Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

Dhom (50+)

+
Fan de chuideachta dhom anocht ar fhaitíos nach dtiocfadh S.
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhom a dhéanamh as láimh faitíos na timpiste. An rud a theigheas i bhfad, teigheann sé chun roighineadais = le faitíos nach ndéanfainn aríst é
 
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
+
Chíotar dhom go bhfuil feánach mór san ngarraí aige inniu ag baint fhataí marab iad na cliamhaineachaí atá ann
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé feánach eanra dhom, agus deirimse leat gur ól mise go súite í. Ní raibh an oiread dúil i mo bhéilí agam ariamh roimhe. = pael
+
fios
Is fuide leis ná fios a shaoil go n-imighe an ceann eile as an teach go dteighe sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
TUILLEADH (3) ▼
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus leig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoin a chuid cúrsaí. Muise nach haisteach an cleite cómhrádha a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
Ní thiúrfadh sé d'fhios dhom air ach an méid sin, th'éis go ndeacha mé go bog agus go cruadh air.
Ní bhfuair fios a ainmne nó a shloinne d'fhiafruigh sé fios m'ainme dhom, ach níor thug mé aon-fhios dó air (faoi)}}
 
fliuch 2
Bhí mé fliuch báite ar a theacht abhaile dhom aréir
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
focal
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeitheá rómham ag cró na gcaerach". Sin é a fhearacht aice sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaghadh sí a mhalrait
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
 
Ní fhágfaidh mé liobair leathair ort mara leige tú dhom
+
fág
Fág seo go Gaillimh inniu a (do?) chuideachta dhom
TUILLEADH (5) ▼
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce annsin i mbealach chuile dhuine
Fág mo sholas. Ní léar dhom céard atá mé a dhéanamh agad
Seo ní fhágfaidh sib nó go dtuga sib saoradh nó séanadh dhom ar mo chuid airgid.
Marach gur thug sé dhom é sin ní fhágfadh sé (beó) = marach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Sin ní fhágfainn le mo ló marach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta aithinte dhom é
 
Chíotar dhom go bhfuil tú an-fhágha le goirid bail ó Dhia ort. A dheamhain tá tú ag dul amú in do chuid éadaigh!
 
Fuair tú dhom é. Fáinne óir ort!
+
Tháinig sé a chúnamh dhom, ach b'fhuar fánach uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Is fánach dhom a bheith dhá thóraíocht = níl aon-mhaith dhom ann; ní bhfuighidh mé é
Ba fánach a bheannuigh sé dhom inniu chítear dhom. Bhíodh sé an-spleódrach maidineachaí eile
 
Bhí sé ceart go leór sna fánáin ach b'éigin dhom na háird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
 
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirínt) bhreá dhom ar an bpian = fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
 
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Marar mian leat a' méid sin de shoighleas a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfa mé cúis mhaith de t'uireasbha.
 
Dheamhan coisméig de'n bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, a's cé'n bhrigh ach nar léar dhom troigh de'n bhóthar.
 
caidhl
Leag sé an tsinseáil in a caidhlín ar a' gcúntar, a's meastú marach gur thug Dia dhom í a chomhaireamh, nach mbeidhinn scilling gearr. Sin é an cneámhaire agad!
+
Fuair sé caidéis do mo chulaith nuaidh. Dubhairt sé go raibh sí a' teacht dhom go maith.
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhaith liom go bhfaigheadh an ceann céadna caidéis a' bith dhom fhéin ná do mo chuid. Deir siad go bhfuil droch-shúil aige.
 
Muise a' baint lá as, slán a' caidéiseach. Dheamhan a bhfuil basctha dhíot fhéin; feicthear dhom.
 
Ar a theacht faoi'n dorus dhom, chuala mé an chantaireacht istigh, a's staon mé nóiméad, go bhfeicinn cé 'bhí ann.
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor a' bith, ach dhá tiodlacan, a's a' soláthar di. Níl fhios agham féin, a' ndeanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíriodhachaí) coimhightheacha, nó nach ndéanann. Feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach an uair a bheadh an chuach ann.
 
Bhí mo chuid síl fhéin ídighthe, a's fuair mé an oiread ó T. Mh. a's a chraith na cupla caolóid a bhí thiar le claidhe dhom. Nach n-aithneochthá an mhaith atá orra(b) thar a' gcuid eile de'n gharrdha!
 
carn
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
 
ceal 1
Baoghal ormsa a bheith indon a' chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le deanamh dhom aon-cheart a bhaint de'n tsaill fhéin.
+
Chaith sé an lá a' ceartú dhom thíos ar a' mboithrín. Is aige atá ughdar chuile shórt. Ach is beag a' dochar dhó, a's gur a' léigheamh a chaithea(nn)s sé a shaoghal.
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé clogán streille de'n oidhche a' ceartú dhom, faoi'n 'dole' a's faoi Debhelera a's faoi na 'Blue Shirts'. 'Sé atá indon an chaoi a chuir ar a' saoghal.
Tá mé siún siunncaighthe aige ó mhaidin, a' ceartú dhom, faoi 'scholarships', a's faoi na bheirt inghean atá imthighthe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon-duine ariamh i gcoláiste cheana, ach a bheirt inghean fhéin.
+
ceas
'Cheannuigh mé cupla ronnach do Sh', adeir sí 'tá ceas aige air fhéin leis a' bhfeoil, a's tá sé gránuighthe uirre. Ní mór dhó malrait bídh a fhaghail'. Shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharm é. Bhí sé chomh maith dhom
TUILLEADH (1) ▼
Níor chodail mé aon-néal go raibh an oidhche caithte thar druim, le brúchtaoighil, in áit ar chuir mé ceas orm fhéin, le ronnachaí tirme, ag dul a chodladh dhom.
 
Feicthear dhom th'éis gurb í sin feoil na h-Éireann (muicfheoil na h-Éireann) go bhfuil sí an-cheasamhail. Tá mé a' glacadh col' léithe ar fad.
 
Dheamhan lá ó tháinic cuimne dhom, nachar chuala mé an ceann céadna a' ceisniú, a's a' leigean tinnis uirre fhéin, ach tá sí annsiúd in a ruacán caillighe fós, a's gan cosamhlacht a' bith báis uirre.
 
Is deacair dhom tada a dhéanamh, a's mé chomh h-aonraic a's tá mé. 'D'orduigh cinnire congnamh', agus sin rud nach bhfuil aghamsa, ná fáill a' bith air.
 
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
clab
Dathócha mé na claib agaibh mara leige sib dhom. = cuirfe mé fuil orra.
 
Feicthear dhom nar thug Nóirín an chlaon-fheachaint ó bhroínn léithe. Chonnaic mise í, a's í 'na naoidheanán, a's níor thug mé faoi deara aon-chlaon-fheachaint a bheith innte. Ach ní móide go mbeadh aon-tsunntas le tabhairt dó, i naoidheanán mar sin.