Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dall
briathar
dallaim /daʟəm′/ srl.
1.
an t-amharc a bhaint de dhuine.
a.
+
Dhall (/ᵹāʟ/, /ᵹaʟ/) an toirneach — nó an tintreach ab áil liom a rá — mé. Níor fhan spré agam nó go raibh mé aniar tamall fada
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shin. Deir siad nach léir dó an bhánshoilse féin
TUILLEADH (6) ▼
Níor mhór dhuit a bheith san airdeall air sin. Má phléascann sé ort, dallfaidh (/dāʟhə/, /dāʟə/, /daʟhə/) sé na súile istigh in do cheann
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
Tá mé dallta ag an deatach sin. Osclaidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
Níl súil ar bith ionam ag an bprionta mion sin. Tá mé dallta ceart aige
Is mise a bhí dallta ar chaoi ar bith an oíche faoi dheireadh ar a theacht amach uaibhse. Níor léir dom mo láimh. Ar éigean na gcor is na gcnámh nár cuireadh soir ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa bpoll mór mé
Dhallfadh soilse na mótair sin duine. Bíonn cuid acu an-ghreadánta. Ní fhágfaidís amharc ar bith in do shúile
+
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfaighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as i ndiaidh treabhsar agus bheist — déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
Ní thabharfadh sé an oiread duit agus a dhallfadh do shúil dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Gortachán críochnaithe é
TUILLEADH (3) ▼
Níl an oiread coirce ar thóin an chomhra seo anois agus a dhallfadh do shúil hé brí céard a rinne sibh leis. Ach rinne sibh plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
Tobac! An oiread agus a dhallfadh do shúil níl agam. Tá orm féin troscadh go maidin mura dtuga an duine gnaíúil seo thíos aon phíopa dhom
Níl an oiread agus a dhallfadh do shúil de phlúr sa teach mura dté duine eicínt ina coinne
+
Muise dalladh gan aon léas air, agus dalladh Oisín (/daʟəw ešīn′/) ina dhiaidh sin! — dhá n-abraíodh duine go raibh duine eicínt eile dallta (le ól, as a amharc srl.), déarfadh an té a bheadh ag éisteacht an leagan seo mura dtaitníodh an té a bhí dallta leis. Tá sé i gceist go mba seanóir dall é Oisín ar a theacht ar ais as Tír na hÓige dó
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mura bhfuil a dhóthain sa méid sin
TUILLEADH (3) ▼
Deir tú go bhfuil sé ionann is dall. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, gan dochar ná díobháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agat. Muise má tá, dalladh gan aon léas ort agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, mura deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
Muise dalladh Oisín air mar mhadadh. M'anam go mbeadh muide buíoch mura mbeadh dall ach an madadh sin!
b.
duine a chaidhleadh.
+
Bhí mé do mo dhalladh le clocha. Diabhal a leithide de cheathannaí! — do mo chaidhleadh; iad ag teacht orm an-tréan
Dalladh ceart é le dairteachaí ar an bportach inniu
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé dhá dhalladh le báistigh ach má bhí féin ba bheag an stró a bhí air. Bhí sé clúdaithe thar cionn
Níor léir dhom cá gcuirfinn mo chois, bhí mé chomh dallta sin ag sneachta
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhaide. Bhí mé do mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fia bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhainn ag duine fuiríocht ann
Nach bhfuil sé dallta ag gaineamh séidte chuile lá sa mbliain ansiúd
Tá an-stolladh ar na portaigh inniu. Triomóidh sé siúd an tseanchreatlach aici (móin). Dalladh críochnaithe mé le deannach sprémhóna ó mhaidin
c.
ciméar, mearbhall nó dul amú a chur ar dhuine.
+
Dalladh ceart le cumadóireacht anocht é — cumadh go leor bréag dó; cuirfidh ar chuala sé de bhréaga anocht ciméar nó dul amú air
Chaith M. an oíche ag dalladh T. Mh. Mh. le bréaga: ardcheanna críochnaithe. Agus má chaith féin chreid sé iad
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh an dream sin soir dhá dhalladh ceart anuraidh, ag séideadh faoi, ach is cosúil gur bhraith sé é féin. Ní thaobhaíonn sé chor ar bith i mbliana iad
Tá sibh dhá dhalladh dháiríre faoin gcogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir nuair a bhí sibh ag rá nach bhfanfadh aon mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chónós go dté sé isteach sa mbainc agus go dtarraingí sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
Tuilleadh diabhail aige anois mura bhfuil sé dallta ceart ag na mná seo síos. Dheamhan thiomanta smid dhe nach gcreideann sé: go bhfuil siad ag iarraidh a sciobadh óna chéile. Bheadh frae acu muis!
Ní fhaca mise aon duine ariamh a bhfuil slám air mar atá air. Ní beo é gan creideamh a tharraingt anuas. Dhall na misinéaraí ceart é. Bíodh a fhios agat gur fear é muis nach bhfuil staidéarach ceart anois
Dhallfadh na nathaíodóirí sin fear is fhearr ciall ná é. Téann fainic air i gcónaí gan aon aird a thabhairt orthu, ach tá siad in ann an clár mín a chur chomh maith sin ar an mbréig, agus go gcreideann sé iad ina dhiaidh sin
2.
duine a chur ar meisce.
+
Bhí sé dallta ar meisce (fágtar ar meisce ar lár go minic) — bhí sé an-óltach; bhí sé ar meisce
Dheamhan cois faoi. Tá sé dallta (/dāʟtə/; /daʟtī/ Achréidh)
TUILLEADH (6) ▼
Céard a dhall mar siúd é. Leabharsa muis, ní mórán dá chaillteamas féin a bhí leis déarfainn
Tá an carthanas sin sa mbuachaill sin — carthanas gan chaillteamas — féint a ndallfadh duine eicínt é
Cér dalladh mar siúd S. Sh.? Ar ndóigh arsa tusa, is dallta i gcónaí atá sé
Tá go deimhin, sé amuigh ina ghnaithe! M'anam má tá gurb é an gnaithe é, dallta thiar sa teach ósta
Ara diabhal dalladh ná dalladh! Céard a dhallfadh muid, scáth buinín beag fuisce. Tá an córtas a raibh cleachtadh agatsa air caite in aer
Ní ligfeadh sé uaidh mé nó go ndalladh sé mé murach gur imigh mé i ngan fhios dhó

dall in iontrálacha eile (50+)

 
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
 
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fíóg
Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
 
Ní fhaca mé ariamh an camán luatha sin sa tine nach drochuair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
 
Céard atá an geoisteamán sin a dhéanamh soir an ea! Muise nach dall an mhaise dhuit é. An bhfaca tú an chuach ariamh gan an chaológ riabhach a fheiceáil ina searrach i ndiaidh gearráin ina diaidh aniar? Agus dheamhan blas í ach ag magadh — ag deargmhagadh — faoi.
 
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
ainm
Bhí an dá mhuic in ainm is a bheith an meáchan céanna ach d'aithneodh dall gan súil go mba troime go fada muc Shéamaisín ná muc Pheadair.
 
airigh
Is beag a aireos sé sin deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige — ní chuirfidh sé aon cheo as dá chuid airgid luach deoch a bhaint as.
+
amach
Tá sé dall amach is amach.
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil sé dall amach?
 
áirge
Tá dalladh áirge ann dúinne.
 
failm
Chaith muid an oíche ag ól failmeachaí den phoitín. Choinnigh sé inár ndúiseacht muid. Bhí mé féin in mo dhall dúda le codladh
 
Níor casadh in aon teach ariamh thú chomh fiúntach leis an teach sin. Bhí dalladh bídh agus óil le fáil ariamh ann ag feara Fáil
 
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuíoll na bhfuíoll, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
 
Bíodh ciall agat! Fear foghlamtha thú i ndar liom fhéin, agus ina dhiaidh sin, tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar inis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'inseodh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuraidh a íoc ná bacadh lena gcuid flasúlacht
 
D'aithneodh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhraith mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige ach nach dtabharfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht lena raibh faighte aige ná a bheith dhá mhearú fhéin
 
imigh
Is mairg a bheadh ag imeacht díomhaoineach agus dalladh oibre le fáil
 
imní
Tomás: Bhí Seán Liam dallta ar meisce aréir; Micil: Dallta le imní a bhí sé ('sí an imní a chuir sa gcruth é a raibh sé a fhearacht is dá mbeadh sé óltach)
 
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aici. M'anam más ea muis gur drad Gaillmheach é
 
Shílfeá go bhfuil fuardhó beag ar a leiceann. Chuile sheans gur sa ngríosaigh a chaith sé sin an oíche. Nach bhfuil a fhios agat go maith go raibh sé sin dallta ar meisce
+
daille
Cáid an daille air?
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an ní an daille. Níl éalang ar bith in ann cinniúint uirthi
An bhfuil sí ag fáil pinsean na daille? — pinsean na ndall
Mura bhfuil daille ar a shúile, tá daille ar a intinn
Níl daille ar bith adeir siad, is measa ná daille na hintinne. Thiocfá ó chuile dhaille eile, ach níl aon teacht uaidh sin
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart ag duine a dhul an bóthar acu, nach bhfuil cluiche acu amuigh roimhe lena dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na húdair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orthu — gan smacht gan ceannús ceann
+
Tá sé ina dhall dúda le codladh — duine a bheadh ag titim ina chodladh críochnaithe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht ina dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuíochas
TUILLEADH (13) ▼
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú ansin ort in do dhall dúda le codladh
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
Ní bhímse in mo dhall dúda críochnaithe go dtí an oíche nach mbíonn tsiocair ar bith agam: b'fhéidir go gcodlóinn go headarshuth an mhaidin sin
Ní raibh luí ar bith aige leis an gcuartaíocht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé ina dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, théis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
An té atá ina dhall dúda le codladh, ní ag céilí atá aige a dhul — ní hea sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
+
Tá tú ag cur dalladh púicín air — éadach an phúicín
TUILLEADH (6) ▼
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó — ciméar, ortha an dul amú
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin nár chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buannaíocht eicínt acu, agus níorbh í an bhreácha í
Cén sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breá a dtaobhaíonn tú iad
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannaigh sé an bhodóig sin. Níl aon fhear faoin mbogha bán a thabharfadh deich bpunt uirthi ach é féin
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá liginn duit, ach ní ligfidh. Faigh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharamsa
+
Tá dalladh airgid aige — go leor, neart; tá airgead go frasach aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá dalladh beithíoch agus brá gill aige