Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dallaim
Briathar
/daʟəm′/ agus rl.
1.
 an t-amharc a bhaint de dhuine.
a.
+
Dhall (/ᵹāʟ/, /ᵹaʟ/) an toirneach — nó an teintreach ab áil liom a rádh — mé. Níor fhan spré agam nó go raibh mé aniar tamall fada
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shoin. Deir siad nach léar dó an bhánshoillse féin
TUILLEADH (6) ▼
Níor mhór dhuit a bheith san áirdeall air sin. Má phléascann sé ort, dallfaidh (/dāʟhə/: /dāʟə/, /daʟhə/) sé na súile istigh in do cheann
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
Tá mé dallta ag an deatach sin. Oscluighidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
Níl súil ar bith ionnam ag an bprionda mion sin. Tá mé dallta ceart aige
Is mise a bhí dallta ar chaoi ar bith an oíche faoi dheireadh ar a theacht amach uaibse. Níor léar dom mo láimh. Ar éigin na gcor agus na gcnámh nachar cuireadh soir ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa bpoll mór mé
Dhallfadh soillse na mótair sin duine. Bíonn cuid aca an-ghriodánta. Ní fhágfaidís amharc ar bith in do shúile
+
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfuighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as indiaidh treabhsar agus bheist = déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
Ní thiúrfadh sé an oiread duit agus a dhallfadh do shúil dhá mbeadh do chailleadh go deó leis. Gortachán críochnuithe é
TUILLEADH (3) ▼
Níl an oiread coirce ar thóin an chómhra seo anois agus a dhállfadh do shúil hébrí céard a rinne sib leis. Ach rinne sib plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
Tobac! An oiread agus a dhallfadh do shúil níl agam. Tá orm féin troisceadh go maidin mara dtuga an duine gnaoidhiúil seo thíos aon-phíopa dhom
Níl an oiread agus a dhallfadh do shúil de phlúr san teach mara dteighe duine eicínt in a coinne.
+
Muise dalladh gan aon léas air, agus dalladh Oisín (/daʟəw ešīn′/) ina dhiaidh sin! = dhá n-abruigheadh duine go raibh duine eicínt eile dallta (le ól, as a amharc agus rl.), déarfadh an té a bheadh ag éisteacht an leagan seo mara dtaithnigheadh an té a bhí dallta leis. Tá sé i gceist go mbadh "seanóir dall" é Oisín ar a theacht ar ais as Tír na h-Óige dó
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon-léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mara bhfuil a dhóthain sa méid sin
TUILLEADH (3) ▼
Deir tú go bhfuil sé ionann agus dall. Muise dalladh gan aon-léas air agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, gan dochar ná diabháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agad. Muise má tá dalladh gan aon-léas ort agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, mara deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
Muise dalladh Oisín air mar mhadadh. M'anam go mbeadh muide buidheach mara mbeadh dall ach an madadh sin!
b.
 duine a chaidhleadh.
+
Bhí mé do mo dhalladh le clocha. Diabhal a leithide de cheathannaí! = do mo chaidhleadh; iad ag teacht orm an-tréan
Dalladh ceart é le dairteachaí ar an bportach indiu
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé dhá dhalladh le báistigh ach má bhí féin ba bheag an stró a bhí air. Bhí sé clúdaighthe thar cionn
Níor léar dhom cá gcuirfinn mo chois, bhí mé cho dallta sin ag sneachta
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhuide. Bhí mé de mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fiadh bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhuinn ag duine fuirgheacht ann
Nach bhfuil sé dallta ag gaineamh séidthe 'chuile lá sa mbliain annsiúd
Tá an-stolladh ar na portaigh indiu. Triomóchaidh sé siúd an tsean-chreatalach aice (móin). Dalladh críochnuighthe mé le deannach spré mhóna ó mhaidin
c.
 címéar, mearbhall nó dul-amú a chur ar dhuine.
+
Dalladh ceart le cumadóireacht anocht é = cumadh go leor bréag dó; cuirfidh ar chuala sé de bhréaga anocht ciméar nó dul amú air
Chaith M. an oíche ag dalladh T. Mh. Mh. le bréaga: árd-cheanna críochnuighthe. Agus má chaith féin chreid sé iad
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh an dream sin soir dhá dhalladh ceart anuiridh, ag séideadh faoi, ach is cosamhail gur bhrath sé é féin. Ní thaobhuigheann sé chor ar bith imbliana iad
Tá sib dhá dhalladh dháiríre faoi'n gCogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir, nuair a bhí sib ag rádh nach bhfanfadh aon-mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chomhnóchas go dteighidh sé isteach sa mbeainc agus go dtarraingighidh sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
Tuilleadh diabhail aige anois mara bhfuil sé dallta ceart ag na mná seo síos. Dheamhan thiomanta smid dhe nach gcreideann sé: go bhfuil siad ag iarraidh a sciobadh ó'n a chéile. Bheadh frae aca, muis!
Ní fhaca mise aon-duine ariamh a bhfuil slám air mar tá air. Ní beo é gan creidimh a tharraint anuas. Dhall na misinéaraí ceart é. Bíodh a fhios agad gur fear é muis nach bhfuil staidéarach ceart anois
Dhallfadh na nathuighdeoirí sin fear is fhearr ciall ná é. Teigheann fainic air i gcomhnaí gan aon-áird a thabhairt orra, ach tá siad indon an clár mín a chur cho maith sin ar an mbréig, agus go gcreideann sé iad in a dheidh sin
2.
 duine a chur ar meisce.
+
Bhí sé dallta ar meisce (fágtar "ar meisce" ar lár go minic) = bhí sé an-óltach; bhí sé ar meisce
Dheamhan cois faoi. Tá sé dallta (/dāʟtə/: /daʟtī/ Achréidh)
TUILLEADH (6) ▼
Céard a dhall mar siúd é. Leabharsa muis, ní mórán dá chaillteamas féin a bhí leis déarfainn
Tá an carthannas sin sa mbuachaill sin — carthannas gan chaillteamas — fea'int a ndallfadh duine eicínt é
Cér dalladh mar siúd S. Sh.? 'Ar ndú arsa tusa is dallta i gcomhnaí atá sé
Tá go deimhin sé amuigh in a ghnatha! M'anam má tá gurb é an gnatha é, dallta thiar sa teach ósta
Ara diabhal dalladh ná dalladh! Céard a dhallfadh muid, scáth buinín beag fuisce. Tá an córtus a raibh cleachta agadsa air caithte in aer
Ní leigfeadh sé uaidh mé nó go ndalladh sé mé marach gur imigh mé inganfhios dhó