Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dall dúda
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — daill dhúda.
Ní feasach mé cé'n t-údar atá leis an bhfocal. Ní baintear aon-leas [as] ach ins an aon-leagan.
+
Tá sé in a dhall dúda le codladh = duine a bheadh ag tuitim in a chodladh críochnuighthe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht in a dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuidheachas
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú annsin ort in do dhall dúda le codladh
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé le dhá oíche anois ar neamh-chodladh — oíche ag céilidhe agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith in a dhall dúda le codladh féin
Ní bhímse in mo dhall dúda críochnuighthe go dtí an oíche nach mbíonn tsiocair (siocair) ar bith agam: b'fhéidir go gcodlóchainn go h-eadarshuth an mhaidin sin.
Ní raibh luighe ar bith aige leis an gcuartuidheacht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé in a dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, th'éis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
An té atá in a dhall dúda le codladh, ní ag céilidhe atá aige a dhul — ní h-eadh sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartuidheacht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agad go raibh an oíche thar druim aréir 'nuair a chuaidh mise a chodladh … bó a bhfuil a h-aimsir caithte agus shílfeá go raibh an-chosamhlacht uirre in am-suipéir aréir. Bhí na grianáin "sleaiceáilte" (slackáilte) aice, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
+
Má tá sé in a dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionnabhar níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na h-oíche aréir ach ag amhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'eirigh mé faoi dhó ag téitheamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon-suaimneas in a dheidh sin
Bíonn sé in a dhall dúda 'chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cé'n t-iongantas é. Marbhuigheann sé sin é féin le uathbhás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thuiteas sé in a chodladh amuigh ins an ngarrdha th'éis a dhínnéir, agus codluigheann sé uair agus dhá uair go minic. Eirigheann sé annsin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an Rí. Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go h-aer
TUILLEADH (2) ▼
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán-streille de'n oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos annsin ar bhóithrí, an uair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codluighthe agad. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-eireochadh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamh-chodladh mé ar feadh na h-oíche aréir len a gcuid glaodhmaireacht'. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall-dúda indiu. Airigheann siad na daoine go dona. Bhí lá de'n tsaoghal muis, agus ba bheag an ghlaodhmaireacht a bheadh aca ins na bólaí seo, ach airigheann siad a raibh ar foghnamh ann imighthe anois

Féach freisin