mbrádán seo, mara ndéana sé aith-deala
 
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé 'teacht amach thrídh na shúile, ní áirmhighim a mhaltraid.
 
Níl aon-sean-bhriocán faoi'n saoghal — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, a's cabhaileannaí — nach aice atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannuidhe nó iad a chaithe(amh) amach, ná iad a fhágáil annsiúd a' déanamh gráin du(ibh).
 
Chuala mé go raibh sé in a bhruighshléacht aige annseo thíos aréir, i ngeall ar imirt. Bhí sé 'déanamh amach go raibh daoine a' déanamh comharthaí dhá chéile ag a' gclár.
 
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
 
buille
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon-bhuille ar foghnamh — é sin!
 
aire
Sé'n tsiocair bháis a bhí aige nar thug sé aon-aire dhó fhéin, ar a' slaghdán a bhí air. Ní choinneochadh fear a's píce istigh é, a' déanamh amach, nach raibh clóic a' bith air.
+
amach
Déantar rudaí aisteacha amach faoi na Réigiúin coimhthightheacha.
TUILLEADH (4) ▼
Leig de do chuid deifir amach agus déan do chuairt.
Bí (a)g (dh)ul amach abhaile feasta — sé is córa dhuit, ná 'bheith 'déanamh clogán-streille de'n oidhche annseo (féach "clogán streille")
Chuaidh sé thar baile amach a' tabhairt cuiridheachaí, agus rinne sé oirille ar a' dream a bhí imbéal a' doruis aige (féach 'oirille')
Chonnaic mise an tráth a dteigheadh daoine thar pobal, ní áirmhighim thar baile amach (ch)uig tórruidheachaí a' déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.