Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anachain
1.
dochar, díobháil; drochdhíol; drochíde; contúirt.
a.
+
Is anachain cheart é an cladach — is contúirteach an áit é do dhuine. B'fhéidir gurb é a bháthadh a dhéanfaí ann nó go gcaillfeadh sé a shláinte leis.
Ní anachain go dtí báid — is mór an chontúirt iad na báid
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an anachain é (adéarfaí le duine contúirteach nó duine olc, nó duine buailteach)
+
Níl a fhios ag duine cá'il an anachain — ní bhíonn a fhios ag duine cá gcasfar sa gcontúirt é
Níl a fhios ag duine cén anachain atá lena aghaidh ó éireos sé go dté sé a chodladh.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá an anachain le t'aghaidh, níl aon ghair agat imeacht uaithi — má tá anachain i ndán duit, níl tú in ann téaltú uaithi.
Is mór an anachain a dhul siar chor ar bith ann — is mór an chontúirt srl., b'fhéidir gur do bhualadh a déanfaí ann.
Níor lonnaigh mé ariamh ag crosbhóthar Dhoire Fhatharta, mar tá an anachain ann de ló is d'oíche.
Is i Leitir Móir atá a tabhairt amach (tabhairt amach na hanachain) — is ann atá an anachain críochnaithe
Dhá ghaireacht do bhaile dhá raibh sé, ba gaire a bhí an anachain — duine a buaileadh ar a shráid féin
Cuir an croich chéasta idir thú féin agus an anachain — fainic an chontúirt
+
'D'ordaigh Dia fhéin an anachain a sheachaint' (sórt seanfhocal)
Seachain an anachain!; fainic an anachain
TUILLEADH (2) ▼
Más leat an anachain a sheachaint, fan ó Bhaile an Droichid.
Más leat coinneáil ón anachain, coinnigh ón bpoitín.
+
Sin é baile na hanachain! — is contúirt a dhul ann; an té a rachadh ann, bheadh sé in aiféala
Sin í leac na hanachain — áit a mbíodh troid agus bualadh go minic
TUILLEADH (5) ▼
Sin é cosán na hanachain (gleann na hanachain srl.)
Tá máthair ghoir na hanachain idir a dhá shúil (adúradh le duine a raibh sé de cháil air a bheith olc nó místaidiúil)
Tá an anachain idir a dhá súil
Chuir sé cáir air fhéin liom — cáir na hanachain! — thosaigh sé ag gáire liom — an gáire gangaideach
Lig thart an anachain má fhéadann tú
·
Is ag brú ar an anachain atá tú (adéarfaí le duine a bheadh ag dul in áit chontúirtigh; nó i gcomhluadar nach mbeadh ar fónamh)
Nach maith go gcaithfeá tarraingt ar an anachain (adéarfaí le duine a bheadh i dtroid nó i gcontúirt)
+
Fan as an anachain má fhéadann tú (aithne a cuirfí ar dhuine gan a bheith i dtroid, in achrann, ná i gcontúirt dá bhféadadh sé)
D'éagóir Dé dhuit nár fhan as an anachain! — níor dearnadh leathcheart (leath an chirt) leat nár fhan tú fhéin as an gcontúirt; tuilleadh tubaiste chugat (níl an eascaine baileach chomh gangaideach sin) a chuaigh sa gcontúirt
TUILLEADH (2) ▼
Níor dearnadh leath an chirt leat agus a fhusacht duit fanacht as an anachain.
Fan as an anachain, ní ag cur aithne ort é! — comhairle a bhéarfaí do dhuine an chontúirt a sheachaint. Cuirtear isteach an chuid deireadh ionann is go mbeadh an cainteoir ag iarraidh a chur i dtuiscint don cheann eile nach raibh sé in ann fios a ghnaithí a mhúineadh dó, as múineadh adeireanns sé sin
+
Fainic a dtiocfá san anachain.
Ní chasfar san anachain mé nó go gcinne orm.
TUILLEADH (8) ▼
Chuir sé parúl air gan a dhul san anachain; chuir sé aithne air (thug sé comhairle dhó) gan a dhul san anachain.
Dhá gcuirtheá parúl (fainic, comhairle, aithne srl.) air gan a dhul san anachain, ba é an mhaith amháin dhuit é — ní thabharfadh sé aon aird ar t'aithne.
Tiocfaidh mac na míchomhairle i gcónaí san anachain.
Is dochomhairleach (dochomhairlithe) an duine é nach bhfanfadh as an anachain uair eicínt.
'Sé buac an duine danartha a bheith san anachain — 'sé a bhfuil duine danartha (doscúch, míchomhairleach ceanndána) a iarraidh é a chasachtáil i gcontúirt
Cén smál a bhí air gur casadh san anachain é — cén mí-ádh nó cat mara a thug sa tromásc é.
Ní beo é gan é bheith sáite san anachain — tá sé i gcónaí i lár bruíne, troda srl.
Is fada siar Doire Fhatharta a thug do chosa thú? Nach raibh a fhios agat nárbh fhéidir leat do cheann a thabhairt as an anachain ansin.
+
Ní bheadh anachain ná contúirt (ní bheadh contúirt ná anachain) ó thigh dheamhain go tigh diúin i ngan fhios duit — bíonn tú i chuile chontúirt
Is maith an oidhe ort é ós tú fhéin a bhí ag tóraíocht na hanachain — ní bhfuair tú ach ar thuill tú, mar tú fhéin is ciontaí go ndeachaigh tú sa gcontúirt (sa mbualadh srl.)
TUILLEADH (6) ▼
Tabharfaidh an anachain a chomhairleachan dó as a dheireadh.; comhairleoidh an anachain é agus nícomhairleachan in aisce é — beidh sé in aiféala faoi dhul sa gcontúirt uair eicínt
Ní fearr leis an duine doscúch áit dhá mbeidh sé ná i gceartlár na hanachain — is maith leis an duine dochomhairleach nó míchomhairleach a bheith tarraingthe ar an gcontúirt i gcónaí
Is doscúch an mac (diabhal, an cathaíodóir srl.) é nach gcoinneodh amach as an anachain uair eicínt.
Má tá sé leagtha amach ar an anachain, is beag an mhaith aithne a chur air — má tá faoi a dhul sa gcontúirt nó sa troid, níl aon mhaith a rá leis (gan a dhul) staonadh.
'An té atá tórtha ar an anachain bascfaidh sí é,' mar adeir an Soiscéal.
Cén anachain a chas aniar anois é — cén fhoghail nó místaid nó dochar a thug aniar é; cén mhístaid atá faoi a dhéanamh abhus.
·
Ní bhíonn aon mhaith sa seanchas nuair a bhíonns an anachain déanta (seanfhocal) — níl aon mhaith ag fuasaoid nó ag cásamh an dochair nuair atá an dochar déanta.
b.
(beannachtaí agus mallachtaí faoi anachain).
+
Coinnigh do chuid éadaigh ón tine, i bhfad uainn an anachain!
Ná téirigh in aice an chapaill, i bhfad uainn an anachain!
TUILLEADH (3) ▼
I bhfad uainn an anachain agus an urchóid (adéarfaí nuair a d'fheicfeá duine dhá threascairt agus gan fhios agat faoi láthair nach gortaithe a bhí sé. Nó déarfaí é nuair a d'inseofaí dhuit faoi an-bhás nó bás tobann a fuair duine, nó beithíoch)
Máire: Cailleadh Seán Mór ar maidin.; Bríd: Cér deir tú! I bhfad uainn an anachain is an urchóid!
Chroch Mícheáilín é fhéin, i bhfad uainn an anachain is an urchóid!
+
Go gcuire Dia anachain na bliana tharainn (adéarfaí oíche chinn bhliana, nó ar chríochnú oibre, nó ar ghlacadh buíochais duit faoi chomaoin a caitheadh leat; cuir i gcás ag ól gloine fuisce ó chomharsa nó a shamhail); go gcuire Dia thar anachain na bliana muid fhéin agus ár muintir agus gach a mbaineann linn! (nó muid fhéin agus ár muintir, ár gcuid agus ár maoin, nó ár gcuid is ár mbeithíoch!)
Nár thé sé in anachain dúinn!; nár lige Dia go dtiocfadh sé in anachain dúinn! (adéarfaí faoi rud eicínt a dhéanfadh duine eicínt den teaghlach nó den chlann agus nach mbeadh a fhios an chun maitheasa nó chun donachta a rachadh sé)
TUILLEADH (3) ▼
Nár fheice Dia an fhad sin de luí bliana le anachain ná le éalang ort! (adéarfaí ag gabháil buíochais faoi shoilíos nó faoi obair eicínt a rinne duine eile dhuit)
Nár fheice Dia feoil anachain againn (fc. síos tuilleadh)
Nár thuga Dia feoil anachain dúinn (fc. síos tuilleadh)
+
Má bhíonn anachain ann go mba ort fhéin a thitfeas sí; má théann sé chun anachain d'aon duine, anuas faoi do mhullach fhéin é (faoina mhullach féin é) — adéarfaí le duine nó faoi dhuine a rinne drocheascaine ort
Olc agus anachain na bliana air — (mallacht; eascaine)
TUILLEADH (8) ▼
Mo chuid anachain air! (mallacht; eascaine)
Mo chuid den anachain air! (mallacht; eascaine)
Nár lige an anachain thairti é! (mallacht; eascaine)
Anachain muc agus beithíoch air! (mallacht; eascaine)
Má itheann sé feoil, go mba feoil anachain í! (mallacht; eascaine)
Mo chuid tubaiste agus anachain na bliana air! (mallacht; eascaine)
Anachain na bliana anuas faoina mhullach! (mallacht; eascaine)
Anachain muc ort!; anachain beithíoch ort! (mallacht; eascaine)
c.
béal na hanachain, in aghaidh na hanachain srl. Dhá mbeadh gaoth mhór nó feothan, nó toirneach nó a samhail ann, caithfí braon uisce coisricthe i mbéal na hanachainin aghaidh na hanachain .i. croithfí é i dtaobh na gaoithe nó na scaile (scalach freisin).
+
Croith braon uisce coisreacan in aghaidh (i mbéal) na hanachain — croith é i ndoras na gaoithe
Faigh braoinín uisce coisreacan dom go gcaithe mé é i mbéal na hanachain — dúradh lá gaoithe móire agus an stoirm i gcontúirt an teach a thógáil dá lúdrachaí. Nuair a bhítear ag croitheadh an uisce coisreacan mar seo in aghaidh na hanachain, bíonn chuile dhuine sa teach ag breathnú in aghaidh na hanachain agus ag guí. 'Diaráiste leatsa a Dhia,' adeireas an té bhíos dhá chroitheadh.
TUILLEADH (1) ▼
Caith an fhiacail sin in aghaidh na hanachain — fiacail a scoith duine agus dúirt duine eile leis í a chaitheamh in aghaidh na hanachain as greann. Go hiondúil, séard a déantar le fiacail í a chaitheamh siar thar mullach do chinn ach gráinnín salainn a chur inti i dtosach. Is briotais magaidh daigh fhiacal é sin.
d.
cruachan in aghaidh na hanachain: gan géilleadh don mhí-ádh, don léan, nó don dubhchinniúint; dúshlán na dubhchinniúna a thabhairt; ropadh leat as dúshlán, dhá n-éiríodh lear ná bris féin duit (to steel yourself against misfortune).
+
Ag cruachan in aghaidh na hanachain a bhí mé chuile lá ariamh — dhá n-éiríodh bris díom, ní chuirfeadh sé oiread múisiaim orm agus go n-imeodh mo mhisneach uaim; dhá mbeireadh bris orm, bhuailfinn faoin saol aríst; dhá mbaintí leagan asam, d'éireoinn aríst dhe.
Ní mór dhuit cruachan in aghaidh na hanachain anois tharas ariamh — tá (air) agat misneach a bheith ionat agus gan an bhris sin do do chur san ainriocht
TUILLEADH (7) ▼
Ba mhaith uaidh cruachan in aghaidh na hanachain agus a liachtaí bris a d'éirigh dhó.
Nuair ba mheasa a chuaigh an saol dó, bhí cruachan in aghaidh na hanachain ann.
Is iomaí a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saol ag éirí leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige agus a ghreadfadh go Meiriceá. Ach ina leaba sin, ag cruachan in aghaidh na hanachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá an saol ag féithiú leis dhá fhada go dtí é!
Is iomaí cor sa saol agus níl ag duine ach cruachan in aghaidh na hanachain nuair a thosós sé ag gabháil dhá maidí air — nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine, níl aige ach a dhúshlán a thabhairt agus a dhícheall a dhéanamh.
Ba mhór an saothraí é ag cruachan in aghaidh na hanachain.
Ba mhaith a shaothraigh sé an saol ariamh ag cruachan in aghaidh na hanachain.
Bhris an bicycle orm leath bealaigh abhaile agus bhí orm cruachan in aghaidh na hanachain ansin.
2.
bás muc, beithíoch srl. Dá mbeadh duine ann nach mbeadh a chuid muc nó beithíoch ag éirí leis, bheadh anachain muc nó beithíoch air, nó ag baint dó, bheadh neart feoil anachain ag a leithide.
a.
+
Tá anachain muc ag baint dó; tá anachain beithíoch ag baint dó — faigheann a chuid muc nó beithíoch ar fad bás; bíonn díleá ar a chuid; ní bhíonn a chuid muc nó beithíoch ag dhul dó.
Tá anachain mhuc ar an duine bocht. Níl muic ar bith ag éirí leis — ní fhanann aon mhuc beo aige.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé scriosta bánaithe ag anachain mhuc, ní dhá roinnt leis é!
Ní fhágfaidh anachain na muc bonn bán air mar ní mian leis éirí astub
Ní raibh aon anachain mhuc sa seanteach ariamh go ndeachadar sa teach nua — ní chailltí muca orthub sa seanteach ach cailltear as éadan iad sa teach nua.
B'olc an malrait (an t-aistriú, an t-imirce) acu é ón seanteach go dtí an teach seo. Ní raibh anachain mhuc ariamh ag baint dóibh go dtí le gairid.
Is furasta codladh ar chneá duine eile. Níl aon neart ag an duine bocht ar an anachain mhuc — is furasta don duine abhus gan anachain mhuc an té údan thall goilliúint air, faoi nach mbaineann sí leis féin ná a chuid.
+
Níor fhág an anachain muc ná banbh agam, ní ag ceasacht ar Dhia é.
D'éirigh mé as bainbh ar fad mar ní raibh siad ag éirí (ag éireachtáil) liom; níor fhága an anachain ceann ariamh agam — d'éirigh mé as bainbh a thógáil srl.
TUILLEADH (3) ▼
D'ídigh an anachain an t-ál
Níor fhága an anachain ceann ar an bhfeadhain acub nár scuab sí léithe, má ba í máthair an áil féin í — cailleadh chuile cheann ar an ál agus an chráin féin ina dteannta.
Sin é Oisín i ndiaidh na Féinne. 'Sé ar fhága an anachain ar an ál — sin é an ceann deireanach déanach, agus níl beo den ál ach é anois.
+
Ó tharla an anachain ar na muca, lig mé astub ar fad agus beathaím cupla gamhainín ina leaba — d'éirigh mé as na muca ar fad agus beathaím gamhna ina n-áit anois mar ní rabhadar ag éireachtáil liom
Anachain orthub nó dhíobh, is fearr imithe iad ná muid fhéin — adéarfadh duine nuair a chreidfeadh sé go raibh an t-imeacht ar rud eicínt agus gurbh fhearr imithe na muca nó na beithígh ná an duine (fc. imigh)
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an anachain orthub, imeoidh siad go tóin (túin adeirtear) — má tá an bás orthu, caillfear uilig iad
+
Díleá eicínt atá orthub, ní dhá roinnt leob é, nach n-éireodh muc de mhíle muc leob ag anachain — tá smál nó mí-ádh eicínt orthub go gcailltear na muca ar fad orthu.
Bhí anachain ag dhul dá chuid muc ariamh, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan anachain ar bith ann ach caint. Má tá an rud ag dul duit, fanfaidh sé agat (mairfidh sé) agus mura bhfuil, leagha na bhFiann ní choinneodh beo é. (Tabhair faoi deara go bhfuil an dá chuid den chaint in aghaidh a chéile anseo. Sa gcéad chuid dúirt sé nach raibh aon anachain ann agus sa darna cuid, bhréagnaigh sé sin aríst)
Is mór an leathrann agaibh an anachain chéanna. Dá dtugadh sibh beatha agus aire do na muca, ní raibh bás ná bascadh orthub — nuair a cailleadh na muca dúirt lucht a bhfreastail gur anachain ba chiontsiocair leob, ach dúirt an ceann eile nárbh ea ach easpa cothaithe agus aire.
Dhá bhfaigheadh na bainbh tógáil, sílim go sáróidís an anachain! — dúirt duine as greann é le tabhairt le tuiscint nach díleá ar bith a bhí ar na bainbh ach easpa tógála
Bhí siad ina rampairí nuair a chuir an anachain a caoi fhéin orthub — bhí siad bog beaite nuair a cailleadh iad.
Tá siad ar an bhfaraor géar ag an anachain — ní bheadh fágtha den ál ach ceann nó dhó.
Cén mhaith a bheith ag cur beatha amú leob. Is gearr gur ag an anachain a bheas siad — níl aon mhaith a bheith dhá mbeathú mar caillfear iad gan mórán achair.
Tá an anachain ag síneadh go maith leis an duine bocht — níl an anachain ag fágáil tada aige.
'Sí an anachain atá in ann síneadh le duine ó thosós sí chor ar bith — tá sí in ann é a bhánú. Imíonn a chuid beithíoch agus muc.
Thug an anachain sioca eile faoina chuid muc — cailleadh muca air leis an anachain.
Ní thugann an anachain foras ar bith dhó — tá a chuid beithíoch agus muc agus eile dhá síorchailleadh.
Bheadh ciall bliain, ach 'sí an anachain chéanna chuile bhliain í — ní dhéanfaí iontas ar bith dá gcailltí iad bliain amháin, ach 'sé an cás céanna é chuile bhliain i mbéal a chéile.
Dhá mba mb'fhiú céad punt iad, ba aon chás amháin é ó theangaigh an anachain aon uair amháin leob.
+
Ní fhanann muc ná banbh aige nach gcailltear le anachain, ní dhá roinnt leis é agus go mba leis fhéin uainne é!
Níor fhan banbh ar an ál aige nár imigh uaidh (nár cailleadh) le anachain, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (6) ▼
Cailleadh iad leis an anachain mar dhóigh dhe! Cailleadh iad leis an ocras (bainbh a cailleadh: dúirt an té a mba leis iad gur anachain a bhain dóibh ach dúirt an cainteoir nach mba ea ach ocras)
Tá smál eicín orainn go gcailltear chuile shórt ag gabháil linn leis an anachain — tá mí-ádh nó léan eicínt anuas orainn nach bhfanann beithíoch ná muc ná tada againn nach gcailltear.
Sin é an áit a raibh an chreach, chuile bhanbh ag gabháil leis caillte ar maidin leis an anachain!
Siúd é an áit a raibh an chreach agus an chreach nár roinneadh, trí mhuic bhreátha sínte thar oíche, caillte le anachain — ba mhór an léan é, trí mhuic bhreátha caillte tar éis na hoíche
Sin é a bhfuil dhá mbarr agam anois: iad imithe le anachain, théis fheabhas na haire a fuair siad.
Bhí siad in áirid a ndíolta nuair a chailleadh le anachain iad — bhí siad in am a ndíolta nó sách ramhraithe le díol srl
·
Tá sé de gheis ar an mbaile sin go raibh anachain bheithíoch ariamh ann, ní dhá roinnt leis é
·
Go gcumhdaí Dia ár gcuid ar anachain — nár thaga anachain ar ár gcuid
b.
feoil anachain: feoil de bharr beithígh nó muca a chailleadh.
+
Nár fheice Dia feoil anachain againn; nár thuga Dia feoil anachain dúinn (adéarfaí dá mbeadh duine ag cur a chosa uaidh ag iarraidh feola, agus go háirid dá dtiomnaíodh sé an fheoil. Déarfaí freisin é nuair a chaillfí beithíoch nó muc ar an gcomharsa)
Seán: Ag an diabhal go raibh sibh nach bhfuair ruainne feola le aghaidh an dinnéar (cén mí-ádh a bhí oraibh srl. tuige sa mí-ádh nach bhfuair sibh srl.); An Mháthair: Nár thuga Dia feoil anachain dúinn! (.i. nár chailltear beithíoch ná muc dár gcuid!)
TUILLEADH (7) ▼
Cailleadh muc ar Sheán Shéamais inné, ní dhá roinnt leis é, agus go mba leis fhéin an fheoil anachain uainne!
Go gcoinní Dia feoil anachain uainn! — nár thaga an díleá ar ár gcuid!
I bhfad uainn an fheoil anachain!
Má itheann muid feoil, nár ba feoil anachain í!
Má itheann muid feoil, nár lige Dia go mba le anachain í (nár lige Dia go mba feoil anachain í; go dtuga Dia nach feoil anachain í!)
Go dtuga Dia dhuit nach feoil anachain a íosfas tú!
A chuid féin ag chuile chréatúr agus ná raibh feoil anachain ag aon duine! — go bhfága Dia a chuid féin ag chuile chréatúr agus ná raibh aon fheoil anachain ag aon duine
+
Ní raibh aon fheoil ar an mbaile sin ariamh ach feoil anachain, ní dhá roinnt leob é!
Má itheann tú feoil, go mba feoil anachain í! (eascaine)
TUILLEADH (2) ▼
Go mba leob fhéin uainne an anachain!
Roinnfeadh sé chuile shórt leat ach an anachain — duine fial, gnaíúil
3.
comhaireamh na hanachain: bíonn daoine ag comhaireamh na hanachain nuair a insíos siad cé mhéad muc nó beithíoch a cailleadh orthu, nó cén lear nó bris eile a bhain dóibh.
+
"D'éirigh mé ar maidin agus chuaigh mé 'na aonaigh mhóir; Ag díol agus ag ceannacht mar a chuaigh na seacht sinsir romham; Casadh bean ar an mbealach liom agus chuamar le chéile ag ól; Agus ní ag comhaireamh na hanachain é, d'ólamar luach na mbróg" (an chéad cheathrú de Táilliúr an Mhagaidh mar atá sé ag Beairtle Rua Ó Flaithbheartaigh, Camas, ach ní san amhrán sin a bhíos sí i gcónaí)
D'imigh cheithre cinn de mhuca uaim, ní ag comhaireamh na hanachain é — cailleadh cheithre mhuc orm, ní ag ceasacht ar Dhia é (creideann na daoine nach bhfuil sé sonaí an anachain a chomhaireamh. Dhá bhríthin sin, cuirtear isteach an leagan seo chuile uair dhá n-abraíonn duine gur éirigh bris nó lear dó, mór mór má chomhaireann sé méid an lear.)
TUILLEADH (21) ▼
Ní ag comhaireamh na hanachain é, cailleadh chuile cheann ar an bhfeadhain acub.
D'éirigh a gceart dúinn, ní ag comhaireamh na hanachain é — bhain ár ndíol bris nó lear dúinn, ní ceasacht ar Dhia é (a = ar = ár, aidiacht sealbhach. Ní cloistear ach an a i gCois fharraige)
Tháinig an díleá ar fad ar mo chuid, ní ag comhaireamh na hanachain é.
Ní bheadh a fhios agat cén smál áta chor ar bith orainn, ní ag comhaireamh na hanachain é
Mura dtuga tú aire do do chuid caorach, is ag comhaireamh na hanachain a bheas tú go gairid
Fuair sé a cheart fhéin den anachain le comhaireamh, ní dhá roinnt leis é — cailleadh cuid mhaith air
Ní ag comhaireamh na hanachain ab fhearr liom a bheith dá mbeadh neart air.
Ag comhaireamh na hanachain atá siad chuile lá san aer, ach sé a gcion faillí fhéin é — orthu fhéin atá an locht go gcailltear nó go mbasctar eallach orthu; ní thugann siad a ndóthain airdill orthu, nó ní bhreathnaíonn siad ina ndiaidh mar is ceart
Dhá bhfaigheadh na cearca beatha, ní ag comhaireamh na hanachain a bheifí anois — ní imeacht ar bith a bhí orthu ach cheal beatha
Tá sé luath go leor a dhul ag comhaireamh na hanachain nuair a gheobhas tú le comhaireamh í — beidh sé sách luath agat a bheith ag casaoid nuair a bheas an rud imithe; níl siad caillte chor ar bith fós
Ní mórán den anachain a fuair muid le comhaireamh ariamh, ní ag tabhairt gutha uirthi é — is beag a cailleadh orainn ariamh agus níl mé ag iarraidh anois go gcaillfí ach an oiread
Níl fata agam de bhláth bliana, ní ag comhaireamh na hanachain é — lobh ar chuir mé d'fhataí orm, ní ag ceasacht ar Dhia é
Ní raibh aicíd ná angar i dtír ariamh a lig thairis muid, ní ag comhaireamh na hanachain é — thagadh gach drochghalra, gorta, agus chuile lear eile dá mbíodh sa tír orthu
Níl sé sonaí a bheith ag comhaireamh na hanachain mar sin — níl sé ádhúil a bheith ag cur síos ar do lear ná ar do bhris mar sin
Níl aon mhaith an anachain a chomhaireamh
Fág an anachain le comhaireamh ag duine eicínt eile
Ní ag comhaireamh na hanachain é, tháinig sé ar an méir féin againn aríst — dá ndéanadh duine rud a mbeadh sé ina aiféala faoi, agus go n-agródh Dia air é aríst, déarfadh sé seo
Is beag den anachain a fuaireamar le comhaireamh ariamh, agus go gcoinní Dia mar sin muid — is beag lear ná bris a d'éirigh dúinn ariamh agus go mba amhlaidh dúinn feasta
Níl an saol ag féithiú linn, ní ag comhaireamh na hanachain é — níl an saol ag éirí linn, ní ag ceasacht ar Dhia é
Nár fhaighe tú d'anachain le comhaireamh ach é! — déarfaí é nuair a d'éireodh bris nárbh fhiú caint uirthi do dhuine.
Tá sé pínne caillte agam, ní ag comhaireamh na hanachain é, ó shuigh mé ag an gclár — cearrbhach adúirt as greann

Féach freisin

anachain in iontrálacha eile (50+)

 
Ba fear i bhfaitíos mise ar chaoi ar bith nó gur chrap an anachain sin (duine drochmhúinte) leis
 
Déan go réidh siar ansin. Is fánach an chaoi a dtreascrófaí thú, i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leor seanbhunannaí crainnte ag freagairt ann
 
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
 
Má chuirim cosacáin uirthi, tá faitíos orm go gcasfar i dtreascairt sna breaclachaí siúd í agus go mbascfaidh sí í fhéin, i bhfad uainn an anachain!
 
Tá sí chomh cúirialta agat, agus go sílfeá nach mbeadh anachain ar bith inti. Ach nach breá go bhfuil ina dhiaidh sin.
 
beo 1
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn, agus nár fheice Dia feoil anachain againn.
 
Lig de do chuid aiféala. Níl aon mhaith sa seanchas nuair a bhíonns an anachain déanta.
 
buail
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul ag bualadh bóthair an tráth seo d'oíche agus gan fhios agat céard a d'éireodh dhuit faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid.
 
aire
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin faitíos na hanachain (sna samplaí réamhráite airdeallaireachas a bhíos ann go hiondúil)
+
anam
Ó d'éirigh liom m'anam a thabhairt liom as an tromásc sin, seachnóidh mise an anachain feasta.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an anachain. Tá anam duine air nuair a baintear amach é.
 
ascar
Bhí a chapall in ascar inné, agus i bhfad uainn an anachain, briseadh a cois
 
faill
Níor ghoin mh'aire mise in am. Dhá ngoineadh, ní bhfaigheadh sé an fhaill sin. Ach ní bhíonn aon mhaith sa seanchas agus an anachain déanta
+
feoil
Feoil anachain — muca nó beithígh nó eallach a chailleadh, nó iad a bheith tinn i gcruth is nach mbeadh aon tsúil leo, agus go marófaí iad
TUILLEADH (2) ▼
Nár thuga Dia feoil anachain dúinn! — nuair a bheadh beathach ar a chailleadh nó tinn, nó nuair a bheifí ag trácht ar fheoil, nó daoine a bheith ag stróiceadh ag iarraidh feola
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh agus nár thuga Dia feoil anachain dúinn — cuirtear an dá rud le chéile mar seo ag tabhairt bhuíochais as ucht béilí (fc. beo, anachain)
 
feall 1
B'fhurasta a smíochadh. Níl spreacadh dreoilín ann, ach cár fhága tú an buille feille. Sin é an anachain i gcónaí
+
frigh
Is lú ná frigh máthair an drochábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain — is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé in ann bás a thabhairt do dhuine srl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí agat an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapaíteá, ní shéidfeadh sí ina lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
 
Rinne gruaig mo chinn slatachaí agus tháinig an forallas amach thríom. Meas tú nach ainsprid eicínt — i bhfad uainn an anachain! — a bhí sa rud a chonaic mé?
 
Is dainséarach an áit a bhfuil sé, dhá sciorradh a chois, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid!
 
Is fiú an anachain a sheachaint adeir siad. Má ligeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an dea-dhuine
+
Cailleadh triúr orm i mbéal a chéile, ní ag comhaireamh na hanachain é, ach caithfidh an deachma (an dul amú freisin) a chuid féin a fháil — cailleadh triúr páistí air, ach ní fhéadfaidís ar fad a bheith saolach. Caithfidh duine eicínt imeacht
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú an péire breá muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain i ndiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na hanachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buíochas le Dia bhí siad ag éirí linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saol a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcónaí
Ní bhíodh aon anachain bheithíoch orthu go dtí le fíorghairid más ea. Dheamhan ar chuala mé ariamh gur imigh aon cheann orthu sin cheana. Ní beag dóibh a thúisce go mba leo féin uainne é! Ara is beag a aireos siad siúd bullán nó dhó, áit a bhfuil a leithéid siúd de phlód beithíoch. Níor mhór don deachma a chuid féin a fháil
 
Thitfeadh déidín aige an oíche sin, mura dtéadh sé ag an damhsa. Ba é sin fhéin an damhsa deacrach don chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain, ag teacht abhaile. Níor éirigh sé de chúl a chinn ó shin, ach sínte istigh ansiúd
 
Ní dhealóidh an smál sin leo choíchin nó go ndealaí siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na hanachain é, d'imigh a gceart orthu le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabháil leo. Is millteach an díleá atá orthu, ní dhá roinnt leo é
+
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
TUILLEADH (1) ▼
Ghoin m'aire mé i ndeireadh na scríbe, ach bhí an anachain déanta — faoi dheireadh thiar; i ndeireadh na cúise
 
Deiseal! Deiseal! I bhfad uainn an anachain agus an urchóid! Rith go beo agus faigh fód móna a chuirfeas mé ina béal (bó). Tá fata ina sheasamh ina muineál
+
dia 1
Ná déan é sin, Dia idir sinn agus an anachain (Dia idir sinn agus an t-olc!)
TUILLEADH (3) ▼
Go dtuga Dia slán ó anachain an tsaoil é, céad slán dó — fear a bheadh imithe i bhfad ó bhaile
D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint
Fuair muid a (ár) sáith fhéin den anachain, ní ag ceasacht ar Dhia é
+
Tá an fiabhras ansin go sábhála Dia sinn! Fanadh chuile dhuine as. D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint adeir siad. Diúltaímid dóibh
TUILLEADH (1) ▼
Cá mbeadh do chosa do do thabhairt. Isteach i dteach a bhfuil an galra eile sin ann — an typhus — i bhfad uainn an anachain! Ní ag cur aithne ort atá mé, ach ba cheart go mbeadh an oiread sin de thuiscint ionat féin — nach dtiocfá ag brú ar an anachain. Diúltaímid dó!
 
Cá bhfios domsa cén chaoi le fiógaí a dhlaoithiú. Dlaoithigh thú féin cupla ceann acu i dtosach go bhfeice mé. D'fheannfainn bó nó caora, i bhfad uainn an anachain, ach fiógaí a dhlaoithiú …
 
dochar
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige agus an tairne sa mbeo
 
Iarraim ar Rí an Domhnaigh cabhair agus cúnamh a thabhairt dúinn, agus muid a thabhairt slán ó anachain na bliana — Dia. Tá caint ar Thobar Rí an Domhnaigh in Altú an Tobac
 
drad
Rug drad an mheaisín air agus sciob sé an láimh dó, i bhfad uainn an anachain
 
Cheannaigh mé péire banbh anseo anuraidh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breátha. Ach nuair a bhí siad tógtha ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor éirigh aon mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. Nuair nach n-éiríonn siad leat bhí sé chomh maith ag duine ligean astu ar fad. Is mór an carghas péire breá muc a fheiceáil ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógáil
 
Beidh luach do chuid drogaill agat ar ball má théann ceann de na gamhna sa gclaise agus é a bháthadh inti, i bhfad uainn an anachain!
 
droim
Tá ár ndóthain talúna againn. Cén ghnaithe a bheadh againn dó. Má fhaigheann muid leithead a (ár) ndroma dhe bíodh muid buíoch … i bhfad uainn an anachain is mór a bháitear nó a dhóitear
+
déan 1
Rinne mé cruachan in aghaidh na hanachain. 'Sé a raibh le déanamh agam é
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon chaora ag gabháil linn nach ndearna cruimhe anuraidh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na hanachain é
 
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an drocháisc ansin. Is maith éasca a dhéanfadh sé díchúis dhuit dhá gcaitheadh sé ina cheann é. D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint
+
Ón lá sin amach, tháinig díleá ar a raibh aige. Níor fhan gamhain ná bó ag gabháil leis. Bhí an anachain chéanna ar a chuid muc go sábhála Dia sinn. Bhasc a chapall í féin i gclochar. Thagadh an galra cam ar a chuid caorach nuair nach mbíodh sé ar aon chaoirigh eile sa tír. Níor fágadh bonn bán air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
dún
Is fada an lá mo chroíse dúnta, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tugadh m'fhear uaim agus mo thriúr mac i mbláth a n-óige. Fuair mise mo cheart, ní ag comhaireamh na hanachain é
 
Ní caomhúint ar bith atá inti sin ach gur sháraigh sí an saol tá sí chomh dúnárasach sin. Bhí mé soir anseo chuig an D. in éindí léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid s'againn féin. Dúirt mé léithe é. Níor dhúirt sí a dhath faoi na gasúir s'aici féin. Ba bheag an lua a bhí aici a rá go raibh siad orthu. Ní abródh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht den tsórt sin a bhí ag rith lena dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine