breaclachaí (39)
→
fáinne
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
InDomhnach, má tá ort a dhul siar 'sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidthe le droighean is driseachaí, a's níl tada uaibhreach ann ach neanntógaí.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, a's gan blas coimhighthis aca(b) le aonduine. Airigheann siad nach bhfuil aon-mhadadh de rath ar a' mbaile.
Ní bheidhinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo 'coinnleoireacht anocht, a's déanfamuid sléachtadh ar chéarsachaí 'sna breaclachaí sin síos.
→
cosacán
Má chuirim cosacáin uirre, tá faitchíos orm go gcasfaidhear i dtreascairt 'sna breaclachaí siúd í, a's go mbascfa sí í fhéin i bhfad uainn an anachain!
→
cuilín
Ní thiubharfainn cuilín lócháin ar a bhfuil de thalamh a' gabhail leis. Muing atá i mbarr a' bhaile aige, a's breaclachaí 'sa gcuid eile.
+
Níl fód talmhana a' gabhail leis ach breaclachaí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá cuid mhaith broc is na breaclachaí sin siar.
Is mór is fiú dhuit a bheith dealuighthe amach as na breaclachaí, hébrí céard a dhéanfas Dia leat.
Cé'n chaoi 'mbeadh deis mhaireachtála aige, a' carruidheacht le breaclachaí.
Breaclachaí as éadan an gabhaltas thiar.
Tá cupla póicín aige thiar 'sna breaclachaí sin thiar — sin é 'bhfuil de thalamh aige.
Diadhachta dhuit má fuair tú deis athrú, nár athruigh dhuit fhéin, fharrus do chuid alluis a bheith tugtha chuile lá sa mbliadhain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
Níl sé in araidheacht capall na carr a thabhairt ann, arae is breaclachaí fré chéile é.
Chuaidh an bhó idtreascairt 'sna breaclachaí atá faoi íochtar a' bhaile.
→
bríthín
Dhá mbeinnse in mo bhrighthín óg, arís, ní annseo a d'fhanfainn a' carruidheacht le breaclachaí. Ghreadfainn anonn go Meriocá nó go Sasana, a' saothrú dhom fhéin.
Is mé atá in mo bhúilleach chríochnuighthe ag na breaclachaí céadna. Ní maith go bhféadfá iad a shiubhal, ní áirmhighim ualach a thabhairt thríob.
→
airiúil
Tá'n talamh atá le íochtar aireamhail go maith, ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá imbarr a' bhaile.
→
fiach 1
Tá sionnach annseo thiar sna breaclachaí, agus tá muid ag brath air a dhul dhá fhiach amáireach in aice chúnamh Dé
→
fuath
Cá bhfuighinnse fios fuath ná fionnóige air. Níor chorruigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúilfeadh. Fiafruigh den Phuncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curha dhá chosa aige
→
abair
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
→
deachma
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talmhana. Ab iad siúd. Cé'n diabhal samhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. 'Ar ndú ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithidheach ionnta, is gearr gur basctha a bhéas sé. Mara bhfaghaidh tú tréad gabhair agus cead scuir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith ins an gcúirt 'chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá aghad a dhéanamh leo: tabhair do'n deachma iad.
→
dealg
Cá'il an áit agad l'aghaidh caorach: ins na breaclachaí sin siar, ab eadh. Cuir ann iad má's leat do chuid olna a bheith ar na deilgne
→
dearg 2
I dteannta a bhfuil deargtha aige, cén diabhal eile atá aige? Purláin an tí agus na breaclachaí sin siar annsin
→
deas 1
Is deas an aire atá a chuid laoghantaí a fháil uaidh. Diabhal bréag nach deas! A scaoileadh siar annsin siar 'sna breaclachaí raithní sin, nó go gcáilltear leis an ocras iad. Annsin tosaí ag rá nach mbíonn siad ag dul dó
→
deisiúil
Deirimse leatsa hé brí céard adéarfas tusa gur deiseamhla go mór an baile a bhfuil tú istigh ann ná aon-bhaile eile ar an gceathramhadh. Breathnaigh ar an mbaile sin thoir. Nach bhfuil maith an bhaile uiliog ag an L. Agus an dá bhaile seo taobh thiar dhíot, céard atá ionnta ach breaclachaí agus clochair agus diomallachaí. Níl an baile seo giorruighthe tada, agus dheamhan a bhfuil de chailleadh ar an talamh atá ann léar (de réir) mar atá talamh ins an tír seo.
Tá an leath-bhaile a bhfus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leath-bhaile thiar níl fód istigh ar a fhuaid, ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mar mbeadh an caorthann sin ann, nó driseacha
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
→
donaigh
An lá ar baineadh an treascairt as an gcapall sna breaclachaí sin thiar, donaíodh í an uair sin. Tá umhlú 'un tosaigh innte 'chuile lá ó shoin
→
dos
Má's ag iarraidh duis atá tú, tá neart tomachaí siar 'sna breaclachaí sin siar, agus 'sé'n diabhal é, nó gheobhaidh tú ceann a dhéanfas thú ann
→
díogha
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
→
dólom
Bíodh unsa céille agad. Ar ndú níl slí do choise de thalamh istigh ar do bhaile, agus an méid sin féin dólom. An dtiubharfá talamh ar na breaclachaí siúd taobh thiar. Ní thiubharfainnse ar chaoi ar bith
→
dúisigh
Dúiseochaidh sibh é, siar annsin in áit eicínt 'sna breaclachaí sin, ach caithfidh sibh na brocachaí a dhúnadh i dtosach. Mara ndúinidh níl aon-mhaith dhaoib ann. Tá cuain aige (an sionnach) i scailp Dh.
Ní díol-truaighe ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaghadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi agus thairis. Tá neart faochan agus báirnigh agus cnuasach cladaigh annsin thíos (ins an gcladach). Tá neart éisc annsin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul in a dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cá'r fhága tú a bhfuil de sméara agus de chubharláin, agus de thorthaí eile timpeall annsin. Is mór a thiubharfaí orra in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl
→
téigh
Chuaidh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh