Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Márta (21)

 
Bíonn féar agus fóthair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéara. Sin í a raibh a fhios aice é!
 
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhightheach seo. Thug sé an chéad choicís go breagh uaidh. Ach níor tháinic an oiread as an lá fhéin go maith imbliadhna.
 
amach
Tá neart ionbhadh aca(b) imbliadhna, mar tá'n Inid (a)g (d)ul amach go dtí an chéad tseachtmhain de Mhárta.
 
amuigh
Farradh an Mhárta, an farradh is measa amuigh = gaothtalach.
 
Tá sé cho folláin le breac; tá sé cho folláin leis an mbradán seang; tá sé cho folláin le reithe Márta, le glaismhíol Márta, le girria Márta, le roc Márta etc. (bíonn sé i gceist nach bhfuil rud ar bith dá mbeirtear ná dá ngortar san Márta nach mbíonn cruadh folláin)
 
fás 2
An bhliain a bhfásann an féar luath, sin í an bhliain is measa. Bhí fuílleach d'fhéar bó ann i mbliana an chéad lá Mhárta. An bhfeiceann tú céard a rinne an bhliain in a dhiaidh sin?
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)
 
fiach 2
Níor tháinig aon-uair ariamh mar thús an Mhárta seo. Bhí dhú nae trí (a dhó nó a thrí) de laetheanta ann agus chuirfidís an éig ar na fiadha dhubha. B'íontas gur mhair bó ná gamhain leis
 
Níl fuinín féir ar an talamh fós, thréis go bhfuil an Márta bunáite amuigh = sop, seamaide
 
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuar-ainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.
 
abair
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
 
Daoirsigheann an mhóin taca an ama seo 'chuile bhliain. An uair a theangmhuigheas cruadhas an Mhárta le na sean-ágóideacha níl déanamh d'fhuireasbhaidh an fhóidín móna aca. Is maith leo na luirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chuir ionnta — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
 
Deá Mhárta a bhí ann i mbliana. Níor chuir "an tsean-bhó" cnead ar bith aisti fhéin, ná diabhal cur
 
Nach dona na laoghantaí atá ag teacht ó'n tarbh sin thuas. Breathnuigh ar an laoighdín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidtreoireach an feithideach é. Ní sháróchaidh sé an Márta choidhchin mara bhfaghaidh sé an-aire de'n domhan
 
Tá sé an-drilleach anois má chloiseann sé torann binn ar bith. Is maith a chuaidh an ceaintín dó a chur ar a dhrioball. Thug M. Sh. G. ceaintín amach an lá faoi dheireadh agus thosuigh sé dhá 'sbáint dó, mar dhóigh dhe, go raibh sé ag dul dá chur ar a dhrioball aríst. Well scuab sé mar bheadh glas-mhíol Márta ann!
 
déan 1
Rinne sé Márta breagh i mbliana rud ab annamh leis. Bíonn an Márta go h-úndúil (iondamhail) gaimheamhail
 
Is minic cheana a bhí déanta len a bás, ach tá sí sin cho cruadh-chúiseach le glas-mhíol Márta. Ní mharbhóchadh tada í sin mara bhfaghadh sí amluadh faoi dhroch-thuairt sneachta; sin nó reodh 'sa sioc
 
Uair díotamhail Mhárta a bhí ann. Bhí mé thíos ag baint fheamuinne ar an gCurraigh agus fhobair gur préachadh mé leis an bhfuacht.
 
dóigh 1
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an guróir de laogh sin. Breathnuigh ar an gcruit atá air. Tiubharfaidh an Márta rud le déanamh dó = laogh a bheadh in a dhroch-údar, nach mbeadh aon-deagh-ghealladh faoi, ná aon-tsúil len a eirghe
 
Bhí dubhachan mór déanta againn anuiridh shul ár rug an Márta orainn, ach ba suarach an t-íongnadh sin agus an congnamh a bheith ann. Ní bheidh aon-dubhachan déanta imbliana sílim. Is gearr le dhul duine aonraic
 
Gabhfaidh an rabharta seo amach ins an Márta