lear
—
sliocht, séala, éagóir, droch-cheann. Ní cloistear an chiall seo anois leis faoi Íochtar Chonamara, ach tá sé coitianta faoin Achréidh.
·
An té a dhéanas gar, bíonn a lear air (Achréidh) — an té a dhéanas maith do dhuine eile, bíonn a shliocht air: bíonn sé fhéin siar leis, agus ní chúiteoidh an té údaí eile an chomaoin nuair a thiocfas sé ar a chrann
Bhí sé drabhlásach agus tá a lear air anois — bhí sé caifeach rabairneach, agus tá a shéala air anois; tá a chuid airgid caite aige
lear in iontrálacha eile (30)
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
+
→
froigisí
Is diabhalta an lear froigisí atá ar an mbicycle sin agat. Seo é an three speed an é? Cé le aghaidh an bícéad eile seo?
TUILLEADH (1) ▼
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
+
→
beo 1
Is diabhaltaí an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar ansin. Níl aon áit dá dtiocfaidh tú nach bhfuil beo leob, agus iad chomh hábhailleach mioscaiseach lena bhfaca tú ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Hé brí cén bhean a thiocfas isteach ansiúd, sí a chaithfeas a bheith beo broidiúil le freastal a dhéanamh ar chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, ag réiteach muc agus beithíoch.
→
bocht 1
Má tá sé beo bocht nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear agus ní orainne.
→
bocht 2
Ní chásódh sé lear na mbocht leath chomh maith — ní chásódh sé bris ar bith a d'éireodh don duine bocht (ach chásódh sé bris an duine shaibhir)
→
bruach
Bhí an bairille ag cur thar bruach ar maidin inniu. Chaithfeadh sé gur háibhéil an lear uisce a chaith sé aréir.
→
aer
Nach áibhéil an lear uisce atá san aer, míle buíochas le Dia! — déarfaí nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
→
buille
Ná bíodh aon bhuille bog ionat ag plé leis sin nó beidh a lear ort fhéin; creid mé dhuit ann.
+
Is áibhéil an lear airgid atá aige
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh sé gur háibhéil an lear airgid atá aige
→
aire
Caithfidh sé gur diabhaltaí an lear atá ar a aire nuair nach dtéann sé agus an cupla 'meaingeal' atá aige a bhaint shula lobhfaidh siad sa talamh.
'Sé Baile an Daighin é más féidir leis éirí i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfaighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheá féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dhéanas an t-olc, is maith an oidhe air a bhfaighidh sé féin dhe
→
damanta
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
→
dealg
Níl a fhios agam. Tá colainn rómhór aige, agus ar ndóigh bhainfeadh duine fuil as le dealg spíonáin. An bhfeiceann tú an tsrón atá air. Is mór an lear fuisce a d'ól sé leis an tsrón siúd a chur air
→
deargán
Tá sé ina dheargán anois agat le cuimilt. Is diabhlaí an lear súí a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súí ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
→
deis
Níl aon deis ghliomadóireachta againn i mbliana. Dheamhan é. Tá potaí agus eile briste. Is mór an lear a theastódh ón gcurach féin shula bheadh sí in araíocht a dhul chun farraige. Tá faitíos orm go bhfuil a (ár) gcuid gliomadóireacht ar iarraidh ó d'imigh na gearrbhodaigh eile
Is áibhéil an lear dintiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraingt le leaibhrín rations a fháil. Diabhal aithne orthu nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad ag teacht amach
→
dochar
Rinne an craobhmhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí ligthe amach ag daoine inniu
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
→
droim
Tá an-fhás bliana siar ansiúd ar dhroim na leice, ach bhí fuílleach againn thairti inniu. Beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoina bheith slán dúinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarraí seo thuas a leasú ar fad
→
díol 2
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith in ann a dhul ina nurse. Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaí ar bith a thógáil
→
dún
Tá an-dúnadh ar an logán mór siúd a bhí taobh thoir den teach aige anois. Ba mhór an lear cloch nárbh fholáir dó siúd lena ardú cothrom leis an mbóthar. Dar fia is ait an saothraí é, is ait sin