Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

doininn (15)

 
abair
Abair é! Móin ar bith nach raibh tóigthe roimh an doininn seo, tá sí réidh le triomach imbliana
 
déan 1
Rinne sé doininn (gála, fuaraíocht, agus rl.) anois le coicís = ba mhór an lear doininne a bhí ann le coicís
+
Tá sé ag déanamh an-doininn le scáthamh
TUILLEADH (11) ▼
Tá tú réidh le dhul ann ar an doininn seo. Caith as do cheann é
'Sí an doininn seo a fhágfas arbhar réidh. Ná bac anois leis. Tá tú as aon-cheo a bhalú air
Is millteach an aimsir í míle buidheachas le Dia, le doininn agus gairbhthean. 'Chuile lá ag baint earr agus barr dhá chéile
Má's soininn nó doininn é ambáireach, gabhfaidh an ghlaicín féir sin isteach. Diabhal baoghal ormsa a bheith dhá bhuachailleacht amuigh ins an móinfhéar sin níos fuide. Aon-chás amháin é ar aon-chor. Níl aon-athrú in dán do'n uair
Ní féidir buille maitheasa a dhéanamh ag doininn agus ag fuacht.
Sháruigh sé doininn an gheimhridh, tá sé cho dona sin
Ní amach annseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agad a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois 'fhad agus atá sé ag tabhairt anna uaidh go breagh
Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ón ar muintir thú = sin é adéarfá nuair a d'fheicfeá fiach dubh, nó dhá gcloisteá ag screadach é
Ná raibh an séan ort! Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ón ar muintir thú gan dochar gan díobháil duinne
An bhfeiceann tú an fiach dubh? Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ón ar muintir thú, agus ná raibh aon-cheo dhár gcuid sinne in do bhéal
Bhí cupla fiach dubh annsin thuas inniu agus iad ag screadach cho h-árd agus a bhí in a gceann le gaoith agus. Le doininn uainne iad, ar chaoi ar bith. Ní eallach maith iad sin ag taithiú in acar linn. Is olc rud a bheith ar a leabhar ag an bhfiach dubh.
 
Tá an ghrian ag árdú san spéir aríst ach má tá féin níl aon-aithne ar an lá go bhfuil aon-tsíneadh air fós. 'Ar ndú' sí dubhanna na bliana í, agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-eirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá