Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

droighean (7)

 
Tá'n áit in a charcair le droighean.
 
InDomhnach, má tá ort a dhul siar 'sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidthe le droighean is driseachaí, a's níl tada uaibhreach ann ach neanntógaí.
 
colg
Tá an oiread cuilgní ar a' droighean bradach sin, a's nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort = deilgní.
 
crígh
Tá mo chuid éadaigh stiallta, a's mo chraiceann roistighthe ag na crícheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí a's droighean!
+
dealg
Baile na nDeilgne a thiubharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach droighean agus driseachaí
TUILLEADH (1) ▼
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana
 
Dhá mbaintí an droighean sin, ba garrdha maith é.