Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuagairt
Briathar
Fuagruím etc.
1.
ag tabhairt len innseacht ar bhealach áirid; nó ag tabhairt orduithe uait, nó ag cur pearúl nó aithne ar dhuine.
a.
+
Chuirfidh sé na diabhail den Chruaich ag fuagairt ar an asal, in áit a raibh sé ag dul san gcoirce = ag béiciúch air; ag rádh leis gan a dhul ann
Chaith sé an lá ag fuagairt ar na fir, in áit nach raibh siad ag déanamh aon-bhuille
TUILLEADH (5) ▼
Fuagair ar an madadh sin nó maróidh sé na cearca. Tá sé ro-dhéan (dhian) orra
Marach gur fhuagair mé air dheamhan cloch den chlaidhe nach leagfadh sé
Marach gur fhuagair mé air (bagairt air, é a bhacadh), dheamhan a chos a leigfeadh de Mh. nó go mairíodh (maruíodh) sé é
Deirimse leat gur beag na smideannaí a d'fhan aige ó d'fhuagair P. air. Sin é an buachaill aige
B'fhearr daoib fuagairt air breathnú indiaidh a chuid beitheach nó go ndéana siad foghail
b.
+
Má fheiceann sib J. ag dul thart fuagruighidh air go bhfuil leitir annseo dó = innsighidh dhó
Má castar suas an baile thú, fuagair ar T. Sh. go bhfuil fear an bhóthair dhá chuartú.
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair sé orm a theacht isteach ag dul soir dom = dúirt sé liom
D'fhuagair sé uirre gan a dhul an bealach aríst go deó mara dteagadh sí ar cuairt aige
c.
+
Fuagair na beithigh sin dó = innis dó go raibh a chuid beithigh i mbradaíl, nó go ndearna siad foghail
D'fhuagair sé na caoirigh dhom inniu. Bhí siad istigh sna breaclachaí siúd aige
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh mise suas aige cheana ag fuagairt foghlach dó, agus mhaithfeá dó Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, leis an bhfeannadh a thug sé dhom
Mara gcrapa sí a cuid cearc léithe is gearr go bhfuagruighe mise di iad. Diabhal mórán ab ait léithe fhéin a dhul uirre
D'fhuagair S. N. a mhac do Ph. Chreidim go mbíonn sé ag cliúsaíocht len a inín
Caithfidh mé a chut a fhuagairt dó. Tá sé do mo choinneál ó chodladh annsin igcaitheamh na hoíche
d.
ag glaoch; ag screadach.
+
Tá sé seo thuas ag fuagairt siar annsin = ag béiciúch; ag bollaireacht
Leig de do chuid fuagairt anois má tá do leas ar Dhia
TUILLEADH (5) ▼
Sin í an fhuagairt a bhíos air sin i gcomhnaí ach gloine a bheith caite aige
Cé atá ar an bhfuagairt seo? Éist! An gcluin tú?
Ab shin é suas S. Fuagair air (glaoidh air). Tá a chapall amuigh ar an mbóthar
Bhí mé ag fuagairt ort ó mhaidin, ach níor chuala tú mé
D'fhuagair sé "dóghadh" orm féin. "Beidh sé sách luath agad a fhuagairt" adeirim féin, "nuair a 'dhóghfas' tú mé. Idir dhá dhaora a bhí mé." = an cluiche cor nó deis
+
Bíonn sé go hacht agus go háirid ag fuagairt do Develera = ag glaoch dó: ag "cheering"
Cén dream a bhfuil tusa ag fuagairt dóibh?
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair sé "Up Cosgrave", agus muid ag dul thairis amach. Ag iarraidh a bheith ag lonnú an achrainn! 'Deile!
Fuagruíodh chuile dhuine a bhóta amach annsiúd. Annsin a bheidh a fhios cén chaoi ar chaith sé í
e.
ag glaoch amach mar a bhíos lucht candála nó lucht dhíolta earraí.
+
Bhí fear thíos ar an aonach inniu ag fuagairt sean-éadaigh = ag glaoch amach go raibh sean-éadach le díol aige
"B'fhearr liom inGaillimh ag díol scuaba, A's ag fuagairt dhá cheann ar an bpínn … " (leathrann)
TUILLEADH (3) ▼
Teigheann siad thart ag fuagairt móna (le díol) chuile ré solais inGaillimh
Bhí ceannaí ag dul thart annseo síos ag fuagairt bhuicéid inniu
Chuaigh beirt as sin thoir thart annseo aréir ag fuagairt "show" san mbóithrín seo thoir san oíche amáireach. Beidh "monkeys" ann
2.
ag déanamh fothramáin nó torainn mhóir.
+
Fuagraíonn crainnte an-ghála i gcomhnaí = níonn an gála fothromán mór i gcrainnte
Má chuireann tú crainnte ar an taobh sin den teach sáróidh siad thú ag fuagairt gaoithe
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn na muláin sin ag fuagairt le athrú uaire = nuair a bhíos an uair ar thí athruithe, bíonn torann ag na muláin sin
Tá an teach sin an-chrochta agus fuagairt an ghála ann thar cíonn
Tá an Banra (cora san gcladach) ag fuagairt. Níor fhuagair sé ariamh ach le báisteach
Uair bhreá atá air. Tá an eas ag fuagairt anocht = torann aice
Uair ar bith a fhuagrós Barr na Cora, bí ar do shon fhéin annsin. Beidh an aimsir in a ciréabachaí
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aice. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagruíos sí, ná cuid d'fhios
3.
a.
+
Chuaigh mé fhéin isteach agus d'fhuagair an bhean istigh easnamh orm. Dhá dteightheá isteach idteach fadó, agus dhá mbeadh bean ag deilbh ann, sén chéad-mhaith a dhéanfadh sí easnamh a fhuagairt ort. "Mo chuid easnamh ort, adéarfadh sí (fc. easnamh)
D'fhuagair sé an pota Pádraig orm nuair a casadh liom é = "mo phota Pádraig ort" adeir sé (fc. pota)
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an fheóil dhá creangadh istigh aige. D'fhuagair mé féin leath agus páirt air, ach mo léan géar, ba bheag an toradh a thug sé orm
Fuagruím léan agus míádh ar an ábhairseóir sin = tá súil le Dia agam go dtiocfaidh léan agus míádh air
Fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra: síochán barainneach inniu Dé Céadaoin (Diardaoin etc.) = fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht agus síochán Dé orra (fc. comharsa)
Bheadh báire ar fhear agus ar bhean. B'fhéidir go bhfuagródh bean eicínt eile báire ar fhear eicínt eile an Domhnach a bheadh chugad. Ní bheadh aon-mheas ar an bhfear nach seasfadh an báire. = báire a fhuagairt ar fhear eile; bhíodh sé de phrimhléad ag an mbean an báire a chur ar an bhfear. D'fhuagraíodh sí é as comhair a mbíodh ar an mbáire
b.
·
D'fhuagair mé corp agus anam ar an bhfear a bhí ag dul thart. Dheamhan a raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé hé féin. Marach sin mharódh na tincéaraí mé = d'iarr mé ar an bhfear a bhí ag dul thart mé a chosaint ar na tincéaraí; gan leigint dóibh mé a mharú
Bhí T. leagha aige, agus d'fhuagair sé corp agus anam air = gan é a mharú ó a bhí sé faoin a neart aige
·
Fuagruím cara agus coimrí ort. Ná tabhair cead dó seo mé a mharú = iarraim ort mé a shábháil air seo
D'fhuagair sí cara agus coimrí orm féin. Bhí a fear istigh dhá cnagairt
c.
+
Ní chomhnóidh siad nó go bhfuagruighe siad cogadh ar a chéile
Ní raibh rún ar bith aige ach achrann a fhuagairt orm
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair J. "summons" ar T. Mh. faoin scliúchas siúd = dúirt sé go dtiúrfadh sé "summons" air
Diabhal easna dhóibh nar fhuagair próis orm féin le dhul i bhfiainise dhóibh. Dúirt mé fhéin nach ngabhfainn
4.
ag puibliú den altóir.
+
D'fhuagair sé faoistean an tseachtain seo = phuibligh an sagart ón altóir go mbeadh faoistean ann an tseachtain seo
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu, go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. "Caithfidh 'chuile cheann tí san bpobal deich bpunt a chur ann", adeir sé. "Agus tiúrfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoib"
TUILLEADH (6) ▼
Nachar fuagruíodh amach den altóir é?
Níor fuagruíodh i lár an phobail mé mar a fuagruíodh thusa, a ghiolla gan náire
Nach mór an t-íonadh nachar fhuagair sé an Chéadaoin in a saoire
D'fhuagair sé (an sagart) troscadh an tseachtain seo
An bhfeiceann tú an bhean sin thoir a chaill a cliú cho maith léithe, agus níor fuagruíodh den altóir chor ar bith í. Ach bhí sí sin in acmhainn crúib airgid a shíneadh chuige.
Deir sé duine ar bith atá le pósadh feasta go gcaithfidh sé a bhfuagairt den altóir trí Domhnaigh in diaidh a chéile

Fuagairt in iontrálacha eile (19)

 
fáir
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air ní thiúrfadh sé fáir ná freagra orm. Leig sé air fhéin nar chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar sé a chuala!
 
Bhí an canndáluidhe a' fuagairt chomh h-árd a's bhí in a cheann.
 
bruach
Má tá sé ar bhruach na h-uaighe, is maith griodánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as a' seomra indé é, a' fuagairt orra(b) na claidhtheachaí imbarr a' bhaile a bhiorrú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saoghal a' déanamh an imnidhe dhó fós!
 
Feicthear dhom go bhfuil an oidhche ag árdú, marab iad na crainnte atá a' fuagairt a' ghála.
 
ard 2
Bhí sé fuagairt in árd a chinn.
 
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionnsuigh N. é. Dar mo choinsias tá a bhfuil d'fhataí ag P. imbarr an bhaile foghluithe, millte. Beithigh N. a rinne é. Leag siad an claidhe teorann
 
Tháinig sé isteach annseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
 
feall 1
Níl feall go héag ach gur leigeadh leis é. Ba dona an dream sib. Breá nar bhac sib é? Dhá mba fear aitheantais a dhéanfadh é, mo choinsias is maith gasta a bheadh triúr agus ceathrar agaibh ag fuagairt air
 
fál
M'anam más leis a dhul ag fuagairt foghlach go gcaithfidh sé deis a chur ar a chuid fálta thar mar atá orra
 
Ar fhuar-sceird atá an teach aige, agus tá fuagairt na gaoithe ceart ann. Nach diabhlaí nach síos san ngleann ar an bhfascadh a rinne siad é
 
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Is deagh-dhíolaidhe é anois le goirid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí annseo thoir roimhe 'chuile uair dhá dteigheadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
 
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
 
diaidh
Cuirfidh mise ó bhreathnú indiaidh do ghualann thú, má theighim síos cho fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinnighe, is beag a mhillfí ort, nuair a chuirfeá ins na gath scití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois, scáth aithgiorra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh casán trín a chuid cuir mar tá thríd an gcur se'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin annsin siar ag fuagairt bean Domhnaigh indiaidh na bó. Diabhal asna dhíom féin agus d'A. nachar lean siar é, agus chuaidh muid isteach sa gcaracán mór agus thosuigh muid féin ag fuagairt bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — annsin, agus ní raibh áit ar bith siar annsin nach gcloisfeá bean Domhnaigh
 
Ins an am sin bhíodh na "bossanna" an-doscudhach le na fir oibre, ach d'imigh an saoghal sin. Is beag an baoghal go bhfeicfidh tú "boss" ag maoidheachtáil ná ag fuagairt ar lucht na h-oibre anois. Is maith an scéal nach bhféadann siad. B'olc an t-eallach iad an uair a bhí an "power" aca.
 
dual 2
Níor mhór dhó sin súgán dhá dhual. Tá fuagairt an ghála annsin
 
Ní fhaca mé a mhacsamhail i gcaitheamh an tsaoghail ariamh, tá sé cho díbheirgeach sin. Chuaidh sicín linn soir anuiridh ins an ngarrdha gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair ins na naoi n-áird a thaobhuigheadh aon-chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóib a dhul ann ach a gcoinneál ruaigthe taobh siar i gcomhnuí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid th'éis am dinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirbhshiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaidhe le m'ais agus í dícheannta. Nar fhága mé seo mara raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaidhe. "Coinneochaidh mise feoil libse" adeir sé "mara gcoinnighidh sibse u (bhur) gcuid cearc uaimse." Nar dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóchainn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aice, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfad sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirre. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ó'n dúid di