cuir isteach
1.
a.
+–
Tuige nach gcuireann tú do chloigeann isteach ag dul thar an doras — tuige nach dteagann tú isteach ag breathnú orainn
Bheadh sé náireach agam a dhul thar an teach gan mo chloigeann (cheann, chos srl.) a chur isteach
TUILLEADH (1) ▼
Níor chuir sé a chloigeann isteach anseo le goil (ag dul) chun bliana — tá sé ionann is bliain ó bhí sé anseo
b.
·
Cuirtear isteach an coirce, an féar srl. san iothlainn — tarlaítear isteach go dtí an iothlainn iad ó na goirt agus ó na móinéir
Aimsir cur isteach an choirce a bhí ann — aimsir an tarlaithe; an t-am a ndéantar an tarlú
c.
+–
Chuir sé isteach an doras — bhrúigh sé, phléasc sé nó bhris sé isteach é
Chuir sé an doras isteach — bhris sé, nó phléasc sé nó bhrúigh sé isteach é
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé an claí isteach — leag sé an claí isteach sa ngort nó sa bpáirc
Chuir an ghaoth an doras isteach — réab sí é isteach sa teach
Chuir an tintreach brúisc den bhalla isteach
Mura bhfuil ag Dia (ach grásta Dé), cuirfidh an ghaoth seo (an gála seo, an stoirm seo, an chaor thinte seo, an fheothan seo srl.) an teach isteach — leagfaidh sí an teach
Fhóbair don ghála an teach a chur isteach in mo mhullach.
2.
críochnaithe, caite.
+–
Chuir sé a théarma isteach le ceird
Tá sé ag cur a théarma isteach le táilliúireacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá a théarma istigh le siúinéireacht
Is gearr ó chuir sé a théarma isteach le táilliúireacht — is gearr ó shin ó bhí sé ag foghlaim le bheith ina tháilliúr
+–
Is deacair an lá a chur isteach — is doiligh an lá a chaitheamh. Fear oibre nó duine a mbeadh ceannasaí air adéarfadh go hiondúil
'Sí an tseachtain is deacra a chur isteach í a chonaic mé ariamh
TUILLEADH (18) ▼
Is deacair an lá a chur isteach faoi (ceannasaí; fear a bheith os do chionn)
'Sé atá in ann an lá a chur isteach — bíonn sé in ainm is a bheith ag obair ach ní dhéanann sé ach a laghad in Éirinn is a fhéadann sé.
Mura mbeadh fír na maitheasa ionat, chinnfeadh ort lá a chur isteach faoi siúd, deirimse leat — mura mbeadh cleachtadh agat ar obair dhéin ó thús t'óige, ní bheifeá in ann an lá a sheasamh faoi – tá sé chomh géar sin ar fhir oibre
Séan: Cén chaoi a bhfuil tú; Séamas: Ag cur lá isteach (ag baint lá amach) — ag caitheamh an tsaoil
Cén chaoi ar chuir tú isteach an lá inniu — cén obair a bhí ort
Chuir mé isteach an lá chomh héasca agus a chonaic tú ariamh — chaith mé an lá gan mórán anró, cé go raibh mé ag obair
'Sé'n bhuíochas amháin a bheas ort an lá a chur isteach go réidh nó thú fhéin a mharú.
Is anróiteach an éadáil lá a chur isteach dó — pé ar bith cén obair a dhéanfá dhó ar feadh an lae, ní shásófá é
Níor chuir mé isteach aon mhí ariamh ba déine ná í — níor chéas mé aon mhí ariamh a ndearna mé an oiread oibre léithe (fc. céas)
'Sé atá in ann an t-am a chur isteach. Ag obair leis de réir nótaí (nútaí deirtear; fc. nótaí)
Ní dhéanann sé smeach maitheasa ach ag cur na haimsire isteach. Is mairg dhó fhéin a dhéanfadh
Ar éigean a chuir mé isteach an dá lá san obair sin, ach lig mé liom fhéin an tríú lá
Is beag atá le déanamh ag an bhfear a íocanns é ar a lá a chur isteach
Chuir sé isteach lá is bliain ar an gceird sin (gaiscíoch i seanscéal)
Cuirfidh mé isteach an mhí seo, ach ní chuirfidh mé isteach lá thairis mura bhfaighe mé ardú páí
Tá dhá lá curtha isteach ar an ól anois aige — tá dhá lá caite as éadan ag ól aige
Tá seachtain mhór fhada curtha isteach ina chónaí anois aige — ní raibh sé ag obair ar feadh seachtaine nó hocht lá nó mar sin
Má chuireann tú isteach go dtí an trí a chlog, gheobhaidh tú íocaíocht lae — má bhíonn tú ag obair go dtí an trí a chlog, íocfar ar lá iomlán thú
3.
iarr, éileamh.
+–
Tá sé ag cur isteach ar an bpinsean — ag iarraidh an phinsean
Is maith an scaitheamh ag cur isteach ar an bpinsean é — is fada srl.
TUILLEADH (18) ▼
Tá agat (air) cur isteach ar lascaine feasta — ba cheart duit laghdú sa gcíos srl. a iarraidh feasta
Ba cheart duit cur isteach ar ardú — ba cheart duit tuilleadh páí nó tuarastail a éileamh
Tá sé ag ceasacht páí chuile lá agus níl sé de sponc ann cur isteach ar ardú ina dhiaidh (dheidh adeirtear) sin — bíonn sé ag casaoid go bhfuil a thuarsatal beag ach níl sé d'fhearúlacht ann tuilleadh a iarraidh, ainneoin sin
Nuair a bheas an léas (lease) seo caite cuirfidh mé isteach ar lascainí (laghdú sa gcíos)
Mura gcuire tú isteach in am ar an dole, beidh tú dhá uireasa.
Ba é an cás céanna dhuit a bheith in do chónaí le cur isteach ar thada dhá mbíonn ag imeacht ar an saol seo — ba é an mhaith amháin dhuit é cur isteach air nó gan cur
Nár chónaí tú go gcuire tú isteach ar an dole agus a liachtaí punt tirim thíos sa mbank agat i nGaillimh — beidh tú ar siúl nó go n-éilí tú an dole agus níor cheart duit sin, mar tá cuid mhaith airgid sa mbanc agat i nGaillimh.
Is beag a bheas ag imeacht nach gcuirfidh sé isteach air.
Dheamhan pínn bheag ar bith ag imeacht nach gcuireann sé isteach air — éilíonn sé chuile shórt brabaigh dhá ligtear amach fearacht an dole srl.
Is mairg a bheadh ag iarraidh maitheasa ort, agus go mba chóra dhuit cur isteach ar an bpinsean fadó
Ní chuirfeadh sí isteach ar an bpinsean ag ligean óige uirthi féin mar dhóigh dhe
Tá sé ag cur isteach ar thalamh i gContae na Mí — ag iarraidh talún ann
Ní mór dhuit t'ainm a chur isteach anois má tá fút athrú go Contae na Mí
Shíl mise nach raibh cuimhne ar bith athrú aige, ach chuala mé gur chuir sé isteach a ainm le Contae na Mí ina dhiaidh sin — chuir sé isteach ar thalamh ann
Níl posta ar bith ag imeacht nach gcuireann sé isteach air, agus 'sé an mhaith amháin dó é — iarrann sé chuile phosta dá mbíonn fuagraithe ach ní fhaigheann sé aon phosta
Cuir isteach ar an bposta sin agus cá bhfios nach bhfaightheá é?
S.: Bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chónaí le bheith ag cur isteach ar phostaí; P: Cá bhfios go (don) té sin? (ní bheadh a fhios agat!)
Dheamhan mo chos ná mo chnáimh a chuirfeas isteach ar thada feasta
4.
+–
Ní dhearna mise aon chur isteach ariamh air — níor chuir mé araoid ar bith air ariamh
Ná déan cur isteach ar bith orthub — ná cuir chucub ná uathub
TUILLEADH (3) ▼
Ná déan aon chur isteach beag ná mór air. Siúd é ná bain liom — ná cuir araoid ar bith air, mar 'sé úll na haithne é; is contúirteach an rud aon araoid a chur air. Ní cloistear an rud atá ag teacht an-choitianta sa nGaeilge le gairid "chuir sé isteach air", "tá sé ag cur isteach air" srl. i nGaillimh ach ar an mbealach seo réamhráite
Cén chall a bhí dhuit aon chur isteach a dhéanamh air
An té a dhéanfas aon chur isteach air siúd, is maith nach mór dó a bheith san airdeall
cuir isteach in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh mé isteach sa gcró é, agus dúnfaidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná amhras
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
fiar
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
→
fios
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam agus gur dhúirt sé gur thusa a chuir chugam é
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
→
fáinne
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
+
→
fána
Bhí muid ag dórtadh le fána. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seol ach má chuir fhéin, bhí sé ina fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht ina chreatlach
TUILLEADH (1) ▼
Caith ar an luí chuige í nó go gcuire muid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomhuain is bheas sí ag doirtim le fána mar seo (an bád)
→
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nár bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt ansin anois: ise ina cailleach agus eisean ina sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar acu
→
caidéis
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
→
ceas
Tá sé mórthráthach, agus níl aon uair dá dtéann sé ag ithe nach gcuireann sé ceas air fhéin leis an ngliúrach (ngleorach) a leaganns sé isteach.
→
comaoin
Is maith mar a tharla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfaidh tú ball na háite go gcuire mé comaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
→
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
→
baing
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (.i. an saor cloiche) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gurb in cuid den cheird.
→
bannaí 1
Dhá gcuirteá isteach sa bpota taisce iad d'uireasa bannaí sclárfaidís a chéile istigh ann.
→
bealach
Téirigh isteach i dteach an phosta ansin thoir, agus cuirfidh siad an cíos (ch)un bealaigh dhuit.
→
beann
Cuireadh sé scéala isteach ormsa más breá leis. Is beag an bheann atá agamsa ar a dhícheall.
+
→
béalóg
Cuir isteach sa mbéalóig é agus is gearr a bheas sé ag fiuchadh.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá cois scine isteach sa mbéalóig atá ina drad.
→
coiric
Cuir suas ar choiric an bhus é. Ní fhéadfá rud chomh místuama leis sin a thabhairt isteach ann — cíor an bhus
→
crinn
Mise a bhí casadh (na mbord) agus eisean ag cur isteach na claise, agus dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneáil leis.
→
críoch
Ní chuirfeadh a bhfuil de mháistrí scoile i gCrígh Fáil aon cheo foghlama isteach ina cheann sin. B'fhearr ligean dó ar fad.
→
cuach
Oibríodh sé leis anois ar a rogha caoi. Tá mo theanga caite agam ag cur chomhairle air, agus ag iarraidh air fanacht as sin, agus is aon chás amháin dom é. Ar an dá luath agus a gcasfaidh duine acub leis aríst, cuachfaidh sin suas é agus meallfaidh siad isteach é.
+
→
beo 1
Cuir an teach faoi réir go beo deifreach anois nó beidh na strainséaraí isteach orainn.
TUILLEADH (3) ▼
'Sé an fear is stuama beo é, ainneoin nár chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
Cuir isteach an fód beo i lar an bhoird.
Dhá dtéiteá sách domhain leis an bhfód beo, mise i mbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach an chlaise sách maith chor ar bith.
+
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtí, agus a fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh é mo cheart cur fútsa chor ar bith, ach ní fhéadfainn a mhalrait a dhéanamh lá is go raibh do pháirtí ag dul isteach biorach.
→
bior
Ní dhéanfainn an cleas a rinne sé go díreach glan go gcuirinn bior faoi mo shúil i dtosach; b'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrí mo shúil shula ndéanfainn an cleas a rinne sé.
→
breoigh
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
→
bruach
Is olc an fear é ag leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar an gclaise ceart go leor, ach ní mhíníonn sé na spreabannaí chor ar bith. Is cuma leis é ach rith air chomh maolscríobach agus a fhéadfas sé.
→
aer
Níl aon lá san aer ó cuireadh banlámh de chóta air nach mbíodh sé isteach is amach anseo, agus má bhíodh fhéin, ba ghreannúil an chuideachta é.
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
→
buille
Dhá gcuirteá do rí isteach fúmsa, diabhal bréag nach breá a gheobhadh sé buille na speirthe.
+
→
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
TUILLEADH (2) ▼
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasaí, cuirfidh sé buinne isteach ansin duit a líonfas suas é. 'Sé an trua na bróga sin a ligean i léig, arae tá uachtair mhaithe orthub fós.
Mura dté tú roimh an mbróig, éireoidh an bonn di. Mar sin, b'fhearr dhuit duine eicínt a fháil a chuirfeadh buinne isteach ansin inti.
+
→
ainm
Cuir isteach t'ainm leis an bpinsean — cuir éileamh ar an bpinsean; iarr an pinsean
TUILLEADH (3) ▼
Ní chuirfeadh sí isteach a hainm leis an bpinsean ag ligint óige uirthi féin.
Cuir isteach t'ainm ar Chontae na Mí (ar a dhul go Contae na Mí) — iarr thú a aistriú go Contae na Mí
Níor chuir sé isteach a ainm ar an 'dole' luath ná mall — níor éiligh sé an dole chor ar bith aon uair