Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

doininne (6)

 
Is furast' aithinte ar a' teine anocht gur tuille doininne atá air. Bhí an camán luaithe thríd a' lasair.
 
Is diabhluidhe cuisneach é, a's é 'bheith indon seasamh mar seo ar aghaidh na rithteachta a's na doininne. Ach dhá chuisnighe é, má fhaghann a' scéird siúd seachtmhain eile air, giorrócha sí leis.
 
aire
Ba chóra dhó aire a thabhairt dhó fhéin, agus fanacht istigh, fharrus a bheith amuigh ar a' gcriathrach sin, ar aghaidh na doininne agus na rithteachta.
 
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhascadh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine cho díreach agus is féidir leis, agus ní baol dó an lá deireadh = fear a bhí ag caint ar na Críocha Déannacha; bíodh anam duine glan
 
'Steachaighidh (séimhiú amannta ar an g agus amannta nach mbíonn. Go h-iondamhail bíonn séimhiú i gCois-Fhairrge agus a mhalrait sin in Iarthair Chonamara) líb (líb — Cois Fhairrge — lib = Iarthair Chonamara, ach nach leantar an nós ro-dhlúth. Ní bhíonn an b séimhighthe in aon-áit) agus ná deallruighidh sibh fhéin annsin imbéal na doininne (imbéal na báistighe, na gaoithe etc.) = tagaidh isteach sa teach (sa scioból, sa teálta) agus ná cailligidh sibh fhéin leis an bhfuacht annsin ar cheart-aghaidh na gaoithe.
 
Ní bheidh aon-cheo de bharr na móna mara bhféadaidh duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomóchadh sí uaithe féin, ach tá a fhios ag mo chroidhe go dtigeann an oiread doininne anois 'sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóchaidh sí