Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuagair
briathar
1.
ag tabhairt le n-inseacht ar bhealach áirid; nó ag tabhairt ordaithe uait, nó ag cur parúl nó aithne ar dhuine.
a.
+
Chuirfidh sé na diabhail den Chruaich ag fuagairt ar an asal an áit a raibh sé ag dul sa gcoirce — ag béiciúch air; ag rá leis gan a dhul ann
Chaith sé an lá ag fuagairt ar na fir an áit nach raibh siad ag déanamh aon bhuille
TUILLEADH (5) ▼
Fuagair ar an madadh sin nó maróidh sé na cearca. Tá sé ródhéan (dhian) orthu
Murach gur fhuagair mé air, dheamhan cloch den chlaí nach leagfadh sé
Murach gur fhuagair mé air (bagairt air, é a bhacadh), dheamhan a chos a ligfeadh de Mh. nó go mairíodh (maraíodh) sé é
Deirimse leat gur beag na smideannaí a d'fhan aige ó d'fhuagair P. air. Sin é an buachaill aige
B'fhearr daoibh fuagairt air breathnú i ndiaidh a chuid beathach nó go ndéana siad foghail
b.
+
Má fheiceann sibh J. ag dul thart fuagraidh air go bhfuil litir anseo dó — insidh dhó
Má castar suas an baile thú, fuagair ar T. Sh. go bhfuil fear an bhóthair dhá chuartú.
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair sé orm a theacht isteach ag dul soir dom — dúirt sé liom
D'fhuagair sé uirthi gan a dhul an bealach aríst go deo mura dteagadh sí ar cuairt aige
c.
+
Fuagair na beithígh sin dó — inis dó go raibh a chuid beithígh i mbradaíl, nó go ndearna siad foghail
D'fhuagair sé na caoirigh dhom inniu. Bhí siad istigh sna breaclachaí siúd aige
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh mise suas aige cheana ag fuagairt foghlach dó agus mhaithfeá dó Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, leis an bhfeannadh a thug sé dhom
Mura gcrapa sí a cuid cearc léithe is gearr go bhfuagraí mise di iad. Diabhal mórán ab ait léithe fhéin a dhul uirthi
D'fhuagair S. N. a mhac do Ph. Chreidim go mbíonn sé ag cliúsaíocht lena inín
Caithfidh mé a chat a fhuagairt dó. Tá sé do mo choinneáil ó chodladh ansin i gcaitheamh na hoíche
d.
ag glaoch; ag screadach.
+
Tá sé seo thuas ag fuagairt siar ansin — ag béiciúch; ag bollaireacht
Lig de do chuid fuagairt anois má tá do leas ar Dhia
TUILLEADH (5) ▼
Sin í an fhuagairt a bhíos air sin i gcónaí ach gloine a bheith caite aige
Cé atá ar an bhfuagairt seo? Éist! An gcluin tú?
Ab in é suas S. Fuagair air (glaoigh air). Tá a chapall amuigh ar an mbóthar
Bhí mé ag fuagairt ort ó mhaidin, ach níor chuala tú mé
D'fhuagair sé 'dó' orm féin. 'Beidh sé sách luath agat a fhuagairt,' adeirim féin, 'nuair a dhófas tú mé. Idir dhá dhaora a bhí mé.' — an cluiche corr nó deis
+
Bíonn sé go hacht is go háirid ag fuagairt do de Valera ag glaoch dó: ag cheering
Cén dream a bhfuil tusa ag fuagairt dóibh?
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair sé Up Cosgrave, agus muid ag dul thairis amach. Ag iarraidh a bheith ag lonnú an achrainn! Deile!
Fuagraíodh chuile dhuine a bhóta amach ansiúd. Ansin a bheidh a fhios cén chaoi ar chaith sé í
e.
ag glaoch amach mar a bhíos lucht cantála nó lucht dhíolta earraí.
+
Bhí fear thíos ar an aonach inniu ag fuagairt seanéadaigh — ag glaoch amach go raibh seanéadach le díol aige
"B'fhearr liom i nGaillimh ag díol scuaba, Agus ag fuagairt dhá cheann ar an bpínn … " (leathrann)
TUILLEADH (3) ▼
Téann siad thart ag fuagairt móna (le díol) chuile ré solais i nGaillimh
Bhí ceannaí ag dul thart anseo síos ag fuagairt bhuicéid inniu
Chuaigh beirt as sin thoir thart anseo aréir ag fuagairt show sa mbóithrín seo thoir san oíche amárach. Beidh monkeys ann
2.
ag déanamh fothramáin nó torainn mhóir.
+
Fuagraíonn crainnte an-ghála i gcónaí — níonn an gála fothramán mór i gcrainnte
Má chuireann tú crainnte ar an taobh sin den teach sáróidh siad thú ag fuagairt gaoithe
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn na mulláin sin ag fuagairt le athrú uaire — nuair a bhíos an uair ar thí athraithe, bíonn torann ag na mulláin sin
Tá an teach sin an-chrochta agus fuagairt an ghála ann thar cionn
Tá an Banra (cora sa gcladach) ag fuagairt. Níor fhuagair sé ariamh ach le báisteach
Uair bhreá atá air. Tá an eas ag fuagairt anocht — torann aici
Uair ar bith a fhuagrós Barr na Cora, bí ar do shon fhéin ansin. Beidh an aimsir ina círéibeachaí
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aici. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagraíos sí, ná cuid d'fhios
3.
a.
+
Chuaigh mé fhéin isteach agus d'fhuagair an bhean istigh easnamh orm. Dhá dtéiteá isteach i dteach fadó, agus dhá mbeadh bean ag deilbh ann, 'sé an chéad mhaith a dhéanfadh sí easnamh a fhuagairt ort. 'Mo chuid easnamh ort', adéarfadh sí (fc. easnamh)
D'fhuagair sé an pota Pádraig orm nuair a casadh liom é — 'mo phota Pádraig ort,' adeir sé (fc. pota)
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an fheoil dhá creangadh istigh aige. D'fhuagair mé féin leath agus páirt air, ach mo léan géar, ba bheag an toradh a thug sé orm
Fuagraím léan agus mí-ádh ar an áibhirseoir sin — tá súil le Dia agam go dtiocfaidh léan agus mí-ádh air
Fuagraímid dea-chomharsanacht orthu: síocháin barainneach inniu Dé Céadaoin (Déardaoin srl.) — fuagraímid dea-chomharsanacht agus síocháin Dé orthu (fc. comharsa)
Bheadh báire ar fhear agus ar bhean. B'fhéidir go bhfuagródh bean eicínt eile báire ar fhear eicínt eile an Domhnach a bheadh chugat. Ní bheadh aon mheas ar an bhfear nach seasfadh an báire — báire a fhuagairt ar fhear eile; bhíodh sé de phribhléid ag an mbean an báire a chur ar an bhfear. D'fhuagraíodh sí é os comhair a mbíodh ar an mbáire
b.
·
D'fhuagair mé corp agus anam ar an bhfear a bhí ag dul thart. Dheamhan a raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé hé féin. Murach sin, mharódh na tincéaraí mé — d'iarr mé ar an bhfear a bhí ag dul thart mé a chosaint ar na tincéaraí; gan ligint dóibh mé a mharú
Bhí T. leagtha aige agus d'fhuagair sé corp agus anam air — gan é a mharú ó bhí sé faoina neart aige
·
Fuagraím cara agus coimrí ort. Ná tabhair cead dó seo mé a mharú — iarraim ort mé a shábháil air seo
D'fhuagair sí cara agus coimrí orm féin. Bhí a fear istigh dhá cnagairt
c.
+
Ní chónóidh siad nó go bhfuagraí siad cogadh ar a chéile
Ní raibh rún ar bith aige ach achrann a fhuagairt orm
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair J. summons ar T. Mh. faoin scliúchas siúd — dúirt sé go dtabharfadh sé summons air
Diabhal easna dhóibh nár fhuagair próis orm féin le dhul i bhfianaise dhóibh. Dúirt mé fhéin nach ngabhfainn
4.
ag poibliú den altóir.
+
D'fhuagair sé faoistin an tseachtain seo — phoibligh an sagart ón altóir go mbeadh faoistin ann an tseachtain seo
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. 'Caithfidh chuile cheann tí sa bpobal deich bpunt a chur ann,' adeir sé. 'Agus tabharfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoibh'
TUILLEADH (6) ▼
Nár fuagraíodh amach den altóir é?
Níor fuagraíodh i lár an phobail mé mar a fuagraíodh thusa, a ghiolla gan náire
Nach mór an t-ionadh nár fhuagair sé an Chéadaoin ina saoire
D'fhuagair sé (an sagart) troscadh an tseachtain seo
An bhfeiceann tú an bhean sin thoir a chaill a clú chomh maith léithe, agus níor fuagraíodh den altóir chor ar bith í. Ach bhí sí sin in acmhainn crúib airgid a shíneadh chuige.
Deir sé duine ar bith atá le pósadh feasta go gcaithfidh sé a bhfuagairt den altóir trí Domhnaigh i ndiaidh a chéile

fuagair in iontrálacha eile (4)

 
beo 1
Siar leat go beo agus fuagair air a theacht aniar.
 
Fuagair ar an madadh sin agus ná sceanadh sé an chaora ó chéile. Is mór an trua a dhul ag fiachadh uirthi
 
deilbh 1
D'fuagair sé easnamh orm: an té a bheadh ag deilbh, agus dhá dteagadh duine isteach, d'fhuagródh an duine istigh 'mo chuid easnamh ort.' Dá mbeadh gan a dóthain snátha a bheith aici, bheadh easnamh uirthi
 
Má ghníonn sé díchúis ar bith dhuit íocfaidh sé ann, feicfidh tú fhéin air. Fuagair don phóilí é agus ceansóidh sé sin é deirimse leat. Má chuireann sé aon cheo as duit thairis sin gheobhaidh tú a luach. Ná bíodh faitíos ort