Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág faoi
+
Fág fúmsa é sin. Déanfaidh mise é — fág an obair sin agamsa le déanamh; fág an obair sin ar mo chúramsa
Fágfaidh muid fút fhéin é. Is tú is fhearr eolas air bail ó Dhia ort
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfágadh sé fúmsa é, is fadó a bheadh sé faite agam dó, ach ní fhágfadh. An iomarca comhairleachaí ar ndóigh!

fág faoi in iontrálacha eile (50+)

+
Fágaim ag Dia é. Má ghoid sé fhéin é ní chuirfidh mise aon tréas air faoi — déanfaidh Dia breith a thabhairt air. Ní chuirfidh mé aon leanúntas chúirte air
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim ag mo Shlánaíodóir nár dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nár rugadh
+
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do sheanchaipín. Ar ndóigh níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear faightear é, adeir siad, agus scéal cinnte nár goideadh do sheanchaipínse. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
TUILLEADH (3) ▼
Thug S. garbh faoi A. é. Más thíos a frítheadh é (A.) thuas a fágadh é — cuireadh malrait córach air; más molta a bhí sé roimhe sin cáinte a bhí sé anois, agus a leithide sin. Ciallaíonn sé sa leagan áirid seo go dtug S. drochdhíol cainte ar A., nó gur chuir sé drochbhail air
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Ní abródh aon duine sa tír aon cheo faoi murach í fhéin. Ach cár fhága tú na Flaitheartaigh — ba Flaithearteach í fhéin ó cheart agus i ngeall gur Flaitheartach í adúirt sí é
 
Ní bhíonn rud óg ar bith chomh fágtha leis an naíonán. Breathnaigh an t-uan, an lao agus an searrach! Bíonn a gcosa déanta acu faoi cheann uair an chloig théis a mbreithe. Ach cáid a bhíos páiste ag tónachán agus ag lámhacán sula dteaga siúl dó? Bíonn sé scaitheamh maith.
 
Téann an fáinne bán soir ón áit a dtéann an ghrian faoi go dtí an áit a n-éiríonn sí. Ní fhágann sé an spéir chor ar bith oícheanta samhraidh — an ghile a bhíos ó thuaidh sa spéir
 
féar
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
 
Tá carcaireacha draighin ann agus is maith an dícheall do dhuine a bhealach a dhéanamh thríothub chor ar bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oíche faoi dheireadh agus níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon láimh liom.
 
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
 
Chaith M. Mh. Uí É. an lá ag stangaireacht liom faoin gcéileoig sin, agus d'fhága sé ina dhiaidh í faoi dheireadh i ngeall ar choróin — ag déanamh margaidh
 
Is diachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nár fhága an splainc (splanc) le seachtain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn agus faoi dheallradh le seachtain. Tá ceart acub an slaghdán a bheith orthub ar chuma ar bith.
 
bannaí 1
Thug sé bannaí béil dhom, dhá bhliain ó shin, gur agam a d'fhágfadh sé chuile shórt théis a bháis, ach is beag an mhaith dhom é sin anois faoi nach ndearna sé uachta air.
+
hÉiríodh roimhe faoi bhealach, agus níor fágadh sciúrtóg aige.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón agus costas (gan cuid agus costas) faoi chomhair an bhealaigh.
 
beart
Cailleadh bean bhocht i nGaillimh an lá faoi dheireadh agus d'fhága sí ionann is míle punt ina diaidh. Meas tú cén chaoi ar chruinnigh sí é ach ag iarratas ar dhaoine, léar (de réir) mar gheobhadh sí leithphínn agus pínn uathub. Shílfeá gur fada go ndéanfadh leithphínneachaí is pínneachaí míle punt ach tiomsaíonn brobh beart ina dhiaidh sin.
 
Fágadh ina baintreabhaigh í agus a háilín ar fad ar aon chéill, agus i nDomhnach, is maith a chruthaigh sí agus iad uilig a chur i gcrích — agus i gcrích faoi shlacht!
 
beo 1
Siúd é an drochéadáil le caidéis ar bith a chur air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfadh sé i nduine dhá dtugadh sé faoi chor ar bith.
 
biorach 1
Má thaobhaíonn tú isteach an teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfaidh tú é gan dual na droinne a fháil. Rinne tú do cheart millteanais an oíche faoi dheireadh agus gan a bheith ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh anocht.
 
Coirce ar bith a bhí fágtha ar sraith faoi na tuilte sin, tá sé ina bhratscair lofa anois.
 
'Siad na buadáin a d'fhága faoi ráta í. Murach iad, d'imeodh sí gan stró ar bith — dhíolfaí í gan aon anró murach nach raibh aon mheas uirthi i ngeall ar a cuid ros-adharc.
+
Tarbh a bhuail faoi fadó agus a d'fhága martraithe éalangach mar sin lena ló é.
TUILLEADH (2) ▼
Má bhuaileann an bhratainn sin thiar fút, ní fhágfaidh siad i ndiaidh a chéile chor ar bith thú — má chasann siad leat, maróidh siad thú
Na siógaí a bhuail faoi, adeir siad, agus a d'fhága éalang lena luiseag (ló) air — na siógaí a tháinig trasna air agus a chuir éalang air lena shaol
+
buail
Pé ar bith cén daol a tháinig air an lá faoi dheireadh, d'fhága sé an gort agus bhuail sé soir tí E. de ghorta gharta gur ól sé a sháith go binn ann.
TUILLEADH (1) ▼
Séard a d'fhága an tír seo buailte, nuair a bacadh na daoine faoi dhul go Meiriceá. Ba í sin an tír an fhad agus a sheas sí; ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí, adeir siad.
 
burla
Má fhágann an burla siúd scéala air, 'sé a mbeidh uaithi seoladh a chur faoi — má chloiseann an burla siúd an scéal, inseoidh sí go fonnmhar do chuile dhuine é.
 
Má thagann siad anuas air anois faoi na fiacha, fágfaidh siad in adhastar an anró ar fad é.
 
Níl tusa in ann foghairt a chur faoin gcapall sin. Fág faoi dhuine eicínt é a rinne cheana é agus atá eolgach ar na gnaithí. Bhuailfeá faoi rud ar bith.
 
Ná fágaidh an gasúr sin le sleamchúis ar bith in aice na gcaorach tíos (níos) mó. D'ionsaigh an reithe é inniu. Thug sé cupla foighdeán faoi, agus d'fhágfadh sé ina chuailín cnámh é murach gur dhíbir mé soir uaidh é
 
Nuair a cuireadh isteach sa bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt sa mbliain, agus ina dhiaidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraingt é, thiocfadh sé chun suime. Ní airíonn duine foscadh na toime nó go mbaintear í
+
Nach diabhlaí an mhisneach a bhí ag C. D'éalaigh sé ar mhadra uisce sa gcladach. Ná raibh ann mura bhfostaíonn sé é agus buaileann sé a chloigeann faoi chloich, agus diabhal deoir a d'fhága sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Chomh luath agus adúirt seisean an focal sin sa gcúirt, d'fhostaigh an breitheamh an focal agus thosaigh sé dhá chur i dteannta faoi. Sin é an focal a d'fhága caite é. Ní raibh fios a labhartha aige ina dhiaidh sin
 
imirt
Ní fhágfaidh tú clár na himeartha go n-insí tú dhomsa cén chaint a bhí ort fúm an oíche dheireanach — ní imeoidh tú as ball na háite seo srl.; ní fhágfaidh tú an áit a bhfuil tú srl.
+
imní
Ná fág faoi imní mé anocht mar fhágas tú i gcónaí. Bí isteach abhaile roimh am codlata — má bhíonn tú amuigh tar éis an ama sin, beidh imní orm mar a bhíos orm i gcónaí agus thú amuigh
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé faoi imní mé ar feadh an lae
 
istigh
Is maith an rud dhuitse an obair istigh. Fág an obair amuigh (an áit amuigh) faoi na fir — tá do cheart le déanamh agatsa agus obair an tí a dhéanamh. Déanadh na fir an talmhaíocht
 
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil ina seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaí. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartraigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithi i gClaise eicínt — rud a bheith ina seasamh i gcaoi is go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
 
fora
Fuair mé faoi na foraí ceart críochnaithe ón bhfliú é. Níor fhága sé ionam ach na cheithre eite
 
D'éagóir Dé dhuit nár fhága an méid sin faoi do chúlfhiacail. Cuirfidh siad sin ar fud na tíre é. Tá tú róráiteach ar fad
 
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Ceadh nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
 
dairt
M'anam muise ó chuaigh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mura bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lú acmhainn grinn ná é sin
 
daor 1
Má bhíonn sé ag iarraidh thú a leanacht daor, cuir faoi ndeara dhó coróin luchpine (luckpenny) a thabhairt duit, agus fág an béiréiste faoi fhéin
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
 
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
 
Tae mo chreach! Fuair mé deannóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Murach leisce a fhágáil acu, agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thabharfainn an oiread dá gcroí dóibh agus go mbeadh sé de shásamh acu orm — na cneámhairí bradacha!