droighin (9)
→
carcair
Tá carcaireacha droighin ann, a's is maith an dicheall do dhuine, a bhealach a dhéanamh thríotha(b) chor a' bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oidhche faoi dheire, a's níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon-láimh liom.
+
→
fás 1
Tá an talamh thoir faoi fhásannaí beaga droighin ar fad = mar bheadh crainnte beaga nó catógaí; sé "an fás" gach ceann aonraic aca; dhá mbainteá fás aca d'fhéadfá maide láimhe a dhéanamh dhe .i. fás droighin
TUILLEADH (2) ▼
Bhain mé fás droighin annsin thuas inniu. Dhá mbeadh sé stáluithe agam dhéanfadh sé an-mhaide
Ní fhéadfá aon-fhás beag droighin a fháil siar annsin dom? … Shíl mé go raibh neart aca sna caracáin
→
dealg
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg droighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc agus rl. = cineálachaí dealg atá ann
+
Tá an áit druidthe le bunannaí droighin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí maide altach droighin aige
Bhí maide droighin duibh aige
Garrdha an Droighin (ainm garrdha)