Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

hata (40)

 
Ní fhreagraíonn an hata sin do mo chloigeann beag ná mór. Ghabhfadh dhá chloigeann mar mo cheann-sa ann
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
 
cleite
Dheamhan luach leithphighne 'mhaith a rinne a dearbhráthair ariamh di, a's má's fíor di fhéin 'na dheidh sin, sé'n cleite is fhearr in a hata é.
+
coiric
Tá coirric suas ar a hata. Le galántacht, d'eile!
TUILLEADH (5) ▼
Rinne sé dhá leith de choirric a hata in áit ar shuidh sé air, a's ar lioc sé faoi é. = cíor an hata; an chuid chruinn as cionn na billeoige.
Bhí cleite i gcoirric an hata aice.
'Bhfaca tú na coirriceachaí atá ar na hataí atá 'teacht amach anois?
'Breagh ó chuaidh tú dhá cheannacht nar cheannuigh tú hata mar is ceart fharras an choirric sin!
Shílfeá go mbadh deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor a' bith lá gála a's na coirriceachaí atá asta(b).
 
biorach 1
Cáide'o a thosuigh caitheamh ar na hataí bioracha sin? InDomhnach fhéin ní deas iad!
 
Bíonn boimbiléad de hata ag imtheacht anois air a's ní thiubharfá samhail a' bith ach a' hata 'bhíodh ar Ph. na gC. fadó.
 
Shuidh sé ar mo hata a's rinne sé brúightín dhe faoi.
 
anuas
Bhí an hata anuas ar a shúile
 
Ní maith dhuit 'hata bán' a rádh leis, tá sé chomh h-asalánta sin.
 
imigh
Fhóbair dó imtheacht , d'fhuireasbha a hata = is beag nar imthigh sé gan a hata.
 
Níl fataí ar bith a chinnfeadh ar na fataí fabharcáin sin. 'Ar ndú len a maith a bhíos siad ionta. Bíonn chuile cheann aca cho mór le do hata
 
Nach hé atá feistithe amach 'un bóthair len a hata cúil agus a chuid miotóg
+
fill
Buail filleadh ar an hata sin, agus is amhlaidh is deise a ghabhfas sé duit = cuir speic nó billéad air; ionntuigh suas binn dhe
TUILLEADH (2) ▼
Tá filleadh ar a hata aige, le teann leitheid. Go deimhin níl sé gan talamh a bheith faoi
An bhfaca tú an hata atá ar an inín sin thiar ag P. Tá sé cocáilte ar chúl a cinn agus filleadh suas ann. Sin í an onóir chreidim
+
folach 2
Chuaigh sé siar agus gan falach bríste ná hata air = bhí an hata stróiche nó b'fhéidir caillte aige, agus an bríste in a liobair
TUILLEADH (1) ▼
Deir sí nach féidir léithe falach a cinn de hata a fháil in áit ar bith. Tá an-bhoimbiléad de chloigeann uirre go dearfa bail agus beannú uirre!
 
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (inGaillimh) agus mo hata iompuithe amach. M'anam nach fóidín meara a bheadh orm annsin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
 
froc
Bhí frac agus hata bog air mar d'fheicfeá ar fhear Achréidh
 
deacair 2
Is deacair hata bán a rádh leis (fc. hata)
 
deamhan 1
Dheamhan an gcuirfeá ag ruaigeadh na bpréachán an hata a bhí air
 
dearc
Is aige a bhí an dearcadh ar do hata nuadh. Is beag nach sílfeá gur ag brath ar a iarraidh ort a bhí sé
 
Mo dheatach ort a stór, mara beag a thastuigheas hata uait! Ní raibh hata ar aonduine de do chine ariamh, agus rinne siad gnatha maith dhá fhuireasbhaidh freisin. Ach níl a fhios ag mná na beag-mhaitheasa cá suidhfidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimeamhlacht'
 
Is bean deisighthe ceart indiu í faoi na hata dearg agus cleiteadhachaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas annsiúd thuas 'san bportach agam
 
Ba mhaith teann iad tamall annsin thoir. Ní raibh sé ann an té a déarfadh hata bán leo, ná a leigfeadh an faitíos dó a rádh. Agus feacha in a dheidh sin go bhfuil na préacháin ag dul thrín a gcuid fuinneog agus nach bhfuil deoruidhe an bhéil bheo aca ins an gcomhaireamh ceann indiu
 
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
 
A dlúth-mhuintir fhéin uiliog atá annsin: ainteanna agus col ceathrachaí. Is deacair hata bán a rádh léithe annsin deirimse leat
 
Is doiligh "hata bán" a rádh leis anois = tá sé eirighthe suas nó ceannasach ins an saoghal; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt gur deacair araoid ar bith a chuir air
 
dáimh
Nach h-iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. In Domhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
+
díol 2
Ní fhéadann sí a díol de hata a fháil i siopa ar bith. Bíonn 'chuile cheann ro-mhór nó ro-bheag di.
TUILLEADH (1) ▼
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agad gurb shin iad an chuid eile dhíot fhéin
 
dóigh 1
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuileadh isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirre, agus fan ann nó go ndíbrighidh an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo shean-hata leat go n-eireochaidh ballach nó bromóg leat
 
dóirt
Tá dórtadh uisce as do hata. Caith dhaot é go beo, agus ná bíodh sé ag rith síos le do mhuineál
 
Ná bain díot an hata a dhuine sin. Sin é an slacht uiliog ort. Is breagh atá sé ag dul duit