Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

pota (23)

 
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
 
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas ansin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon deoir den bhraon
 
Is mór an daingniú nach mór don chroich fós shula fhéadfas tú pota a chur uirthi. Pota ar bith a chrochfaí uirthi sin, bheadh sé anuas in do mhullach sa tine
 
deifir
Breá nach gcuireann sibh deifir leis an bpota sin. Níl cosúlacht ar bith fiuchta air
 
deilbh 1
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
 
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá inti. Nach geall le pota fola í! Tá sí ró-otraithe freisin
+
deis
Níl aon deis ghliomadóireachta againn i mbliana. Dheamhan é. Tá potaí agus eile briste. Is mór an lear a theastódh ón gcurach féin shula bheadh sí in araíocht a dhul chun farraige. Tá faitíos orm go bhfuil a (ár) gcuid gliomadóireacht ar iarraidh ó d'imigh na gearrbhodaigh eile
TUILLEADH (1) ▼
Má tá pota le dhul ar an tine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirthi. Caith anuas gabháilín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sibh isteach í, má tá sibh taobh leis an méid sin
 
diaidh
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
 
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
 
An poitín a bhí ag J. Sh. chuile lá ariamh, níor den díogha é. Is beag is ionann é féin agus cuid Mh. Th. Gheofá blas an phota ar chuid Mh., ach dheamhan a dhath a dhéanfadh fuisce J. ort dá n-ólthá iarraidh dhe, théis chomh bríomhar agus a bhíos sé. Sin é a thabharfadh le fios duitse go mba togha earra é
 
díol 2
Chuir mise ina dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an curachóir seo thuas ar meath inné agus bhí suas le dhá chéad faoitín againn. Ar a theacht isteach dó aréir, chuir mé síos sé fhaoitín dó agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuílleach ina dhiaidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
 
Ar dhlaoithigh tú na slata chor ar bith? Cén sórt gaota thú féin! Pota uisce síos go beo. Seoigí! Chugat! Níl aon bhreith ar an obair seo! Caithfidh an chiseoig a bheith déanta inniu
 
do- 2
"Tá na fataí seo donite, dobhruite, dochurtha síos. Tá an tincéara i gCorcaigh agus an pota ag ligean thríd" (as Fáilte an Duine Dhoicheallaigh)
 
Fáilte an doichill a cuireadh roimhe — fáilte nárbh fháilte chor ar bith í, doicheall a bheith romhat i leaba fáilte, agus in áit b'fhéidir a mbeifeá ag tnúthán le fáilte. Seo í Fáilte an DoichillFáilte an Duine Dhoichealla (doicheallaigh): "Fáilte romhat agus nár ba ea; Suigh síos — mura bhfuil deifir ort —; Agus ar ndóigh tá; Fan go lá —; Tá na fataí seo donite, dobhruite, dochurtha síos; Tá an tincéara i gCorcaigh; tá an pota ag ligean thríd (tá an pota i mBaile Átha Cliath); Agus níl fataí ar bith is gaire dhuit ná do chuid fataí féin"
 
dóigh 3
Dia aithnítear! Coinnigh amach ón bpota sin, nó is gearr gur dóite bruite a bheas tú
 
domhan
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
 
drad
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (chuireann tú), gabhfaidh cuid dhó thar maoil agus báfaidh sé an tine
 
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh dradlíonta inniu. Ba diabhaltaí an foracún acu a bhí ag curachóirí na háite thiar
 
dubh 1
Tá do léine chomh dubh leis an bpota — salach, brocach
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
Nuair a scaird sé amach an t-uisce chuaigh an pota go béal
 
Chuaigh an pota ó thógáil air — ní raibh sé in ann a thógáil