Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Brabach
Ainm-fhocal, firinscneach.
tuiseal gein. — brabaigh.
Níl aon-uimhir iolraidh aige
Is mó a bhíos an focal seo i gceist i gCois Fhairrge ná faoi Chonamara
1.
bantáiste, earr a's barr, sochar, gnothachtáil, buadhachtáil, balachtáil.
+
Déanfa sé brabach, nó's cinneamhaint air é.
Cé'n brabach a rinne sé ar a' margadh?
TUILLEADH (4) ▼
Déanfa sé siúd brabach ar mhuca, nó cínnfe an saoghal air.
Tá na siopadóirí sin indon brabach a dhéanamh de rud a' bith.
Ní féidir nach ndearna sé ach a' méid sin brabach, a's ar chaill sé fhéin leo(b) ó cheannuigh sé iad (gamhna)
Brabach fánach a chonnaic muide dhá bharr ariamh
·
Ní raibh aon-bhrabach aige sa mbó = bantáiste nó buadhachtáil.
Cé'n brabach a bhí agham ínnte, scáth a bhfuair mé uirre
+
Ní bhfuair tú aon-bhrabach air = níor thug sé tada dhuit? Ar leig sé tada leat?
Tá mámh is fhearr ná'n cíonán aghad, má fhaghann tú aon-bhrabach ar Sh. Mh. N. Ní féidir tada a fhaghail uaidh le bladar ná le bréagadh fhéin.
TUILLEADH (10) ▼
Má's a' súil le brabach ar siúd atá tú, beidh tú dhá uireasbha, déarfainn.
Má's a' faireadh ar bhrabach ó t'uncail atá tú, beidh tú ar deire sílim. Dheamhan mórán adubhairt ariamh, go bhfuair siad aon-bhrabach air sin.
Is beag a' charghaos a bheadh ormsa leagan air dhá mbadh mé thú. Uair annamh a bheidheas an brabach le faghail air.
Dheamhan mórán a gheobhfas mórán de bhrabach ar a' gceann céadna.
Is ait a chruthuigh tú a's an méid sin fhéin a fhaghail de bhrabach air.
Céard adeirigh dhó, go raibh an oiread sin fhéin le faghail de bhrabach air.
Má's sin é anois ar eirigh de bhrabach leat, faoi dheire thiar, dheamhan mórán áirge é.
Tá tú ó bhrabach (d'uireasbha brabach) má's a' forcabhás ar sin a bheidheas tú.
Sin é an brabach mar siúd — an brabach a gheobhthar airsin. = ní bheidh aon-bhrabach de'n rath le faghail air.
Sé'n teach is tútaighe é a ndeacha duine ariamh ann. Dheamhan brabach a' bith a bhí le faghail orra. Má bhí rud aca(b), choinnigh siad dóib fhéin [é]. Níor roinn siad linne é.
+
Cut bradach a gheobhfas aon-bhrabach uirre siúd = tá sí cruadh, coinneálach, barrainneach, a's ní thiubhra sí tada in aisce d'aon-duine.
Níor mhór dhuit a bheith in do chut bhradach le aon-bhrabach a fhaghail air.
TUILLEADH (4) ▼
Sáthach righte a ghabhfadh sé le cut bradach fhéin, aon-bhrabach a fhághail ar a' gcneagaire siúd.
Ní mó nó dhá mbeadh cut bradach ann go bhfaigheadh sé aon-bhrabach ar a' dream sin. Níl mórán boigréise a' siubhal leo(b) deirimse leat.
Siúd iad nach bhfuil aon-bhuille bog ionnta(b) faoi'n rud atá aca(b). Chínnfeadh sé ar chut bhradach aon-bhrabach a fhaghail orra(b) faoi thada.
Do dhúbhshlán, fagh aon-bhrabach air siúd, ní bhfaigheadh ná cut bradach. 'Sé'n cnuastóir is measa é, dhá'r shiubhail talamh ná féar.
·
Fuair tú amach muis, an té a bhfuightheá brabach óil air — an té nar ghludh (ghlaoidh) deoch do dhiathshúlach ariamh = níor thug sé deoch isteach d'aon-duine ariamh.
Má bhí aon-bhrabach óil ann, is ingan-fhios duinne é.
2.
Ní le margaidhe ná cúrsaí airgid, fearacht mar tá is na leaganachaí réamh-ráidhte is mó a bhíos sé igceist, ach le bantáiste cainnte, a's earr a's barr.
+
Níl fear a' bith indon aon-bhrabach a fhaghail ar a chuid cainnte = bíonn éirim in a chuid cainnte, a's ní féidir breith gearr air, ná rud adéarfas sé a fhastú, ná malrait leagain a chuir air.
Níor mhór dhuit a bheith in do bhreitheamh le aon-bhrabach a fhaghail air siúd.
TUILLEADH (7) ▼
M'anam gur deacair brabach a fhaghail ar a' méid sin adubhairt tú anois.
A' nathuidheacht, a's ag iarraidh a bheith 'faghail brabach ar na daoine, a bhío(nn)s sé sin i gcomhnuidhe.
Má fhaghann a' póilidhe aon-bhrabach ar a' méid adéarfas tú, tiocfa 'chuile fhocal de do chuid cainnte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
Tuille diabhail agad! Breagh nar choinnigh tú do bhéal ar a chéile, a's ní fhéadfadh aon-duine aon-bhrabach a fhaghail ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn igcomhnuidhe. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
Níl cainnteoir a bith is géire ná é: is maith a bheitheá ar do mhaidí nó gheobhadh sé brabach ort.
Ní fheadfadh aon-duine aon-bhrabach a fhaghail ar a' méid sin.
Ní fhéadfá do bhéal 'oscal (oscailt) nach mbeitheá fastuighthe aige, a's brabach faighte aige ort.
·
Ag iarraidh a bheith a' breith braba(igh) ar dhaoine i gcomhnuidhe a bhío(nn)s sé.
Shíl sé brabach a bhreith orm, a's an focal adubhairt mé 'fhastú.
3.
+
Má tá aon-bhrabach airgid ort, b'fhearr dhuit cupla scilling a thabhairt dom go dtí Dia Sathairn = má tá aon-airgead le spáráilt agad, nó má tá mórán le cois díol do fhreastail fhéin agad.
Dheamhan brabach tobac ar Sheán, ach an oiread liom fhéin = níl aon-tobac le spáráil aige.
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh aon-bhrabaichín tae ort, nó go dteaga mé ó'n siopa?
Ní bheadh baoghal a' bith, go mbeadh aon-bhrabach beag siúcra ort. Tá mo chuid fhéin ídighthe, a's dheamhan goir agham corruighe anonn ná anall ó'n teach, go dteaga siad ó'n bportach.
Dhá mbeadh aon-bhrabach airgid orm, dheamhan baoghal a' bith go leigfinn amach falamh sib, ach cé'n neart atá agam air. 'Is cruaidhchte na clocha glasa ná na lámha fala(mha)' adeir siad = dhá mbeadh aon-phighinn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon-phighinn ar m'fhaghaltas, thiubhrainn rud eicínt dhaoib etc.
+
Tuige nach bhfuil aon-bhrabach ar a' tae agaibh ach mar sin. Is gann gortach uaib é 'chuir síos! = duine ar theastuigh cupán tae uaidh ar a theacht isteach idteach, ach sé a raibh de tae ann díol a' chomhluadair.
Is tútach an áit a dhul isteach go dtí iad, maran mbíonn aon-bhrabach ar a' mbéilidh aca(b), ach mar sin = gan tada le cois, nó gan tada faoi chomhair an fhir siubhail.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan mórán brabach ar a' móin chéadna againn imbliadhna = níl againn ach riar ar gcáis fhéin ar éigin.
'Bhfuil aon-bhrabach ar na fataí agaibh imbliadhna? Tá muide as sean-fhataí le seachtmhain.
+
Ní bheadh aon-ghráinne síol planndaí de bhrabach ort (agad)?
Nímé 'bhfuil duine a' bith ar a' mbaile a mbeadh mála móna de bhrabach air? Tá mé fhéin ro-chruadhógach le dhul 'na phorta(igh) anois.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag de (an) bhrabach atá ar na síolta aghainn i mbliadhna. Sáthach righte a chuaidh sé linn an oiread a bheith aghainn a's a rinne an 'pháircín bheag' sin thuas dhuinn.
Ní hé thairis sin de bhrabach a bhí ar a' bhféar aghainne i mbliadhna. Is beag a' dreabhlás a bhí chor a' bith ann.
+
Is minic leis a' gceann céadna [gan] brabach a' bith a bheith air! = ní bhíonn tada le spáráil aige aon-uair.
Deirimse brabach leat! Siúd iad nach bhfuil brabach a' bith orra(b).
TUILLEADH (3) ▼
Ní mórán brabach a bhí ariamh ar a' teach seo ingan-fhios dó = thapuigheadh sé a dheis, uair a' bith dhá mbíodh tada ag imtheacht ar sliobarna annseo.
Dhá mbeadh aon-cheo de bhrabach air fhéin, is beag a d'fheicfeadh muide dhe.
Má tá aon-phighinn de bhrabach air, meállfa siad uaidh anois iad.
·
Ní airigheann tú brabach a' bith óil in a thimcheall? = ní thugann sé deoir a' bith óil dhuit?
Is beag an baoghal ar siúd, an chois a chothú aige, marach go n-airigheann sé brabach eicínt in'aice = ní bheadh sé i gcomhnuidhe in a theannta, marach go bhfuil gnothachtáil eicínt aige air.
+
Má bhíonn aon-bhrabach agad ar dhíol a' ghiota flainín, coinneocha tú adhbhar péire stocaí dhom = má bhíonn aon-cheo olla (snátha) le cois agad, th'éis díol a' ghiota flainín a bheith riartha, coinneocha tú díol péire stocaí dhom.
Má bhíonn aon-bhrabach 'simint' (cement) annsin agad (th'éis na h-oibre a bheith déanta), d'fhoghanfadh sé dhomsa.
TUILLEADH (2) ▼
Má tá aon-bhrabach aoil annsin agad, tabh'r (dh)om-sa é, arae b'éigin dom cuid de'n bhínn a fhágáil i mo dhiaidh an lá faoi (dh)eire, in áit nach raibh mo dhóthain aoil agam, le cuir uirre = aol le cois; tuille a's díol do fhreastail.
Má bhíonn brabach a' bith coirce síl agad ná leig amudha é, mar sílim nach bhfuil an oiread agham péin a's a chuirfeas an garrdha sin thiar.

Brabach in iontrálacha eile (50+)

 
M'anam nach bhfuil frasaíl ar bith in S. Deirimse leatsa gur beag a gheobhas brabach air sin
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon-pháipéar a léigheamh annsiúd le 'mbíonn de chantaireacht chainnte ann. Dar mo leabhar, is geall leis a' Dáil scaithtí é. Ach ní bhíonn aon-chuideachta ann mara dtoisighe P. fhéin. Sin é atá indon brabach a fhaghail ar 'chuile dhuine.
 
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin a's do'n tsean-bhean anois, ach a' chaolóid riabhach a's an chuach. Ach m'anam nach ar mhaith leis a' tsean-bhean atá C. a' cothú na coise aice, ach fé'int a n-eireochadh brabach ná solamar a' bith léithe.
 
Is beag a' néal atá air sin, in a bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléaracht aige. Do dhubhshlán fagh aon-bhrabach air 'na dheidh sin.
 
Tá sé sin cruadh coinneálach a's go maith dhó fhéin. Deirimse leat gur beag a gheobhfas brabach air.
 
Is maith uaidh sin coireamhaint ar 'chuile dhuine, ach feiceamuist fagh aon-bhrabach air in a dheidh sin.
 
cuach
Cuachfa sí sin suas a' tsean-bhean, má airigheann sí brabach a' bith thimcheall uirre.
 
bocht 2
Ní bhfuair bocht ná nocht brabach ariamh air. Bhí sé cruadh coinneálach, ar a' rud a bhí aige.
 
Dheamhan baoghal a' bith nach mbeadh briocáin de bhrabach orra(b) sa teach seo thuas, dhá dteightheá dhá n-iarra(idh) orra(b).
 
aibí
Níl goir agad focal a chuir as do bhéal, nach bhfuil seisean abaidh le'n fhocal fhéin le brabach a fhaghail ort = bheadh a fhreagra ar bharr a ghuib aige go tráthamhail le t'aghaidh.}}
+
aice 2
Ní airigheann sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth, nach dteagann sé
TUILLEADH (1) ▼
Is in a n-aice, is mó atá'n brabach.
 
buille
Dhá mhéad brabach (cainnte) dhá bhfaighe tú air, béarfa sé buille na snighe dhuit as a dheire.
+
aire
'Siad na cneámhairí is corónta faoi róthaí na gréine iad. Marach go dtug Dia dhom, aire mhaith a thabhairt de mo chuid féasóige, ghoidfidís í sin fhéin, nuair nach bhfacadar tada eile de bhrabach orm.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuighe aon-duine brabach uirre siúd, mar 'sí atá deas ar aire a thabhairt di fhéin.
Tiubhra sé sin aire mhaith dhúinn, chomh uain's aireochas sé aon-bhrabach orainn = beidh sé isteach a's amach againn go minic, an fhad's bheidh fhios aige, go mbeidh aon-bhantáiste dhó ann.
 
airigh
Marach go n-airigheann sí an brabach uirre, is beag a' carthannas a bhrúghfadh sí orraibh.
 
Is beag an tsamhaoine dhó muise a bheith ag fosaíocht le M. Ph. Sh. Dheamhan brabach a bhéas dhá bharr sin aige. Cut bradach a gheobhadh brabach air. Ní raibh aige ariamh ach an láimh iata.
 
fás 2
Ag fás ar an dream thiar atá sé anois. Marach gurb ea ní thaitheódh sé cho-mór iad. Ach taitheóidh sé sin chuile áit a n-aireóidh sé aon-bhrabach.
 
imigh
Is aisteach an chaoi a bhfuil an "dole" céadna ag imtheacht — cuid de na daoine a bhfuil brabach maith acu air, agus cuid eile nach bhfuil.
 
Má bhí sé ar iomchur aige, is beag duine a fuair brabach air = má bhí airgead aige, níor chuir sé aon-chumaoin ar aonduine leis.
 
Tá cion punt' tobac faighte isteach agam uaidh le mí. Ní bhacann sé le na ghearradh má bhíonn sé de bhrabach ar an meadhchan = nuair a theighim ag iarraidh tobac air le mí anuas, chuile uair dá mbíonn ionga ná ordlach ar an tomhas a iarraim, ní ghearrann sé de'n phíosa a mheadhann sé é, agus dhá bh(r)ithin sin, tá chomh maith le punt tobac faighte agam uaidh le cois, nó in aisce.
 
Is bocht nach leagfainn isteach acu, ó fuair mé an deis, mar is corr-uair a bhfuigheadh an cat bradach fhéin aon-bhrabach orra.
 
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agadsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith reamhar)
 
daol
Theangmhuigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindigh le mo dhuine. Sin é an chéad uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Marach (muna mbeadh) go n-airigheann sé brabach eicínt air muis, a Thighearna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé.
 
Tá sé an-deálabhrach (deálabhra). Ní mhór dhuit a bheith ar t'aireachas fhéin i gcomhnaí nó gheobhaidh sé brabach ort. Sé atá deas air, 'mo choinsias
 
Tá cheithre pholl (fataí) clúduighthe aige agus glac eile le claidhe. Meastú an fataí síl iad siúd le claidhe, nó an brath ar a dtabhairt do'n deachma atá sé. 'Ar ndú' mo léan ní h-eadh. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhfadh brabach air, marar athruigh sé ó anuiridh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann boineann é
 
Mo léan deacrach! Is fada uainn amach a d'fhanfadh sí sin, marach go bhfuil brabach aice orainn
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
 
dearmad 1
Seadh! Árdóchaidh sé leis mo phíopa-sa go maith ach cé a gheobhas aon-bhrabach air fhéin. Mise imbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin in a dhiaidh annseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon-dearmad uaidh air sin
 
Ní dhéanann sé bróig ar bith anois. Ag deasúchán a bhíos sé i gcomhnaí. Is cosamhail gur mó an brabach atá ar an deasúchán ná ar bhróga a dhéanamh as an nua
 
Go gcuire Dia an t-ádh ort! 'Ar ndú' ní deilín cainnte atá sé sin indon a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon-scéal amháin anois agus faoi cheann chúig noiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneál ar a chéile. Ní bhfuighfear aon-bhrabach air annsin
 
Tá sé annsiúd in a dheimheasóiridhe 'san gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfuighidh sé brabach air. Dar fiadh muise is beag an acmhuinn atá aige féin: is furasta leis gáiridhe a dhéanamh faoi'n té údan eile, ach feiceamuist déanadh aonduine aon-gháiridhe faoi fhéin
 
Is dóch' go bhfuil an mac siúd atá in a shagart aca ag coinneál deoladh leo anois agus aríst, má tá aon-cheo de bhrabach air féin. Ní mór dóib rud eicínt anois ó dhuine eicínt ar a son féin. Diabhal mé nach bhfuil tada le cois na trócaire aca
+
diaidh
Ní fhaca mé an oiread sin de bhrabach in a diaidh riamh cheana = dá barr; níor fritheadh an oiread sin brabaigh uirre ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Is beag 'e bhrabach a gheobhas tú in a dhiaidh sin, deirimse leat. 'Chuile phighinn ag dul ins an stoca.
Ní bhfuighidh bean an ósta aon-bhrabach in a dhiaidh nó d'athruigh sé. 'Ar ndú' mo léan níor athruigh
Cé'n meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agad. Indiaidh óil. D'eile. Shíl sé go mbeadh aon-bhrabach orainn. Bailigheadh leis anois. Dhá dtuiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhfadh sé annseo
 
diúg
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog trathnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon-duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceál ag ól nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
 
Shílfeá gur dhiúltaigh sé "na cumainn" (cumann de pheáirtí poilitidheachta) amach agus amach. 'Ar ndú mo léan dhiúltaigh, an uair nar fhéad sé uisce a tharraint ag a mhuileann féin. Mise imbannaí nach ndiúltóchadh, dá mbeadh aon-bhrabach aige orra, ach chinn air an sean-bhóithrín siúd siar ag a chuid talmhana a fháil. Sin é a thug is "na cumainn" an chéad-lá ariamh é
 
dligh
Teigheadh sé i gcurrach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Maran bog a fhaghas sé na daoine má's fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne an uair a dhlighfeas sé lá oibre dhuinn, rud nach ndligheann. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imighthe ag obair aige 'chuile lá ins an mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin cho cóir sin faoi'n rud a bhíos aige. Cut (cat) bradach a gheobhadh brabach air
 
Is diabhlaí dórainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam an uair a bhain sé amach ins an tsáruigheacht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cé'n bhrigh ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar 'chuile shórt dhá raibh mé a rádh. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin ní bheadh aon-mheas aige orra. Sin é an chuid is measa de'n tsáruigheacht i gcomhnuí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáruigheacht leis ar aon-nús (nós). Leanfaidh sé 'chuile mhíle focal 'bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dligheadóir ceart é
 
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroidhe! Déantar droichead dínn igcomhnaí. Ní fhaca mé tada dhá leigean amach ariamh, a bhfuigheadh an baile seo aon-bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith imbóthar an bhaile seo, th'éis nach siubhailfeadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon-bhót a thabhairt dóibh aríst go bráth
 
droim
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonnaic mise i Meriocá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhruim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhruím a ghníos siad é — diúltaigheamuid dhó féin agus dóib féin!
 
dul
Dheamhan dul ar bith a bheadh orainn ar na h-oileáin seo marach an mhóin, ach bíonn muid in anchaoi dá fuireasa sin scaithtí. Is maith an chuid don mhuinntir amach í ar an saol seo. Tá brabach aca orra … Naoi bpunt atá ar lucht móna annseo, agus diabhal mé gur gearr le dhul lucht
+
Bheadh sé flaitheamhail faoi'n bhfuisce annsin, ach an uair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon-bhrabach air. Tháinic siad abhaile as ag an h-aon déag ins an oíche, agus gan siubhal an bhealaigh ionnta le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim agus gan maith ar bith in a theach féin leis"
TUILLEADH (1) ▼
Is cut bradach a gheobhas aon-bhrabach air sin. Má ghníonn sé an ghnaoidheamhlacht féin 'nuair a bhíos bainis aige, sé oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil in a dhiaidh é. Ach is maith súighte uaidh a ól i dteach eicínt eile, agus má fhágann an ghloine a láimh chor ar bith, beidh an teach cáinte ar an toirt aige. Ach deir siad gur cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim ach nach mbíonn maith ar bith in a theach féin leis.
 
Déanfaidh sé brabach asta nó is cinneamhaint air é
 
Tugann sé sin díbliú brocach ar 'chuile dhuine nach dtaithnigheann leis, nó nach bhfuil aon-bhrabach aige air. Ach cuirfidh mé geall gur beag a chloisfeas tú a rádh faoi A. Sh. é. Is maith an rud grádh nó faitíos. Dhá bhfaghadh sé sin tada amach in a dhiaidh, speirfeadh sé ar bhall na h-áite é, speirfeadh sin
 
dóigh 3
Tabhair leat na sceidíní ar aon-chor. Ná fág ag aonduine eile iad. Ó thárla go raibh sé de smál orainn a bhriseadh, níl aon-mhaith dhuinn a bhrabach a fhágáil ag aonduine. Dhá ndóightí an teach badh le bean an tighe an luath