Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
brabach
ainmfhocal, firinscneach
tuiseal ginideach: brabaigh
níl aon uimhir iolra aige.
is mó a bhíos an focal seo i gceist i gCois Fharraige ná faoi Chonamara
1.
buntáiste, farasbarr, sochar, gnóthachtáil, buachtáil, balachtáil.
+
Déanfaidh sé brabach nó is cinniúint air é.
Cén brabach a rinne sé ar an margadh?
TUILLEADH (4) ▼
Déanfaidh sé siúd brabach ar mhuca, nó cinnfidh an saol air.
Tá na siopadóirí sin in ann brabach a dhéanamh de rud ar bith.
Ní féidir nach ndearna sé ach an méid sin brabach agus ar chaill sé fhéin leob ó cheannaigh sé iad (gamhna)
Brabach fánach a chonaic muide dhá bharr ariamh
·
Ní raibh aon bhrabach aige sa mbó — buntáiste nó buachtáil.
Cén brabach a bhí agam inti scáth a bhfuair mé uirthi
+
Ní bhfuair tú aon bhrabach air — níor thug sé tada dhuit? Ar lig sé tada leat?
Tá mámh is fhearr ná an cíonán agat, má fhaigheann tú aon bhrabach ar Sh. Mh. N. Ní féidir tada a fháil uaidh le bladar ná le bréagadh fhéin.
TUILLEADH (10) ▼
Más ag súil le brabach ar siúd atá tú, beidh tú dhá uireasa déarfainn.
Más ag faire ar bhrabach ó t'uncail atá tú, beidh tú ar deireadh sílim. Dheamhan mórán adúirt ariamh go bhfuair siad aon bhrabach air sin.
Is beag an charghas a bheadh ormsa leagan air dhá mba mé thú. Uair annamh a bheas an brabach le fáil air.
Dheamhan mórán a gheobhas mórán de bhrabach ar an gceann céanna.
Is ait a chruthaigh tú agus an méid sin fhéin a fháil de bhrabach air.
Céard a d'éirigh dhó go raibh an oiread sin fhéin le fáil de bhrabach air.
Más sin é anois ar éirigh de bhrabach leat faoi dheireadh thiar, dheamhan mórán áirge é.
Tá tú ó bhrabach (d'uireasa brabach) más ag forcamhás air sin a bheas tú.
Sin é an brabach mar siúd — an brabach a gheofar air sin — ní bheidh aon bhrabach den rath le fáil air
'Sé an teach is tútaí é a ndeachaigh duine ariamh ann. Dheamhan brabach ar bith a bhí le fáil orthu. Má bhí rud acub, choinnigh siad dóibh fhéin é. Níor roinn siad linne é.
+
Cat bradach a gheobhas aon bhrabach uirthi siúd — tá sí crua, coinneálach, barainneach, agus ní thabharfaidh sí tada in aisce d'aon duine.
Níor mhór dhuit a bheith in do chat bhradach le aon bhrabach a fháil air.
TUILLEADH (4) ▼
Sách rite a ghabhfadh sé le cat bradach fhéin aon bhrabach a fháil ar an gcreagaire siúd.
Ní mó nó dhá mbeadh cat bradach ann go bhfaigheadh sé aon bhrabach ar an dream sin. Níl mórán boigréise ag siúl leob deirimse leat.
Siúd iad nach bhfuil aon bhuille bog iontub faoin rud atá acub. Chinnfeadh sé ar chat bhradach aon bhrabach a fháil orthub faoi thada.
Do dhúshlán, faigh aon bhrabach air siúd: ní bhfaigheadh ná cat bradach. 'Sé an cnuastóir is measa é dhár shiúil talamh ná féar.
·
Fuair tú amach muis, an té a bhfaightheá brabach óil air — an té nár ghluigh (ghlaoigh) deoch do Dhia shúlach ariamh — níor thug sé deoch isteach d'aon duine ariamh.
Má bhí aon bhrabach óil ann, is i ngan fhios dúinne é.
2.
ní le margaí ná cúrsaí airgid, fearacht mar atá sna leaganachaí réamhráite, is mó a bhíos sé i gceist, ach le buntáiste cainte, agus farasbarr.
+
Níl fear ar bith in ann aon bhrabach a fháil ar a chuid cainte — bíonn éirim ina chuid cainte, agus ní féidir breith gearr air, ná rud adéarfas sé a fhostú ná malrait leagain a chur air.
Níor mhór dhuit a bheith in do bhreitheamh le aon bhrabach a fháil air siúd.
TUILLEADH (7) ▼
M'anam gur deacair brabach a fháil ar an méid sin adúirt tú anois.
Ag nathaíocht agus ag iarraidh a bheith ag fáil brabach ar na daoine a bhíonns sé sin i gcónaí.
Má fhaigheann an póilí aon bhrabach ar an méid adéarfas tú, tiocfaidh chuile fhocal de do chuid cainte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
Tuilleadh diabhail agat! Breá nár choinnigh tú do bhéal ar a chéile, agus ní fhéadfadh aon duine aon bhrabach a fháil ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn i gcónaí. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
Níl cainteoir ar bith is géire ná é: is maith a bheifeá ar do mhaidí nó gheobhadh sé brabach ort.
Ní fheadfadh aon duine aon bhrabach a fháil ar an méid sin.
Ní fhéadfá do bhéal a oscal (oscailt) nach mbeifeá fostaithe aige agus brabach faighte aige ort.
·
Ag iarraidh a bheith ag breith brabaigh ar dhaoine i gcónaí a bhíonns sé.
Shíl sé brabach a bhreith orm agus an focal adúirt mé 'fhostú.
3.
+
Má tá aon bhrabach airgid ort, b'fhearr dhuit cupla scilling a thabhairt dom go dtí Dia Sathairn — má tá aon airgead le spáráilt agat, nó má tá mórán le cois díol do fhreastail fhéin agat.
Dheamhan brabach tobac ar Sheán ach an oiread liom fhéin — níl aon tobac le spáráil aige
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh aon bhrabachín tae ort nó go dteaga mé ón siopa?
Ní bheadh baol ar bith go mbeadh aon bhrabach beag siúcra ort. Tá mo chuid fhéin ídithe, agus dheamhan gair agam corraí anonn ná anall ón teach go dteaga siad ón bportach.
Dhá mbeadh aon bhrabach airgid orm dheamhan baol ar bith go ligfinn amach folamh sibh, ach cén neart atá agam air. Is cruaichte na clocha glasa ná na lámha folmha, adeir siad — dhá mbeadh aon phínn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon phínn ar m'fháltas, thabharfainn rud eicínt dhaoibh srl.
+
Tuige nach bhfuil aon bhrabach ar an tae agaibh ach mar sin. Is gann gortach uaibh é a chur síos! — duine ar theastaigh cupán tae uaidh ar a theacht isteach i dteach, ach sé a raibh de tae ann, díol an chomhluadair.
Is tútach an áit a dhul isteach go dtí iad muran mbíonn aon bhrabach ar an mbéilí acub ach mar sin — gan tada le cois, nó gan tada faoi chomhair an fhir siúil.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan mórán brabach ar an móin chéanna againn i mbliana — níl againn ach riar ár gcáis fhéin ar éigean.
An bhfuil aon bhrabach ar na fataí agaibh i mbliana? Tá muide as seanfhataí le seachtain.
+
Ní bheadh aon ghráinne síol plandaí de bhrabach ort (agat)?
Ní mé an bhfuil duine ar bith ar an mbaile a mbeadh mála móna de bhrabach air? Tá mé fhéin róchruógach le dhul 'na phortaigh anois.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag de (an) bhrabach atá ar na síolta againn i mbliana. Sách rite a chuaigh sé linn an oiread a bheith againn agus a rinne an pháircín bheag sin thuas dhúinn.
Ní hé thairis sin de bhrabach a bhí ar an bhféar againne i mbliana. Is beag an drabhlás a bhí chor ar bith ann.
+
Is minic leis an gceann céanna gan brabach ar bith a bheith air! — ní bhíonn tada le spáráil aige aon uair.
Deirimse brabach leat! Siúd iad nach bhfuil brabach ar bith orthub.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mórán brabach a bhí ariamh ar an teach seo i ngan fhios dó — thapaíodh sé a dheis uair ar bith dhá mbíodh tada ag imeacht ar sliobarna anseo.
Dhá mbeadh aon cheo de bhrabach air fhéin, is beag a d'fheicfeadh muide dhe.
Má tá aon phínn de bhrabach air, meallfaidh siad uaidh anois iad.
·
Ní airíonn tú brabach ar bith óil ina thimpeall? — ní thugann sé deoir ar bith óil dhuit?
Is beag an baol air siúd an chois a chothú aige, murach go n-airíonn sé brabach eicínt ina aice — ní bheadh sé i gcónaí ina theannta murach go bhfuil gnóthachtáil eicínt aige air
+
Má bhíonn aon bhrabach agat ar dhíol an ghiota flainín, coinneoidh tú ábhar péire stocaí dhom — má bhíonn aon cheo olla (snátha) le cois agat, théis díol an ghiota flainín a bheith riartha, coinneoidh tú díol péire stocaí dhom.
Má bhíonn aon bhrabach suimint ansin agat (théis na hoibre a bheith déanta), d'fhónfadh sé dhomsa.
TUILLEADH (2) ▼
Má tá aon bhrabach aoil ansin agat, tabhair dhomsa é, arae b'éigean dom cuid den bhinn a fhágáil i mo dhiaidh an lá faoi dheireadh an áit nach raibh mo dhóthain aoil agam le cur uirthi — aol le cois; tuilleadh agus díol do fhreastail.
Má bhíonn brabach ar bith coirce síl agat ná lig amú é, mar sílim nach bhfuil an oiread agam péin agus a chuirfeas an garraí sin thiar.

brabach in iontrálacha eile (50+)

 
M'anam nach bhfuil frasaíl ar bith in S. Deirimse leatsa gur beag a gheobhas brabach air sin
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
 
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin agus don tseanbhean anois, ach an chaolóid riabhach agus an chuach. Ach m'anam nach ar mhaithe leis an tseanbhean atá C. ag cothú na coise aici, ach féint a n-éireodh brabach ná solamar ar bith léithe.
 
Is beag an néal atá air sin ina bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléireacht aige. Do dhúshlán faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
 
Tá sé sin crua coinneálach agus go maith dhó fhéin. Deirimse leat gur beag a gheobhas brabach air.
 
Is maith uaidh sin coiriúint ar chuile dhuine, ach feiceamuist faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
 
cuach
Cuachfaidh sí sin suas an tseanbhean má airíonn sí brabach ar bith thimpeall uirthi.
 
bocht 2
Ní bhfuair bocht ná nocht brabach ariamh air. Bhí sé crua coinneálach ar an rud a bhí aige.
 
Ní mórán brabaigh ná boigréise atá le fáil air siúd.
 
Dheamhan baol ar bith nach mbeadh breacáin de bhrabach orthub sa teach seo thuas dhá dtéiteá dhá n-iarraidh orthub.
 
aibí
Níl gair agat focal a chur as do bhéal nach bhfuil seisean abaidh lena fhocal fhéin le brabach a fháil ort — bheadh a fhreagra ar bharr a ghoib aige go tráthúil le t'aghaidh.
+
aice 2
Ní airíonn sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth nach dteagann sé
TUILLEADH (1) ▼
Is ina n-aice is mó atá an brabach.
 
buille
Dhá mhéad brabach (cainte) dhá bhfaighe tú air, béarfaidh sé buille na sní dhuit as a dheireadh.
+
aire
'Siad na cneámhairí is corónta faoi rothaí na gréine iad. Murach go dtug Dia dhom aire mhaith a thabhairt do mo chuid féasóige, ghoidfidís í sin fhéin, nuair nach bhfacadar tada eile de bhrabach orm.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfaighidh aon duine brabach uirthi siúd, mar 'sí atá deas ar aire a thabhairt di fhéin.
Tabharfaidh sé sin aire mhaith dhúinn chomhuain is a aireos sé aon bhrabach orainn — beidh sé isteach is amach againn go minic an fhad is a bheidh fhios aige go mbeidh aon bhuntáiste dhó ann.
 
airigh
Murach go n-airíonn sí an brabach uirthi, is beag an carthanas a bhrúfadh sí oraibh.
 
Is beag an tsomhaoine dhó muise a bheith ag fosaíocht le M. Ph. Sh. Dheamhan brabach a bheas dhá bharr sin aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air. Ní raibh aige ariamh ach an láimh iata.
 
fás 2
Ag fás ar an dream thiar atá sé anois. Murach gurb ea, ní a thaitheodh sé chomh mór iad. Ach taitheoidh sé sin chuile áit a n-aireoidh sé aon bhrabach.
 
imigh
Is aisteach an chaoi a bhfuil an dole céanna ag imeacht — cuid de na daoine a bhfuil brabach maith acu air agus cuid eile nach bhfuil
 
Má bhí sé ar iompar aige, is beag duine a fuair brabach air — má bhí airgead aige, níor chuir sé aon chomaoin ar aon duine leis
 
Tá cion punta tobac faighte isteach agam uaidh le mí. Ní bhacann sé lena ghearradh má bhíonn sé de bhrabach ar an meáchan — nuair a théim ag iarraidh tobac air le mí anuas, chuile uair dá mbíonn ionga ná orlach ar an tomhas a iarraim, ní ghearrann sé den phíosa a mheánn sé é, agus dhá bh(r)íthin sin, tá chomh maith le punt tobac faighte agam uaidh le cois nó in aisce
 
Is bocht nach leagfainn isteach acu ó fuair mé an deis, mar is corruair a bhfaigheadh an cat bradach fhéin aon bhrabach orthu
 
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agatsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith ramhar)
 
daol
Theangmhaigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindí le mo dhuine. Sin é an cheád uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Murach (muna mbeadh) go n-airíonn sé brabach eicínt air muis, a Thiarna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé
 
Tá sé an-dea-labharthach (dea-labhartha). Ní mhór dhuit a bheith ar t'aireachas fhéin i gcónaí nó gheobhaidh sé brabach ort. 'Sé atá deas air, mo choinsias
 
Tá cheithre pholl (fataí) clúdaithe aige agus glac eile le claí. Meas tú an fataí síl iad siúd le claí, nó an brath ar a dtabhairt don deachma atá sé. Ar ndóigh mo léan ní hea. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhadh brabach air, murar athraigh sé ó anuraidh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann baineann é
 
Mo léan deacrach! Is fada uainn amach a d'fhanfadh sí sin murach go bhfuil brabach aici orainn
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
dearmad 1
Sea! Ardóidh sé leis mo phíopasa go maith ach cé a gheobhas aon bhrabach air fhéin. Mise i mbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin ina dhiaidh anseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon dearmad uaidh air sin
 
Ní dhéanann sé bróig ar bith anois. Ag deasúchán a bhíos sé i gcónaí. Is cosúil gur mó an brabach atá ar an deasúchán ná ar bhróga a dhéanamh as an nua
 
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Ar ndóigh ní deilín cainte atá sé sin in ann a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon scéal amháin anois agus faoi cheann chúig nóiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní bhfaighfear aon bhrabach air ansin
 
Tá sé ansiúd ina dheimheasóirí sa gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfaighidh sé brabach air. Dar fia muise is beag an acmhainn atá aige féin: is furasta leis gáirí a dhéanamh faoin té údan eile, ach feiceamuist déanadh aon duine aon gháirí faoi fhéin
 
Is dócha go bhfuil an mac siúd atá ina shagart acu ag coinneáil deoladh leo anois agus aríst, má tá aon cheo de bhrabach air féin. Ní mór dóibh rud eicínt anois ó dhuine eicínt ar a son féin. Diabhal mé nach bhfuil tada le cois na trócaire acu
+
diaidh
Ní fhaca mé an oiread sin de bhrabach ina diaidh riamh cheana — dá barr; níor frítheadh an oiread sin brabaigh uirthi ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Is beag a bhrabach a gheobhas tú ina dhiaidh sin, deirimse leat. Chuile phínn ag dul sa stoca.
Ní bhfaighidh bean an ósta aon bhrabach ina dhiaidh nó d'athraigh sé. Ar ndóigh mo léan níor athraigh
Cén meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agat. I ndiaidh óil. Deile. Shíl sé go mbeadh aon bhrabach orainn. Bailíodh leis anois. Dhá dtiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhadh sé anseo
 
diúg
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog tráthnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceáil ag ól, nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
 
Shílfeá gur dhiúltaigh sé na cumainn (cumann de pháirtí polaitíochta) amach is amach. Ar ndóigh mo léan dhiúltaigh, nuair nár fhéad sé uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Mise i mbannaí nach ndiúltódh dá mbeadh aon bhrabach aige orthu, ach chinn air an seanbhóithrín siúd siar ag a chuid talúna a fháil. Sin é a thug sna cumainn an chéad lá ariamh é
 
dligh
Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Muran bog a fhaigheas sé na daoine más fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne nuair a dhlífeas sé lá oibre dhúinn, rud nach ndlíonn. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imithe ag obair aige chuile lá sa mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin chomh cóir sin faoin rud a bhíos aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air
 
Is diabhlaí doghrainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam nuair a bhain sé amach sa tsáraíocht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cén bhrí ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar chuile shórt dhá raibh mé a rá. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin, ní bheadh aon mheas aige orthu. Sin é an chuid is measa den tsáraíocht i gcónaí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáraíocht leis ar aon nós. Leanfaidh sé chuile mhíle focal go bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dlíodóir ceart é
 
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroí! Déantar droichead dínn i gcónaí. Ní fhaca mé tada dhá ligean amach ariamh a bhfaigheadh an baile seo aon bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith i mbóthar an bhaile seo, théis nach siúlfadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon bhót a thabhairt dóibh aríst go brách
 
droim
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonaic mise i Meiriceá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhroim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhroim a ghníos siad é — diúltaímid dhó féin agus dóibh féin!
 
dul
Dheamhan dul ar bith a bheadh orainn ar na hoileáin seo murach an mhóin, ach bíonn muid in anchaoi dá fuireasa sin scaití. Is maith an chuid don mhuintir amach í ar an saol seo. Tá brabach acu orthu … Naoi bpunt atá ar lucht móna anseo, agus diabhal mé gur gearr le dhul lucht
+
Bheadh sé flaithiúil faoin bhfuisce ansin, ach nuair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon bhrabach air. Tháinig siad abhaile as ag an haon déag san oíche, agus gan siúl an bhealaigh iontu le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis"
TUILLEADH (1) ▼
Is cat bradach a gheobhas aon bhrabach air sin. Má ghníonn sé an ghnaíúlacht féin nuair a bhíos bainis aige, sé oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh é. Ach is maith súite uaidh a ól i dteach eicínt eile, agus má fhágann an ghloine a láimh chor ar bith, beidh an teach cáinte ar an toirt aige. Ach deir siad gur cóir é Dáithí tigh Fhéilim ach nach mbíonn maith ar bith ina theach féin leis.
 
Déanfaidh sé brabach astu nó is cinniúint air é
 
Tugann sé sin díbliú brocach ar chuile dhuine nach dtaitníonn leis, nó nach bhfuil aon bhrabach aige air. Ach cuirfidh mé geall gur beag a chloisfeas tú a rá faoi A. Sh. é. Is maith an rud grá nó faitíos. Dhá bhfaigheadh sé sin tada amach ina dhiaidh, speirfeadh sé ar bhall na háite é, speirfeadh sin