Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Daille
/deʟ′ə/
ainm-fhocal as dall
1.
 a bheith d'fhuireasbhaidh amhairc.
+
Cáid an daille air?
Is mór an nídh an daille. Níl éalann ar bith indon cinneamhaint uirre
TUILLEADH (1) ▼
an bhfuil sí ag fáil pinsean na daille? = pinsean na ndall
2.
 a bheith dímheabhrach, aineolach nó ainfhiosach; a bheith cheal tuisgiona.
·
Mara bhfuil daille ar a shúile, tá daille ar a intinn
Níl daille ar bith adeir siad is measa ná daille na h-intinne. Thiocfá ó 'chuile dhaille eile, ach níl aon-teacht uaidh sin

Daille in iontrálacha eile (3)

 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúracht leis, agus thugadh sé dual na druinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon-mhaith amháin dó é
 
Tá sé in a dhallarán chríochnuighthe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomdha duine nach bhfuil leath cho dona leis atá dhá fháil ó'n gcéad lá
 
díol 2
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …