Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Lear
sliocht, séala, éagcóir, droch-cheann. (ní cloistear an chiall seo anois leis faoi Íochtar Chonamara, ach tá sé coitchiannta faoi'n Achréidh)
·
An té a dhéanas gar, bíonn a lear air (Achréidh) = an té a dhéanas maith do dhuine eile, bíonn a shliocht air: bíonn sé fhéin siar leis, agus ní chuiteócha an té údaidh eile an chumaoin, nuair a thiocfas sé ar a chrann.
Bhí sé dreabhlásach agus tá a lear air anois = bhí sé caithmheach, rabairneach, agus tá a shéala air anois; tá a chuid airgid caithte aige.

Lear in iontrálacha eile (30)

 
Ní bheidh earasbár ar bith agad pér bith céard a dhéanfas tú le easbaidh. Is mór an lear feamainne nach fuláir don gharraí siúd. Tá sé buan
+
Is diabhalta an lear fruigisí atá ar an "mbicycle" sin agad. Seo é an "three speed" an é? Cé l'aghaidh an bícéad eile seo?
TUILLEADH (1) ▼
Is iontach an lear frugaisí atá san seomra siúd aice. Is seomra urnáilte é. Ní leigfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
 
An té nach mbeidh cruadh coinneálach bíonn a lear air fhéin.
+
beo 1
Is diabhaltuidhe an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar annsin. Níl aon-áit dá dtiocfa tú nach bhfuil beo leob, a's iad chomh h-ámhuilleach mioscasach le na bhfaca tú ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Hébrí cé'n bhean a thiocfas isteach annsiúd sí, a chaithfeas a bheith beo, bruideamhail, le freastal a dhéanamh ar 'chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, a' réidhteach muc a's beithidheach.
 
bocht 1
Má tá sé beo, bocht, nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear, a's ní orainne.
 
bocht 2
Ní chásóchadh sé lear na mbocht, leath chomh maith = ní chásóchadh sé bris ar bith ad'eireochadh do'n duine bocht (ach chásóchadh sé bris an duine shaidhbhir).
 
bruach
Bhí an bairille a' cur thar bruach ar maidin indiu. Chaithfead sé gur h-áidhbhéil a' lear uisce a chaith sé aréir.
 
aer
Nach áidhbhéil a' lear uisce atá 'san aer, míle buidheachas le Dia! = déarfaidhe nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
 
buille
Ná bíodh aon-bhuille bog ionnad a' plé leis sin, nó beidh a lear ort fhéin; creid mé dhuit ann.
+
Is áidhbhéil a' lear airgid atá aige
TUILLEADH (1) ▼
Caithfe sé gur h-áidhbhéil an lear airgid atá aige
 
aire
Caithfe sé gur diabhaltaidhe an lear atá ar aire, nuair nach dteigheann sé a's a' cupla 'maingil' atá aige a bhaint, shul dhá lobhfa siad sa talamh.
 
áirge
Is mór a' lear áirgí atá timcheall a thighe = croithe, "seideanna" etc.
 
ith
Is áidhbhéil an lear atá sé indon ithe = is mór an méid.
 
'Sé Baile an Daighin é má's féidir leis éirghe i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfuighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheadh féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dheanas an t-olc is maith an aghaidh air a bhfuighidh sé féin dhe
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. [Má] mhaireann dó ar an dubhachan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fheile Pádraig.
 
dealg
Níl a fhios agam. Tá colainn ro-mhór aige, agus 'ar ndú bhainfeadh duine fuil as le dealg-spíonáin. 'Bhfeiceann tú an tsrón atá air. Is mór an lear fuisce a d'ól sé leis an tsrón siúd a chur air
 
Tá sé in a dheargán anois agad le cuimilt. Is diabhluí an lear súighe a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súighe ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
 
deis
Níl aon-deis ghliomadóireacht' againn i mbliana. Dheamhan é. Tá potaí agus eile briste. Is mór an lear a thastóchadh ó'n gcurrach féin shul a bheadh sí in araidheacht a dhul 'un fairrge. Tá faitíos orm go bhfuil a' (ar) gcuid gliomadóireacht ar iarraidh ó d'imigh na gearrbhodaigh eile
 
Is diabhlaí an lear deisiúcháin a rinne sí faoi chomhair an tsagairt
 
Is áidhbhéil an lear dinndiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraint, le "leaibhrín rations" a fháil. Diabhal aithne orra nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó 'thosuigh siad ag toidheacht amach
 
dochar
Rinne an craoi-mhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí leigthe amach ag daoine indiu
 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin, nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo dórainneach go leor. Measaim é. Níl goir ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saghdtha ionnta agus iad ruaigthe idtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a choisint. Roimhe seo ní chuirfeadh sé aon-araoid go deo ar bheithidheach a chasfaí ann, ach m'anam nach hé sin dó anois. Tá an-lear sléibhe aca annsiúd freisin: an domhan bráthach. Is beag a d'aireochaidís corr-bhearradh a leigean le Muintir L., nach bhfuil aca ach dhá spreab ar easca
 
drad
Bhí cheithre fholach aice annsiúd ag dul thar drad le coirce. Ba dhalba an lear a bhí uirre
 
droim
Tá an-fhás bliana siar annsiúd ar dhruím na leice, ach bhí fuighleach againn thairti indiu. Beidh a shliocht uirre: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoin a bheith slán duinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarrdha seo thuas a leasú ar fad
 
díol 2
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith indon a dhul in a "nurse". Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaighe ar bith a thógáil
 
dúch
Nach mór an lear dubhaigh a cuireadh amú leis an méid sin bréaga = páipéar nuaidheacht
 
dún
Tá an-dúnadh ar an logán mór siúd a bhí taebh thoir de'n teach aige anois. Ba mhór an lear cloch nacharb fhuláir dó siúd len a árdú cothrom leis an mbóthar. Dar fiadh is ait an saothruidhe é, is ait sin