→
doineann
doininne (6)
Is furasta a aithinte ar an tine anocht gur tuilleadh doininne atá air. Bhí an camán luatha thríd an lasair.
Is diabhlaí cuisneach é agus é a bheith in ann seasamh mar seo ar aghaidh na riteachta agus na doininne. Ach dhá chuisní é, má fhaigheann an sceird siúd seachtain eile air, giorróidh sí leis.
→
aire
Ba chóra dhó aire a thabhairt dhó fhéin, agus fanacht istigh, tharas a bheith amuigh ar an gcriathrach sin ar aghaidh na doininne agus na riteachta.
→
foscadh
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhoscaidh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine chomh díreach agus is féidir leis agus ní baol dó an lá deiridh — fear a bhí ag caint ar na críocha déannacha; bíodh anam duine glan
→
isteach
Isteachaidh (séimhiú amanta ar an g agus amanta nach mbíonn. Go hiondúil bíonn séimhiú i gCois Fharraige agus a mhalrait sin in iarthar Chonamara) libh (líb — Cois Fharraige; lib — iarthar Chonamara, ach nach leantar an nós ródhlúth. Ní bhíonn an b séimhithe in aon áit) agus ná deallraidh sibh fhéin ansin i mbéal na doininne (i mbéal na báistí, na gaoithe srl.) — tagaidh isteach sa teach (sa scioból, sa teálta) agus ná cailligí sibh fhéin leis an bhfuacht ansin ar cheart-aghaidh na gaoithe
→
dólámh
Ní bheidh aon cheo de bharr na móna mura bhféada duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomódh sí uaithi féin, ach tá a fhios ag mo chroí go dtigeann an oiread doininne anois sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóidh sí