Anachain
1.
dochar, díoghbháil, droch-dhíol; droch-íde; contabhairt.
a.
+–
Is anachain cheart é an cladach = is contabhairteach an áit é do dhuine (b'fhéidir gurab é a bháthadh a dhéanfaidhe ann, nó go gcaillfeadh sé a shlainte leis.)
Ní anachain go dtí báid = is mór an chontabhairt iad na báid.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an anachain é (adéarfaidhe le duine contabhairteach nó duine olc, nó duine buailteach).
+–
Níl fhios ag duine cá'il an anachain = ní bhíonn (fhio)s ag duine, cá gcasfar sa gcontabhairt é.
Níl fhios ag duine, cé'n anachain atá le naghaidh ó eireochas sé go dteighe sé 'chodladh.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá'n anachain le t'aghaidh, níl aon-ghoir agad imtheacht uaithe = má tá anachain indán duit, níl tú indon téaltú uaithe.
Is mór an anachain, a dhul siar chor a' bith ann = is mór an chontabhairt etc., b'fhéidir gur do bhualadh a déanfaidhe ann.
Níor lonnuigh mé ariamh ag cras-bhóthar Dhoire Fhátharta, mar tá'n anachain ann de ló agus d'oidhche.
Is i Leitir Móir atá a tabhairt amach (tabhairt amach na h-anachain) = is ann atá an anachain críochnuighthe.
Dhá ghoireacht do bhaile dhá raibh sé, ba goire 'bhí an anachain = duine a buaileadh ar a shráid féin.
Cuir a' croich chéasta idir thú féin agus an anachain = fainic a' chontabhairt.
+–
'D'orduigh Dia fhéin an anachain a sheachaint' (sórt sean-fhocal).
Seachain an anachain!; fainic an anachain
TUILLEADH (2) ▼
Má's leat an anachain a sheachaint, fan ó Bhaile an Droichid.
Má's leat coinneál ó'n anachain, coinnigh ó'n bpoitín.
+–
Sin é baile na h-anachain! = is contabhairt a dhul ann; an té a rachadh ann, bheadh sé in aithmhéala.
Sin í leac na h-anachain = áit a mbíodh troid agus bualadh go minic.
TUILLEADH (5) ▼
Sin é casán na h-anachain (gleann na h-anachain etc.)
Tá máthair ghuir na h-anachain idir a dhá shúil (adubhradh le duine a raibh sé de cháil air a bheith olc, nó mío-stáideamhail)
Tá'n anachain idir a dhá súil
Chuir sé cáir air fhéin liom — cáir na h-anachain! = thosuigh sé a' gáire liom — an gáire gangaideach
Leig thart an anachain má fhéadann tú
·
Is a' brughadh ar an anachain atá tú (adéarfaidhe le duine a bheadh ag dul in áit chontabhairtigh; nó igcomhluadar nach mbeadh ar foghnamh).
Nach maith go gcaithfeá tarraingt ar an anachain (adéarfaí le duine a bheadh i dtroid nó i gcontabhairt).
+–
Fan as an anachain má fhéadann tú (aithne a cuirfí ar dhuine gan a bheith idtroid in achrann ná igcontabhairt dá bhféadadh sé).
D'éagcóir Dé dhuit nar fhan as an anachain! = níor dearnadh leath-cheart (leath-chirt) leat, nar fhan tú fhéin as an gcontabhairt; tuille tubaiste chugad (níl an eascaine baileach chomh gangaideach sin) a chuaidh sa gcontabhairt.
TUILLEADH (2) ▼
Níor dearnadh leath-'chirt leat a's a fhusacht duit fanacht as an anachain.
Fan as an anachain, ní a' cuir aithne ort é! = comhairle a bhéarfaidhe do dhuine an chontabhairt a sheachaint. Cuirtear isteach an chuid deire, ionann's go mbeadh an cainnteoir ag iarraidh a chuir idtuiscint do'n cheann eile, nach raibh sé indon fios a ghnaithí a mhúineadh dó, as múineadh adeirea(nn)s sé sin.
+–
Fainic a dtiocfá 'san anachain.
Ní chasfar san anachain mé nó go gcínne orm.
TUILLEADH (8) ▼
Chuir sé pearúl air gan a dhul san anachain; chuir sé aithne air, (thug sé comhairle dhó) gan a dhul san anachain.
Dhá gcuirtheá pearúl (fainic, comhairle, aithne etc) air gan a dhul san anachain, badh é an mhaith 'mháin dhuit é = ní thiubhradh sé aon-áird ar t'aithne.
Tiocfa mac na mío-chomhairle igcomhnuidhe 'san anachain.
Is do-chomhairleach (do-chomhairlighthe) a' duine é, nach bhfanfadh as an anachain uair eicínt.
'Sé buac an duine danardha a bheith 'san anachain = sé a bhfuil duine danardha (doscudhach, mío-chomhairleach ceann-dána) a iarraidh é a chasachtáil igcontabhairt.
Cé'n smál a bhí air, gur casadh 'san anachain é = cé'n míádh nó catmara a thug sa trom-fhásc é.
Ní beo é, gan é bheith sáithte san anachain = tá sé igcomhnuidhe i lár bruighne, troda agus eile.
Is fada siar Doir' Fhátharta a thug do chosa thú? Nach rabh fhios agad narbh fhéidir leat do cheann a thabhairt as an anachain annsin.
+–
Ní bheadh anachain ná contabhairt (ní bheadh contabhairt ná anachain) ó thigh dheamhain go tigh diúin ingan-fhios duit = bíonn tú is 'chuile chonntabhairt.
Is maith an aghaidh ort é, ó's tú fhéin a bhí 'tóruidheacht na h-anachain = ní bhfuair tú ach ar thuíll tú, mar tú fhéin is cionntaighe go ndeacha tú sa gcontabhairt (sa mbualadh etc)
TUILLEADH (6) ▼
Tiubhra an anachain a chomhairleachan dó as a dheire; comhairleocha an anachain é, agus nícomhairleachan in aisce é. = beidh sé in aithmhéala faoi dhul sa gconntabhairt uair eicínt
Ní fearr leis a' duine doscudhach áit dhá mbeidh sé ná i gceart lár na h-anachain = is maith leis a' duine do-chomhairleach nó mío-chomhairleach a bheith tarraingthe ar a' gconntabhairt i gcomhnuidhe.
Is doscudhach an mac (diabhal, an cathuigheadóir etc) é, nach gcoinneochadh amach as an anachain uair eicínt.
Má tá sé leagtha amach ar an anachain, is beag a' mhaith aithne a chuir air = má tá faoi a dhul sa gcontabhairt nó sa troid, níl aon-mhaith a rádh leis (gan a dhul) staonadh.
'An té atá tórtha ar an anachain bascfa sí é' mar adeir an Soiscéal.
Cé'n anachain a chas aniar anois é = cé'n fhoghail nó mío-stáid nó dochar a thug aniar é; cé'n mhío-stáid atá faoi a dhéanamh ibhfus.
·
Ní bhíonn aon-mhaith sa seanchus nuair a bhío(nn)s an anachain déanta (sean-fhocal) = níl aon-mhaith a' fuasaoid nó a' cású an dochair nuair atá an dochar déanta.
b.
Beannachtaí agus Mallachtaí faoi Anachain
+–
Coinnigh do chuid éadaigh ó'n teine, i bhfad uainn an anachain!
Ná teirigh in aice an chapaill, i bhfad uainn an anachain!
TUILLEADH (3) ▼
Ibhfad uainn an anachain agus an urchóid (adéarfaí nuair a d'fheicfeá duine dhá threascairt, agus gan fhios agad faoi láthair, nach gortuighthe a bhí sé. Nó déarfaidhe é nuair a d'innseochthaidhe dhuit faoi an-bhás nó bás tobann a fuair duine, nó beithidheach).
Máire: Cailleadh Seán Mór ar maidin.; Brighid: Cér deir tú! Ibhfad uainn an anachain a's an urchóid!
Chroch Mícheáilín é fhéin i bhfad uainn an anachain 'san urchóid!
+–
Go gcuire Dia anachain na bliadhna tharainn (adéarfaidhe oidhche chínn bhliadhna, nó ar chríochnughadh oibre, nó ar ghlacadh buidheachais duit faoi chumaoin a caitheadh leat; cuirigcás ag ól gloine fuisce ó chomhursa, nó a shamhail); go gcuire Dia thar anachain na bliadhna muid fhéin a's ar muínntir, agus gach a mbaineann linn! (nó muid fhéin a's ar muínntir, ar gcuid a's ar maoin, nó ar gcuid á's ar mbeithidheach!)
Nar theighe sé in anachain dúinn!; nár leige Dia go dtiocfadh sé in anachain dúinn! (adéarfaidhe faoi rud eicínt a dhéanfadh duine eicínt de'n teaghlach nó de'n chloínn, agus nach mbeadh fhios an 'un maitheasa nó 'un donachta a rachadh sé).
TUILLEADH (3) ▼
Nár fheice dia an fhad sin de luighe bliadhna le anachain ná le éalang ort! (adéarfaidhe ag gabhail buidheachais faoi shoighleas nó faoi obair eicínt a rinne duine eile dhuit).
Nar fheice Dia feoil anachain againn (féach síos tuille)
Nar thuga Dia feoil anachain dúinn (féach síos tuille)
+–
Má bhíonn anachain ann go mbadh ort fhéin a thuitfeas sí; má theigheann sé 'un anachain d'aonduine anuas faoi do mhullach fhéin é (faoi na mhullach féin é) (adéarfaí le duine nó faoi dhuine a rinne droch-eascaine ort).
Olc agus anachain na bliadhna air = (mallacht; eascaine).
TUILLEADH (8) ▼
Mo chuid anachain air! (mallacht; eascaine).
Mo chuid de'n anachain air! (mallacht; eascaine).
Nar leige an anachain thairti é! (mallacht; eascaine).
Anachain muc agus beithidheach air! (mallacht; eascaine).
Má itheann sé feoil, go mbadh feoil anachain í! (mallacht; eascaine).
Mo chuid tubaiste agus anachain na bliadhna air! (mallacht; eascaine).
Anachain na bliadhna anuas faoi na mhullach! (mallacht; eascaine).
Anachain muc ort!; anachain beithidheach ort! (mallacht; eascaine).
c.
béal na h-anachain, in aghaidh na h-anachain etc. Dhá mbeadh gaoth mhór nó feóithin, nó toirneach nó a samhail ann, caithfidhe braon uisce coisricthe "i mbéal na h-anachain", nó "in aghaidh na h-anachain" i.e. craithfí é i dtaobh na gaoithe nó na sgaile (sgalach freisin).
+–
Craith braon uisce coisreacan in aghaidh (i mbéal) na h-anachain = craith é indorus na gaoithe
Fagh braoinín uisce coisreacan dom, go gcaithe mé é i mbéal na h-anachain = dubhradh lá gaoithe móire, agus an stoirm i gcontabhairt a' teach a thógáil dá lúdrachaí. (Nuair a bhítear a' craith an uisce coisreacan mar seo in aghaidh na h-anachain, bíonn 'chuile dhuine sa teach, a' breathnú in aghaidh na h-anachain agus a' guidhe. "Dia ráiste leatsa a Dhia" adeireas a' té bhíos dhá chraitheadh.)
TUILLEADH (1) ▼
Caith an fhiacail sin in aghaidh na h-anachain = fiacail a scoth duine, agus dubhairt duine eile leis í a chaitheamh in aghaidh na h-anachain as greann. (Go h-iondamhail, 'séard a déantar le fiacail í a chaitheamh siar thar mullach do chínn, ach gráinnín salainn a chuir ínnte idtosach. Is briotais magaidh doigh fhiacal é sin.)
d.
cruadhchan in aghaidh na h-anachain = gan géilleadh do'n mhíádh, do'n léan, nó do'n dubh-chinneamhaint; dubh-shlán na dubh-chinneamhna a thabhairt; ropadh leat as dubhshlán, dhá n-eirigheadh lear ná bris féin duit ("to steel yourself against misfortune").
+–
A' cruadhchan in aghaidh na h-anachain a bhí mé 'chuile lá ariamh = dhá n-eirigheadh bris díom, ní chuirfeadh sé oiread múisiaim orm, a's go n-imtheochadh mo mhisneach uaim; dhá mbeireadh bris orm, bhuailfinn faoi'n saoghal aríst; dhá mbaintí leagan asam, d'eireochainn aríst dhe.
Ní mór dhuit cruadhchan in aghaidh na h-anachain anois fharras ariamh = tá (air) agad misneach a bheith ionnad, agus gan an bhris sin, do do chur 'san ainriocht.
TUILLEADH (7) ▼
Ba mhaith uaidh cruadhchan in aghaidh na h-anachain agus a liachtaighe bris adeirigh dhó.
Nuair ba mheasa chuaidh an saoghal dó, bhí cruadhchan in aghaidh na h-anachain ann.
Is iomdha a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saoghal ag eirghe leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige, agus a ghreadfadh go 'Meiriocá. Ach ina leaba sin a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá'n saoghal a' féithiú leis dhá fhada go dtí é!
Is iomdha cor sa saoghal, agus níl ag duine ach cruadhchan in aghaidh na h-anachain, nuair a thosóchas sé a' gabhail dhá maidí air = nuair a thosóchas an saoghal ag dul in aghaidh duine, níl aige ach a dhubhshlán a thabhairt, agus a dhícheall a dhéanamh.
Ba mhór a' saothruidhe é a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain.
Ba mhaith a shaothruigh sé an saoghal ariamh a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain.
Bhris an 'bicycle' orm leath-bealaigh abhaile, agus bhí orm cruadhchan in aghaidh na h-anachain annsin.
2.
bás muc, beithidheach etc. Dá mbeadh duine ann nach mbeadh a chuid muc nó beithidheach ag eirghe leis, bheadh anachain muc nó beithidheach air, nó a' baint dó, bheadh neart feoil anachain aigeán a leithide.
a.
+–
Tá anachain muc a' baint dó; tá anachain beithidheach a' baint dó = faghann a chuid muc nó beithidheach ar fad bás; bíonn díleághadh ar a chuid; ní bhíonn a chuid muc nó beithidheach ag (dh)ul dó.
Tá anachain mhuc ar a' duine bocht. Níl muic a' bith ag eirghe leis = ní fhanann aon-mhuc beo aige.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé scriosta bánuighthe ag anachain mhuc, ní dhá roinnt leis é!
Ní fhágfa anachain na muc bonn bán air, mar ní mian leis eirghe asta(b)
Ní raibh aon anachain mhuc sa sean-teach ariamh go ndeachadar sa teach nuadh = ní chailltí muca orra(b) sa sean-teach, ach cailltear as éadan iad sa teach nuadh.
B'olc an maltraid (an t-aistriú, an t-imirce) acu é ó'n sean-teach go dtí an teach seo. Ní raibh anachain mhuc ariamh ag baint dóibh go dtí le goirid.
Is furasta codladh ar chneádha duine eile. Níl aon-neart ag a' duine bocht ar an anachain mhuc = is furasta do'n duine abhfhus gan anachain mhuc an té údan thall goilleamhaint air, faoi nach mbaineann sí leis féin ná a chuid.
+–
Níor fhág an anachain muc ná banbh agam, ní a' ceasacht ar Dhia é.
D'eirigh mé as bainbh ar fad mar ní raibh siad ag eirghe (ag eireachtáil) liom; níor fhága an anachain ceann ariamh agam = d'eirigh mé as bainbh a thógáil etc.
TUILLEADH (3) ▼
D'ídigh an anachain a' t-ál
Níor fhága an anachain ceann ar a' bhfeadhain aca(b) nar scuab sí léithe, má badh í máthair an áil féin í = cailleadh chuile cheann ar an ál agus an chráin féin ina dteannta.
Sin é Oisín indiaidh na Féinne. 'Sé ar fhága an anachain ar an ál = sin é an ceann deireannach déigheannach, agus níl beo de'n ál ach é anois.
+–
Ó thárla an anachain ar na muca, leig mé asta(b) ar fad, agus beathuighim cupla gamhainín in a leaba = d'eirigh mé as na muca ar fad, agus beathuighim gamhna ina n-áit anois, mar ní rabhadar a' eireachtáil liom.
Anachain orra(b) nó dhíob, is fearr imthighthe iad na muid fhéin = adéarfadh duine, nuair a chreidfeadh sé go raibh an t-imtheacht ar rud eicínt, agus gurbh fhearr imthighthe na muca nó na beithidhigh ná'n duine. (Féach imthigh)
TUILLEADH (1) ▼
Má tá'n anachain orra(b), imtheocha siad go tóin (túin adeirtear) = má tá'n bás orra, caillfidhear uilig iad.
+–
Díleághadh eicínt atá orra(b) ní dhá roínnt leo(b) é, nach n-eireochadh muc de mhíle muc leo(b) ag anachain = tá smál nó míádh eicínt orrab, go gcailltear na muca ar fad orra.
Bhí anachain ag (dh)uil dá chuid muc ariamh, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan anachain a' bith ann, ach cainnt. Má tá an rud ag (d)uil duit, fanfa sé agad (mairfidh sé) agus mara bhfuil leágha na bhFíann, ní choinneochadh beo é. (Tabhair faoi deara, go bhfuil an dá chuid de'n chainnt in aghaidh a chéile annseo. Sa gcéad chuid dubhairt sé nach raibh aon-anachain ann agus sa dárna cuid, bhréagnuigh sé sin aríst)
Is mór an leath-rann agaibh an anachain chéadna. Dá dtugadh sibh beatha agus aire do na muca, ní raibh bás ná bascadh orrab = nuair a cailleadh na muca dubhairt lucht a bhfreastail gur anachain ba chionn-tsiocair leo(b), ach dubhairt a' ceann eile, nárbh eadh, ach easba cothuighthe agus aire.)
Dhá bhfaghadh na bainbh tógáil, sílim go sáróchaidís an anachain! = dubhairt duine as greann é le tabhairt le tuiscint nach díleághadh a' bith a bhí ar na bainbh, ach easba tógál'
Bhí siad ina rampairí nuair a chuir an anachain a caoi fhéin orra(b) = bhí siad bog, beaithte, nuair a cailleadh iad.
Tá siad ar a' bhfaraor géar ag an anachain = ní bheadh fágtha de'n ál, ach ceann nó dhó.
Cé'n mhaith a bheith 'cur beatha amudha leo(b). Is gearr gur ag an anachain a bheidheas siad = níl aon-mhaith 'bheith dhá mbeathú, mar caillfidhear iad gan mórán achair.
Tá'n anachain a' síneadh go maith leis an duine bocht = níl an anachain a' fágáil tada aige.
Sí'n anachain atá indon síneadh le duine, ó thosóchas sí chor a' bith = tá sí indon é a bhánú. Imthigheann a chuid beithidheach a's muc.
Thug an anachain sioca eile faoi na chuid muc = cailleadh muca air leis an anachain.
Ní thugann an anachain forus a' bith dhó = tá a chuid beithidheach a's muc agus eile dhá síor-chailleadh.
Bheadh ciall bliadhain, ach 'sí 'n anachain chéadna 'chuile bhliadhain í = ní dhéanfaidhe iongantas a' bith, dá gcailltí iad bliadhain amháin, ach sé'n cás céadna é chuile bhliadhain imbéal a chéile.
Dhá mbadh mb'fhiú céad punt iad, badh é an chás, amháin é, ó theang(mh)uigh an anachain, aon-uair amháin leo(b).
+–
Ní fhanann muc ná banbh aige, nach gcailltear le anachain, ní dhá roinnt leis é, agus go mbadh leis fhéin uainne é!
Níor fhan banbh ar an ál aige, nár imthigh uaidh (nar cailleadh) le anachain, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (6) ▼
Cailleadh iad leis an anachain mar dhoigh dhe! Cailleadh iad leis an ocras (bainbh a cailleadh: dubhairt an té 'mba leis iad gur anachain a bhain dóibh, ach dubhairt an cainnteoir nach mbadh eadh ach ocras)
Tá smál eicín orainn go gcailltear 'chuile shórt a' gabhail linn, leis an anachain = tá míádh nó léan eicínt anuas orainn nach bhfanann beithidheach ná muc ná tada againn, nach gcáilltear.
Sin é an áit a raibh an chreach, 'chuile bhanbh a' gabhail leis caillte ar maidin leis an anachain!
Siúd é an áit a raibh an chreach agus an chreach nár roínneadh, trí mhuic bhreagha sínte thar oidhche, cáillte le anachain = ba mhór an léan é, trí mhuic bhreagha caillte tar éis na h-oidhche.
Sin é a bhfuil dhá mbarr agam anois: iad imthighthe le anachain, th'éis fheabhas na h-aire a fuair siad.
Bhí siad in áithrid a ndíolta, nuair a chailleadh le anachain iad = bhí siad in am andíolta nó sáthach reamhruighthe le díol etc.
·
Tá sé de gheis ar a' mbaile sin, go raibh anachain bheithidheach ariamh ann, ní dhá roínnt leis é.
·
Go gcumhdaighe dia ar gcuid ar anachain = nár thaga anachain ar ar gcuid.
b.
feoil anachain = feoil de bharr beithidhigh nó muca a chailleadh.
+–
Nar fheice Dia feoil anachain againn; nar thuga Dia feoil anachain dúinn (adéarfaidhe, dá mbeadh duine a' cur a chosa uaidh ag iarraidh feola, agus go h-áirid dá dtumnaigheadh sé an fheoil. Déarfaidhe freisin é nuair a chaillfí beithidheach nó muc ar a' gcomhursa).
Seán: Ag a' diabhal go raibh sib, nach bhfuair ruainne feola l'aghaidh an dinnéar (cé'n míádh a bhí orraí(b) etc. tuige sa míádh nach bhfuair sibh etc.); An Mháthair: Nar thuga Dia feoil anachain dúinn! (i.e. nar chailltear beithidheach ná muc dá'r gcuid!)
TUILLEADH (7) ▼
Cailleadh muc ar Sheán Sheumais indé, ní dhá roinnt leis é, agus go mbadh leis fhéin an fheoil anachain uainne!
Go gcoinnighe Dia feoil anachain uainn! = nar thaga an díleaghadh ar ar gcuid!
I bhfad uainn an fheoil anachain!
Má itheann muid feoil, nar badh feoil anachain í!
Má itheann muid feoil, nar leige Dia go mbadh le anachain í (nar leige Dia go mbadh feoil anachain í; go dtuga Dia nach feoil anachain í!)
Go dtuga Dia dhuit nach feoil anachain 'íosfas tú!
A chuid féin ag 'chuile chréatúr, agus ná raibh feoil anachain ag aon duine! = go bhfága Dia a chuid féin ag chuile chréatúr, agus ná raibh aon-fheoil anachain ag aon duine.
+–
Ní raibh aon-fheoil ar a' mbaile sin ariamh ach feoil anachain, ní dhá roinnt leo(b) é!
Má itheann tú feoil go mbadh feoil anachain í! (eascaine).
TUILLEADH (2) ▼
Go mbadh leo(b) fhéin uainne an anachain!
Roinnfeadh sé chuile shórt leat, ach an anachain = duine fial, gnaoidheamhail.
3.
"comhaire(amh) na h-anachain" = bíonn daoine a' comhaireamh na h-anachain, nuair a innsigheas siad, cé mhéad muc nó beithidheach a cailleadh orra, nó cé'n lear nó bris eile a bhain dóib.
+–
D'eirigh mé ar maidin agus chuaidh mé 'na n-aonaigh mhóir; a' díol a's a' ceannacht mar chuaidh na seach(t) sínnsir rómham; Casadh bean ar a' mbealach liom agus chuadhamar le chéile ag ól; a's ní comhaire(amh) na h-anachain é, d'ólamar luach na mbróg (an chéad cheathramha de "Táilliúr a' Mhaga" mar atá sé ag Beairtle Ruadh Ó Flaithbheartaigh, Camus, ach ní sa n-amhrán sin a bhíos sí i gcomhnuidhe)
D'imthigh cheithre cinn de mhuca uaim ní a' comhaireamh na h-anachain é = cailleadh cheithre mhuc orm, ní a' ceasacht ar Dhia é (creideann na daoine nach bhfuil sé sonaidhe an anachain a chomhaireamh. Dhá b(r)ithin sin, cuirtear isteach a' leagan seo 'chuile uair, dhá n-abruigheann duine gur eirigh bris nó lear dó, mór-mór, má chomhaireann sé méid a' lear'.)
TUILLEADH (21) ▼
Ní a' comhaireamh na h-anachain é, cailleadh chuile cheann ar a' bhfeádhain aca(b).
D'eirigh a' gceart dúinn, ní a' comhaireamh na h-anachain é = bhain a' ndíol bris nó lear dúinn, ní ceasacht ar dhia é (a' = ar = ár. Aidiacht sealbhach. Ní cloistear ach an a' i gCois-fhairrge)
Tháinic a' díleaghadh ar fad ar mo chuid, ní a' comhaireamh na h-anachain é.
Ní bheadh fhios agad cé'n smál áta chor a' bith orainn ní a' comhaireamh na h-anachain é
Mara dtuga tú aire de do chuid caorach, is a' comhaireamh na h-anachain a bheidheas tú go goirid
Fuair sé a cheart fhéin de'n anachain le comhaireamh, ní dhá roínnt leis é = cailleadh cuid mhaith air.
Ní a' comhaireamh na h-anachain ab fhearr liom a bheith, dá mbeadh neart air.
A' comhaireamh na h-anachain atá siad 'chuile lá san aer, ach sé a gcion-faillighe fhéin é = orra fhéin atá an locht go gcailltear nó go mbasctar eallach orra; ní thugann siad a ndóthain áirdill orra, nó ní bhreathnuigheann siad ina ndiaidh mar is ceart.
Dhá bhfaghadh na cearca beatha, ní a' comhaireamh na h-anachain a bheithí anois = ní imtheacht a' bith a bhí orra, ach cheal beatha.
Tá sé luath go leor a dhul a' comhaireamh na h-anachain, nuair a gheobhfas tú le comhaireamh í = beidh sé sáthach luath agad a bheith a' casaoid, nuair a bheidheas an rud imthighthe; níl siad caillte chor a' bith fós.
Ní mórán de'n anachain a fuair muid le comhaireamh ariamh, ní a' tabhairt gotha (gubha?) uirre é = is beag a cailleadh orainn ariamh, agus níl mé ag iarraidh anois go gcaillfí, ach an oiread.
Níl fata agam de bhláth bliadhna, ní a' comhaireamh na h-anachain é = lobh ar chuir mé d'fhataí orm, ní a' ceasacht ar dhia é.
Ní raibh aicíd ná angar (amhgar) i dtír ariamh a leig thairis muid, ní a' comhaireamh na h-anachain é = thagadh gach droch-ghalra, gorta agus 'chuile lear eile dá mbíodh sa tír orra.
Níl sé sonaidhe a' bheith a' comhaireamh na h-anachain mar sin = níl sé ádhamhail, a' bheith a' cur síos ar do lear ná ar do bhris mar sin.
Níl aon-mhaith an anachain a chomhaireamh.
Fág an anachain le comhaireamh ag duine eicínt eile
Ní a' comhaireamh na h-anachain é, tháinic sé ar a' méir féin againn aríst = dá ndéanadh duine rud a mbeadh sé in' aithmhéala faoi, agus go n-agróchadh dia air é aríst, déarfadh sé seo.
Is beag de'n anachain a fuaireamar le comhaireamh ariamh, agus go gcoinnighe Dia mar sin muid = is beag lear ná bris adeirigh dúinn ariamh, agus go mbadh amhlaidh dúinn feasta.
Níl a' saoghal a' féithiú linn, ní a' comhaireamh na h-anachain é = níl an saoghal ag eirghe linn, ní ceasacht ar Dhia é.
Nár fhágha tú d'anachain le comhaireamh ach é! = déarfaidhe é, nuair a d'eireochadh bris narbh fhiú cainnt uirre de dhuine.
Tá sé pighne caillte agam, ní a' comhaireamh na h-anachain é, ó shuidh mé ag a' gclár = cearrbhach adubhairt as greann.
Anachain in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Ba fear i bhfaitíos mise ar chaoi ar bith nó gur chrap an anachain sin (duine drochmhúinte) leis
→
freagair
Déan go réidh siar annsin. Is fánach an chaoi a dtreascróchaí thú i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leór sean-bhunannaí crainnte ag freagairt ann
Tá gasúir an tí seo imithe ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! = cuirtear "fuiléimneach" agus "fiodarinnce" le chéile
→
cosacán
Má chuirim cosacáin uirre, tá faitchíos orm go gcasfaidhear i dtreascairt 'sna breaclachaí siúd í, a's go mbascfa sí í fhéin i bhfad uainn an anachain!
Tá sí chomh cúimhiallta agad, a's go sílfeá, nach mbeadh anachain a' bith innte. Ach nach breagh go bhfuil 'na dheidh sin.
→
beo 1
Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn], a's nar fheice Dia feoil anachain aghainn.
→
aiféala
Leig de do chuid aithmhéala. Níl aon-mhaith sa seanchus nuair a bhío(nn)s an anachain déanta.
→
buail
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul a' bualadh bóthair, an tráth seo d'oidhche, a's gan fhios agad, céard a d'eireochadh dhuit, faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain a's an urchóid.
→
aire
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin, faitchíos na h-anachain ('Sna somplaí réamhráidhte "áirdeall" nó "aireachas" a bhíos ann go h-iondamhail)
+
→
anam
Ó d'eirigh liom m'anam a thabhairt liom, as a' tromfháisc sin, seachnócha mise an anachain feasta.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an anachain. Tá anam duine air, nuair a baintear amach é.
→
faill
Níor ghoin mh'aire mise in am. Dhá ngoineadh ní bhfuigheadh sé an fháill sin. Ach ní bhíonn aon-mhaith san seanchas agus an anachain déanta
+
→
feoil
Feóil anachain = muca nó beithigh nó eallach a chailleadh, nó iad a bheith tinn i gcruth agus nach mbeadh aon-tsúil leó, agus go maróchaí iad
TUILLEADH (2) ▼
Nár thuga Dia feóil anachain duinn! = nuair a bheadh beitheach ar a chailleadh nó tinn, nó nuair a bheithí ag trácht ar fheóil, nó daoine a bheith ag strócadh ag iarraidh feóla
→
feall 1
B'fhurasta a smíochadh. Níl spreacadh dreóilín ann, ach cár fhága tú an buille feille. Sin é an anachain i gcomhnaí
+
→
frigh
Is lú ná frigh máthair an droch-ábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain = is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé indon bás a thabhairt do dhuine agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí agad an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapuightheá ní shéidfeadh sí in a lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
→
forallas
Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus tháinig an for-allas amach thríom. Meastú nach ainsprid eicínt — i bhfad uainn an anachain! — a bhí san rud a chonnaic mé?
Is dainséarach an áit a bhfuil sé, dhá sciorradh a chois, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid!
Is fiú an anachain a sheachaint, adeir siad. Má leigeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an deádhuine
+
→
deachma
Cailleadh triúr orm i mbéal a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é ach caithfidh an deachma (an dul amú freisin) a chuid féin a fháil = cailleadh triúr páistí air, ach ní fhéadfaidís ar fad a bheith saoghlach. Caithfidh duine eicínt imeacht
TUILLEADH (2) ▼
'Bhfeiceann tú an péire breagh muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain indiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buidheachas le Dia bhí siad ag eirghe linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saoghal a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcomhnuí
Ní bhíodh aon-anachain bheithidheach orra go dtí le fíor-ghairid má's eadh. Dheamhan ar chuala mé ariamh gur imigh aon-cheann orra sin cheana. Ní beag dóib a thúisce go mbadh leo féin uainne é! Ara is beag a aireochas siad siúd bulán nó dhó, áit a bhfuil a leitheid siúd do phlód beithidheach. Níor mhór do'n deachma a chuid féin a fháil.
→
deacrach
Thuitfeadh déidín aige an oíche sin, mara dteigheadh sé ag an damhsa. Ba hé sin fhéin an damhsa deacrach do'n chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain ag teacht abhaile. Níor eirigh sé de chúl a chinn ó shoin, ach sínte istigh annsiúd
→
dealaigh
Ní dhealóchaidh an smál sin leo choidhchin nó go ndealuighidh siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na h-anachain é, d'imigh a gceart orra le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabhail leo. Is millteach an díleághadh atá orra, ní dhá roint leo é
+
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
TUILLEADH (1) ▼
Ghoin m'aire mé indeireadh na scríbe, ach bhí an anachain déanta = faoi dheireadh thiar; indeireadh na cúise
→
deiseal
Deiseal! Deiseal! I bhfad uainn an anachain agus an urchóid! Rith go beo agus fagh fód móna a chuirfeas mé in a béal (bó). Tá fata in a sheasamh in a muineál
+
→
dia 1
Ná déan é sin Dia idir sinn agus an anachain (Dia idir sinn agus an t-olc!)
TUILLEADH (3) ▼
Go dtugaidh Dia slán ó anachain an tsaoil é, céad slán dó = fear a bheadh imithe ibhfad ó bhaile
D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
Fuair muid a' (ar) sáith fhéin de'n anachain ní ag ceasacht ar Dhia é
+
Tá an fiabhras annsin 'sábhálaidh Dia sinn! Fanadh 'chuile dhuine as. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint adeir siad. Diúltaigheamuid dóib
TUILLEADH (1) ▼
Cá mbeadh do chosa do do thabhairt. Isteach idteach a bhfuil an galra eile sin ann — an typhus — i bhfad uainn an anachain! Ní ag cur aithne ort atá mé, ach ba cheart go mbeadh an oiread sin de thuiscint ionnad féin — nach dtiocfá ag brughadh ar an anachain. Diúltaigheamuid dó!
Cá bhfios domsa cé'n chaoi le fidheogaí a dhlaoithiú. Dlaoithigh thú féin cupla ceann aca idtosach go bhfeicidh mé. D'fheannfainn bó nó caora, i bhfad uainn an anachain, ach fidheógaí a dhlaoithiú …
→
dochar
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige, agus an tairnge ins an mbeo
→
Domhnach
Iarraim ar Rí an Domhnaigh cabhair agus congnamh a thabhairt duinn, agus muid a thabhairt slán ó anachain na bliana = Dia. Tá caint ar "Thobar Rí an Domhnaigh" in "Altú an Tobac"
Cheannuigh mé péire banbh annseo anuiridh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breagha. Ach an uair a bhí siad tóigthe ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor eirigh aon-mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. An uair nach n-eirigheann siad leat bhí sé cho maith ag duine leigean asta ar fad. Is mór an carghaos péire breagh muc a fheiceál ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógál (dtógáil)
→
drogall
Beidh luach do chuid drugaill agad ar ball, má theigheann ceann de na gamhna san gclaise agus é a bháthadh innte, i bhfad uainn an anachain!
→
droim
Tá ar ndóthain talmhana againn. Cé'n ghnatha a bheadh againn dó. Má fhaghann muid leithead a' (ar) ndroma dhe bíodh muid buidheach … i bhfad uainn an anachain is mór a bháidhtear nó a dhóightear
+
→
déan 1
Rinne mé cruadhchan in aghaidh na h-anachain. 'Sé a raibh le déanamh agam é
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-chaora ag gabhail linn nach ndearna cnuimhe anuiridh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na h-anachain é
→
díchúis
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an droch-fháisc annsin. Is maith éascaidh a dhéanfadh sé dí-chúis dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
+
→
díleá
Ó'n lá sin amach, tháinic díleághadh ar a raibh aige. Níor fhan gamhain ná bó ag gabhail leis. Bhí an anachain chéadna ar a chuid muc 'sabhálaidh Dia sinn. Bhasc a chapall í féin i gclochar. Thagadh an galra cam ar a chuid caorach an uair nach mbíodh sé ar aon-chaoirigh eile ins an tír. Níor fágadh bonn bán air.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sruth agus gaoth leo an fhad agus a bhíodar thuas, ach ó'n lá ar athruigh siad síos chuaidh an saoghal in a n-aghaidh. Tháinic díleághadh ar a raibh ag gabhail leo. Go fiú agus an síol féin a chuiridís ní bhíodh sé ag eirghe leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag 'chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orra in éindigh — ní dhá roint leo é. Fuair triúr mac breágh bás imbéal a chéile orra. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatorra ach an bhliain. An fear aca atá ins an gcomhaireamh ceann indiu, is beag fear tighe ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaidh an imirce do na créatúir bhochta sin
→
dún
Is fada an lá mo chroidhe-sa dúinte, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tugadh m'fhear uaim agus mo thriúr mac i mbláth a n-óige. Fuair mise mo cheart ní ag comhaireamh na h-anachain é
Ní caomhamhaint ar bith atá innte sin ach gur sháruigh sí an saoghal tá sí cho dúnárusach sin. Bhí mé soir annseo chuig an D. in éindigh léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid se'aghainn féin. Dubhairt mé léithe é. Níor dhubhairt sí a dhath faoi na gasúir se'aice féin. Ba bheag an luadh a bhí aice a rádh go raibh siad orra. Ní abróchadh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht de'n tsórt sin a bhí ag rith len a dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine