Dhorchuigh (8)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Dhorchuigh an spéir ar fad le scathamh
                    
                        TUILLEADH (7) ▼
                      
                    
                  
                    Is mór a dhorchuigh an fhairrge le scathamh
                    Dhorchuigh an fhairrge 'un ceo orainn
                    Is mór a dhorchuigh an teach ó tháinic méid is na crainte sin ó dheas
                    Dhorchuigh sé go mór le ceathramha uair.  Ach níl aon-mhoill ar an trathnóna an tráth seo 'bhliain.  "Trathnóna foghmhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
                    Dhorchuigh sé orm ag Árd Th. = tháinic an oíche orm
                    "A Dhonchadha, A Dhonchadha céard a dhorchuigh an poll?"  "Ma chliseann bun-feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchuigh an poll"  (Beirt fhear a bhí ann agus chuaidh duine aca isteach i scailp le cuain madaralla a mharbhú.  Bhí an fear eile (Donchadha) ag béal na scailpe.  Cho uain agus a bhí sé in a n-éadan istigh tháinic an sean-mhadar-alla agus thug sí farradh isteach imbéal na scailpe.  Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsigheann sé ingreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í.  Sin é an uair a d'fhiafruigh an fear istigh céard a dhorchuigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneál, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta (bun-feáin = drioball?  Cynffon = drioball Breathnais.  Ffon = maide, bata, Breathnais na h-aimsire seo; Mac Dabhach = an madaralla)
                    Dhorchuigh siad ar a chéile le goirid = gan mórán a bheith le rádh aca le chéile