Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Duine beo (50+)

 
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon-cheo sa tír ingan-fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann, nach mbeadh sé beo, gan 'chuile fhios a bheith aige.
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
'Sé díol a' diabhail aon-cheart a bhaint de'n charcair sin. Tá sé beo droch-mhúinte, a's ar bheagán spleadhchais le chuile dhuine.
 
Ní choireocha sé ar aon-duine in mo láthair-sa, nó má choirigheann, cuirfe mise in a thost é, gan mórán achair. 'Sén rud is lughar liom beo, duine a chloisteáil a' caitheamh a's a' cáineadh ar a chomhursa mar sin gan ughdar a' bith.
 
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
+
Ó'n gcosamhlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon-duine beo, go bhféad(f)aí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
 
cíos
Ní chuimnigheann aon-duine dhá bhfuil beo anois ar a' gcíos cléire. Is beag le go gcuimneochadh a n-aithreachaí air, tada leis.
+
bannaí 1
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
TUILLEADH (1) ▼
Mise imbannaidhe go gcaithfeá do ladar a bheith ann! Ní beo thú mara mbí tú in éadan duine eicínt
 
Sé'n rud is luath (lughar) liom beo, duine a bheith imbéal a' bhealaigh rómham, a' súil le tuairisc.
 
beanna
Níl fhios agham beo cé'n chaoi ar thug mé mo bheanna liom aréir ó na póilíos. Rugthas ar chuile dhuine cé's moite dhom fhéin, faoi sholus.
 
crinn
Mhionnuigh sé a's theastuigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhubhairt sé, ach cnámh chrínnte na fírinne ach d'aithneochadh aon-duine beo uirre, go raibh luighe na bréige uirre.
+
beo 1
Ní cás do dhuine é, fhad's bheidheas sé beo chor a' bith.
TUILLEADH (36) ▼
Go dtuga Dia do na daoine a bheith beo! (nuair a thráchtfaidhe ar an Nodlaig, ar fhéile ar bith, nó ar rud sunntasach ar bith a bheadh chugad).
Naoi lá a sheasfas a' cogadh adeir a' tar(n)gaireacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min' choirce a thabhairt leis, a's a dhul síos in ua(mh)ain thalmhana go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn do'n té a bheidheas beo. Beidh saoghal na bhfuigheall aige.
Má thagann cogadh, ní bheidh aon-duine beo 'na dhiaidh, ach grásta Dé.
Múinfe sin thú, gan drúcht ná báisteach a rádh le aon-duine de'n dream sin, an dá lá is beo thú aríst.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó's tú a rinne é. D'aithneochainn ar do dhá shúil é. A's thú ag iarraidh é 'leagan ar dhaoine eile annsin!
Dheamhan a bhfuil beo de 'Phateen', nó imtheocha sé fhéin anois, chomh maith le duine.
B'fhearr do dhuine beo idtalamh, ná ag éisteacht leis an amhlóir sin ó mhaidin go faoithin.
B'fhearr dhó go mór beo i dtalamh, ná ar a' gceird atá air. A' mbeadh fhios ag aon duine beo, cé'n chaoi a maireann sé chor a' bith.
Dar liom fhéin, go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh, ná a bheith ag iarraidh a' bheith coinneál chocaireachta leis a' gcailleach is máthair dó.
Cheapfainn fhéin ar aon-chor, go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh, ná a bheith ag dul trí mhíle a' deanamh bóthair, ar an aimsir seo.
Ní beo é gan a bheith imthighthe, a's nuair a bhíonn sé imthighthe, dheamhan a' beo é, gan a bheith sa mbaile aríst, a's dheamhan fhios agham fhéin cé'n scéal é! Bíonn cuid de na daoine an-luath-íntinneach.
Tá mé 'ceapadh nar bheo thú, mara mbeitheá a' coireamhaint ar dhuine eicínt.
Ní beo é an diabhlánach céadna, mara mbeidh sé a' déanamh míllteanais eicínt, hébrí cé'n smál atá air, fharras duine 'bith dhá aois ar a' mbaile.
Níorbh bheo thú ariamh fhéin, mara mbeadh duine eicínt agad, le dóigh mhagadh a dhéanamh dhe.
Dheamhan a' fearr dhó beo an duine bocht, a's fheabhas a's 'bhí sé a' saothrú an tsaoghail.
Má mharbhuighthear fhéin muid, cé fearr do na daoine beo.
Níor tháinic beo as a' mbriseadh (cath, cogadh) ach duine nó beirt.
Ní bhíonn cath a' bith nach dtagann duine eicínt beo as.
Ní bhíonn fhios ag aon-duine ag dul a' luighe dhó 'san oidhche a n-eireocha sé beo ar maidin, ach toil dé.
Slán beo leo(b) ar fad! Tá 'chuile mhíle duine acab i Meriocá anois!
Chaith sí a saoghal a' pléidhe le 'luibheannaí', a's dhá dtabhairt do dhaoine eile. Feiceamuist coinnigheadh siad beo í fhéin anois.
Duine beo é.
Chuirfeadh sé beo beithidheach idtalamh duine, dhá gcaithead sé i bhfad in aoinfheacht leis.
Duine beo, bíodhgamhail é. Ní a' tuitim in a chodladh a bhío(nn)s sé, fearacht tuille.
Duine beo, bruideamhail é. Níl fhios agham nach hé an iomarca uathbháis a bhío(nn)s air, ag obair amanntaí.
Duine 'bith a bheidheas ag obair in a thimcheall siúd, ní mór dhó a bheith beo, bruideamhail, deirimse leat.
Duine beo sciobtha é.
Duine beo fíreamhail é (féach fíreamhail).
Dheamhan duine a chonnaic tú ariamh in do shaoghal chomh beo droch-mhúinte leis sin, má fhaghann sé aon-ughdar.
Ní raibh aon-duine dhá dhreám, nach beo droch-mhúinte a bhí, a's ní dheacha seisean in aghaidh duthchais, ach an oiread le duine.
M'anamsa muise gurb sheo í an áit deire ag duine beo droch-mhúinte mar é. Is gearr a d'éistfídhe annseo leis, nó go ndaithtí (ndathuightí) an smut aige.
Duine sásta é shílfeá, nó go mbaintí as é, ach indomhnach nuair a bhainfí, tá sé beo droch-mhúinte.
Is olc an éadáil do dhuine 'bith atá beo droch-mhúinte é 'chasadh isteach ar a' mbaile sin, áit a bhfuil seála amhus cheana.
Níl duine 'bith beo chomh h-olc leis = níl aon-duine faoi'n saoghal chomh h-olc leis; sé'n duine is uilce faoi'n mbogha bán é.
Níl duine bith beo chomh cabach leis.
Ní fhaca mé aon-duine beo atá chomh gortach leis, faoi'n rud a bhío(nn)s aige