Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

hata (39)

 
Ní fhreagraíonn an hata sin do mo chloigeann beag ná mór. Ghabhfadh dhá chloigeann mar mo cheannsa ann
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
Shílfeá go mba deacair dóibh (do na mná) na hataí coiricíneacha sin a chinnireacht chor ar bith dhá mbeadh farra ar bith ann.
 
cleite
Dheamhan luach leithphínne de mhaith a rinne a deartháir ariamh di, agus más fíor di fhéin ina dhiaidh sin, 'sé an cleite is fhearr ina hata é.
+
coiric
Tá coiric suas ar a hata. Le galántacht, deile!
TUILLEADH (5) ▼
Rinne sé dhá leith de choiric a hata an áit ar shuigh sé air, agus ar lioc sé faoi é — cíor an hata; an chuid chruinn os cionn na bileoige.
Bhí cleite i gcoiric an hata aici.
An bhfaca tú na coiriceachaí atá ar na hataí atá ag teacht amach anois?
'Breá ó chuaigh tú dhá cheannacht nár cheannaigh tú hata mar is ceart tharas an choiric sin!
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
 
biorach 1
Cáide ó thosaigh caitheamh ar na hataí bioracha sin? I nDomhnach fhéin, ní deas iad!
 
Bíonn buimbiléad de hata ag imeacht anois air agus ní thabharfá samhail ar bith ach an hata a bhíodh ar Ph. na gC. fadó.
 
Shuigh sé ar mo hata agus rinne sé brúitín dhe faoi
 
anuas
Bhí an hata anuas ar a shúile
 
Ní maith dhuit hata bán a rá leis, tá sé chomh haslánta sin
 
imigh
Fhóbair dó imeacht d'fhuireasa a hata — is beag nár imigh sé gan a hata
 
Níl fataí ar bith a chinnfeadh ar na fataí fabharcáin sin. Ar ndóigh lena maith a bhíos siad iontu. Bíonn chuile cheann acu chomh mór le do hata
 
Nach é atá feistithe amach chun bóthair lena hata cúil agus a chuid miotóg
+
fill
Buail filleadh ar an hata sin agus is amhlaidh is deise a ghabhfas sé duit — cuir speic nó billéad air; iontaigh suas binn dhe
TUILLEADH (2) ▼
Tá filleadh ar a hata aige, le teann leitheid. Go deimhin níl sé gan talamh a bheith faoi
An bhfaca tú an hata atá ar an inín sin thiar ag P. Tá sé cocáilte ar chúl a cinn agus filleadh suas ann. Sin í an onóir chreidim
+
folach 2
Chuaigh sé siar agus gan folach bríste ná hata air — bhí an hata stróicthe nó b'fhéidir caillte aige, agus an bríste ina liobair
TUILLEADH (1) ▼
Deir sí nach féidir léithe folach a cinn de hata a fháil in áit ar bith. Tá an-bhuimbiléad de chloigeann uirthi go dearfa, bail agus beannú uirthi!
 
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (i nGaillimh) agus mo hata iompaithe amach. M'anam nach fóidín mearaidh a bheadh orm ansin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
 
froc
Bhí froc agus hata bog air mar a d'fheicfeá ar fhear Achréidh
 
deacair 2
Is deacair hata bán a rá leis (fc. hata)
 
deamhan 1
Dheamhan a gcuirfeá ag ruaigeadh na bpréachán an hata a bhí air
 
dearc
Is aige a bhí an dearcadh ar do hata nua. Is beag nach sílfeá gur ag brath ar a iarraidh ort a bhí sé
 
Mo dheatach ort a stór, mura beag a theastaíos hata uait! Ní raibh hata ar aon duine de do chine ariamh, agus rinne siad gnaithe maith dhá uireasa freisin. Ach níl a fhios ag mná na beagmhaitheasa cá suífidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimiúlachta
 
Is bean deisithe ceart inniu í faoina hata dearg agus cleitiúchaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas ansiúd thuas sa bportach agam
 
Ba mhaith teann iad tamall ansin thoir. Ní raibh sé ann an té adéarfadh hata bán leo, ná a ligfeadh an faitíos dó a rá. Agus féacha ina dhiaidh sin go bhfuil na préacháin ag dul thrína gcuid fuinneog agus nach bhfuil deoraí an bhéil bheo acu sa gcomhaireamh ceann inniu
 
Cheannaigh mé hata breá nua — luach punt — agus fé brí cén chaoi ar leag mé ar an sate le m'ais é, dheamhan easna de sheanchailleach nár tháinig isteach agus nár ghróig sí í féin síos ina mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúite ar fad. Chinn orm ariamh a chumraíocht féin a chur air ina dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agat, a dhul ag bleaisteáil na seanmhná
 
A dlúthmhuintir fhéin uileag atá ansin: ainteanna agus col ceathrachaí. Is deacair hata bán a rá léithe ansin deirimse leat
 
Is doiligh "hata bán" a rá leis anois — tá sé éirithe suas nó ceannasach sa saol; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt gur deacair araoid ar bith a chur air
 
dáimh
Nach iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. I nDomhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
+
díol 2
Ní fhéadann sí a díol de hata a fháil i siopa ar bith. Bíonn chuile cheann rómhór nó róbheag di
TUILLEADH (1) ▼
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agat gurb in iad an chuid eile dhíot fhéin
 
dóirt
Tá dórtadh uisce as do hata. Caith dhaot é go beo, agus ná bíodh sé ag rith síos le do mhuineál
 
Ná bain díot an hata a dhuine sin. Sin é an slacht uileag ort. Is breá atá sé ag dul duit