Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuir isteach
1.
a.
+
'Tuige nach gcuireann tú do chloigeann isteach ag dul thar an dorus = tuige nach dteagann tú isteach ag breathnú orainn.
Bheadh sé náireach agam, a dhul thar an teach, gan mo chloigeann (cheann, chos etc.) a chuir isteach
TUILLEADH (1) ▼
Níor chuir sé a chloigeann isteach annseo le guil (ag dul) 'un bliadhna = tá sé ionann's bliadhain ó bhí sé annseo.
b.
·
Cuirtear isteach an coirce, an féar agus rl. san iothlainn = tárluightear isteach go dtí an iothlainn iad ó na guirt agus ó na móin-fhéir.
Aimsear cur-isteach an choirce a bhí ann = aimsear an tárluighthe; an t-am a ndéantar an tárlú.
c.
+
Chuir sé isteach an dorus = bhrúigh sé, phléasc sé nó bhris sé isteach é.
Chuir sé an dorus isteach = bhris sé nó phléasc sé nó bhrúigh sé isteach é.
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé an claidhe isteach = leag sé an claidhe isteach sa ngort nó sa bpáirc.
Chuir an ghaoth an dorus isteach = réab sí é isteach sa teach.
Chuir an téinntreach brúisc de'n bhalla isteach
Mara bhfuil ag Dia (ach grásta Dé), cuirfe an ghaoth seo (an gála seo, an stoirm seo, an chaor-theinte seo, an fheoithin seo etc) an teach isteach = leagfa sí an teach.
Fhobair do'n ghála an teach a chuir isteach in mo mhullach.
2.
críochnuighthe, caithte.
+
Chuir sé a théarma isteach le ceird
Tá sé 'cur a théarma isteach le táilliúracht.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a théarma istigh le siúinearacht
Is gearr ó ' chuir sé a théarma isteach le táilliúracht = is gearr ó shoin ó 'bhí sé a' foghluim le bheith ina tháilliúr.
+
Is deacair an lá a chuir isteach = is doiligh an lá a chaitheamh (fear oibre nó duine a mbeadh ceannasaidhe air adéarfadh go h-iondamhail)
'Sí an tseachtmhain is deacra a chuir isteach í a chonnaic mé ariamh.
TUILLEADH (18) ▼
Is deacair an lá a chuir isteach faoi (ceannasaidhe; fear a bheith as do chíonn).
'Sé atá indon a' lá a chuir isteach = bíonn sé in ainm's a bheith ag obair, ach ní dhéanann sé ach a laghad in Éirinn 's fhéadann sé.
Mara mbeadh fír na maitheasa ionnad, chinnfeadh ort lá a chuir isteach faoi siúd, deirimse leat = mara mbeadh cleachta agad ar obair dhéin ó thús t'óige, ní bheitheá [in ann] an lá a sheasamh faoi, tá sé chomh géar sin ar fhir oibre.
Séan: Cé'n chaoi a bhfuil tú; Seamus: A' cur lá isteach (a' baint lá amach) = a' caitheamh an tsaoghail.
Cé'n chaoi ar chuir tú isteach an lá indiu = cé'n obair a bhí ort.
Chuir mé isteach an lá chomh h-éasca agus a chonnaic tú ariamh = chaith mé an lá gan mórán anró, cé go raibh mé ag obair.
Sé'n bhuidheachas amháin a bheidheas ort an lá a chuir isteach go réidh, nó thú fhéin a mharbhú.
Is anróighteach an éadáil lá a chuir isteach dó = pérbith cé'n obair a dhéanfá dhó ar feadh an lae, ní shásóchthá é.
Níor chuir mé isteach aon-mhí ariamh ba déine ná í = níor chéas mé aon-mhí ariamh, a ndearna mé an oiread oibre léithe (féach céas)
'Sé atá indon an t-am a chuir isteach. Ag obair leis 'réir nótaí (nútaí deirtear; féach nótaí)
Ní dhéanann sé smeach maitheasa, ach a' cur na h-aimsire isteach. Is mairg dhó fhéin a dheanfadh.
Ar éigin a chuir mé isteach an dá lá san obair sin, ach leig mé liom fhéin an tríomhadh lá.
Is beag atá le déanamh ag an bhfear íoca(nn)s é ar a lá a chuir isteach.
Chuir sé isteach lá 's bliadhain ar an gceird sin (gaiscidheach i sean-scéal)
Cuirfe mé isteach an mhí seo, ach ní chuirfe mé isteach lá thairis mara bhfagha mé árdú páighe.
Tá dhá lá curtha isteach ar an ól anois aige = tá dhá lá caithte as éadan ag ól aige.
Tá seachtmhain mhór fhada curtha isteach in a chomhnuidhe anois aige = ní raibh sé ag obair ar feadh seachtmhaine no h-ocht lá nó mar sin.
Má chuireann tú isteach go dtí an trí a chlog, gheobha [tú] íocuigheacht lae = má bhíonn tú ag obair go dtí an trí a chlog íocfaidhear ar lá iomlán thú.
3.
i[ar]r, éiliughadh.
+
Tá sé 'cur isteach ar an bpinsean = ag iarraidh an phinsean.
Is maith an scathamh 'cur isteach ar an bpinsean é = is fada etc.
TUILLEADH (18) ▼
Tá agad (air) cuir isteach ar lascaine feasta = ba cheart duit laghdú sa gcíos etc a iarraidh feasta.
Ba cheart duit cuir isteach ar árdú = ba cheart duit tuille páighe nó tuarastail a éiliughadh.
Tá sé 'a ceasacht páighe 'chuile lá, agus níl sé de sponnc ann cur isteach ar ardú in a dhiaidh (dheidh adeirtear) sin = bíonn sé ag casaoid go bhfuil a thuarsatal beag, ach níl sé d'fhearamhlacht ann tuille a iarraidh, aindeoin sin.
Nuair a bheidheas an léas (lease) seo caithte cuirfe mé isteach ar lascainí (laghdú sa gcíos).
Mara gcuire tú isteach in am ar an dole, beidh tú dhá uireasbha.
Badh é an cás céadna dhuit a bheith in do chomhnuidhe, le cuir isteach ar thada dhá mbíonn ag imtheacht ar an saoghal seo = badh é an mhaith amháin dhuit é cuir isteach air nó gan cur.
Nár chomhnuighe tú go gcuire tú isteach ar an dole, agus a liachtaí punt tirm thíos sa mbank agad inGaillimh = beidh tú ar siubhal nó go n-éilighe tú an 'dole', agus níor cheart duit sin, mar tá cuid mhaith airgid sa mbannc agad in Gaillimh.
Is beag a bheidheas ag imtheacht nach gcuirfe sé isteach air.
Dheamhan pighinn bheag ar bith ag imtheacht nach gcuireann sé isteach air = éiligheann sé chuile shórt brabaigh dhá leigtear amach fearacht an "dole" agus eile.
Is mairg a bheadh ag iarraidh maitheasa ort, agus go mbadh chóra dhuit cuir isteach ar an bpinsean fadó.
Ní chuirfeadh sí isteach ar an bpinsean, a' leigean óige uirre féin mar dhóigh dhe.
Tá sé a' cuir isteach ar thalamh igConndae na Midhe = ag iarraidh talmhan ann.
Ní mór dhuit t'ainm a chuir isteach anois, má tá fút athrú go Conndae na Midhe.
Shíl mise nach raibh cuimhne ar bith athrú aige, ach chuala mé gur chuir sé isteach a ainm le Conndae na Midhe in a dheidh sin = chuir sé isteach ar thalamh ann.
Níl posta ar bith ag imtheacht nach gcuireann sé isteach air, agus 'sé'n mhaith amháin dó é = iarrann sé chuile phosta dá mbíonn fuagruighthe, ach ní fhaghann sé aon-phosta.
Cuir isteach ar an bposta sin, agus cá bhfios nach bhfuightheá é?
S.: Bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chomhnuidhe le bheith a' cur isteach ar phostaí; P: Cá bhfios go (do'n) té sin? (ní bheadh fhios agad!)
Dheamhan mo chos ná mo chnáimh a chuirfeas isteach ar thada feasta.
4.
+
Ní dhearna mise aon-chuir isteach ariamh air = níor chuir mé araoid ar bith air ariamh.
Ná déan cuir-isteach ar bith orra(b) = ná cuir (ch)ucu(b) ná uatha(b)
TUILLEADH (3) ▼
Ná déan aon-chuir isteach beag ná mór air. Siúd é 'ná bain liom' = ná cuir araoid ar bith air, mar sé ubhall na h-aithne é; is contabhairteach an rud aon-araoid a chuir air. {{(Ní cloistear an rud atá 'a teacht an-choitciannta sa nGaedhilge le goirid "chuir sé isteach air", "tá sé ag cur isteach air" etc. in Gaillimh, ach ar an mbealach seo réamhráidhte)
Cé'n chall a bhí dhuit aon-chuir isteach a dhéanamh air
An té a dhéanfas aon-chuir isteach air siúd, is maith nach mór dó a bheith san áirdeall.

cuir isteach in iontrálacha eile (50+)

+
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh mé isteach san gcró é, agus dúinfidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná aimhreas
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
fiar
Cuirfidh mé geall leat go dtiúrfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé is chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
 
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
 
fána
Bhí muid ag dórtadh le fánaidh. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seól ach má chuir fhéin bhí sé in a fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht in a chreatalach
 
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag án a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nar bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt annsin anois: ise in a cailleach agus eisean in a sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar aca
 
Cuir isteach a' t-asal sin, a's ná bíodh sé 'na chaidhfte amuigh.
 
Is furasta dhó a bheith imthighthe as a chranna cumhachta le ámhuilleacht a's 'scaibhtéaracht'. Dhá dtagadh sé isteach th'éis duine a mharbhú dheamhan caidéis a chuirfeadh a' t-athair ná'n mháthair air. Sé'n chaoi 'bhfuil siad a' borradh leis.
 
carn
Is beag a' dochar dhá mhuineál a bheith cárnuighthe fhéin, a's an bhís chainnte atá air, ó thosuigh an 'Election' seo. Diabhal aithne air, nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chuir isteach ar fad. Tá sé árduighthe uileag!
 
ceas
Tá sé mór-thráthach, a's níl aon uair, dá dteigheann sé ag ithe, nach gcuireann sé ceas air fhéin, leis a' ngliúrach (ngleorach) a leaga(nn)s sé isteach.
 
colg
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
 
Is maith mar a thárla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfa tú ball na h-áite go gcuire mé cumaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
 
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
 
Tiubharfa sé isteach í imbliadhna (pósfa sé). Tá sé 'cur cosamhlacht air fhéin.
 
baile
Badh é do cheart-sa fanacht sa mbaile, a's gan cuir isteach faoi'n té a bhí falamh.
 
baing
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (i.e. an saor clo(íche)) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gur bshin cuid de'n cheird.
 
bannaí 1
Dhá gcuirteá isteach sa bpota taisce iad d'fhuireasbha bannuidhe sclárfaidís a chéile istigh ann.
 
'Sé mo chloch neart é, má tá díol a' bhealaigh de 'phetrol' agham, tá sé chomh maith dhom scáird a chuir isteach annseo, faitchíos go mbeadh muid in a' (ar) mbambairne aríst, a's gan aon-deoir le faghail.
 
beann
Cuireadh sé scéala isteach ormsa, má's breagh leis. Is beag a' bheann atá agamsa ar a dhicheall.
 
beart
Sin beart eile atá sé a chuir in a shuidhe anois, an cneamhaire, le é fhéin a dhaingniughadh isteach tuille. Dheamhan 'athrú 'riamh! A' féidir a bheith suas le na chuid gleacuidheachta chor a' bith?
+
Cuir isteach sa mbéalóig é, a's is gearr a bheidheas sé a' fiuchadh.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá cois scine isteach sa mbéalóig atá in a drad.
 
coiric
Cuir suas ar choirric an bhus é. Ní fhéadfá rud chomh mío-stuamdha leis sin a thabhairt isteach ann. = cíor an bhus.
 
crinn
Mise a bhí casadh (na mbord) a's eisean a' cur isteach na claise, a's dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneál leis.
 
Ní chuirfeadh a bhfuil de mhaighistirí scoile i gCrích Fáil, aon-cheo foghluime isteach in a cheann-sin. B'fhearr leigean dó ar fad.
 
cuach
Oibrighead sé leis anois, ar a rogha caoi. Tá mo theanga caithte agam, a' cur chomhairle air, a's ag iarraidh air fanacht as sin, a's 'sé'n chás amháin dom é. Ar a' dá luath a's a gcasfa duine aca(b) leis aríst, cuachfa sin suas é, a's meallfa siad isteach é.
+
beo 1
Cuir a' teach faoi réir go beo deifreach anois, nó beidh na strainséaraí isteach orainn.
TUILLEADH (3) ▼
'Sé'n fear is stuama beo é, aindeoin nar chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
Cuir isteach a' fód beo i lar a' bhuird.
Dhá dteightheá sáthach domhain leis a' bhfód beo, mise imbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach a' chlaise sáthach maith chor ar bith.
 
beo 2
Sháith sé biorán ionnam, a's chuir sé isteach sa mbeo ar fad é.
+
biorach 1
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtidhe, a's 'fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh é mo cheart cur fútsa chor a' bith, ach ní fhéadfainn a mhaltraid a dhéanamh lá's go raibh do pháirtidhe ag dul isteach biorach.
 
bior
Ní dhéanfainn a' cleas a rinne sé, go díreach glan, go gcuirinn bior faoi mo shúil idtosach; b'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil, ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrídh mo shúil shul a ndéanfainn an cleas a rinne sé.
 
Is beag 'aireochas sé fhéin a chuid coirce a chuir isteach, a's triúr nó ceathar bornógaí d'ingheanachaí aige.
 
Cuir cloch bheag de bhorradh isteach faoi bhárr a' spéice.
 
Tháinic sé in a dhórtadh an lá a raibh muid a' cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaith(eamh) anuas, a's a leigean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téitheadh ná breodhadh a rinne sí, in a dheidh sin.
 
bruach
Is olc a' fear é a' leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar a' gclaise ceart go leor, ach ní mhínigheann sé na spreabannaí chor a' bith. Is cuma leis é, ach rith air, chomh maoilscríobach a's fhéadfas sé.
 
aer
Níl gaimh a' bith 'san aer adeir siad in Árainn — ní call aon-bhó a chuir isteach ann, i gcaitheamh na bliadhna.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
+
buail
Chuirfinn isteach a' trí, marach gur dhona liom é, a's shíl mé go mbeadh a bhualadh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Níl siad a' tabhairt leath-bhualadh ar na dornáin. Dheamhan a' miste leo(b) ach an lá a chuir isteach.
 
buille
Dhá gcuirteá do righ isteach fúmsa, diabhal bréag, nach breagh a gheobhfad sé buille na speirthe.
+
buinne 1
Ní gan ú(idh) gan ó(idh) buinne a chuir ar chiseán. Tá caoladóireacht mhór air. Má's leat do théarma a chuir isteach le ciseadóireacht teirigh Muigh Cuilinn. Sin iad atá indon na ciseáin a dhéanamh.
TUILLEADH (3) ▼
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa idtaca, a's ceann acab lán go buinne bruach. Isteach leis annsin, a's marar chuir sé fuaim le 'bádóirín Thír an Fhiaidh' castar leis é.
Níl call tosaigh a' bith acab, ach buinnidheachaí a chuir isteach 'sna buinn, nach leigfe dhóib eirighe.
Mara dteighe tú roimh an mbróig, eireocha an bonn di. Mar sin b'fhearr dhuit, duine eicínt 'fhaghail a chuirfeadh buinne isteach annsin innte.